|
||||
|
ACHT IASCAIGH, 1939
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II. Iascaigh Ionaistrithe d'Aistriú chun an Aire. | |
[EN] |
Idir-thréimhse i leith iascach ionaistrithe. |
59. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha i leith aon cheanntair iascaigh áirithe chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha”, maidir le ceanntar iascaigh, an lá ceapfar amhlaidh chun bheith ina lá cheaptha i leith an cheanntair sin. |
[EN] | (2) Má deintear, fé fho-alt (1) den alt so, ordú ag ceapadh lae chun bheith ina lá cheaptha i leith ceanntair iascaigh, ansan, chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé is idir-thréimhse do gach iascach ionaistrithe sa cheanntar san ná an tréimhse dar tosach an lá ceaptha i leith an cheanntair sin agus dar críoch an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha no, má deintear ordú i dtaobh an iascaigh sin fé fho-alt (3) no fo-alt (4) no fo-alt (5) den alt so, an lá ceapfar leis an ordú deiridh sin a luaidhtear mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin, agus nuair a húsáidtear an abairt “an idir-thréimhse” sa Chuid seo den Acht so maidir le haon iascach ionaistrithe léireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin. | |
[EN] | (3) Má thárlann, aon tráth tar éis bheith críochnuithe do bhreacachán suirbhéireachta aon iascaigh ionaistrithe áirithe ach ní níos túisce ná sé mhí tríochad tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, go n-iarrfaidh únaer an iascaigh sin ordú fén bhfo-alt so ar an Aire sé mhí ar a laighead roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le slait no ruaim san abhainn no sa chuid sin den abhainn ina mbeidh an t-iascach san no roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le hinnill eile san abhainn sin no sa chuid sin di, pé lá acu san is túisce, beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le ra:— | |
[EN] | (a) fé réir forálacha an fho-ailt seo déanfaidh an tAire ordú i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin, eadhon, lá is túisce ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gan bheith níos túisce ná trí mhí tar éis dáta an iarratais sin, | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire diúltú don ordú san do dhéanamh másé a thuairim go bhfuil faillí tugtha ag an únaer san in éinní fén gCuid seo den Acht so, | |
[EN] | (c) má bhíonn an t-iascach san i seilbh dhuine ar bith fé léas ná raghaidh in éag roimh lá cinn deich mblian an chéad lae den idir-thréimhse sin no 'na mbeidh dhá bhliain ar a laighead dá ré gan caitheamh ar dháta an iarratais, ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú san mara dtoilighidh an duine sin le n-a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Aon tráth tar éis bheith críochnuithe do bhreacachán suirbhéireachta iascaigh ionaistrithe ach ní níos túisce ná sé mhí tríochad tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, sé mhí ar a laighead roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le slait no ruaim san abhainn no sa chuid den abhainn ina mbeidh an t-iascach san no roimh an lá deiridh chun iascaireachta le hinnill eile san abhainn sin no sa chuid sin di, pé lá acu san is túisce, ordú do dhéanamh i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis an Aire is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin (eadhon, lá is túisce ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gan bheith níos túisce ná trí mhí tar éis an orduithe sin do dhéanamh). | |
[EN] | (5) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin (eadhon, lá is déanaí ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san). | |
[EN] | (6) Gach ordú déanfar fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta. | |
[EN] | (7) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) i dtaobh aon cheanntair iascaigh áirithe seirbheálfar cóip de ar únaer gach iascaigh ionaistrithe sa cheanntar san. | |
[EN] | (8) Gach ordú déanfar i dtaobh iascaigh ionaistrithe fé fho-alt (3) no fo-alt (4) no fo-alt (5) den alt so seirbheálfar cóip de ar únaer an iascaigh sin. | |
