An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Srian le hUibhe d'Easportail agus le hUibhe do Chonsighniu (le n-a nAirmhitear iad d'Easportail).)

2 1939

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru.

Na cláir agus a lánas.

13. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar—

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de mhórdhíoltóirí, agus

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de dheighleálaithe, agus

(c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de mhiondíoltóirí, agus

(d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de leasuitheoirí.

(2) Iontrálfar sna cláir uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do bhun an ailt seo na nithe seo leanas maidir le gach áitreabh a clárófar sna cláir sin fé seach, sé sin le rá:—

(a) ainm agus tuairisc iomlán dhílseánaigh an áitreibh, agus

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh sin agus a theoranta agus a mhéid d'aithint.

(3) Aitreabh a bheidh cláruithe in aon cheann áirithe de sna cláir a bheidh á gcoimeád do bhun an ailt seo, ní bheidh sé, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, ionchláruithe in aon cheann eile de sna cláir sin.

Táilli clárathachta.

14. —Gach uair a hiarrfar fén Acht so áitreabh do chlárú in aon chlár seachas an clár de mhiondíoltóirí íocfar leis an Aire táille (dá ngairmtear táille chlárathachta san Acht so) de phunt, agus beidh íoc na táille sin go cuibhe ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

Táillí fála ubh.

15. —(1) Íocfaidh gach mórdhíoltóir cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus go mbeidh sé cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (dá ngairmtear táille fála ubh san Acht so) a háirmheofar do réir an ráta orduithe agus sa tslí orduithe ar mhéid iomlán na n-ubh do fuair sé an leath-bhliain sin, seachas uibhe go gcuirfear ina luighe ar an Aire ina dtaobh—

(a) gur o mhórdhíoltóir chláruithe eile fuair sé iad, no

(b) go rabhadar neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich agus gur cuireadh de láimh iad sa tslí is gá do réir an Achta so maidir le huibhe den tsórt san.

(2) Íocfaidh gach miondíoltóir cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus go mbeidh sé cláruithe sa chlár de mhiondíoltóirí ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (agus táille fála ubh a gairmtear di sin freisin san Acht so) a háirmheofar do réir an ráta orduithe agus sa tslí orduithe ar mhéid iomlán na n-ubh do fuair sé o tháirgtheoirí an leath-bhliain sin, seachas uibhe go gcuirfear ina luighe ar an Aire ina dtaobh go rabhadar neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich agus gur cuireadh de láimh iad sa tslí is gá do réir an Achta so maidir le huibhe den tsórt san.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, tiocfaidh gach táille fála ubh chun bheith dlite an lá tar éis lae dheiridh na leath-bhliana gur ina haghaidh a bheidh sí iníoctha agus déanfar, i gcás gach táille den tsórt san a thiocfaidh chun bheith dlite amhlaidh an 1adh lá d'Iúl bliain ar bith, í íoc roimh an 1adh lá de Mheán Fhómhair an bhliain sin no, i gcás gach táille den tsórt san a thiocfaidh chun bheith dlite amhlaidh an 1adh lá d'Eanar bliain ar bith, í íoc roimh an 1adh lá de Mhárta an bhliain sin.

(4) Má scuireann mórdhíoltóir cláruithe no miondíoltóir cláruithe, i rith aon leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag, de bheith cláruithe sa chlár de mhórdíoltóirí no sa chlár de mhiondíoltóirí (do réir mar a bheidh) tiocfaidh an táille fála ubh is iníoctha aige in aghaidh na leath-bhliana san chun bheith dlite an lá tar éis an lae scuirfe sé de bheith cláruithe amhlaidh agus íocfar í fé cheann dhá mhí ón lá thiocfa sí chun bheith dlite amhlaidh.

Táillí bliantúla.

