An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1938) Ar Aghaidh (CUID II. Cuid IV den Phriomh-Acht do Leasu.)

11 1938

ACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1938

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theidea agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Stroighne (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Stroighne, 1933 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

Míniú agus léiriú.

2. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Stroighne, 1933 (Uimh. 17 de 1933) .

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so mar éinní amháin, agus dá réir sin gach focal no abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an brí tugtar dó amhlaidh.

Athghairm.

3. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Costaisí.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.