An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Bri agus Leiriu Focla agus Abairti Airithe.)

38 1937

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937

CUID II.

Fuirm, Luadh, agus Oibriu Achtanna den Oireachtas.

Fuirm Achtanna den Oireachtas.

6. —(1) Beidh gach Acht den Oireachtas ina scríbhinn phuiblí agus bhéarfar áird air i gcúrsaí breithiúntais.

(2) Roinnfear gach Acht den Oireachtas ina ailt fé uimhreacha in ord leanúnach agus féadfar aon alt acu san d'fho-roinnt i pé slí bheidh oiriúnach agus sa mhéid go mbeidh sé oiriúnach.

(3) Féadfar, má bhíonn sé oiriúnach, na hailt d'Acht den Oireachtas do chur le chéile ina gCoda, ina gCaibidlí, no ina ranna de shórt eile fé uimhreacha in ord leanúnach.

Achtanna den Oireachtas do luadh.

7. —(1) Féadfar gach Acht den Oireachtas do luadh in aon Acht eile den Oireachtas no in aon ionstruim no scríbhinn eile tré ghearr-theideal an Achta luadhfar amhlaidh no neachtar acu tríd an mbliain chaileandair ina ritheadh an tAcht a luadhfar amhlaidh agus uimhir leanúnach an Achta san sa bhliain sin.

(2) Féadfar aon achtachán a bheidh in Acht den Oireachtas do luadh in aon Acht eile den Oireachtas no in aon ionstruim no scríbhinn eile tré thagairt do dhéanamh don Chuid, don alt, don fho-alt, no don fho-roinn eile den Acht san a céad-luaidhtear ina mbeidh an t-achtachán a luadhfar amhlaidh.

Dáta rithe Achtanna den Oireachtas.

8. —(1) Isé is dáta rithte gach Achta fé leith den Oireachtas ná dáta an lae shighneoidh an tUachtarán an Bille don Acht san.

(2) Díreach tar éis gach Acht fé leith den Oireachtas do rith, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann i gcúl-scríbhinn ar an Acht san, díreach i ndiaidh a theidil, dáta rithte an Achta san, agus tuigfear gur cuid den Acht san an dáta san.

(3) Tuigfear gach achtachán a bheidh in Acht den Oireachtas do bheith i ngníomh o dheireadh an lae roimh dháta rithte an Achta san mara n-abartar a mhalairt san Acht san.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so leis an Acht so ná le haon Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann ina n-abartar no ina ndéarfar é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, agus dá réir sin ní fholóidh an abairt “Acht den Oireachtas” san alt so aon Acht den tsórt san d'Oireachtas Shaorstáit Éireann.

Tosach feidhme Achtanna agus ionstruimí.

9. —(1) Má deirtear in Acht den Oireachtas, no i bpáirt d'aon Acht den tsórt san, no in ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, no i bpáirt d'aon ionstruim den tsórt san an céanna bheith le teacht i ngníomh lá áirithe (pe'ca roimh dháta rithte an Achta san no dáta déanta na hionstruime sin no dá éis sin don lá san agus pe'ca a hainmnítear an lá san san Acht no san ionstruim sin no bheidh sé le ceapadh no le déanamh amach ar aon tslí áirithe), tiocfaidh na tAcht san, an pháirt sin d'Acht, an ionstruim sin no an pháirt sin d'ionstruim i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe sin.

(2) Tuigfear gach ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas do bheith i ngníomh o dheireadh an lae roimh lá déanta na hionstruime sin mara n-abartar a mhalairt san ionstruim sin.

Comhachta reachtúla d'fheidhmiú roimh thosach feidhme an Achta.

10. —(1) Má deirtear in Acht den Oireachtas no in aon achtachán áirithe bheidh in aon Acht den tsórt san an céanna bheith le teacht i ngníomh lá áirithe tar éis dáta an Achta san do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an lá thiocfaidh an tAcht san no an t-achtachán san (do réir mar a bheidh) i ngníomh le ceapadh no le déanamh amach ar aon tslí áirithe, féadfar, fé réir aon tsrianta forchuirfear leis an Acht san, an ionstruim no an gníomh no an ní le n-a gceapfar no le n-a ndéanfar amach an lá san do dhéanamh tráth ar bith tar éis an Achta san do rith;

(b) má bhronnann an tAcht san comhacht chun aon ionstruim no gníomh no ní do dhéanamh, chun crícheanna an Achta san no an achtacháin sin (do réir mar a bheidh), is gá no is oiriúnach do dhéanamh chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag an Acht no ag an achtachán san díreach ar theacht i ngníomh dó, féadfar, fé réir aon tsrianta forchuirfear leis an Acht san, an chomhacht san d'fheidhmiú tráth ar bith tar éis an Achta san do rith.

(2) Nuair a bheidh an t-alt so á fheidhmiú maidir le hAcht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go n-abartar no go ndéarfar ann é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, ní oibreoidh éinní atá san alt so chun comhacht do thabhairt chun aon ionstruim no gníomh no ní do dhéanamh fé aon Acht den tsórt san no maidir leis roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.