16. —(1) Íocfaidh gach deighleálaí cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach bliana go mbeidh sé cláruithe sa chlár de dheighleálaithe ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (dá ngairmtear táille bhliantúil san Acht so) den mhéid orduithe no, go dtí go n-ordófar an méid a bheidh sa táille sin, de phunt.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so tiocfaidh gach táille bhliantúil chun bheith dlite an 1adh lá d'Eanar an bhliain gur ina haghaidh a bheidh sí iníoctha agus íocfar í roimh an 1adh lá de Mhárta an bhliain sin.

(3) An táille bhliantúil is iníoctha ag deighleálaí cláruithe in aghaidh na bliana thiocfa sé chun bheith cláruithe sa chlár de dheighleálaithe tiocfa sí chun bheith dlite an lá thiocfa sé chun bheith cláruithe amhlaidh agus íocfar í fé cheann dhá mhí ón lá san.

Táillí do bhaint amach.

17. —(1) Beidh gach táille fála ubh agus gach táille bhliantúil, ná híocfar fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, ionbhainte amach ag an Aire mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla agus beidh sí ionbhainte amach amhlaidh d'ainneoin an Aire d'fheidhmiú na comhachta bheirtear dó leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus gan dochar don fheidhmiú san.

(2) Mara ndeinidh duine dhlighfidh táille fála ubh no táille bhliantúil d'íoc an táille sin d'íoc fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, is dleathach don Aire an clárú sa chlár de mhórdhíoltóirí, sa chlár de mhiondíoltóirí, no sa chlár de dheighleálaithe (do réir mar a bheidh) ar gach áitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár san ina thaobh do chealú.

(3) Má cealuítear clárú aon áitréibh de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go ndéanfar an táille, gurbh é a neamh-íoc fé ndeár an cealú san, d'íoc fé cheann trí mhí tar éis deireadh na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, an t-áitreabh san do chur thar n-ais, amhail ar dháta agus o dháta íoctha na táille sin amhlaidh, sa chlár inar cealuíodh clárú an áitreibh sin amhlaidh.

Iarrataisí ar chlárú.

18. —(1) Gach iarratas a déanfar ar áitreabh do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí) isé dílseánach an áitreibh sin a dhéanfaidh é agus is i scríbhinn agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(2) Pé uair a hiarrfar fén alt so aon áitreabh áirithe do chlárú, cuirfidh an tAire an t-áitreabh san á iniúchadh ag cigire.

(3) Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas fén alt so ar aon áitreabh áirithe do chlárú inneosfar réasúin an diúltuithe don iarratasóir.

(4) Má diúltuítear d'iarratas fén alt so ar áitreabh do chlárú ní choiscfidh san iarratas nua do dhéanamh fén alt so ar an áitreabh céanna do chlárú aon uair ina dhiaidh sin.

(5) Pé uair a hiarrfar fén alt so áitreabh do chlárú i gclár féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár san sara n-iniúchtar do bhun an ailt seo é, agus pé uair a chláróidh an tAire aon áitreabh amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh sa chlárú san ach clárú sealadach agus clárú sealadach a gairmtear de san Acht so;

(b) ní shaorfaidh an clárú san an tAire o n-a bheith d'oblagáid air an t-áitreabh san do chur á iniúchadh ag cigire, ach amháin go bhféadfar an t-iniúchadh san do dhéanamh tar éis an chláruithe sin;

(c) ní dhéanfaidh an clárú san dochar ná deifir do chomhacht an Aire chun géilleadh no diúltú don iarratas san ar an áitreabh san do chlárú;

(d) má ghéilleann agus nuair a ghéillfidh an tAire don iarratas san scuirfidh an clárú sealadach san de bheith ina chlárú shealadach;

(e) má dhiúltuíonn agus nuair a dhiúltóidh an tAire don iarratas san cealófar an clárú sealadach san;

(f) pé uair agus faid a bheidh aon áitreabh cláruithe go sealadach i gclár tuigfear, chun crícheanna uile an Achta so ach fé réir na míreanna san roimhe seo den fho-alt so, an t-áitreabh san do bheith ina áitreabh atá cláruithe sa chlár san agus an té bheidh cláruithe amhlaidh ina dhílseánach air, tuigfear ina thaobh, chun na gcrícheanna san ach fé réir na míreanna roimhráite, gurb é is dílseánach cláruithe ar an áitreabh san.

