An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Ciontai in Aghaidh an Stait.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach.)

13 1939

ACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939

CUID III.

Coghleasanna Nea-dhleathacha.

Cóghléasanna nea-dhleathacha.

18. —Chun stiúradh agus rialú do dhéanamh ar mhaithe leis an bpuiblíocht ar fheidhmiú an chirt atá ag saoránaigh fén mbunreacht chun comhlachaisí do bhunú, dearbhuítear leis seo gur cóghléasadh nea-dhleathach do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so aon chóghléasadh—

(a) a dhéanfaidh tréas no aon ghníomhacht tréasúnta no chuirfidh a dhéanamh ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(b) a mholfaidh no thriallfaidh atharú ar an mBunreacht do thabhairt chun críche le fórsa, le foiréigean, no ar shlí eile nea-mbunreachtúil no bhéarfaidh misneach chuige, no

(c) a dhéanfaidh no thriallfaidh fórsa armtha no míleata do chur le chéile no do chothabháil contrárdha don Bhunreacht no gan údarás bunreachtúil, no

(d) a dhéanfaidh aon chionta coiriúil no chuirfidh bac no cur-isteach ar riaradh cirt no ar fhoirfheidhmiú an dlí, no chuirfidh aon ghníomh acu san ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(e) a dhéanfaidh aon chuspóir áirithe, dleathach no neadhleathach, do thabhairt chun críche ar shlí fhoiréigneach no choiriúil no ar shlí nea-dhleathach eile, no chuirfidh an gníomh san ar aghaidh no mholfaidh é dhéanamh no bhéarfaidh misneach chun a dhéanta, no

(f) a mholfaidh airgead is iníoctha leis an bPrímh-Chiste no le haon chiste puiblí eile no cánachas áitiúil d'fhágaint gan íoc no chuirfidh an ní sin ar aghaidh no bhéarfaidh misneach chuige,

agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis an gcóghléasadh san dá réir sin.

Orduithe díochuir.

19. —(1) Más dóich agus pé uair is dóich leis an Riaghaltas gur cóghléasadh nea-dhleathach aon chóghléasadh áirithe, is dleathach don Riaghaltas a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú díochuir san Acht so) gur cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san agus gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, é dhíochur.

(2) Féadfaidh an Riaghaltas le hordú, pé uair is ceart san dar leo, ordú díochuir do leasú no do cheiliúradh.

(3) Foillseofar gach ordú díochuir san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.

(4) Beidh ordú díochuir ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche, seachas chun críche iarratais ar dhearbhú dhlíthiúlachta, gur cóghléasadh nea-dhleathach do réir bhrí an Achta so an cóghléasadh le n-a mbainfidh.

Dearbhuithe dlíthiúlachta.

20. —(1) Duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) adeir gur ball é de chóghléasadh go mbeidh ordú díochuir déanta ina thaobh, féadfaidh, tráth ar bith fé cheann tríocha lá tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, dearbhú (dá ngairmtear dearbhú dlíthiúlachta san Acht so), á rá nach cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san, d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair.

(2) Más rud é, ar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bhreithniú, gur deimhin leis an Ard-Chúirt, tar éis na fianaise sin a bhéarfaidh an t-iarratasóir no an tArd-Aighne ar áird d'éisteacht, nach cóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh le n-a mbainfidh an t-iarratas san, is dleathach don Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta do dhéanamh i dtaobh an chóghléasta san.

(3) Ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta—

(a) mara dtugaidh neach iarrtha an dearbhuithe sin fianaise ag neartú leis an iarratas agus go raghaidh fé chroscheistniú o abhcóide don Ard-Aighne, no

(b) mara gcuiridh neach iarrtha an dearbhuithe sin ina luighe ar an Ard-Chúirt go bhfuil sé gan bheith ábalta, mar gheall ar bhreoiteacht no leor-chúis eile, ar fhianaise den tsórt san do thabhairt uaidh, agus go dtabharfaidh ar áird, ag neartú leis an iarratas, fianaise aon duine amháin ar a laighead a raghaidh fé chros-cheistniú o abhcóide don Ard-Aighne.

(4) Pé uair, ar iarratas fén alt so do bhreithniú, a dhéanfaidh an Ard-Chúirt, no an Chúirt Uachtarach de bharr athchomhairc i gcoinnibh na hArd-Chúirte, dearbhú dlíthiúlachta i dtaobh cóghléasta tiocfaidh an t-ordú díochuir a bhainfidh leis an gcóghléasadh san chun bheith gan bhrí gan éifeacht láithreach ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

(5) Má dheineann an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta, is dleathach don chúirt sin, ar n-a iarraidh sin don Ard-Aighne, oibriú an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur ar fiunraoi maidir leis an dearbhú san go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar athchomharc ón Ard-Aighne chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh an dearbhuithe sin agus má chuireann an Ard-Chúirt an fo-alt san ar fiunraoi amhlaidh ní thiocfaidh an fo-alt san i ngníomh maidir leis an dearbhú san ach amháin má dhaingníonn agus nuair a dhaingneoidh an Chúirt Uachtarach an t-ordú ón Ard-Chúirt le n-a ndearnadh an dearbhú san.

