An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Aitreabhacha do Chlaru.) Ar Aghaidh (CUID IV. Srianta le hUibhe do Cheannach agus do Dhiol.)

2 1939

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939

CUID III.

Srian le hUibhe d'Easportail agus le hUibhe do Chonsighniu (le n-a nAirmhitear iad d'Easportail).

Srian le huibhe d'easportáil.

30. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe d'easportáil mara n-easportáltar na huibhe—

(a) ag mórdhíoltóir cláruithe díreach ón áitreabh mórdhíoltóra cláruithe inar pacáladh iad; no

(b) tré phost na mbeart; no

(c) ina gconsighneacht nach mó a mór-mheáchaint iomlán ná an mheáchaint mhaximum is ceaduithe de thurus na huaire do chur tré phost na mbeart; no

(d) chun iad do ghor agus ina gcaindíochtaí nach mó ná an maximum orduithe agus i bpacáistí bheidh marcálta sa tslí orduithe; no

(e) i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfear ar aghaidh tré Éirinn o aon áit lasmuich d'Éirinn go dtí aon áit eile den tsórt san ach ná déanfar éinní eile leis in Éirinn; no

(f) tré fheirmeoir no a sheirbhísigh dá mbreith o Éirinn isteach i dTuaisceart Éireann i gcúrsa a ghnótha mar fheirmeoir; no

(g) fé réim agus do réir cheadúnais easportála ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh uibhe d'easportáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(3) Gach duine iompróidh, ar aon tslí, uibhe ar bith a bheidh á n-easportáil no le heasportáil contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so más le linn no chun na n-ubh san d'easportáil a déanfar an t-iompar san mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé, do réir réasúin, a fhios do bheith aige go raibh na huibhe sin á n-easportáil contrárdha don alt so.

(4) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Srian le huibhe do chonsighniú o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe,

31. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní consighneofar uibhe o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe go dtí aon áit (in Éirinn ná lasmuich dhi) mara mbeidh na coinníollacha uile seo leanas cólíonta maidir leis na huibhe sin, sé sin le rá:—

(a) beidh na huibhe ina n-uibhe do tástáladh, do grádáladh agus do pacáladh do réir forálacha an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus

(b) beidh gach ceann de sna huibhe, agus fós an pacáiste ina mbeidh na huibhe sin, marcálta leis na marcanna orduithe do réir an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus

(c) beidh na huibhe ina n-uibhe do tástáladh, do grádáladh, do pacáladh agus do marcáladh mar adubhradh san áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe o n-a mbeid á gconsighniú agus beidh an pacáiste ina mbeidh na huibhe ina phacáiste do marcáladh mar adubhradh san áitreabh san freisin, agus

(d) beidh na huibhe gan tógaint as an bpacáiste inar pacáladh iad amhlaidh san áitreabh san, agus

(e) beidh na huibhe glan agus oiriúnach mar bhia do dhaoine.

(2) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh uibhe do chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(3) Gach duine iompróidh, ar aon tslí, aon uibhe consighneofar contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé, do réir réasúin, a fhios do bheith aige gur contrárdha don alt so do consighníodh na huibhe sin.

(4) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le huibhe do chonsighniú o áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe go dtí áitreabh cláruithe mórdhíoltóra chláruithe eile do bhun díola do rinne an mórdhíoltóir cláruithe sin a céad-luaidhtear leis an mórdhíoltóir cláruithe eile sin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén Acht so.

(6) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so mórdhíoltóir cláruithe do chosc ar uibhe do chur dá láimh sa tslí orduithe do gheobhfar, nuair a tástálfar ina áitreabh chláruithe iad, do bheith neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich.

Comhachta cigirí maidir le huibhe do chonsighniú.

32. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith (fé réir an údaráis i scríbhinn a bheidh aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) chun dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta—

(a) in aon áitreabh cláruithe; no

(b) in aon áitreabh ina ndeintear uibhe do dhíol no iad do thaisbeáint no do choimeád no do stóráil chun a ndíolta no 'na mbeidh cúis réasúnta ag an gcigire sin chun a chreidiúint no chun bheith amhrusach go ndeintear uibhe do dhíol no iad do thaisbeáint no do choimeád no do stóráil chun a ndíolta ann; no

(c) in áitreabh éinne dheineann mar ghnó earraí d'iompar ar luach saothair; no

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne dheineann mar ghnó earraí do stóráil; no