Coinníollacha clárathachta.

19. —(1) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh (ach amháin go sealadach) i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí) maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanmhas chun an ghnótha san do dhéanamh ann a deintear no atá beartuithe a dhéanamh ann agus gur leor a bhfuil ann de ghléasra, d'fheistisí agus d'fhearastí atá oiriúnach don ghnó san; agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh agus a chuid gléasra, feistisí agus fearaistí glan agus i dtreo mhaith; agus

(c) go bhfuil san áitreabh cóiríocht is oiriúnach agus is leor chun uibhe agus pacáistí d'uibhe do stóráil ann ar chuma go bhféadfaí teacht ar na huibhe agus na pacáistí bheadh stórálta amhlaidh chun iad d'iniúchadh fén Acht so.

(2) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh (ach amháin go scaladach) sa chlár de mhórdhíoltóirí maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith, ní hamháin do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ach fós do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil san áitreabh cóiríocht is oiriúnach agus is leor chun oiread pacáistí agus abhar pacála do stóráil sa cheart agus is gá, ar feadh na tréimhse sin a bheidh orduithe, i gcóir gnáth-riachtanaisí an ghnótha deintear san áitreabh san; agus

(b) go bhfuil an t-áitreabh gléasta mar is cóir leis na fearaistí agus na riachtanaisí orduithe chun uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil agus chun uibhe agus na pacáistí ina bpacálfar iad do mharcáil; agus

(c) nach lugha ná an chaindíocht mhinimum orduithe an chaindíocht d'uibhe a tástáltar, a grádáltar, agus a pacáltar san áitreabh i rith gach seachtaine a tástáltar, a grádáltar, nó a pacáltar aon uibhe san áitreabh; agus

(d) go bhfuil an té atá á iarraidh go gclárófaí an t-áitreabh, no éinne amháin ar a laighead ar fostú aige san áitreabh, oilte do réir bhrí an Achta so ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Achta so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé.

(3) Gan dochar d'aon réasún eile chun diúltuithe eireoidh fén Acht so, is réasún maith gach réasún acu so leanas chun an Aire do dhiúltú d'iarratas ar aon áitreabh áirithe do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí), sé sin le rá:—

(a) go raibh an t-áitreabh san cláruithe roimhe sin fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, agus go ndearnadh a chlárú do chealú fé sna hAchtanna san nó fé cheachtar acu, no

(b) go raibh an t-áitreabh san cláruithe roimhe sin fén Acht so agus go ndearnadh a chlárú do chealú fén Acht so, no

(c) go raibh neach iarrtha an chláruithe sin ina dhílseánach chláruithe roimhe sin ar áitreabh eile a bhí cláruithe fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, no fén Acht so agus, le linn é bheith cláruithe amhlaidh, go ndearna an tAire clárú an áitreibh eile sin do chealú fé sna hAchtanna san no fé cheachtar acu no fén Acht so.

Aistriú ón gclár d'easportálaithe atá á choimeád fé sna hAchtanna Tora Talmhíochta (Uibhe), 1924 agus 1930.

20. —(1) Gach duine bheidh cláruithe, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, sa chlár d'easportálaithe atá á choimeád do bhun na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, ina dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san, tuigfear gur iarr sé go cuibhe fén Acht so, díreach tar éis tosach a fheidhme sin, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár de mhórdhíoltóirí.

(2) Na forálacha den Acht so bhaineann le hiarrataisí ar áitreabhacha do chlárú sa chlár de mhórdhíoltóirí agus le háitreabhacha do chlárú sa chlár san, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le gach iarratas ar áitreabh do chlárú sa chlár san go dtuigfear ina thaobh, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, é do dhéanamh díreach tar éis tosach feidhme an Achta so agus fós maidir leis an áitreabh san do chlárú sa chlár san ach beidh na forálacha san den Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, maidir leis na hiarrataisí sin agus leis an gclárú san, sé sin le rá:—

(a) déanfar an t-áitreabh is abhar d'aon iarratas den tsórt san do chlárú go sealadach sa chlár san láithreach, agus

(b) ní bheidh aon táille chlárathachta iníoctha alos aon iarratais den tsórt san.

