An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939) Ar Aghaidh (CUID II. Aitreabhacha do Chlaru.)

2 1939

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an focal “cigire” duine bheidh ceaptha i scríbhinn (go generálta no d'ócáid áirithe) ag an Aire chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so;

foluíonn an focal “pacáiste” aon bhosca, cráta, cás, cuairsceann, no gabhadán eile ina mbeidh uibhe no ina bhféadfadh uibhe bheith chun iad d'iompar agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn lánas an ghabhadáin sin;

cialluíonn an focal “uibhe” uibhe éanlaithe tighis agus lachan ina bplaosca;

foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no deara, no aon chó-nascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí no de dhearanna no d'aon dá cheann no níos mó acu;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do bhun an Achta so;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine bheidh iontrálta i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do bhun an Achta so mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san;

cialluíonn an abairt “áitreabh mórdhíoltóra cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí;

cialluíonn an abairt “mórdhíoltóir cláruithe” dílseánach cláruithe áitreibh mhórdhíoltóra chláruithe;

cialluíonn an abairt “deighleálaí cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de dheighleálaithe;

cialluíonn an abairt “miondíoltóir cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhiondíoltóirí;

cialluíonn an abairt “leasuitheoir cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí;

cialluíonn an focal “táirgtheoir” duine go mbíonn feirmeoireacht éanlaithe clóis ar siúl aige mar ghnó no thógann no choimeádann éanlaithe tighis no lachain chun a n-uibhe do dhíol agus ná faghann uibhe ar bith o éinne eile chun a n-ath-dhíolta;

cialluíonn an abairt “stóráil cheimiciúil” stóráil chun uibhe do leasú le haon phróiseas ná hatharuíonn mianach na bplaosc, agus stóráil in aon ghás, gal no meascán gásúil d'áireamh;

foluíonn an focal “díol” malairtiú agus margáil, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

cialluíonn an focal “mórdhíol” díol, mar thrádáil, le duine dheineann, mar ghnó, uibhe d'fháil chun a n-ath-dhíolta, ach ní fholuíonn díol le húnaer no sealbhaire tighe ósta, tighe bhídh, club, no áitreibh eile ina ndíoltar uibhe chun iad do thómhailt ann agus chuige sin amháin, no le duine éigin thar ceann únaera no sealbhaire den tsórt san, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

cialluíonn an focal “miondíol” díol nach mórdhíol, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

foluíonn an focal “fáil” ceannach agus foluíonn freisin fáil tré mhargáil no tré mhalairtiú no ar aon tslí eile, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

nuair a húsáidtear an focal “miondíoltóir” gan coinníoll, cialluíonn sé duine dheineann, mar ghnó, uibhe do mhiondíol, pe'ca dílseánach cláruithe é no nach eadh;

foluíonn an abairt “uibhe bheidh le díol” uibhe bheidh ceannuithe chun a n-ath-dhíolta, uibhe bheidh á gcoimeád chun a ndíolta (láithreach no ar ball), uibhe bheidh á dtairgsint no á dtaisbeáint chun a ndíolta, uibhe bheidh díolta ach ná beidh seachadtha agus uibhe bheidh á n-iompar chun no i gcúrsa a ndíolta.

Na daoine bheidh oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil.

3. —(1) Ní tuigfear chun crícheanna an Achta so duine do bheith oilte ar ghnó thástála, ghrádála agus phacála ubh maran rud é—

(a) go mbeidh deimhniú aige, ar n-a thabhairt amach ag an Aire, á dheimhniú go bhfuil sé oilte ar an ngnó san, no

(b) go gcuirfe sé ina luighe ar an Aire go bhfuil sé oilte ar an ngnó san.

(2) Féadfaidh duine ar bith deimhniú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'iarraidh ar an Aire agus féadfaidh an tAire deimhniú den tsórt san roimhráite do thabhairt amach don duine sin más deimhin leis an duine sin do bheith oilte ar ghnó thástála, ghrádála agus phacála ubh.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méid no bailiú aon táillí gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so no fé aon alt eile den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae agus fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ciontaí.

