An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cuid IV den Phriomh-Acht do Leasu.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

11 1938

ACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1938

CUID III.

Stroighin d'Iomportail.

Stroighin a tuigfear a rinneadh i dtír áirithe.

12. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfear gur i dtír áirithe do rinneadh stroighin más rud é, agus amháin más rud é—

(a) go mbeidh an cion orduithe dá luachmhaireacht ina luachmhaireacht do tháinig de bharr caiteachais de shaghas orduithe fé n-a ndeachthas sa tír sin maidir le habhair do táirgeadh no obair do rinneadh sa tír sin, no

(b) gur sa tír sin do rinneadh na hoibrithe orduithe do bhain le n-a táirgeadh.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar ní atá orduithe, agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe leis na rialacháin sin

Srian le stroighin d'iomportáil.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon stroighin d'iomportáil maran rud é—

(a) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an stroighin sin; no

(b) gur chuige amháin a hiomportálfar an stroighin sin chun í iompar agus chun í easportáil ina dhiaidh sin.

(2) Chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, gach ceadúnas a bheidh deonta ag an Aire fé Chuid V den Phríomh-Acht agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfa sé i bhfeidhm agus tuigfear gur ceadúnas é ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

(3) Má iomportálann duine ar bith aon stroighin contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt másé an dara cionta fén alt so aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Stroighin go dtoirmeasctar de bhuadh an ailt seo í d'iomportáil tuigfear í bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmeasctha agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmeasctar no sriantar.

Ceadúnaisí iomportála (stroighin).

14. —(1) Ar iarratas o dhuine ar bith, a déanfar sa bhfuirm sin agus ina mbeidh na mion-innste sin ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála (stroighin) sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt amach don duine sin chun caindíocht áirithe de stroighin d'iomportáil laistigh de thréimhse áirithe.

(2) Pé uair do bhéarfaidh an tAire ceadúnas iomportála (stroighin) amach chun stroighin d'iomportáil féadfaidh aon choinníoll no coinníollacha acu so leanas do chur ag gabháil leis an gceadúnas san, sé sin le rá:—

(a) coinníoll gur stroighin de shaghas áirithe bheidh sa stroighin sin;

(b) coinníoll gur o thír áirithe a hiomportálfar an stroighin sin;

(c) coinníoll gur stroighin do rinneadh i dtír áirithe bheidh sa stroighin sin;

(d) coinníoll gur i bport no in áit áirithe no de bhealach áirithe a hiomportálfar an stroighin sin;

(e) coinníoll ná déanfar an stroighin sin d'iomportáil i níos mó ná uimhir áirithe de chonsighneachtaí;

(f) pé coinníollacha eile is oiriúnach leis.

(3) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas iomportála (stroighin) luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.

(4) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas iomportála (stroighin) féadfaidh an tAire, ar iarratas an cheadúnaí, gach ceann no aon cheann no cinn de sna coinníollacha san do scriosadh amach no d'atharú.

(5) Gach duine dhéanfaidh, chun ceadúnas iomportála (stroighin) d'fháil dó féin no d'éinne eile, aon ráiteas no aithris chúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

Táillí alos ceadúnaisí iomportála (stroighin).

15. —(1) Beidh táille iníoctha leis an Aire alos gach ceadúnais iomportála (stroighin), táille a háirmheofar do réir an mhéide tonna stroighne a húdarófar leis an gceadúnas san d'iomportáil agus do réir pé ráta an tonna cheapfaidh an tAire alos an cheadúnais sin le haontú an Aire Airgeadais agus beidh sé ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara dtabharfar amach an ceadúnas san an táille sin d'íoc.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile a híocfar leis an Aire fén alt so, sé sin le rá:—

(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a glacfar iad agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgeadais;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Ceadúnaisí iomportála (stroighin) do chur thar n-ais.

16. —(1) Déanfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) an ceadúnas san do chur thar n-ais chun an Aire ar dháta nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis an dáta ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse bheidh luaidhte sa cheadúnas san no an dáta ar a n-iomportálfar an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil, pé dáta acu san is déanaí.

(2) Má theipeann ar an té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) no má fhaillíonn no má dhiúltann forálacha an ailt seo do chólíonadh beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Ceadúnaisí iomportála do cheiliúradh.

17. —Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin don té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) no fé cheadúnas do dheon an tAire fé Chuid V den Phríomh-Acht, an ceadúnas san do cheiliúradh.

Táillí ceadúnais d'aisíoc.

18. —(1) Má cheiliúrann an tAire ceadúnas iomportála aisíocfaidh leis an gceadúnaí an táille d'íoc sé sin alos an cheadúnais sin.

(2) Pé uair a bheidh an chaindíocht stroighne a hiomportálfar fé cheadúnas iomportála níos lugha ná an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil, aisíocfaidh an tAire leis an té is ceadúnaí fén gceadúnas san oiread den táille do híocadh alos an cheadúnais sin agus a bheidh ar có-réir leis an deifríocht a bheidh idir an chaindíocht stroighne a hiomportálfar fén gceadúnas san agus an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil.

(3) Más deimhin leis an Aire aon stroighin do hiomportáladh fé cheadúnas iomportála do bheith tagtha chun bheith neamh-oiriúnach chun í úsáid féadfaidh an tAire an táille do híocadh leis alos an cheadúnais sin d'aisíoc leis an gceadúnaí.

(4) San alt so léireofar an abairt “ceadúnas iomportála” mar abairt is ionann agus an abairt “ceadúnas iomportála (stroighin) no ceadúnas do deonadh fé Chuid V den Phríomh-Acht.”