Fianaise ar lánas na gclár.

21. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no aon oifigigh don Aire go n-údarás aige chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha ina fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do bhéarfaidh le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás aige chuige sin do thabhairt i láthair agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú, bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire go n-údarás aige chuige sin ón Aire, á dheimhniú gan áitreabh áirithe a bheidh luaidhte sa deimhniú san do bheith iontrálta sa chlár a bheidh luaidhte sa deimhniú san, is fianaise dhochlaoite é ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so d'iniúchadh ar íoc na táille sin a bheidh orduithe agus nach mó ná scilling in aghaidh gach iniúchta fé leith;

(b) cóip, a bheidh deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so d'fháil ar íoc táille de reul ar gach fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, á dheimhniú gan áitreabh áirithe do bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád do bhun an Achta so, d'fháil ar íoc táille de dhá scilling agus reul ar gach deimhniú.

Aitreabh cláruithe do thuitim agus d'aistriú chun duine.

22. —(1) Má éagann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní leor ann féin éag an dílseánaigh chláruithe sin chun a thabhairt gur nea-dhleathach de bhuadh an Achta so an gnó do bhí ar siúl san áitreabh san go dtí an t-éag san do choimeád ar siúl san áitreabh san go ceann tréimhse sé mhí ón éag san;

(b) beidh ionadaí pearsanta an dílseánaigh chláruithe éagtha san no, le haontú ar ionadaí phearsanta san, aon duine eile i dteideal (fé réir forálacha an ailt seo) go ndéanfaí, ar n-a iarraidh sin dó ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, é chlárú ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

(c) o éag an dílseánaigh chláruithe éagtha san go dti go gclárófar duine eile ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san tuigfear gurb é an té go mbeidh an gnó san ar siúl aige san áitreabh san is dílseánach cláruithe air chun cricheanna an mhéide sin den Acht so bhaineann le nithe bheidh le déanamh san áitreabh san no i gcúrsa an ghnótha san do bheith ar siúl agus chun críche fógraí is gá do réir an Achta so do thabhairt don dílseánach cláruithe agus chun críche seirbheála na bhfógraí sin.

(2) Má dheineann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe (dá ngairmtear an t-aistritheoir san alt so) an t-áitreabh san agus an gnó bhíonn ar siúl ann d'aistriú, ar n-a dhíol no eile, chun duine eile (dá ngairmtear an t-aistrí sa bhfo-alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar n-a iarraidh sin dó ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar n-a chur ina luighe dhó ar an Aire go bhfuil sé tagtha chun bheith ina dhílseánach ar an áitreabh san, beidh an t-aistrí i dteideal (fé réir forálacha an ailt seo) go gclárófaí é ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

(b) go dtí go gclárófar an t-aistrí amhlaidh ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san leanfaidh an t-aistritheoir de bheith ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san chun crícheanna uile an Achta so d'ainneoin an aistrithe sin.

(3) Má hiarrtar ar an Aire fén alt so duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir sa bhfo-alt so) do chlárú ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh chláruithe beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gur ionadaí pearsanta dhílseánaigh chláruithe éagtha an t-iarratasóir agus é bheith á iarraidh fén gcéad fho-alt den alt so mar ionadaí phearsanta an dílseánaigh chláruithe éagtha san agus mar sin go gclárófaí é agus an t-iarratas do dhéanamh go cuibhe do réir an fho-ailt sin, ní dhiúltóidh an tAire don iarratas:

(b) i ngach cás eile is dleathach don Aire, más ceart san dar leis, diúltú don iarratas ar an bhforas go raibh an t-iarratasóir roimhe sin ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh eile bhí cláruithe fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, no fén Acht so agus, le linn é bheith cláruithe amhlaidh, gur chealuigh an tAire clárú an áitreibh eile sin fé sna hAchtanna san no fé cheachtar acu no fén Acht so.