[EN] |
Ceart chun dul isteach go dtí iascaigh ionaistritheáirithe. |
60. —(1) Aon tráth tar éis an lae cheaptha i leith ceanntair iascaigh beidh de cheart ag duine údaruithe ar bith dul isteach gan cosc aon tráth go dtí aon iascach ionaistrithe sa cheanntar san chun aon déanmhaisí bhaineann leis do scrúdú no chun féachaint ar an iascach san á oibriú no ar iasc á chur de láimh. |
[EN] | (2) Má choisceann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] |
Breacacháin shuirbhéireachta iascach ionaistrithe. |
61. —(1) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe, féadfaidh an tAire, do réir an ailt seo, an t-iascach san do chur dá shuirbhéireacht agus breacachán do chur dá ullamhú i dtaobh na nithe seo leanas maidir leis an iascach san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) a shuidheamh; | |
[EN] | (b) a staid; | |
[EN] | (c) na coraí no na déanmhaisí eile go léir atá ann; | |
[EN] | (d) na tailte agus na háitreabhacha go léir a húsáidtear go dleathach i ndáil leis; | |
[EN] | (e) gach slí isteach chuige; | |
[EN] | (f) gach meán agus modh chun é oibriú; | |
[EN] | (g) an gléasra iascaireachta uile a húsáidtear i ndáil leis. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le suirbhéireacht agus breacachán iascaigh ionaistrithe, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear an t-innealltóir san alt so) chun an iascaigh sin do shuirbhéireacht agus, más iascach muileann-damba an t-iascach san, féadfar, mar chuid den tsuirbhéireacht san, suirbhéireacht do dhéanamh ar an damba go léir agus ar aon déanmhaisí bheidh le n-a ais, sa mhéid is gá san chun staid an damba do dhéanamh amach agus chun rith an uisce in aon abhainn, loch no cúrsa uisce bhaineann leis an damba san do thomhas; | |
[EN] | (b) ar an suirbhéireacht san do bheith críochnuithe ullamhóidh agus sighneoidh an t-innealltóir tuarasgabháil ar an suirbhéireacht san i bhfuirm pleananna (ar a n-áirmhítear gearrtha nuair is gá san) agus sceideal tuairisciúil agus cuirfidh an tuarasgabháil sin fé bhráid an Aire; | |
[EN] | (c) cuirfidh an tAire cóip den tuarasgabháil sin dá seirbheáil ar únaer agus ar shealbhaire an iascaigh sin; | |
[EN] | (d) féadfaidh an t-únaer no an sealbhaire sin, fé cheann ocht lá is dachad tar éis na cóipe sin do sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn do chur chun an Aire ag cur i gcoinnibh na tuarasgabhála san agus ag luadh foras a agóide; | |
[EN] | (e) mara gcuirtear aon agóid chun an Aire fé cheann na n-ocht lá is dachad san no má cuirtear aon agóid den tsórt san chuige amhlaidh agus go dtarraingeofar siar í ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san agus cuirfidh a shéala oifigiúil dá ghreamú den ionstruim sin agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so; | |
[EN] | (f) má cuirtear agóid chun an Aire fé cheann na n-ocht lá is dachad san agus ná tarraingeofar siar ina dhiaidh sin í beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) féadfaidh an tAire, le toiliú neach déanta na hagóide, an tuarasgabháil sin do leasú agus sa chás san cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san, ar n-a leasú amhlaidh, agus cuirfidh a shéala oifigiúil dá ghreamú den ionstruim sin agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so; | |
[EN] | (ii) mara leasuighidh an tAire an tuarasgabháil sin le toiliú neach déanta na hagóide— | |
[EN] | (I) cuirfidh an tAire an scéal fé bhráid Uachtaráin Institiúide Innealltóirí Síbhialta na hÉireann no fé bhráid dhuine éigin a cheapfaidh an tUachtarán san agus tar éis an scéil do scrúdú féadfaidh seisean, fé mar is oiriúnach leis, an tuarasgabháil sin do dhaingniú no do leasú, agus leis sin cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san go pé leasuithe uirthi a déanfar uirthi fén gclás so agus cuirfidh an ionstruim sin dá séalú le n-a shéala oifigiúil, agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus | |
[EN] | (II) íocfar leis an duine scrúdóidh an scéal an táille cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, i gcás an tuarasgabháil sin do dhaingniú ar fad no go furmhór, íocfaidh neach déanta na hagóide leis an Aire suim is cómhéid leis an táille sin, agus féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla agus, nuair a híocfar leis an Aire í no nuair a bhainfidh an tAire amach í, déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Má deintear aon atharú le toiliú an Aire, i rith na hidirthréimhse i leith aon iascaigh ionaistrithe, ar shuidheamh, ar thógáil no ar staid an iascaigh sin, tar éis na suirbhéireachta breacacháin ar an iascach san do dhéanamh, cuirfidh an tAire mion-innste i dtaobh an atharuithe sin dá n-iontráil sa tsuirbhéireacht bhreacacháin sin agus beidh éifeacht ag an suirbhéireacht bhreacacháin sin fé réir an atharuithe sin ar n-a iontráil amhlaidh. | |
[EN] | (4) Chun crícheanna an Achta so beidh suirbhéireacht bhreacacháin aon iascaigh ionaistrithe ina fhianaise dho-chlaoite in aon imeachta ar shuidheamh, ar thógáil agus ar staid an iascaigh sin. | |
[EN] | (5) An duine (dá ngairmtear an t-innealltóir sa bhfo-alt so) a cheapfaidh an tAire fén alt so chun iascach ionaistrithe do shuirbhéireacht fén alt so agus fós aon daoine bheidh ag gníomhú fé orduithe an innealltóra féadfaid, chun na suirbhéireachta san, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) dul isteach ar an iascach san agus ar aon talamh is gá do shuirbhéireacht no gur gá dul tríd chun críche na suirbhéireachta san; | |
[EN] | (b) aon tuir no aon fhásra eile do ghearradh no do chur dá ngearradh agus aon nithe eile (seachas foirgintí buana) chuirfeadh isteach ar an suirbhéireacht san do thógaint chun siúil no do chur da dtógaint chun siúil; | |
[EN] | (c) aon mharcanna, buan no sealadach, do thógáil no do dhéanamh a bheidh ag teastáil chun go bhféadfar an tsuirbhéireacht san do sheiceáil no do chur i gcompráid leis an láithreán ina dhiaidh sin; | |
[EN] | (d) a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, únaer no sealbhaire an iascaigh sin no fostaí don únaer no don tsealbhaire sin) aon fhaisnéis do thabhairt uaidh a theastóidh do réir réasúin, chun crícheanna na suirbhéireachta san, ón innealltóir no o sna daoine bheidh ag gníomhú amhlaidh fé n-a orduithe; | |
[EN] | (e) éinní eile is gá chun aon rud do dhéanamh no gheobhaidh le haon rud do dhéanamh go n-údaruíonn na forálacha san roimhe seo den fho-alt so don innealltóir, no do sna daoine sin a bheidh ag gníomhú amhlaidh fé n-a orduithe, é dhéanamh. | |
[EN] | (6) Má chuireann duine ar bith isteach ar dhuine bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no ar aon daoine bheidh ag gníomhú fé orduithe an duine deiridh sin a luaidhtear agus eisean no iad-san ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó no dhóibh leis an alt so beidh an duine sin a céadluaidhtear ciontach i gcionta fén alt so. | |
[EN] | (7) Má dhiúltuíonn duine ar bith (eadhon, únaer no sealbhaire iascaigh ionaistrithe no fostaí d'únaer no do shealbhaire den tsórt san) aon fhaisnéis do thabhairt do dhuine ar bith a bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no do dhaoine ar bith a bheidh ag gníomhú fé orduithe an duine dheiridh sin a luaidhtear agus gur faisnéis í sin fhéadfadh seisean no iad-san a éileamh go dleathach fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) másé únaer no sealbhaire an iascaigh sin an duine sin a céad-luaidhtear, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, | |
[EN] | (b) más fostaí do shealbhaire an iascaigh sin an duine sin a céad-luaidhtear, beidh an duine sin agus an sealbhaire sin, gach n-aon acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so. | |
[EN] | (8) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so, dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] | (10) Íocfar le duine ar bith (nach oifigeach don Aire) a ceapfar chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no chur gníomhú fé ordú an duine bheidh ag déanamh aon tsuirbhéireachta den tsórt san an luach saothair, agus na liúntaisí le haghaidh costaisí, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