(6) Pé uair a hiarrfar dearbhú dlíthiúlachta fén alt so agus a dhiúltóidh an Ard-Chúirt don iarratas san no a dhiúltóidh an Chúirt Uachtarach dó de bharr athchomhairc i gcoinnibh na hArd-Chúirte, ní dleathach in aon chúiseamh a déanfar ar an iarratasóir sa chionta san—bheith ina bhall den chóghléasadh le n-a mbainfidh an t-iarratas san—éinní acu so leanas do thabhairt

bhfianaise i gcoinnibh an iarratasóra, sé sin le rá:—

(a) é do dhéanamh an iarratais sin, no

(b) aon admháil do rinne sé no do rinneadh thar a cheann chun crícheanna an iarratais sin no le linn éisteacht an iarratais sin, no

(c) aon ráiteas do rinneadh sa bhfianaise o bhéal do thug sé no do tugadh thar a cheann (pe'ca sa phrímhcheistniú é no sa chros-cheistniú no san ath-cheistniú) le linn éisteachta an iarratais sin, no

(d) aon dearbhóid do rinne sé no do rinneadh thar a cheann chun crícheanna an iarratais sin.

Toirmeasc ar dhuine bheith ina bhall de chóghléasadh neadhleathach.

21. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach.

(2) Gach duine is ball de chóghléasadh nea-dhleathach contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus—

(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar dhíotáil dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain do chur air.

(3) Beidh sé ina chosaint mhaith do dhuine cúiseofar sa chionta san fén alt so—bheith ina bhall de chóghléasadh neadhleathach—a chruthú—

(a) ná raibh a fhios aige gur chóghléasadh nea-dhleathach an cóghléasadh san, no

(b) go ndearna sé, chó luath agus dob fhéidir é do réir réasúin tar éis dó a fháil amach cadé an saghas an cóghléasadh san no tar éis ordú díochuir do bheith déanta i dtaobh an chóghléasta san, scur de bheith ina bhall de agus é shéanadh.

(4) Má hiarrtar dearbhú dlíthiúlachta ar an Ard-Chúirt maidir le cóghléasadh ní déanfar aon duine bheidh, sara dtabharfar an bhreith dheiridh ar an iarratas san, á chúiseamh i gcionta fén alt so maidir leis an gcóghléasadh san do chur ar a thriail sa chúis sin sara dtabharfar an bhreith dheiridh sin ach ní thiocfaidh den triail sin do chur ar athló de bhun an fho-ailt seo cosc do chur leis an duine sin do choinneáil fé choimeád faid a bheidh an triail sin curtha ar athló amhlaidh.

Forálacha de dhruim ordú díochuir do dhéanamh.

22. —Díreach ar ordú díochuir do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcóghléasadh le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh maoin uile an chóghléasta san (pe'ca réalta no áirnéis-réalta no pearsanta dhi agus pe'ca ar seilbh no ar fiunraoi dhi) chun bheith agus beidh sí geallbhruidte don Aire Dlighidh agus Cirt agus dílsithe ann;

(b) tógfaidh an tAire sin seilbh gach tailimh agus áitreibh a thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus féadfaidh an tAire sin gach ní do chur á dhéanamh ag baill den Ghárda Síochána a chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun seilbh do thógaint amhlaidh;

(c) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, is dleathach don Aire sin aon tailte no áitreabhacha thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol no do chur ar cíos ar na téarmaí sin is dóich leis, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart no aon tailte no áitreabhacha den tsórt san d'úsáid chun na gcrícheanna riaghaltais sin is dóich leis, leis an aontú roimhráite, do bheith ceart;

(d) tógfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt seilbh na maoine pearsanta uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus bainfidh amach agus cruinneoidh isteach í agus féadfaidh na himeachta dlí sin do bhunú agus na nithe eile sin do dhéanamh a chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chuige sin;

(e) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, is dleathach don Aire sin an mhaoin phearsanta uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol no do mhalairtiú ar chuma eile ar airgead ar an slí sin agus ar na téarmaí sin is dóich leis, le haontú an Aire Airgeadais, do bheith ceart;

(f) íocfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt isteach sa Stát-Chiste no cuirfidh chun tairbhe don Stát-Chiste, do réir orduithe an Aire Airgeadais, an t-airgead uile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so agus sochar glan gach díola, curtha-ar-cíos, malairtithe-ar-airgead, no curthade-láimh eile déanfar ar aon mhaoin eile thiocfaidh chun bheith geallbhruidte amhlaidh;

(g) ní dhéanfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt aon mhaoin a thiocfaidh chun bheith geallbhruidte dhó fén alt so do dhíol, do chur ar cíos, do mhalairtiú ar airgead, ná do chur de láimh ar shlí eile go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) mara ndeintear dearbhú dlíthiúlachta maidir leis an gcóghléasadh san d'iarraidh fén Acht so fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun iarratas den tsórt san do dhéanamh, an aimsir a ceaptar amhlaidh do dhul in éag,

(ii) má deintear aon iarratas den tsórt san amhlaidh, an bhreith dheiridh do thabhairt ar an iarratas san.