(e) ar aon phiara, cé, caladh, fánán no duga no in aon áitreabh duga; no

(f) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfaidh cigire ar bith gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh in aon áit dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so no in aon áit phuiblí, sé sin le rá:—

(a) aon phacáiste do gheobhfar in aon áit acu san d'iniúchadh;

(b) aon phacáiste den tsórt san d'oscailt 'na mbeidh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint no chun bheith amhrusach uibhe do bheith ann;

(c) aon uibhe do gheobhaidh in aon áit acu san do scrúdú, pe'ca i bpacáiste do sna huibhe sin no nach eadh;

(d) gach ní no éinní acu so leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc as an gcéanna, sé sin le rá:—

(i) somplaí réasúnta d'aon uibhe do gheobhfar in aon áit acu san, pe'ca i bpacáiste do sna huibhe sin no nach eadh,

(ii) somplaí réasúnta d'aon abhar pacála do gheobhfar in aon áit acu san,

(iii) aon phacáiste d'uibhe no aon cheann no cinn d'aon phacáistí d'uibhe do gheobhfar in aon áit acu san;

(e) aon phacáiste no aon uimhir de phacáistí do gheobhfar in aon áit acu san do choinneáil faid is gá san, do réir réasúin, chun crícheanna an ailt seo;

(f) más i lámhaibh cairréaraí don phacáiste no do gach ceann no aon cheann no cinn de sna pacáistí coinneofar amhlaidh, ordú do thabhairt i scríbhinn don chairréaraí sin á thoirmeasc an pacáiste no na pacáistí sin d'iompar níos sia (ach amháin chun an chéanna do thabhairt thar n-ais chun an chonsighneora) má chítear don chigire ar an gcéanna do scrúdú go ndearnadh no gur trialadh an tAcht so no aon rialachán ar n-a dhéanamh fé do shárú maidir leis;

(g) a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh i bhfeighil aon ubh no aon phacáiste d'uibhe san áit sin ainmneacha agus teasmalta eile únaera no consighneora agus consighní na n-ubh san no an phacáiste sin do thabhairt dó.

(3) Gach duine—

(a) a choiscfidh no a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, no

(b) gurb eol dó ainm no teasmalta eile únaera, consighneora, no consighní aon ubh no aon phacáiste bheidh cigire i dteideal a iniúchadh fén alt so agus a dhiúltóidh don ainm no do sna teasmalta eile sin do thabhairt don chigire, no

(c) do bhéarfaidh don chigire go toiliúil no ar nós cuma-liom aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-threorach, maidir le haon únaer, consighneoir, no consighní den tsórt san,

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh aon phacáiste d'uibhe do chonsighniú no d'iompar go dtí aon áit, in Éirinn no lasmuich dhi, agus cigire tar éis ordú do thabhairt fén alt so á thoirmeasc é iompar níos sia, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(5) Má bheireann cigire ordú fén alt so do chairréaraí á thoirmeasc aon phacáiste áirithe d'uibhe d'iompar níos sia, beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin, marab é an cairréaraí únaer an phacáiste, a chur in úil do chonsighneoir an phacáiste, chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe do thabhairt, gur tugadh an t-ordú amhlaidh.

(6) Má thógann cigire aon tsompla no pacáiste fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin an tógaint sin do chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighní (más rud é agus sa mhéid gurb eol dó a n-ainmneacha agus a seolta no gur féidir dó, do réir réasúin, iad d'fháil amach) agus fós, más in áitreabh cairréaraí no stórasóra do rinneadh an tógaint sin, don chairréaraí no don stórasóir sin.

(7) Má chítear don Aire, ar aon phacáiste tógfar fén alt so do scrúdú, go ndearnadh sárú no gur trialadh sárú do dhéanamh ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé, maidir leis an bpacáiste sin, geallbhruidfear an pacáiste sin don Aire, agus in aon chás eile cuirfear an pacáiste de láimh do réir mar ordóidh an consighneoir no, cheal orduithe uaidh, díolfar é agus íocfar sochar glan an díola san leis an gconsighneoir.

(8) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint no damáiste no moill réasúnta thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna no damáiste no moille réasúnta den tsórt san.

(9) Le linn do chigire bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó leis an alt so in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis, déanfa sé do réir na n-éilithe réasúnta san ón gcuideachtain is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

(10) Uibhe geallbhruidfear don Aire fén alt so, déanfar, i gcás iad do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine, iad do dhíthiú no déanfaidh an tAire, in aon chás eile, iad do dhíol agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, féadfar iad do dhíol amhlaidh le miondíoltóirí no le mórdhíoltóirí cláruithe agus féadfaid san iad do cheannach.