Clárú d'atharú agus do chealú

23. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chealú ar n-a iarraidh sin don dílseánach cláruithe no, i gcás pearsan, d'ionadaí phearsanta an dílseánaigh chláruithe no, i gcás cóluchta chorpruithe, do leachtálaí an dílseánaigh chláruithe.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú in aon phuínte ina bhfeicfear dó an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, clárú aon áitreibh fén Acht so do chealú más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach no neamh-urchóideach di, do tugadh an t-áitreabh do chlárú; no

(b) go bhfuil an t-áitreabh tar éis scurtha de bheith ionchláruithe sa chlár ina bhfuil sé cláruithe de bhíthin gach ceann no aon cheann no cinn de sna coinníollacha clárathachta bhaineann leis do bheith gan cólíonadh ina thaobh; no

(c) gur éag an phearsa ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh agus nár cláruíodh éinne eile ina dhílseánach air in ionad an dílseánaigh chláruithe éagtha san fé cheann sé mhí tar éis an éaga san; no

(d) gur scuireadh an cólucht corpruithe ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh agus nár cláruíodh éinne eile ina dhílseánach air in ionad an dílseánaigh chláruithe scurtha san fé cheann mí tar éis an scurtha san; no

(e) go ndearnadh an dílseánach cláruithe do bhreithiúnú ina fhéimhí i gcás pearsan no d'fhoirceannadh go héigeanta i gcás cóluchta chorpruithe; no

(f) go ndearnadh san áitreabh sárú (le gníomh no le faillí) ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé; no

(g) go ndearna an dílseánach cláruithe connradh chun uibhe do cheannach no do dhíol agus gur theip air no gur fhailligh sé, gan chúis réasúnta, déanamh do réir an chonnartha san; no

(h) go bhfuiltear tar éis scur den ghnó gur ina thaobh atá an t-áitreabh san cláruithe do bheith ar siúl san áitreabh san; no

(i) i gcás áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí, gur chuir an dílseánach cláruithe fé ndeár no gur leig go feasach na marcanna do cuireadh do bhun an Achta so ar aon uibhe, no ar aon phacáiste d'uibhe, do heasportáladh ón áitreabh san d'atharú (in Éirinn no lasmuich dhi) no go ndearna, maidir le huibhe no pacáistí d'uibhe do heasportáladh amhlaidh, éinní eile do bhainfeadh o chlú uibhe Éireannacha.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chealú fén alt so (ach amháin do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh fén alt so), sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an tAire aon atharú ná cealú den tsórt san mara dtugaidh ná go dtí go dtabharfaidh do dhílseánach cláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta no dá leachtálaí (do réir mar a bheidh) fógra coicís ar a laighead i scríbhinn á rá go bhfuil déanamh an atharuithe no an chealuithe sin á bhreithniú ag an Aire agus ag luadh na bhforas ar a bhfuil an t-atharú no an cealú san á bhreithniú amhlaidh;

(b) breithneoidh an tAire aon chúis i dtaobh an atharuithe no an chealuithe sin a pléidhfear leis, ag éinne le n-a mbainfidh, sara mbeidh ré an fhógra choicís sin caithte;

(c) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán do chur á dhéanamh i dtaobh an atharuithe no an chealuithe sin;

(d) má deintear an t-atharú no an cealú san in aon chor déanfar é fé cheann trí mhí tar éis ré an fhógra choicís sin do bheith caithte.

Lánas na gclár d'fhoillsiú.

24. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh sa tslí sin is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár a bheidh á choimeád fén Acht so, agus

(b) ar fhógra i dtaobh clárú aon áitreibh chláruithe do chealú no d'atharú, agus

(c) ar fhógra i dtaobh aon chiontuithe i gcionta i gcoinnibh an Achta so no aon ailt de no i gcoinnibh aon rialacháin ar n-a dhéanamh fén gcéanna.

