An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.)

14 1940

ACHT AIRGEADAIS, 1940

CUID IV.

Ilghneitheach agus Generalta.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

27. —D'fhonn airgead do sholáthar chun muirir ghenerálta d'íoc a thuitfidh ar an bPrímh-Chiste, déanfar céad go leith míle punt d'aistriú ón Ród-Chiste agus d'íoc as chun an Phrímh-Chiste agus leis pé tráth no tráthanna sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

Breithiúntais chun cáin no diúité do bhaint amach.

28. —(1) Má rinneadh no má deintear in aon imeachta (ar n-a mbunú roimh an Acht so do rith no dá éis sin) chun cáin no diúité fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim do bhaint amach, breithiúntas do thabhairt (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aghaidh an duine gur ina aghaidh do bunuíodh na himeachta san agus má fhorálann an breithiúntas san an duine sin do ghabháil agus do chur i bpríosún agus má glacadh no má glactar suim (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ar cuntas no in íoc leathrannach an mhéide inar tugadh an breithiúntas san,—

(a) ní choiscfidh ná ní dhocharóidh an glacadh san an t-iarmhéid a bheidh gan íoc den mhéid sin do bhaint amach fén mbreithiúntas san, agus

(b) féadfar an breithiúntas san d'fheidhmiú agus d'fhoirfheidhmiú alos an iarmhéide sin chó hiomlán agus fhéadfaí, agus leis na meáin chéanna lena bhféadfaí, san do dhéanamh dá mb'é an méid inar tugadh an breithiúntas san an t-iarmhéid sin, agus

(c) an dlí bhaineann le feidhmiú agus foirfheidhmiú an bhreithiúntais sin beidh feidhm agus éifeacht aige i dtaobh an iarmhéide sin dá réir sin, agus

(d) chun na gcrícheanna bhaineann le feidhmiú agus foirfheidhmiú an bhreithiúntais sin is fianaise dho-chlaoite ar mhéid an iarmhéide sin deimhniú o rúnaidhe no o rúnaidhe chonganta do sna Coimisinéirí Ioncuim ag luadh méid an iarmhéide sin.

(2) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne.

Banc Taisce Oifig an Phuist.

29. —(1) Go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt, na reachta agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla do bhí i bhfeidhm díreach roimh bhunú Shaorstáit Éireann maidir le Banc Taisce Phost-Oifig Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann tráth (banc dá ngairmtear san alt so Banc Taisce na Post-Oifige Briotáinighe), bainfid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) agus is tuigthe gur bhaineadar riamh, gus na hatharuithe is gá déanta ortha (ar a n-áirmhítear go sonnrách an tAire Airgeadais do chur in ionad na National Debt Commissioners i ngach áit ina bhfuil san oiriúnach), le Banc Taisce Oifig an Phuist (dá ngairmtear san alt so Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann) do bhí á sheoladh tráth ag Riaghaltas Shaorstáit Éireann no fé n-a n-údarás agus atá á sheoladh, o achtú an Bhunreachta, ag an Riaghaltas no fé n-a n-údarás.

(2) D'ainneoin éinní sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so is tuigthe, i dtaobh atharuithe do rinneadh o bunuíodh Saorstát Éireann ar riaradh Bhanc Taisce Phost-Oifig na hÉireann agus go sonnrách atharuithe maidir le teoranta le méideanna taiscí no maidir le tarraing-amach airgid, no maidir le taiscí tré stampaí postais agus stampaí coigiltis, go bhfuilid agus go rabhadar riamh dleathach agus bailidhe d'ainneoin go mba fhéidir nár húdaruíodh na hatharuithe sin leis na reachta, na horduithe, agus na rialacháin dá dtugtar feidhm leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no go mba fhéidir ná dearnadh iad sa tslí a horduítear leis na reachta, na horduithe, agus na rialacháin sin.

(3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun a chur d'oblagáid ar Bhanc Taisce Phost-Oifig na hÉireann seirbhísí do thabhairt no gnó do ghabháil de láimh d'aon tsaghas do bheireadh Banc Taisce na Post-Oifige Briotáinighe no do ghabhadh de láimh roimh bhunú Shaorstáit Éireann ach nár thug Banc Taisce Phost-Oifig na hÉireann no nár ghaibh de láimh roimhe seo.

Cairteacha coigiltis.