(11) An sochar glan a gheobhfar as na huibhe uile díolfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(12) Chun críche an ailt seo, pé uair do bhéarfar ordú do chairréaraí fén alt so á thoirmeasc pacáiste d'uibhe d'iompar níos sia agus go mbeidh an pacáiste, an tráth do bhéarfar an t-ordú, ládálta i luing no i bhaigín traenach, ní tuigfear gur hiompruíodh an pacáiste sin níos sia contrárdha don ordú san i gcás an phacáiste sin d'iompar ar an luing sin no sa bhaigín sin má chruthuíonn an cairréaraí sin—

(a) go ndearna sé, chó luath agus a bhí caoi aige air, an pacáiste sin do chur thar n-ais go dtí an port no an stáisiún ag ar cuireadh é sa luing sin no sa bhaigín sin (do réir mar a bheidh) agus é chur i dtír no é sheachadadh ag an bport san no ag an stáisiún san, agus

(b) go raibh an pacáiste sin, ón tráth do tugadh an t-ordú san go dtí go ndearnadh an pacáiste sin do chur thar n-ais agus do chur i dtír no do sheachadadh amhlaidh, i gcúram an chairréaraí sin amháin agus nár hoscladh é agus nár baineadh leis in aon tslí.

(13) San alt so—

foluíonn on focal “áit” long, bád no árthach eile agus foluíonn sé freisin bhaigín traenach, mótar-laraí, trucail no feithicil eile;

foluíonn an focal “pacáiste” pacáiste go mbeifear ar tí é chonsighniú no bheidh ullamh chun é chonsighniú no é tharchur agus pacáiste bheidh seachadtha cheana dá chonsighní agus fós pacáiste bheidh i gcúrsa a iompartha o chonsighneoir go dtí consighní no o áit ghnótha amháin le duine go dtí áit ghnótha eile leis an duine céanna.

Ceadúnaisí chun uibhe d'easportáil.

33. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas o dhuine ar bith sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun na consighneachta d'uibhe luadhfar sa cheadúnas d'easportáil chun an chonsighní sin agus den bhealach san agus fé réir na gcoinníollacha san a luadhfar sa cheadúnas.

(2) Oibreoidh ceadúnas a deonfar fén alt so chun a údarú don duine dá ndeonfar é an chonsighneacht d'uibhe luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith sara n-easportálfar consighneacht d'uibhe bheidh luaidhte i gceadúnas, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.

(4) Má dheineann duine ar bith dá ndeonfar ceadúnas fén alt so aon cheann de théarmaí no de choinníollacha an cheadúnais sin do shárú beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(5) Gach duine do bhéarfaidh le tuisgint go bréagach, trí mharc ar an gconsighneacht no ar shlí eile, aon chonsighneacht áirithe d'uibhe do bheith á heasportáil fé cheadúnas ar n-a dheonadh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

(6) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

(7) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ag lorg ceadúnais fén alt so táille den mhéid orduithe agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

Comhachta oifigeach custum agus máil.

34. —Féadfaidh aon oifigeach custum agus máil uibhe ar bith, a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag triail iad d'easportáil contrárdha don Acht so, do choinneáil agus do ghabháil agus chuige sin féadfaidh pacáiste ar bith d'oscailt ina mbeidh uibhe no 'na mbeidh amhrus aige uibhe do bheith ann, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san d'ordú do bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis na hearraí uile gheobhfar fén Acht so fé is dá mba fén Customs Consolidation Act, 1876, adubhradh, do gheobhfaí na hearraí sin.

Rialacháin chun uibhe do thástáil, do ghrádáil agus do phacáil in áitreabhacha mórdhíoltóirí.

35. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh maidir le háitreabhacha mórdhíoltóirí cláruithe, i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina dtástálfar uibhe agus an aimsear tar éis iad d'fháil gur laistigh di a tástálfar amhlaidh iad;

(b) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina ngrádálfar uibhe;

(c) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina bpacálfar uibhe agus na habhair agus na pacáistí a húsáidfear chun iad do phacáil;

(d) na grádanna agus na saghsanna ubh a féadfar no ná féadfar a phacáil san aon phacáiste amháin;

(e) toirmeasc do chur le haon ghrádanna no saghsanna áirithe ubh do phacáil;

(f) na saghsanna ubh a féadfar no ná féadfar a thabhairt isteach san áitreabh;

(g) na háiteanna ina ndéanfar agus na tráthanna déanfar uibhe, a bheidh le heasportáil, do thaisbeáint chun a scrúduithe.