5. —(1) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

(2) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfe sé imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

Costaisí.

6. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

7. —(1) Is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a baileofar agus a tógfar na táillí uile is iníoctha fén Acht so agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

Cosaint do chomhachta an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

8. —(1) Na comhachta bheirtear don Aire leis an Acht so beid, agus feidhmeofar iad, gan dochar don Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe d'fheidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar do sna comhachta ná srian a chur leis na comhachta bheirtear d'údaráis sláintíochta leis na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fútha.

Scríbhinní do sheirbheáil.

9. —(1) Más gá no más ceaduithe do réir an Achta so scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is i slí éigin acu so leanas a seirbheálfar an scríbhinn, sé sin le rá:—

(a) tríd an scríbhinn do sheachadadh don duine sin; no

(b) tríd an scríbhinn do sheachadadh do dhuine ar bith, a bheidh sé bliana déag d'aois ar a laighead, agus a bheidh i bhfostaíocht an duine sin; no

(c) tríd an scríbhinn do chur tríd an bpost i leitir roimh-íoctha agus í dírithe chun an duine sin ag á áitreabh cláruithe más dílseánach cláruithe é no, in aon chás eile, ag an seoladh ag á mbíonn gnó ar siúl aige no ag an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(2) Chun críche an ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cólucht corpruithe ar n-a chlárú in Éirinn fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha in Éirinn a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamhionchorpruithe.

Athghairm.

10. —Athghairmtear leis seo an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 (Uimh. 35 de 1924) , agus an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1930 (Uimh. 36 de 1930) .

Cosaint do tháillí fé Acht athghairmthe.

11. —(1) D'ainneoin an Achta Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 ( Uimh. 35 de 1924 ), d'athghairm leis an Acht so beidh táille bhliantúil fé alt 9 den Acht san iníoctha, in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar roimh thosach feidhme an Achta so agus dar críoch an lá roimh an tosach feidhme sin, ag dílseánach cláruithe (do réir bhrí an ailt sin 9) gach áitreibh fé leith a bheidh cláruithe sa chlár d'easportálaithe fén Acht san ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi.

(2) Gach táille is iníoctha de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) is leis an Aire bheidh sí iníoctha, agus

(b) áirmheofar í do réir ailt 9 den Acht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 , fé is dá mba bhliain an tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, agus

(c) tiocfa sí chun bheith dlite díreach i dtosach feidhme an Achta so agus íocfar í fé cheann mí ar a dhéanaí tar éis an tosach feidhme sin, agus

(d) féadfaidh an tAire í bhaint den té ag á mbeidh sí iníoctha mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(3) Gach táille bhliantúil do tháinig chun bheith dlite fé alt 9 den Acht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 , an 31adh lá de Mhí na Nodlag díreach roimh thosach feidhme an Achta so, beidh sí, mara n-íoctar í roimh an tosach feidhme sin, iníoctha do réir an ailt sin 9 (d'ainneoin a athghairmthe sin leis an Acht so) agus féadfaidh an tAire í bhaint den té ag á mbeidh sí iníoctha mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) D'ainneoin an Achta Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 , d'athghairm leis an Acht so leanfaidh fo-ailt (5) agus (6) d'alt 9 den Acht san i bhfeidhm chun crícheanna na dtáillí uile bheidh, de bhuadh an ailt seo, iníoctha fén alt san 9 tar éis tosach feidhme an Achta so.

Sean-orduithe agus seanarialacháin do bhuanú.

12. —(1) Gach ordú agus gach rialachán do rinneadh fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh de bheith i bhfeidhm, mara mbeidh agus sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an Acht so, d'ainneoin an Achta so d'athghairm an Achta fé n-a ndearnadh é.

(2) Gach ordú agus rialachán a leanfaidh de bheith i bhfeidhm de bhuadh an ailt seo tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é agus féadfar, i gcás aon orduithe den tsórt san, é cheiliúradh, é leasú no é atharú le haon ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so agus, i gcás aon rialacháin den tsórt san, é cheiliúradh, é leasú no é atharú le haon rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.