30. —(1) Chun deireadh do chur le hamhruis dearbhuítear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, do rinne an tAire Airgeadais an 3adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, bailidhe agus éifeachtúil, agus tuigfear go rabhadar amhlaidh riamh;

(b) na Cairteacha uile den chéad eisiúint do tugadh amach fé sna Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, no gur tuigthe do réir na Rialacha san iad do thabhairt amach fén gcéanna, tuigfear gur go dleathach do tugadh amach iad, agus tuigfear na faidithe do rinne an tAire Airgeadais sna blianta 1928 agus 1933 fé seach ar shaol na gCairteacha san do bheith dleathach agus éifeachtúil;

(c) tuigfear é bheith dleathach an tAire Airgeadais do thabhairt isteach an dara heisiúint de Chairteacha sa bhliain 1931 agus na Cairteacha san do thabhairt amach an bhliain sin agus ina dhiaidh sin, agus tuigfear go mbaineann na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, agus gur bhaineadar riamh, ar n-a n-atharú amhlaidh, leis na Cairteacha san;

(d) tuigfear é bheith dleathach an tAire Airgeadais do thabhairt isteach an tríú eisiúint de Chairteacha sa bhliain 1933 agus na Cairteacha san do thabhairt amach an bhliain sin agus ina dhiaidh sin go dtí am an Achta so do rith, agus tuigfear go mbaineann na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, agus gur bhaineadar riamh, ar n-a n-atharú amhlaidh, leis na Cairteacha san;

(e) is dleathach don Aire Airgeadais leanúint, tar éis am an Achta so do rith, de Chairteacha den tríú eisiúint do thabhairt amach, agus bainfidh na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh, ar n-a n-atharú mar is gá, leis na Cairteacha uile den tsórt san do bhéarfar amach amhlaidh;

(f) an laigheadú do rinne an tAire Airgeadais sa bhliain 1933 ar an seilbh mhaximum de Chairteacha Coigiltis, ag laigheadú na seilbhe sin, o chúig céad aonad-Chairt go dtí trí chéad agus caoga aonad-Chairt, beidh sé, agus tuigfear go raibh sé riamh, bailidhe agus éifeachtúil agus tuigfear é do dhéanamh mar leasú ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, pé uair is ceart san dar leis, rialacha (mar bhreis ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926) do dhéanamh i dtaobh Cairteacha Coigiltis do thabhairt amach, agus féadfaidh, leis na rialacha san, socrú do dhéanamh i dtaobh aon ní no ruda bhaineann le Cairteacha Coigiltis agus go bhfeicfear dó é bheith oiriúnach socrú do dhéanamh ina thaobh le rialacha agus, go sonnrách, féadfaidh, leis na rialacha san, leasú no atharú no ceiliúradh (i bpáirt no go hiomlán) do dhéanamh ar na Rialacha um Chairteacha Coigiltis, 1926, adubhradh.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le diospóidí idir an tAire Puist agus Telegrafa agus sealbhóir Cairte Coigiltis. no duine adeir é bheith i dteideal an chéanna, alos únaeracht na Cairte sin no alos an mhéide is ionaisíoctha ina thaobh, sé sin le rá:—

(a) cuirfear gach diospóid den tsórt san fé bhráid Chlárathóir na gCara-Chumann agus bhéarfaidh scisean breith uirthi;

(b) ar aon diospóid den tsórt san do chur fé bhráid an Chlárathóra san, féadfaidh dul ar aghaidh leis an gcúrsa cx parte ach é do thabhairt fógra i scríbhinn don Aire Puist agus Telegrafa á rá go bhfuil sé ar intinn san do dhéanamh;

(c) ar aon diospóid den tsórt san do bheith á héisteacht aige, beidh an Clárathóir sin i dteideal fianaise (o bhéal no i scríbhinn) do ghlacadh, fínnéithe do chur fé mhionn, fínnéithe do ghairm, a chur mar cheangal scríbhinní do thabhairt ar áird, agus na scríbhinní uile do bhéarfar ar áird do réir an cheanglais sin do léigheamh agus do scrúdú;

(d) beidh breith an Chlárathóra san ar aon diospóid den tsórt san ina breith ná beidh aon dul tháirsi agus ina ceangal ar gach páirtí;

(e) ní bheidh aon bhreith do bhéarfaidh an Clárathóir sin ar dhiospóid ar bith den tsórt san ionchurtha fé aon diúité stampa;

(f) féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, a ordú le hordú go ndéanfaidh an Clárathóir sin táille no táillí d'éileamh alos gach diospóide den tsórt san éistfe sé agus ar a dtabharfaidh breith, agus féadfaidh an tAire sin, le haon ordú den tsórt san, a ordú cadé méid na dtáillí sin agus cé íocfaidh iad agus conus a baileofar agus a híocfar iad;

(g) féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, tráth ar bith, ar aon ordú bheidh déanta aige fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so no fén mír seo;

(h) gach táille a híocfar de bhun ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Airgeadais fén bhfo-alt so, déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire sin, agus ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táille den tsórt san.