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh ubh a consighneofar chun iad d'easportáil agus i dtaobh ubh ná consighneofar amhlaidh.

(3) Na huibhe uile tástálfar, a grádálfar agus a pacálfar in aon áitreabh mhórdhíoltóra chláruithe tástálfar, grádálfar agus pacálfar iad i ngach slí do réir na rialachán a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(4) Gach duine dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí, contrárdha d'aon rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighhear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneaíl ná raghaidh thar fiche punt.

Comhacht don Aire chun bealach na heasportála do cheapadh.

36. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire é bheith riachtanach san do dhéanamh chun iniúchadh ubh no pacáistí ubh fén Acht so do chur in usacht, féadfaidh, tré fhógra i scríbhinn ar n-a sheirbheáil ar mhórdhíoltóir chláruithe, a cheangal ar an mórdhíoltóir cláruithe sin an dá ní no ceachtar ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gan uibhe d'easportáil ach den bhealach no de cheann de sna bealaigh a luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

(b) na huibhe uile bheidh sé ar intinn d'easportáil do thaisbeáint chun a scrúduithe san áit agus an tráth a luadhfar sa tslí chéanna.

(2) Gach mórdhíoltóir cláruithe ar a seirbheálfar fógra fén alt so déanfa sé do réir an fhógra san agus mara ndeinidh dá réir beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

E bheith oblagáideach daoine oilte d'fhostú.

37. —(1) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe aon oibriúchán tástála, grádála ná pacála ubh do bheith ar siúl aige ná a leigint é bheith ar siúl in aon áitreabh ar ar dílseánach cláruithe é mara mbeidh an t-oibriúchán san i gcomhnaí fé mhaoirseacht agus fé stiúradh dhuine oilte.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach mórdhíoltóir cláruithe—

(a) duine oilte amháin ar a laighead do bheith ar fostú aige i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, agus

(b) ráiteas do thabhairt do Aire no do chigire, ar san d'iarraidh, i dtaobh an méid daoine oilte bheidh ar fostú ag an mórdhíoltóir cláruithe sin maraon leis an eolas san, i dtaobh gach duine oilte bheidh ar fostú amhlaidh, a bheidh ag teastáil ón Aire no ón gcigire sin.

(3) Más duine oilte an mórdhíoltóir cláruithe féin agus go maoirsíonn agus go stiúrann sé na hoibriúcháin tástála, grádála agus pacála ubh in áitreabh chláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, féadfa sé é féin d'áireamh mar dhuine oilte ar fostú aige chun crícheanna na bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus leis sin beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so fé is dá mba dhuine oilte den tsórt san ar fostú amhlaidh é.

(4) Gach mórdhíoltóir cláruithe dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt, agus ina theanta san, i gcás ar bith, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a leanfar den chionta.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “duine oilte” duine atá oilte do réir bhrí an Achta so ar ghnó tástála, grádála agus pacála ubh.

Rialacháin i dtaobh uibhe do mharcáil.

38. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach pacáiste d'uibhe consighneofar o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe ar bith chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, chun gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) grád na n-ubh a bheidh sa phacáiste sin;

(b) an t-áitreabh inar pacáladh na huibhe sin;

(c) i gcás ubh leasuithe, gur uibhe leasuithe iad;

(d) gur in Éirinn do rugadh na huibhe;

(e) éinní eile is dóich leis an Aire ba cheart a thaisbeáint ar an bpacáiste sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach ubh a consighneofar o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe ar bith chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, chun gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) grád an uibh;

(b) an t-áitreabh inar pacáladh é;

(c) an tréimhse inar tástáladh an t-ubh no an tréimhse inar pacáladh an t-ubh san áitreabh san;

(d) i gcás uibh leasuithe, gur ubh leasuithe é;

(e) gur in Éirinn do rugadh an t-ubh;

(f) éinní eile is dóich leis an Aire ba cheart a thaisbeáint ar an ubh.

(3) Féadfar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so a ordú conus agus cad leis a déanfar na marcanna a hordófar fén alt so do chur ar na huibhe le n-a mbainfid.