(2) Ní déanfar aon tuairisceán ar leith ná cuid ar leith de thuairisceán a cuirfear isteach do bhun an Achta so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham eolas staitistíochta (agus staitistíocht as tuairisceáin a cuirfear isteach do bhun an Achta so d'áireamh) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méide agus staide na trádála ubh agus go sonnrách i dtaobh méide an ghnótha bheidh ar siúl in áitreabhacha bheidh cláruithe sna cláracha uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do bhun an Achta so.

(4) Sa mhéid gur féidir é do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so aon mhion-innste do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur mion-innste iad a bhaineann le haon duine no gnó áirithe gan an duine sin no dílseánach an ghnótha san do thoiliú chuige i scríbhinn.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á cheangal ar dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe tuairisceáin tréimhsiúla do chur isteach chun an Aire agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, gach ní no éinní acu so leanas d'ordú, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag mórdhíoltóirí cláruithe;

(b) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag deighleálaithe cláruithe;

(c) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag miondíoltóirí cláruithe;

(d) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag leasuitheoirí cláruithe;

(e) na tráthanna bheidh na tuairisceáin sin fé seach le cur isteach;

(f) an fhuirm agus an tslí ina mbeidh na tuairisceáin sin fé seach le cur isteach.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so aon tuairisceán do chur isteach agus go dteipfidh air no a dhiúltóidh an tuairisceán san do chur isteach agus é ar gach slí do réir na rialachán san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

Cláir a bheidh le coimeád in áitreabhacha cláruithe.

26. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach mórdhíoltóir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh agus do bhéarfar isteach san áitreabh san no a díolfar ann no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach deighleálaí cláruithe—

(a) clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhfar no a díolfar san áitreabh san no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dha uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san, agus

(b) clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád ina áitreabh chláruithe no (má bhíonn níos mó ná aon áitreabh cláruithe amháin aige) sa cheann san a roghnóidh de sna háitreabhacha san, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh no dhíolfaidh in aon áit, no chuirfidh amach as aon áit, seachas a áitreabh cláruithe no aon cheann dá áitreabhacha cláruithe, agus, fé cheann sé huaire tríochad a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san, agus

(c) a chur in úil don Aire, má bhíonn níos mó ná aon áitreabh cláruithe amháin aige, cadé an t-áitreabh do roghnuigh chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus gan an roghnú san d'atharú gan an tAire do thoiliú chuige.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach miondíoltóir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh agus do bhéarfar isteach san áitreabh san (pe'ca san áitreabh cláruithe sin do gheobhaidh na huibhe sin no nach eadh), agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

(4) Beidh sé de dhualgas ar gach leasuitheoir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhfar san áitreabh san no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

(5) Gach clár a bheidh á choimeád do bhun an ailt seo féadfaidh aon chigire é d'iniúchadh uair ar bith i rith tráthanna oifige agus, ar n-a iarraidh sin air, beidh sé de dhualgas ar an dílseánach cláruithe an clár san do thaisbeáint don chigire chun a iniúchta agus fós gach forchuntas, nóta seachadtha no consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an cigire do réir réasúin chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(6) Má thárlann d'aon dílseánach cláruithe—

(a) ná coimeádfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar an clár no na cláir sin is gá do réir an ailt seo do choimeád, no

(b) ná déanfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go ndéanfar in aon chlár den tsórt san, fé cheann na haimsire a horduítear leis an alt so, aon iontráil áirithe is gá do réir an ailt seo do dhéanamh ann, no

(c) ná taisbeánfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go dtaisbeánfar, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfadh cigire é, aon chlár, scríbhinn, no cóip de scríbhinn is gá dhó do réir an ailt seo do thaisbeáint amhlaidh, no go gcoiscfidh aon chigire agus iniúchadh aige á dhéanamh, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar in aon chlár den tsórt san, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

(7) Chun críche an ailt seo—

(a) folóidh clár no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh chláruithe ar aon duine ar fostú ag an dílseánach cláruithe; agus

(c) má diúltuítear no má faillítear clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun a iniúchta agus gur san áitreabh chláruithe, agus ag duine ar fostú ag an dílseánach cláruithe, a déanfar an diúltú no an failliú san tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe do rinne an diúltú no an failliú san; agus

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon tráth idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog tráthnóna a bhíonn gnó ar siúl no obair á dhéanamh san áitreabh chláruithe.