É bheith d'oblagáid ar shealbhairí iascach ionaistrithe cuntaisí do thabhairt don Aire. |
62. —(1) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe féadfaidh an tAire fógra do sheirbheáil ar shealbhaire an iascaigh sin á cheangal ar an sealbhaire sin na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) cuntas do choimeád, sa bhfuirm a luadhfar sa bhfógra san, agus do thabhairt don Aire pé trátha agus in aghaidh pé tréimhsí san idir-thréimhse sin a luadhfar sa bhfógra san— | |
[EN] | (i) ar chostaisí oibrithe an iascaigh sin (agus págh, árachas agus costaisí margaíochta d'áireamh), | |
[EN] | (ii) ar an airgead go léir a gheobhfar as iasc a tógfar san iascach do dhíol, | |
[EN] | (iii) ar an airgead go léir a gheobhfar as cearta iascaireachta do chur ar cíos chun iascairí slaite agus chun daoine eile, | |
[EN] | (iv) ar aon nithe eile (más ann dóibh) a bhainfidh leis na cúrsaí luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus a ordóidh an tAire o am go ham; | |
[EN] | (b) aon mhínithe theastóidh ón Aire o am go ham do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bheidh in aon chuntas den tsórt san. | |
[EN] | (2) Má seirbheáltar fógra fén alt so ar shealbhaire iascaigh ionaistrithe agus go dteipfidh ar an sealbhaire sin no go bhfailleoidh éilithe an fhógra san do chólíonadh beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh. | |
[EN] |
Coda d'aibhne no de locha le hais iascach áirithe corann (fíoruisce) do thógaint. |
63. —(1) Má bhíonn grinneall agus ithir aon choda d'abhainn no de loch le hais iascaigh ionaistrithe is iascach corann (fíor-uisce) gan bheith ar aon únaeracht leis an iascach san, ansan, má meastar gur gá san chun an iascaigh sin do chothabháil no d'oibriú, féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh i rith na hidirthréimhse ach ní níos déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidirthréimhse, a dhearbhú gur tuigthe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur cuid den iascach san oiread agus a luadhfaidh an tAire san ordú san den ghrinneall agus den ithír sin ach gan dul thar caoga slat lastuas no laistíos den iascach san no caoga slat lastuas agus laistíos de agus, ar an ordú san do dhéanamh, is tuigthe gur cuid den iascach san an chuid sin de ghrinneall agus d'ithir na habhann no an locha san agus fós gach ceart iascaireachta sa chuid sin. |
[EN] | (2) Má dheineann an tAire ordú fén alt so cuirfidh cóip den ordú san dá seirbheáil ar únaer ghrinnill agus ithreach na habhann no an locha le n-a mbainfidh an t-ordú san. | |
[EN] |
Cearta iascaireachta slaite in iascaigh ionaistrithe d'fhorcoimeád. |
64. —Féadfaidh únaer aon-chearta iascaireachta slaite in iascach ionaistrithe, aon tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, a iarraidh ar an Aire ordú (dá ngairmtear ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh i leith an iascaigh sin chun na n-aon-cheart iascaireachta slaite san iascach san d'fhorcoimeád dó agus sa chás san féadfaidh an tAire an t-ordú san do dhéanamh agus oibreoidh an t-ordú san agus beidh éifeacht aige chun na gceart iascaireachta slaite sin d'fhorcoimeád don únaer sin. |
[EN] | (2) Má dheineann an tAire ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád), foillseoidh sé fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh. | |
[EN] |
Orduithe dílsiúcháin. |
65. —(1) Dhá mhí ar a laighead roimh dheireadh na hidirthréimhse i leith iascaigh ionaistrithe déanfaidh an tAire, mara mbeidh ordú fé fho-alt (2) den alt so déanta cheana aige i leith an iascaigh sin, ordú (dá ngairmtear gnáth-ordú dílsiúcháin sa Chuid seo den Acht so) ag dílsiú an iascaigh sin san Aire amhail ar an lá díreach tar éis na hidir-thréimhse sin agus ón lá san amach. |