Forálacha de dhruim dearbhú dlíthiúlachta do dhéanamh.

23. —(1) Pé uair a déanfar dearbhú dlíthiúlachta beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine bheidh á choinneáil fé choimeád agus é á chúiseamh sa chionta san—bheith ina bhall den chóghléasadh le n-a mbainfidh an dearbhú dlíthiúlachta san—scaoilfear as an gcoimeád san láithreach é;

(b) an mhaoin uile leis an gcóghléasadh san do tháinig chun bheith geallbhruidte don Aire Dlighidh agus Cirt de bhuadh an Achta so ar dhéanamh an orduithe dhíochuir maidir leis an gcóghléasadh san tiocfaidh chun bheith agus beidh ina maoin leis an gcóghléasadh san agus bhéarfaidh an tAire sin don chóghléasadh san í ar n-a hiarraidh san air.

(2) Má dheineann an Ard-Chúirt dearbhú dlíthiúlachta, is dleathach don chúirt sin, ar n-a iarraidh sin don Ard-Aighne, oibriú an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do chur ar fiunraoi maidir leis an dearbhú san go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar athchomharc ón Ard-Aighne chun na Cúirte Uachtaraighe in aghaidh an dearbhuithe sin agus má chuireann an Ard-Chúirt an fo-alt san ar fiunraoi amhlaidh ní thiocfaidh an fo-alt san i ngníomh maidir leis an dearbhú san ach amháin má dhaingníonn agus nuair a dhaingneoidh an Chúirt Uachtarach an t-ordú ón Ard-Chúirt le n-a ndearnadh an dearbhú san.

Is cruthúnas ar dhuine bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach scríbhinn choiritheach do bheith ina sheilbh.

24. —Má deintear, le linn duine do thriail a bheidh á chúiseamh sa chionta san—bheith ina bhall de chóghléasadh nea-dhleathach— a chruthú chun sástachta na cúirte go bhfuarthas scríbhinn choiritheach, a bhaineann leis an gcóghléasadh san, ag an duine sin no ina sheilbh no ar thailte no in áitreabh ar únaeracht no ar seilbh aige no fé n-a urláimh beidh san, gan a thuilleadh, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur bhall den chóghléasadh san an duine sin an uair adeirtear sa chúis sin.

Foirgintí do dhúnadh.

25. —(1) Pé uair is deimhin le hoifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná árd-cheannphort go bhfuil no go raibh foirgint á húsáid in aon tslí chun crícheanna, díreacha no nea-dhíreacha. cóghléasta nea-dhleathaigh féadfaidh an t-oifigeach san ordú (dá ngairmtear ordú dúnta san alt so) do dhéanamh á ordú go ndúnfaí an fhoirgint sin go ceann tréimhse de thrí mhí o dháta an orduithe sin.

(2) Pé uair a déanfar ordú dúnta féadfaidh oifigeach den Ghárda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannphort—

(a) ré oibrithe an orduithe dhúnta san d'fhaidiú go ceann tréimhse breise nach sia ná trí mhí o dheireadh na tréimhse bheidh luaidhte san ordú dúnta san;

(b) deireadh do chur le hoibriú an orduithe dhúnta san.

(3) Pé uair a déanfar ordú dúnta no a faideofar ré a oibrithe féadfaidh duine ar bith go n-estát no leas sa bhfoirgint le n-a mbainfidh an t-ordú dúnta san, ar fhógra thabhairt don Ard-Aighne, ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair, agus ar bhreithniú an iarratais sin más deimhin leis an Ard-Chúirt, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nár réasúnta an rud an t-ordú dúnta san do dhéanamh no ré a oibrithe d'fhaidiú (do réir mar a bheidh) féadfa sí ordú do dhéanamh ag cur an orduithe dhúnta san no an fhaidithe sin ar ré a oibrithe, do réir mar a bheidh, ar neamhní.

(4) Pé uair agus faid a bheidh ordú dúnta i ngníomh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dleathach do dhuine ar bith an fhoirgint le n-a mbainfidh an t-ordú dúnta san ná aon chuid den fhoirgint sin d'úsáid ná do shealbhú;

(b) féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána nach ísle céim ná cigire gach ní is dóich leis is gá no is oiriúnach do dhéanamh chun cosc do chur leis an bhfoirgint sin no aon chuid di do bheith á húsáid no á sealbhú contrárdha don fho-alt so;

(c) gach duine úsáidfidh no shealbhóidh an fhoirgint sin no aon chuid den fhoirgint sin contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí do chur air.

(5) San alt so foluíonn an focal “foirgint” cuid d'fhoirgint agus fós gach fo-thigh, clós, agus gáirdín laistigh de chúirt-mhagh na foirginte.