(8) Tagairtí deintear san Acht so (lasmuich den alt so) do chlár a bheidh á choimeád fén Acht so no do chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so ní fholóid aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an ailt seo.

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

27. —(1) Beidh teideal ag aon chigire dul isteach, gach tráth réasúnta, in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so no 'na mbeifear á iarraidh go gclárófaí in aon chlár den tsórt san é, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

(a) iomlán an áitreibh sin no aon chuid de agus an gléasra, na fearaistí agus na feistisí ann d'iniúchadh;

(b) féachaint ar an tástáil, an ghrádáil, agus an phacáil a deintear ar uibhe san áitreabh san no ar aon phróiseas no próiseasaí acu san;

(c) na huibhe, na pacáistí agus na habhair phacála uile san áitreabh san no aon chuid acu do scrúdú agus samplaí réasúnta de sna huibhe, de sna pacáistí agus de sna habhair phacála san uile no d'aon chuid acu do thógaint;

(d) uibhe do chuardach agus d'iniúchadh san áitreabh san;

(e) a cheangal ar an dílseánach cláruithe no ar éinne ar fostú ag an dílseánach cláruithe san áitreabh san an t-eolas san, is gá do réir réasúin chun na gcrícheanna bhaineann le riaradh an Achta so, do thabhairt don chigire i dtaobh aon uibhe no pacáiste d'uibhe do gheobhaidh san áitreabh san.

(2) Gach duine—

(a) a choiscfidh no a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so; no

(b) a fhailleoidh no a dhiúltóidh aon eolas a bheidh cigire i dteideal a iarraidh fén alt so do thabhairt don chigire sin ar n-a iarraidh sin dó-san air; no

(c) do bhéarfaidh do chigire, go toiliúil no go faillítheach, eolas a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Atharú ar dhéanmhasáitreibh chláruithe.

28. —(1) Ní dleathach d'aon dílseánach cláruithe (seachas miondíoltóir cláruithe) aon atharú dhéanamh ná a leigint é dhéanamh, gan an tAire á cheadú roimh ré, ar dhéanmhas aon áitreibh chláruithe ar ar dílseánach cláruithe é.

(2) Pé uair is mian le dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe atharú do dhéanamh ar dhéanmhas an áitreibh sin, féadfaidh a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm orduithe an t-atharú san a cheadú do réir an ailt seo, agus, chó luath agus is féidir é tar éis an iarratais d'fháil dó, cuirfidh an tAire in úil don dílseánach cláruithe sin i scríbhinn go gceaduíonn no ná ceaduíonn an t-atharú atá beartuithe.

(3) Gach dílseánach cláruithe dhéanfaidh atharú ar dhéanmhas aon áitreibh chláruithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmeasc ar dhílseánach chláruithe do dhéanamh gnótha in áitreabh seachas áitreabh cláruithe.

29. —(1) I gcás duine do bheith ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so, ní dleathach dó an gnó dheineann sé san áitreabh san do dhéanamh in aon áitreabh ná beidh cláruithe sa chlár san no nach é an dílseánach air a bheidh cláruithe sa chlár san é.

(2) Ní dhéanfaidh mórdhíoltóir cláruithe ná deighleálaí cláruithe gan toiliú an Aire, aon ghnó ina áitreabh cláruithe ná in aon cheann dá áitreabhacha cláruithe seachas an gnó gur ina thaobh a bheidh an t-áitreabh san cláruithe.

(3) Gach dílseánach cláruithe a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.