An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Srian le hUibhe d'Easportail agus le hUibhe do Chonsighniu (le n-a nAirmhitear iad d'Easportail).) Ar Aghaidh (CUID V. Srianta maidir le hUibhe do Leasu.)

2 1939

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939

CUID IV.

Srianta le hUibhe do Cheannach agus do Dhiol.

Uibhe úra agus uibhe den dara cáilíocht.

42. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun caighdeán d'ordú le haghaidh ubh úr;

(b) chun caighdeán d'ordú le haghaidh ubh den dara cáilíocht;

(c) chun na marcanna d'ordú cuirfear ar uibhe chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad;

(d) chun na slí d'ordú ina gcuirfear na marcanna san ar uibhe.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “uibhe úra” uibhe den chaighdeán a bheidh orduithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so le haghaidh ubh úr, agus cialluíonn an abairt “uibhe den dara cáilíocht” uibhe den chaighdeán a bheidh orduithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so le haghaidh ubh den dara cáilíocht.

(3) Ní dleathach d'aon mhórdhíoltóir chláruithe ná d'aon mhiondíoltóir uibhe ar bith den dara cáilíocht do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith (in Éirinn no lasmuich dhi) mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

(4) Ní dleathach d'aon mhórdhíoltóir chláruithe uibhe ar bith is uibhe den dara cáilíocht do choinneáil ina sheilbh tar éis deireadh an ama orduithe chun uibhe do thástáil mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

(5) Ní dleathach d'aon mhiondíoltóir uibhe ar bith den dara cáilíocht do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh na tréimhse bheidh orduithe fén Acht so chun é do scrúdú ubh mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

(6) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine.

43. —Na huibhe uile ná beidh ar a laighead do réir an chaighdeáin a bheidh orduithe fén Acht so le haghaidh ubh den dara cáilíocht tuigfear, chun crícheanna an Achta so, iad do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus déanfar na tagairtí uile atá san Acht so d'uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Srianta le huibhe do cheannach agus do dhíol ina mórchoda.

44. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe d'fháil chun iad do dhíol ina mórchoda maran rud é—

(a) gur mórdhíoltóir cláruithe no deighleálaí cláruithe é, no

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh dhó fén alt so do gheobha sé na huibhe sin amhlaidh.

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe do dhíol ina mórchoda ná uibhe do chonsighniú ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda maran rud é—

(a) gur mórdhíoltóir cláruithe no deighleálaí cláruithe é, no

(b) gur táirgtheoir é, no

(c) gur fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh dhó fén alt so bheidh na huibhe á ndíol amhlaidh no á gconsighniú no á dtairisgint no á dtaisbeáint amhlaidh aige.

(3) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe uibhe do dhíol le mórdhíoltóir cláruithe eile ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh fén Acht so.

(4) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe uibhe d'fháil maran rud é—

(a) gur o dheighleálaí chláruithe do gheobha sé na huibhe, no

(b) gur o tháirgtheoir do gheobha sé na huibhe, no

(c) gur o mhórdhíoltóir chláruithe eile agus fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh fén Acht so gheobha sé na huibhe.

(5) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(6) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas no ceadúnaisí acu so leanas do dheonadh do dhuine ar bith, sé sin le rá:—

(a) ceadúnas chun uibhe d'fháil chun iad do dhíol ina mórchoda, no

(b) ceadúnas chun uibhe do dhíol ina mórchoda agus chun uibhe do chonsighniú, do thairisgint agus do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda, no

(c) más mórdhíoltóir cláruithe an té dá ndeonfar an ceadúnas, ceadúnas chun uibhe do dhíol le mórdhíoltóir eile,

agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh.

Srianta le deighleálaithe cláruithe d'fháil ubh.

45. —(1) Ní dleathach d'aon deighleálaí chláruithe uibhe d'fháil chun a n-athdhíolta, ina mórchoda no ina mionchoda, maran rud é—

(a) gur o tháirgtheoir do gheobha sé na huibhe amhlaidh, no

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so do gheobha sé na huibhe amhlaidh.

(2) Gach duine do gheobhaidh uibhe no thrialfaidh uibhe d'fháil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh d'aon deighleálaí chláruithe, chun uibhe d'fháil chun a n-athdhíolta, fé réir na gcoinníollacha san is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh tráth ar bith an ceadúnas san do cheiliúradh.

Srianta le deighleálaithe cláruithe do chur ubh de láimh.

46. —(1) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe uibhe do chur de láimh ar shlí seachas—

(a) tré n-a ndíol le mórdhíoltóir cláruithe fé cheann na haimsire orduithe ón dáta ar a bhfuair an deighleálaí cláruithe sin na huibhe, no

(b) tré n-a ndíol, ina mórchoda no ina mionchoda, fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so.

(2) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh uibhe do chur de láimh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh do dheighleálaí chláruithe, chun uibhe do chur de láimh tré n-a ndíol ina mórchoda no ina mionchoda, fé réir na gcoinníollacha san is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh tráth ar bith an ceadúnas san do cheiliúradh.

