An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. An Chuirt Duithche.) Ar Aghaidh (CUID VII. Foralacha Ilghneitheacha.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID VI.

Rialacha Cuirte.

Comhacht don Aire Dlí agus Cirt chun táillí cúirte d'ordú.

65. —(1) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgid, a ordú cadiad na táillí bheidh le héileamh sna hoifigí uile agus fé seach ar n-a mbunú leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) , mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), agus cé hiad na daoine íocfaidh agus cadiad na hócáidí ar a n-íocfar na táillí sin agus cé hiad na hoifigigh a bhaileoidh agus cadé an tslí ina mbaileofar na táillí sin agus iad san uile d'atharú no d'athchóiriú ar shlí eile o am go ham fé mar is gá é.

(2) Féadfar le hordú dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt fén alt so a fhoráil go mbeidh iníoctha i bhfuirm táillí cúirte, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an orduithe sin do dhéanamh, percentáiste den ioncum bhliantúil a thiocfaidh sa bhliain sin as maoin gach duine nach slán meabhair agus gach mion-aoisigh fén dlighinse do haistríodh le fo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht chun an Phrímh-Bhreithimh, agus féadfar leis an ordú san méid an phercentáiste sin, modh a áirmhithe, a bhailithe, agus a churtha de láimh agus, má meastar san do bheith oiriúnach, saoirsí generálta no speisialta ón gcéanna d'ordú agus, o am go ham, d'atharú agus féadfar, maidir le maoin daoine nach slán meabhair, an t-ordú san do dhéanamh i bhfuirm atharuithe no leathnuithe ar gach ceann no aon cheann d'fhorálacha alt 109 go 114 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no in ionad gach ceann no aon cheann de sna forálacha san.

(3) Mara n-orduítear agus go dtí go n-ordófar le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so cadiad na táillí bheidh le héileamh in aon oifig ar n-a bunú leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , mar a leasuí tear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), éileofar san oifig sin na táillí do bhí inéilithe inti díreach roimh an Acht so do rith, agus íocfar na táillí sin uile ag na daoine agus ar na hócáidí agus baileofar iad ag na hoifigigh agus ar an slí ag á raibh agus ar a raibh na táillí sin iníoctha agus ionbhailithe díreach roimh an Acht so do rith.

(4) Na táillí uile baileofar fén alt so no fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le táillí ar bith is inéilithe fén alt so no fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so.

Táillí fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.

66. —(1) An chomhacht a bronntar le halt 8 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, ar an mBreitheamh Talmhan chun táillí do cheapadh le ceadú an Tiarna Seansailéir agus le toiliú an Chisteáin ní bheidh sé infheidhmithe, o am an Achta so do rith, ach ag an Aire Dlí agus Cirt le toiliú an Aire Airgid, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san chun na dtáillí sin d'atharú is sa tslí chéanna san a bheidh sí infheidhmithe ón am san.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt san 8 don Land Judge (sa dara háit ina bhfuil an abairt sin sa bhfo-alt san) léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt.

Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.

67. —(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Ceithre baill ex-officio agus sé baill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.

(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—

(a) an Prímh-Bhreitheamh, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;

(b) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus isé sin a bheidh ina leaschathaoirleach ar an gcoiste sin;

(c) Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann;

(d) Máistir na hArd-Chúirte.

(4) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina ngnáthbhreithiúin den Chúirt Uachtaraigh agus (nuair is mó ná beirt líon na ngnáth-bhreithiún san) isé an Prímh-Bhreitheamh ainmneoidh iad, agus beidh beirt de sna baill ainmnithe sin ina ngnáth-bhreithiúin den Ard-Chúirt ar n-a n-ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte.

(5) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina n-abhcóidí ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann agus beidh duine den bheirt sin ina Abhcóide Sinsearach agus an duine eile ina Abhcóide Sóisearach.

(6) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh no ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no (i gcás an Abhcóide Shóisearaigh) ina Abhcóide Shóisearach.

(7) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.

(8) Isé Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe bheidh ina rúnaí don choiste sin.

(9) Sé baill is quorum don choiste sin.

(10) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.

Údaráis déanta rialacha fé alt 36 den Phríomh-Acht.

68. —(1) An chomhacht a bronntar le halt 36 den Phríomh-Acht chun rialacha cúirte do dhéanamh, do chur ar nea-mbrí, no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh scuirfidh, o am an Achta so do rith, de bheith infheidhmithe ag an Aire Dlí agus Cirt agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an chomhacht san, fé réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh na dtáillí is inéilithe in oifigí cúirte agus gan dochar do sna forálacha san, infheidhmithe ag Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime le haontú an Aire Dlí agus Cirt.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht um Shúncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), don Choiste luaidhtear in alt 36 den Phríomh-Acht léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Choiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.

Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda.

69. —(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Dhá bhall ex-officio agus sé baill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda.

(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—

(a) an breitheamh no (má bhíonn níos mó ná breitheamh amháin ann) an breitheamh sinsearach de sna breithiúin den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;

(b) an clárathóir contae do chontae agus do chathair Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.

(4) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina mbreithiúin den Chúirt Chuarda ar n-a n-ainmniú ag breithiúin na Cúirte Cuarda, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-abhcóidí ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.

(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.

(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.

(7) Ceithre baill is quorum don choiste sin.

(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainncoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.

Údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda.

70. —Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na táillí is inéilithe in oifigí cúirte, agus gan dochar do sna forálacha san, isiad is údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda chun crícheanna ailt 66 den Phríomh-Acht ná Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda le haontú an Aire Dlí agus Cirt.

Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche.

71. —(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Dhá bhall ex-officio agus seacht mbaill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Dúithche.

(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—

(a) an duine sin, de sna breithiúin den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh is ionann agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no ina bhfuil contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, is breitheamh sinsearach de sna breithiúin sin chun crícheanna ailt 74 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;

(b) an cléireach Cúirte Dúithche don dúthaigh is ionann agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no ina bhfuil contaebhuirg Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.

(4) Beidh ceathrar de bhaill ainmnithe an choiste sin ina mbreithiúin den Chúirt Dúithche ar n-a n-ainmniú ag an Aire Dlí agus Cirt, agus beidh duine eile de sna baill ainmnithe sin ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.

(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.

(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.

(7) Ceithre baill is quorum don choiste sin.

(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.

Údarás déanta rialacha don Chúirt Dúithche.

72. —Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na táillí is inéilithe in oifig cúirte, agus gan dochar do sna forálacha san, isiad is údarás déanta rialacha chun crícheanna ailt 91 den Phríomh-Acht ná Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche le haontú an Aire Dlí agus Cirt.

Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil.

73. —(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Dhá bhall ex-officio agus dhá bhall ainmnithe bheidh ar Choiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil.

(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—

(a) an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh dáilithe de thurus na huaire chun dualgaisí oifig Choimisinéara Bhreith iúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;

(b) an Clárathóir Teideal, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.

(4) Beidh duine de bhaill ainmnithe an choiste sin ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann agus beidh an duine eile de sna baill ainmnithe sin ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.

(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.

(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.

(7) Trí baill is quorum don choiste sin.

(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin aon fholúntas amháin do bheith imeasc a chuid ball.

Rialacha fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.

74. —An chomhacht a bronntar le halt 94 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, ar an mBreitheamh Talmhan chun rialacha generálta do dhéanamh le ceadú an Tiarna Seansailéir ní bheidh sí infheidhmithe, o am an Achta so do rith, ach ag Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil le haontú an Aire Dlí agus Cirt.

Tuarasgabhála o choistí déanta rialacha.

75. —(1) Déanfaidh rúnaí gach coiste fé leith de sna coistí uile agus fé seach a bunuítear leis an gCuid seo den Acht so cruinniú den choiste sin do ghairm le chéile uair amháin ar a laighead gach bliain, pé lá cheapfaidh cathaoirleach an choiste sin, chun go ndéanfaidh an coiste sin breithniú generálta ar chleachtadh, ar nós imeachta agus ar riaradh na cúirte gur ina taobh a bheidh an coiste sin bunuithe agus ar an dlí bhaineann leis an gcúirt sin no a riarann sí no, i gcás Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil, ar an gcleachtadh, ar an nós imeachta agus ar an riaradh fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus ar oibriú agus éifeacht an Achta san.

(2) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis gach cruinnithe d'aon choiste den tsórt san a comórfar do réir an ailt seo bhéarfaidh an coiste sin tuarasgabháil don Aire i dtaobh ce'ca ba cheart no nár cheart aon leasuithe no atharuithe do dhéanamh, dar leis an gcoiste sin, agus, má ba cheart, cadiad na leasuithe agus na hatharuithe ba cheart do dhéanamh, dar leis an gcoiste sin, ar chleachtadh, ar nós imeachta no ar riaradh na cúirte gur ina taobh a bheidh an coiste sin bunuithe, no ar an dlí bhaineann leis an gcúirt sin no a riarann sí, d'fhonn riaradh cirt d'fheabhsú no, i gcás Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil, ar an gcleachtadh, ar an nós imeachta agus ar an riaradh fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, d'fhonn oibriú an Achta san d'fheabhsú.