[EN] | (2) Le toiliú únaera iascaigh ionaistrithe le n-a mbainfidh an fo-alt so, agus pe'ca bheidh lá ceaptha socair no ná beidh maidir leis an gceanntar iascaigh ina mbeidh an t-iascach san, féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú speisialta dílsiúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh ag dílsiú an iascaigh sin san Aire amhail ar lá luadhfar san ordú san agus ón lá san amach. | |
[EN] | Baineann an fo-alt so le gach iascach ionaistrithe ná dearna an té dob únaer air an 1adh lá d'Eanar, 1933, no comharba teidil an duine sin úsáid de gach bliain iascaigh idir an 1adh lá d'Eanar, 1933, adubhradh, agus an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938. | |
[EN] | (3) Ordú déanfar fén alt so i dtaobh aon iascaigh ionaistrithe luadhfar ann gné agus achar agus suidheamh an iascaigh sin agus beidh mapa ag gabháil leis ina dtaisbeánfar achar agus suidheamh an iascaigh sin. | |
[EN] | (4) Ordú déanfar fén alt so i dtaobh iascaigh ionaistrithe oibreoidh sé chun aistriú do dhéanamh chun an Aire, amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san, ar an iascach san i mbith-dhílse saor o eirí agus o gach estát agus leas san iascach san ach amháin, i gcás ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) do bheith déanta i dtaobh an iascaigh sin, na cearta iascaireachta slaite forcoimeádfar leis an ordú san, agus beidh an t-ordú san a céad-luaidhtear ina fhianaise dho-chlaoite ar ghné agus achar an iascaigh sin fé mar a bheidh san luaidhte ann. | |
[EN] | (5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so i dtaobh aon iascaigh cuirfidh fógra i dtaobh déanamh an orduithe sin dá fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus seirbheálfaidh cóip den fhógra san ar únaer an iascaigh sin. | |
[EN] |
Clárú teidil an Aire chun iascach dílsithe. |
66. —Má thagann aon iascach ionaistrithe áirithe chun bheith dílsithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an dílsithe sin, an t-ordú dílsiúcháin a bheidh déanta i dtaobh an iascaigh sin do chur chun an údaráis chlárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus ar a fháil sin don údarás chlárathachta san cuirfid teideal an Aire chun únaeracht an iascaigh sin i mbith-dhílse dá chlárú fén Acht deiridh sin a luaidhtear. |
[EN] |
Cúiteamh as iascaigh ionaistrithe. |
67. —(1) Íocfaidh an tAire cúiteamh as gach iascach ionaistrithe dílseofar san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no go mbeidh estáit no leasa acu ann agus, cheal có-aontuithe, ceapfaidh eadrascánaí oifigiúil an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcúiteamh do cheapadh fén alt so as iascach ionaistrithe dílseofar san Aire le hoibriú gnáth-orduithe dhílsiúcháin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) féachfaidh an t-eadrascánaí go príomhdha— | |
[EN] | (i) má húsáideadh an t-iascach san i rith na hidirthréimhse, don bhrabús as an iascach san i rith na hidir-thréimhse, | |
[EN] | (ii) marar húsáideadh an t-iascach san i rith na hidirthréimhse, don bhrabús is dóich leis an eadrascánaí do gheobhfaí as an iascach san dá n-úsáidtí i rith na hidir-thréimhse é; | |
[EN] | (b) bhéarfaidh an t-eadrascánaí sin áird freisin (i dteanta áird do thabhairt ar fhianaise bhéarfaidh daoine eile uatha) ar aon fhianaise do bhéarfaidh únaer no sealbhaire an iascaigh sin uaidh— | |
[EN] | (i) ar bhrabús an iascaigh sin roimh thosach na hidirthréimhse, no | |
[EN] | (ii) ar choinníollacha nea-ghnáthacha meteoraíochta no coinníollacha eile do rinne deifir don mheánghabháil éisc i rith na hidir-thréimhse, no | |
[EN] | (iii) ar a mhéid do leigeadh don únaer no don tsealbhaire sealbh shíochánta bheith aige i rith na hidir-thréimhse, no | |
[EN] | (iv) aon chúrsaí bhí ann roimh an idir-thréimhse agus dob fhéidir do rinne deifir do chumas tuillimh an iascaigh i rith na hidir-thréimhse; | |
[EN] | (c) féadfaidh an t-eadarscánaí sin áird do thabhairt ar aon laigheadú luacha do chuaidh ar an iascach san i rith na hidir-thréimhse no ar na déanmhaisí no na foirgintí a húsáidtear i ndáil leis agus a bheidh tuairiscithe sa bhreacachán shuirbhéireachta ar an iascach san sa mhéid gur cúiseanna seachas gnáth-chaill agus caitheamh fé ndeár san. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an cúiteamh as iascach ionaistrithe dílseofar san Aire le hoibriú orduithe speisialta dhílsiúcháin á mheas, áirmheofar luach an iascaigh sin amhail ar an dáta ar ar húsáideadh go déanach é. | |
