An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Iascaigh Ionaistrithe d'Aistriú chun an Aire.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. An tAire do thógaint Tailte, etc., chun Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí agus d'Oibriú agus do Chaomhaint.)

17 1939

ACHT IASCAIGH, 1939

Caibidil III.

Iascaigh Airithe Stáit d'Aistriú chun an Aire.

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe d'aistriú iascach chun an Aire.

71. —(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, le hordú fé n-a séala, aistriú do dhéanamh chun an Aire, fé pé coinníollacha agus téarmaí ar a gcó-aontóidh na Coimisinéirí sin agus an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ar estát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach no ceart iascaireachta bheidh ar seilbh ag na Coimisinéirí sin de thuras na huaire, agus fós ar aon talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce no ceart eile bheidh ar seilbh ag na Coimisinéirí sin agus a bheidh ag gabháil le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé san Aire, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile bhéarfaidh an t-ordú san le tuisgint do bheith á aistriú chun an Aire leis an ordú san.

Coimisiún Talmhan na hÉireann d'aistriú iascach chun an Aire.

72. —(1) Féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, le hordú fé n-a séala, aistriú do dhéanamh chun an Aire, fé pé coinníollacha agus téarmaí ar a gcó-aontóidh an Coimisiún san agus an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ar estát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach no ceart iascaireachta bheidh ar seilbh ag an gCoimisiún san de thurus na huaire, agus fós ar aon talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce no ceart eile bheidh ar seilbh amhlaidh ag an gCoimisiún san agus a bheidh ag gabháil le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé san Aire, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile bhéarfaidh an t-ordú san le tuisgint do bheith á aistriú chun an Aire leis an ordú san.