(4) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh ubh a consighneofar chun iad d'easportáil agus i dtaobh ubh ná consighneofar amhlaidh.

(5) Chun críche an oirid sin den alt so agus a bhaineann le n-a thaisbeáint tré mharcanna cadé an t-áitreabh inar pacáladh uibhe, féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapadh do gach áitreabh mhórdhíoltóra chláruithe fé leith, agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharc chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh inar pacáladh pacáistí no uibhe.

(6) Chun críche an oirid sin den alt so agus a bhaineann le n-a thaisbeáint tré mharcanna cadé an tréimhse inar tástáladh uibhe no cadé an tréimhse inar pacáladh uibhe, féadfaidh an tAire o am go ham, tré fhógra ar n-a fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta agus sna tréimhseacháin sin is dóich leis is ceart, marcanna fé leith do cheapadh chun tréimhsí áirithe do thaisbeáint, agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a thaisbeáint, maidir le huibhe do thástáil no do phacáil, cadiad na tréimhsí gur ina dtaobh a bheidh na marcanna san fé seach ceaptha amhlaidh.

(7) Déanfar na huibhe uile glacfar in aon áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe agus na pacáistí ina bpacálfar san áitreabh san iad do mharcáil i ngach slí do réir forálacha an ailt seo agus do réir na rialachán a bheidh déanta fé agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(8) Má cuirtear marc a bheidh orduithe fén alt so ar aon uibhe no ar aon phacáistí d'uibhe i gcás ar bith ná beidh a chur amhlaidh údaruithe leis an alt so no leis na rialacháin a bheidh déantá fé no ná beidh a chur amhlaidh do réir an ailt seo no na rialachán san tuigfear a chur amhlaidh do bheith ina thuairisc thrádála bhréagaigh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna san, le n-a n-áirmhítear forálacha peannaideacha an chéanna.

(9) Chun críche an ailt seo tuigfear marc do chur ar ubh no ar phacáiste d'uibhe má deintear amhlaidh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.

An consighní do chur éislinní in úil don Aire.

39. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á cheangal ar gach mórdhíoltóir cláruithe scríbhinn sa bhfuirm a hordófar leis na rialacháin sin do chur, sara gconsighnítear é, i ngach pacáiste d'uibhe bheidh sé ar intinn a chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi, scríbhinn á iarraidh ar chonsighní an phacáiste sin aon éislinní gheobha sé sa phacáiste sin no sna huibhe bheidh ann no i bpacáil na n-ubh san ann do chur in úil don Aire.

(2) Gach mórdhíoltóir cláruithe ná déanfaidh do réir aon rialacháin áirithe bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Srian leis na marcanna orduithe do chur ar uibhe no ar phacáisti d'uibhe.

40. —(1) Gach marc a ceangailtear no a húdaruítear leis an Acht so no fé do chur ar aon uibhe no ar aon phacáiste d'uibhe isé chuirfidh ar an gcéanna é ná dílseánach an áitreibh ina ndéanfar, no inar gá, an marc san do chur amhlaidh no duine ar fostú ag an dílseánach san agus údarás aige uaidh chuige sin.

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith, seachas na daoine luaidh tear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, na marcanna luaidhtear sa bhfo-alt san do chur ar aon ubh ná ar aon phacáiste d'uibhe.

(3) Gach duine chuirfidh aon mharc ar aon ubh no ar aon phacáiste d'uibhe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Chun críche an ailt seo, tuigfear marc do chur ar ubh no ar phacáiste d'uibhe má deintear amhlaidh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.

Meáchaintí do mharcáil ar uibhe.

41. —(1) I gcás pacáiste ina mbeidh uibhe do bheith marcálta—

(a) le marc (dá ngairmtear grád-mharc san alt so) a bheidh orduithe fén Acht so mar mharc d'uibhe de ghrád áirithe, agus

(b) le marc (dá ngairmtear marc meáchana san alt so) chun a thaisbeáint nach lugha meáchaint gach uibh fé leith sa phacáiste ná an mheácaint a bheidh orduithe mar mheáchaint mhinimum d'uibhe den ghrád a cuirfear in úil leis an ngrád-mharc,

ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe an pacáiste do chonsighniú chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, maran rud é nach lugha meáchaint gach uibh fé leith sa phacáiste ná an mheáchaint a cuirfear in úil leis an marc meáchana.

(2) Má dheineann no má thrialann duine ar bith uibhe do chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é, agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.