Bancanna taisce iontaobhais.

31. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais lá do cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo agus déanfar tagairtí san alt so don lá cheaptha do léiriú mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “Coimisinéirí na bhFiach Náisiúnta” an cólucht a ghníomhuíonn i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann agus ar a dtugtar the Commissioners for the Reduction of the National Debt;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais.

(3) D'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá sna Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an lá ceaptha agus dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh iontaobhaithe gach bainc thaisce iontaobhais isteach i mBanc na hÉireann, chun creidiúna cuntais speisialta bheidh in ainm an Aire, an t-airgead uile do bheadh ortha, mara mbeadh an t-alt so, d'íoc isteach i mBanc na hÉireann in ainmneacha Choimisinéirí na bhFiach Náisiúnta de bhuadh na Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920;

(b) féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun an cuntas speisialta san d'oscailt ina ainm i mBanc na hÉireann, agus féadfaidh rialacháin do dhéanamh maidir le hairgead d'íoc isteach sa chuntas speisialta san de bhun an ailt seo agus maidir le hairgead do tharraing amach as agus maidir le hairgead a bheidh chun creidiúna an chuntais speisialta san do shuncáil agus, go generálta, maidir leis an gcuntas speisialta san do bhainistighe;

(c) scuirfidh alt 3 den Savings Bank Act, 1880, d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith aige maidir le bancanna taisce iontaobhais;

(d) déanfar ús, do réir an ráta san (nach mó ná dó go seacht n-ochtú per cent. per annum) is ceart dar leis an Aire, d'íoc le hiontaobhaithe gach bainc thaisce iontaobhais ar an airgead a bheidh íoctha ag na hiontaobhaithe sin isteach sa chuntas speisialta san;

(e) féadfaidh an tAire na nithe sin agus an socrú san do dhéanamh is ceart dar leis chun daoine, ar n-a n-ainmniú aige, d'iniúchadh leabhar agus cuntas gach bainc thaisce iontaobhais agus do scrúdú modha ghnótha gach bainc aca san, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais gach saoráid is gá, chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh, do thabhairt uatha;

(f) féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén alt so, a chur mar cheangal na tuairisceáin sin agus na cuntaisí sin a luadhfar sna rialacháin sin do thabhairt don Aire, i dtaobh gach bainc thaisce iontaobhais, na tráthanna san a luadhfar sna rialacháin sin, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais déanamh do réir na rialachán san;

(g) beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe agus ar oifigigh gach bainc thaisce iontaobhais déanamh do réir na n-ordachán agus na dtreoracha san, i dtaobh bainistighe inmheánaighe an bhaine sin agus stiúrtha ghencrálta a ghnótha, is ceart dar leis an Aire do leagadh amach chun a áirithiú go ndéanfar an banc san do bhainistighe agus do stiúradh do réir an dlí bhainfidh leis.

(4) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so alos an chuntais speisialta luaidhtear sa bhfo-alt san, a fhoráil gur cead airgead a bheidh chun creidiúna an chuntais speisialta san do shuncáil tré n-a thaisciú i mBanc Taisce na Post-Oifige agus má foráltar amhlaidh leis na rialacháin sin féadfaidh na forálacha eile sin do bheith ionta is gá chun Banc Taisce na Post-Oifige d'íoc úis ar airgead a bheidh taiscithe amhlaidh, do réir an ráta san agus in aghaidh na dtréimhsí sin is gá no is oiriúnach dar leis an Aire chun na bhforálacha iomchuibhe den alt so, agus na rialachán a bheidh déanta fútha, do riaradh go héifeachtúil.

(5) Má deintear forálacha do chur, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sna rialacháin a luaidhtear sa bhfo-alt san, beidh éifeacht ag na forálacha san d'ainneoin san do bheith contrárdha d'éinní, no buiniscionn le héinní, atá in aon achtachán dá gcuireann an tAcht so i mbaint le Banc Taisce na Post-Oifige.

Cúram agus bainistighe cánach agus diúitéthe.

32. —Deintear leis seo na cánacha agus na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so do chur fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

33. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1940 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í mar éinní amháin leis na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt ann go soiléir, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1940, agus éifeacht do bheith aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.