An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID VIII.

Achtachain Airithe do Leasu.

Alt 53 den Dublin Police Act, 1842, do leasú.

82. —Leasuítear leis seo alt 53 den Dublin Police Act, 1842, tré sna focail “any of the divisional justices” do scriosadh amach as an alt san, agus tré sna focail “a justice of the District Court” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, agus beidh éifeacht ar fuaid Shaorstáit Éireann ag an alt san mar a leasuítear é amhlaidh.

An Fatal Accidents Act, 1846, do leasú.

83. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Fatal Accidents Act, 1846, féadfaidh breitheamh gan giúiré aon aicsean fén Acht san d'éisteacht agus breith do thabhairt air má thoilíonn gach páirtí san aicsean san chuige sin, agus nuair a bheidh aon aicsean den tsórt san á éisteacht amhlaidh léireofar alt 2 den Acht san agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “judge” ann in ionad an fhocail “jury” i ngach áit ina bhfuil an focal san agus go ndéanfaí pé atharuithe eile san alt san is gá de bhíthin an fhocail sin do chur in ionad an fhocail eile sin.

(2) D'ainneoin éinní atá in alt 2 den Fatal Accidents Act, 1846, déanfar an méid a bainfear amach in aon aicsean fén Acht san do roinnt do réir an ailt sin 2 (tar éis na gcostaisí ná bainfear den chosantóir do bhaint as) ar na páirtithe luaidhtear san alt san i pé cionúireachtaí chinnfidh agus ordóidh an breitheamh a thriailfidh no gur ina láthair a triailfear an t-aicsean san.

Alt 86 den Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, do leasú.

84. —(1) Athghairmtear leis seo alt 86 den Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine (ach amháin iad san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) dá dtabharfar aon deonadh riaracháin bhéarfaidh banna d'Uachtarán na hArd-Chúirte, bheidh le dul chun tairbhe don té is Uachtarán ar an Ard-Chúirt de thurus na huaire, agus, má dheineann an Chúirt no (i gcás deonadh ón oifig chlárathachta cheanntair) an clárathóir ceanntair a éileamh amhlaidh, urra no urraithe leis ar estát phearsanta an duine mhairbh agus pé méid d'estát réalta an duine mhairbh a thuitfidh chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla agus a dhílseoidh ann do réir dlí do bhailiú, do chruinniú isteach, agus do riaradh go cuibhe;

(b) beidh an banna san i pé fuirm ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte le haon ordú speisialta no generálta;

(c) ní bheidh sé riachtanach don Ard-Atúrnae Stáit ná d'Atúrnae an Phríomh-Atúrnae aon bhanna den tsórt san adubhradh do thabhairt uaidh nuair a bheidh riarachán chun úsáide an Stáit no chun tairbhe don Stát á iarraidh no á fháil aige.

(2) Léighfear míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so mar éinní amháin leis an Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, agus léireofar iad dá réir sin, agus na tagairtí atá san Acht san no i rialacha cúirte don bhanna is gá do réir ailt 86 den Acht san léireofar iad mar thagairtí don bhanna is gá do réir na míre sin (a).

Alt 9 den Summary Jurisdiction (Ireland) Amendment Act, 1871, do leasú.

85. —Leasuítear leis seo alt 9 den Summary Jurisdiction (Ireland) Amendment Act, 1871, tré sna focail “any of the divisional justices of the police district of Dublin Metropolis presiding in one of the public courts of the said district” do scriosadh amach as an alt san, agus tré sna focail “a justice of the District Court” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, agus beidh éifeacht ar fuaid Shaorstáit Éireann ag an alt san mar a leasuítear é amhlaidh.

Alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929 , do leasú.

86. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929 ( Uimh. 30 de 1929 ), tré mhír (e) dhe do scriosadh amach as.

(2) An leasú deintear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929 , beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige o am an Achta san do rith agus dá réir sin léireofar an t-alt san 14 agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige gus an leasú san agus fé n-a réir.