An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE AGUS NA SCLÁBHAITHE, 1937) Ar Aghaidh (CUID II. Achtanna na dTithe (Foralacha Airgid agus Foralacha Ilghneitheacha), 1932 go 1936, do Leasu agus do Leathnu.)

42 1937

ACHT NA dTITHE AGUS NA SCLÁBHAITHE, 1937

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1937, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1936, agus de Chuid II den Acht so le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937, do ghairm d'Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1936, agus de Chuid III den Acht so le chéile.