[EN] | (4) I gcás— | |
[EN] | (a) iascach ionaistrithe dílseofar san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so do bheith ina aon-cheart chun bradáin do ghabháil in uiscí taoide uile aon abhann, agus | |
[EN] | (b) dílseánach an iascaigh sin do bheith, ar dháta a dhílsithe amhlaidh, ina dhílseánach ar na hiascaigh sna suainmheacháin agus sna locha uile ar chúrsa na habhann san, agus | |
[EN] | (c) teideal dleathach do bheith ag an dílseánach san de bhuadh an phrovíso ghabhann le halt 3 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, chun aon líonta mála do shuidheamh i ngiorracht trí mhíle reachtúil do bhéal na habhann san, | |
[EN] | is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, an ceart chun na líon mála san do shuidheamh amhlaidh do bheith ina chuid den iascach san agus bhéarfar áird ar an gceart san nuair a bheidh cúiteamh as an iascach san á chinneadh fén alt so. | |
[EN] | (5) Bainfidh ailt 69 go 74 agus ailt 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh a bheidh le n'íoc ag an Aire fén alt so, agus chuige sin is tuigthe gurb é an tAire bunuitheoir an ghnóthais. | |
[EN] | (6) Ní breithneofar aon éileamh ar chúiteamh fén alt so as iascach ionaistrithe mara ndeintear é fé cheann ceithre mí fhichead tar éis an dáta ar a ndílseofar an t-iascach san san Aire. | |
[EN] |
Cúiteamh d'fhostaithe ar iascaigh ionaistrithe |
68. —(1) Pé uair a dílseofar iascach ionaistrithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, gach duine chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh as an iascach san do cheapadh, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir oscailte iascaireachta (dá ngairmtear na saosúir cheaptha sa bhfo-alt so) díreach roimh dháta an iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag sealbhaire an iascaigh ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an iascaigh sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus | |
[EN] | (b) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint ar fad no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) gur leis amháin a bhain an fhostaíocht san aige leis an iascach san d'oibriú no do chosaint, agus | |
[EN] | (d) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh le n-a fhostaíocht, agus | |
[EN] | (e) ná fuil a chothrom san d'obair eile le fáil aige i rith an tsaosúir iascaireachta, | |
[EN] | beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte, cúiteamh a háirmheofar mar leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) in aghaidh gach saosúir de sna saosúir cheaptha, suim (dá ngairmtear an tsuim cheaptha san alt so) is có-mhéid le ceithre hoiread an mheán-mhéide sheachtainiúil do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i rith an tríú saosúir de sna saosúir cheaptha, agus | |
[EN] | (ii) in aghaidh gach saosúir iascaireachta oscailte (más aon cheann é) roimh na saosúir cheaptha ina raibh gach coinníoll acu so leanas á chólíonadh maidir leis an duine sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (I) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin an tsaosúir sin, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an sealbhaire sin ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an iascaigh sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus | |
[EN] | (II) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus | |
[EN] | (III) gur leis amháin a bhain an fhostaíocht san aige leis an iascach san d'oibriú no do chosaint, | |
[EN] | suim is có-mhéid leis an suim cheaptha, | |
[EN] | ach ní raghaidh méid an chúitimh sin in aon chás thar trí oiread déag na suime ceaptha. | |