Fógra miondíoltóra.

47. —(1) Is dleathach don Aire fógra (dá ngairmtear fógra miondíoltóra san Acht so) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil no a chur fé ndeár é sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á mbíonn gnó ar siúl no bheidh chun gnó do bheith ar siúl aige (dá ngairmtear san alt so an gnó le n-a mbaineann an t-alt so) ag miondíol ubh ar n-a gceannach o mhórdhíoltóirí cláruithe no o tháirgtheoirí no o mhórdhíoltóirí cláruithe amháin no o tháirgtheoirí amháin fógra á cheangal ar an duine sin a iarraidh ar an Aire, do réir an Achta so agus na rialachán a bheidh déanta fé, laistigh den am (nach giorra ná lá is fiche tar éis an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar chuige sin sa bhfógra san an duine sin agus an t-áitreabh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ina mbeidh sé chun é bheith ar siúl aige do chlárú sa chlár de mhiondíoltóirí.

(2) Pé uair a seirbheálfar fógra miondíoltóra fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra san, laistigh den am a luadhfar chuige sin sa bhfógra san, a iarraidh ar an Aire do réir an Achta so an clárú san a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh sa chlár de mhiondíoltóirí;

(b) má iarrann an duine sin go cuibhe do réir an ailt seo clárú do dhéanamh sa chlár de mhiondíoltóirí, déanfaidh an tAire an duine sin agus an t-áitreabh ina mbíonn an gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl aige no ina mbeidh beartuithe aige é bheith ar siúl aige do chlárú sa chlár san;

(c) mara n-iarraidh an duine sin go cuibhe do réir an ailt seo an clárú san adubhradh do dhéanamh, ní dleathach don duine sin an gnó le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl aige tar éis deireadh na haimsire gur laistigh di is gá do réir an ailt seo an t-iarratas san do dhéanamh.

(3) Má bhíonn an gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl ag duine ar bith contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae bheidh an gnó san ar siúl amhlaidh.

Uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do shealbhú, do dhíol, etc.

48. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi.

(2) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe ar bith aon uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis an ama orduithe chun mórdhíoltóirí cláruithe do thástáil ubh mara mbeidh na huibhe sin marcálta agus curtha i leataoibh chun iad do chur de láimh sa tslí orduithe.

(3) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe ar bith aon uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun deighleálaithe cláruithe do chur ubh de láimh tar éis iad d'fháil.

(4) Ní dleathach do mhiondíoltóir ar bith aon uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun miondíoltóirí do scrúdú ubh tar éis iad d'fháil.

(5) Gach duine dhéanfaidh sárú, tré ghníomh no tré fhaillí, ar aon fho-alt den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(6) Má cúisítear deighleálaí cláruithe i gcionta fén alt so agus gur sárú ar fho-alt (1) den alt so an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta é, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an deighleálaí cláruithe sin dá chruthú ná raibh a fhios aige na huibhe do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine agus gur dhíol sé iad laistigh den am orduithe chun iad do chur de láimh tar éis iad d'fháil.

Uibhe salacha do shealbhú, do dhíol, etc.

49. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi.

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do cheannach chun a n-athdhíolta marar ceannuíodh na huibhe amhlaidh ina leithéid sin de chás ná féadfadh an duine sin do réir réasúin a fhios a bheith aige go raibh na huibhe salach ar an taobh amuich.

(3) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun mórdhíoltóirí cláruithe do thástáil ubh mara mbeidh na huibhe marcálta agus curtha i leataoibh chun iad do chur de láimh sa tslí orduithe.

(4) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich agus do fuair sé o tháirgtheoir do bheith ar seilbh aige.

(5) Ní dleathach do mhiondíoltóir ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun miondíoltóirí do scrúdú ubh tar éis iad d'fháil.

(6) Gach duine dhéanfaidh sárú, tré ghníomh no tré fhaillí, ar aon fho-alt den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(7) Má cúisítear deighleálaí cláruithe i gcionta fén alt so agus gur sárú ar fho-alt (1) no ar fho-alt (2) den alt so an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta é beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an deighleálaí cláruithe sin dá chruthú gur o dheighleálaí cláruithe eile a fuair sé na huibhe.

Uibhe do chosaint ar an aimsir agus ar thruailliú.

50. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun ceachtar críche no chun an dá chrích acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a thoirmeasc uibhe do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a ndíolta no iad do choimeád no do stóráil go dtí go ndíolfar iad in aon fhoirgint, feithicil, no áit eile no fé choinníollacha ná tugann cosaint dóthanach do sna huibhe ar fhliuchra, ar thaise, ar shalachar agus ar theas agus ar aimsir mhí-oiriúnach agus ar thruailliú d'aon tsaghas;

(b) chun a chur in áirithe go mbeidh ag uibhe bheidh le díol cosaint dóthanach ar fhliuchra, ar thaise, ar shalachar agus ar theas agus ar thruailliú de gach saghas faid a bheid stórálta no á gcoimeád agus faid a bheid á dtairisgint no á dtaisbeáint chun a ndíolta agus faid a beifear á bpacáil no á n-iompar.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Toirmeasc ar uibhe do nighe no do bhádhadh.

51. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith—

(a) aon uibhe bheidh le díol do nighe ná iad do bhádhadh chun iad do ghlanadh, ná

(b) aon mheaisín no úirlis, ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh go príomhdha chun uibhe do nighe no do ghlanadh, do bheith ar seilbh aige.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Rialacháin iomdha i dtaobh uibhe do cheannach, do dhíol, agus do chur de láimh.

52. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a chur mar cheangal, maidir le huibhe éanlaithe tighis ina bplaosca a cheannóidh dílseánach cláruithe no ceannófar thar a cheann, gur do réir mheáchainte a ceannófar iad amhlaidh;

(b) chun a cheangal ar dhílseánaigh chláruithe (i gcoitinne no d'aon aicme no aicmí áirithe) do gheobhaidh, pe'ca ina n-áitreabhacha cláruithe no in áit eile é, uibhe o tháirgtheoirí na nithe seo leanas do dhéanamh i dtaobh na n-ubh go léir do gheobhaid amhlaidh, sé sin le rá:—

(i) na huibhe sin do chur, díreach ar iad d'fháil, i gcoimeádán, den dearadh agus de sna tuisí agus de sna habhair a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so, do gheobhfar o dhéantóir a luadhfar amhlaidh agus é marcálta leis an marc a luadhfar amhlaidh, agus

(ii) an nóta no an billín no an marc a luadhfar chuige sin sna rialacháin sin, á thaisbeáint cé hé an táirgtheoir o n-a bhfuarthas, agus cadé an dáta ar a bhfuarthas, na huibhe sa choimeádán san, agus ag tabhairt na mion-innste eile sin i dtaobh na n-ubh san a luadhfar amhlaidh, do chur i ngach coimeádán den tsórt san no air, agus

(iii) lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt leis na rialacháin, an nóta no an billín sin adubhradh do choimeád sa choimeádán san agus fós na huibhe uile do cuireadh ann amhlaidh do choimeád ann go dtí go dtógfar amach as iad in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe chun iad do thástáil agus do ghrádáil, agus

(iv) gach nóta agus billín a cuirfear sa choimeádán san do bhun na rialachán do choimeád ar feadh an ama orduithe agus sa tslí orduithe;

(c) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do phacáil sa tslí sin agus leis na habhair phacála san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

(d) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe no deighleálaí chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do mharcáil sa tslí sin agus leis an marc san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

(e) chun a chur mar cheangal go ndéanfar na pacáistí ina bpacálfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do mharcáil sa tslí sin agus leis an marc san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

(f) chun a chur mar cheangal, maidir leis na huibhe go léir a díolfar no consighneofar, a tairgfear, a taisbeánfar, no fógrófar chun a ndíolta no forchuntasófar roimh a seachadadh no tar éis a seachadadh ar díol, gur fé thuairisc a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so a déanfar iad do dhíol, no iad do chonsighniú, do thairisgint, do thaisbeáint, d'fhógairt no d'fhorchuntasú amhlaidh (do réir mar a bheidh);

(g) chun a thoirmeasc uibhe do choimeád in áitreabh chláruithe ar feadh tréimhse is sia ná an tréimhse mhaximum a luadhfar sna rialacháin a déanfar fén alt so agus a bhainfidh leis na huibhe sin;

(h) chun a cheangal ar gach dílseánach cláruithe, no ar gach dílseánach cláruthe ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár áirithe, go mbeidh aon uibhe ina sheilbh go dtoirmeasctar leis an Acht so iad do dhíol gan na huibhe sin do chur de láimh ach i slí luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so.

(2) Chun críche an mhéide sin den alt so bhaineann le huibhe do mharcáil, féadfaidh an tAire (in ionad marcanna, á chur in úil cadé an tréimhse inar tástáladh no inar scrúduíodh uithe no cadé an tréimhse inar pacáladh uibhe, d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so) féadfaidh o am go ham, tré fhógra ar n-a fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta agus sna tréimhseacháin sin is dóich leis is ceart, marcanna fé leith do cheapadh chun tréimhsí áirithe do chur in úil agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a chur in úil, maidir le huibhe do thástáil no do scrúdú no do phacáil, cadiad na tréimhsí gur ina dtaobh a bheidh na marcanna san fé seach ceaptha amhlaidh.

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

(4) Gach duine atharóidh no agha-loitfidh no scriosfaidh no thógfaidh gan údarás dleathach—

(a) aon mharc a bheidh curtha ar aon ubh, pacáiste no coimeádán do bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, no

(b) aon nóta, billín, no marc a bheidh curtha in aon choimeádán no air do bhun rialachán den tsórt san,

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.