[EN] | (2) Pé uair a dílseofar iascach ionaistrithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, gach duine a chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh as an iascach san do cheapadh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) go raibh sé, ar feadh iomláin na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse cheaptha sa bhfo-alt so) de chúig bliana dar chríoch an lá díreach roimh dháta an iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, ar fostú go lán-aimsearach no beagnach go lán-aimsearach ag sealbhaire an iascaigh sin mar bhainisteoir no mar mhaor i ndáil le hoibriú an iascaigh sin agus go raibh sé ar fostú amhlaidh ar thuarastal shocair mhíosúil i dteanta no in éamais luach saothair breise do réir luach na gabhála éisc, agus | |
[EN] | (b) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh leis an bhfostaíocht san aige, agus | |
[EN] | (c) ná fuil a chothrom san d'obair eile le fáil aige, | |
[EN] | beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta, cúiteamh is có-mhéid le pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) suim is có-mhéid leis an méid iomlán (dá ngairmtear a thuarastal bliantúil sa bhfo-alt so) do híocadh leis an duine sin i bhfuirm tuarastail mhíosúil shocair i rith na cúigiú bliana den tréimhse cheaptha maraon leis an gcúigiú cuid den mhéid (dá ngairmtear sa bhfo-alt so a luach saothair breise in aghaidh na tréimhse ceaptha) do híocadh leis mar luach saothair breise den tsórt san (má b'ann dó) i rith na tréimhse ceaptha; | |
[EN] | (ii) méid a háirmheofar mar leanas, eadhon, in aghaidh gach bliana den tréimhse cheaptha agus in aghaidh gach bliana iomláine roimhe sin (más aon cheann é) do thug sé ar fostú amhlaidh ar an gcuma gcéanna, suim is có-mhéid leis an dóú cuid déag dá thuarastal bliantúil maraon leis an seascadadh cuid dá luach saothair breise in aghaidh na tréimhse ceaptha (má b'ann dó). | |
[EN] |
Luachála iascach ionaistrithe do chion-roinnt no na hiascaigh sin d'ath-luacháil. |
69. —(1) Má bhíonn iascach ionaistrithe ina chuid d'iascach no de cheart iascaigh a bheidh luachálta mar aonad amháin fé sna hAchtanna Luachála agus go mbeidh lá ceaptha socair i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach ionaistrithe sin, déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh caothúil, mion-innste i dtaobh an iascaigh ionaistrithe sin do thabhairt don údarás oiriúnach rátaíochta, agus a iarraidh go ndéanfaí (tré chion-roinnt no tré ath-luacháil) luachála ar leith ar an iascach ionaistrithe sin agus ar iarmhar an iascaigh a bheidh luachálta amhlaidh mar aonad amháin agus beidh éifeacht ag na luachála san amhail ar an dáta agus ón dáta ar a ndílseofar an t-iascach ionaistrithe sin san Aire. |
[EN] | (2) Má bhíonn aon iascach ionaistrithe ina chuid de chó-thiomsú de chearta iascaireachta no go mbeidh sé ag gabháil no in aice le fearann oighreachta no le tailte príobháideacha no le tigh comhnaithe príobháideach agus má bhíonn sé ar únaeracht ag an duine gur leis an có-thiomsú san de chearta iascaireachta, no an fearann oighreachta no na tailte príobháideacha no an tigh comhnaithe príobháideach san agus go mbeidh lá ceaptha socair i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach ionaistrithe sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar údarás oiriúnach rátaíochta an cheanntair sin ath-luacháil do dhéanamh ar an gcuid eile de sna cearta iascaireachta, no ar an bhfearann oighreachta no na tailte príobháideacha no an tigh comhnaithe príobháideach, ach ní bheidh éifeacht ag an ath-luacháil sin go dtí an dáta ar a ndílseofar an t-iascach ionaistrithe sin san Aire. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh orduithe. |
70. —Ní dhéanfa sé deifir do bhailíocht ná d'éifeacht aon orduithe dhéanfaidh an tAire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so aon fhoráil d'fhágaint gan cólíonadh atá sa Chaibidil sin i dtaobh cóip den ordú san do sheirbheáil ar dhuine áirithe no i dtaobh an orduithe sin d'fhoillsiú no fógra i dtaobh a dhéanta d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil. |