An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Athchomhairc i gcoinnibh na Cuirte Cuarda.) Ar Aghaidh (CUID VI. Rialacha Cuirte.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID V.

An Chuirt Duithche.

Breithiúin do dháiliú do dhúithchí.

46. —(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche ceapfar é amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe do dhúthaigh áirithe.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt aon bhreitheamh den Chúirt Dúithche d'aistriú tráth ar bith ón dúthaigh dá mbeidh sé dáilithe an tráth san chun dúithche eile má thoilíonn an breitheamh chuige sin ach ní hin aon chás eile, agus ar n-a aistriú amhlaidh tiocfaidh an breitheamh san chun bheith agus beidh sé dáilithe don dúthaigh eile sin in ionad na dúithche céad-luaidhtear.

(3) Ní bhainfidh éinní atá san alt so le daoine bheidh ceaptha fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina mbreithiúin chonganta shealadacha den Chúirt Dúithche, no bheidh ceaptha fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), chun bheith ina mbreithiúin chonganta den Chúirt Dúithche.

Comhacht chun cur leis an aois chun dul as oifig i gcás breithiún i gceanntair Ghaelacha.

47. —(1) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe do dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina mbíonn an Ghaedhilg i ngnáth-úsáid do bheith i ngiorracht don aois chun dul as oifig a bhaineann leis de bhuadh ailt 72 den Phríomh-Acht agus an Ard-Chomhairle do bheith deimhnitheach go bhfuil oiread eolais ar an nGaedhilg ag an mbreitheamh san a chuireann ar a chumas déanamh in éamais conganta fir theangan nuair do bheirtear fianaise sa teangain sin agus ná fuil aon easláinte ná éalang chuirp ná aigne air do bhéarfadh ná beadh sé oiriúnach ar leanúint de dhualgaisí a oifige do chólíonadh go héifeachtúil, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más dóich leo san do bheith ceart agus d'ainneoin éinní atá san alt san 72, féadfaid tré ordú do dhéanamh sara slánóidh an breitheamh san an aois sin, an breitheamh san do choimeád in oifig go ceann pé tréimhse (nach sia ná cúig bliana), ón uair a shlánóidh sé an aois sin, is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san.

(2) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche do choimeád in oifig fén alt so go ceann tréimhse nach sia ná cúig bliana no go ceann dhá thréimhse no níos mó nach sia le chéile ná cúig bliana agus an Ard-Chomhairle do bheith deimhnitheach ná fuil aon easláinte ná éalang chuirp ná aigne ar an mbreitheamh san do bhéarfadh ná beadh sé oiriúnach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh go héifeachtúil, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é agus d'ainneoin éinní atá in alt 72 den Phríomh-Acht, féadfaid, tré ordú do dhéanamh roimh dhul in éag don tréimhse sin no don tréimhse dheiridh de sna tréimhsí sin (pe'ca aca é), an breitheamh san do choimeád in oifig go ceann pé tréimhse eile, ón dul in éag san, is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san, ach gan níos mó ná cúig bliana ar fad do bheith i suim na dtréimhsí coimeádfar an breitheamh san in oifig fén alt so.

(3) I gcás breitheamh den Chuirt Dúithche do choimeád in oifig fén alt so leanfaidh na forálacha den Phríomh-Acht agus den Acht so, bhaineann le heirghe as, cur as oifig agus pinsean breithimh den Chúirt Dúithche, d'fheidhm do bheith acu maidir leis an mbreitheamh san ar feadh na tréimhse no na dtréimhsí coimeádfar in oifig amhlaidh é.

Cearta breithiún den Chúirt Dúithche chun pinsean.

48. —(1) Gach breitheamh den Chúirt Dúithche eireoidh as a oifig, no scarfaidh léi toisc cúise ar bith in aon tslí eile, tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh triocha bliain no níos mó tugtha aige ar seirbhís beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal pinsin le n-a bheo is có-mhéid le dhá dtrian den tuarastal a bheidh dó le linn dó eirghe as a oifig no scarúint léi amhlaidh.

(2) Gach breitheamh den Chúirt Dúithche scarfaidh le n-a oifig, tar éis an Achta so do rith, mar gheall ar aois no ar bhuan-laige agus go mbeidh deich mbliana no níos mó, ach níos lugha ná triocha bliain, tugtha aige ar seirbhís beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal pinsin le n-a bheo a háirmheofar do réir na séú coda den tuarastal a bheidh dó le linn dó scarúint le n-a oifig amhlaidh maraon leis an dachadú cuid den tuarastal san aige in aghaidh gach bliana iomláin seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana den tsórt san.

(3) Duine ar bith atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche féadfaidh, tré fhógra i scríbhinn do chur chun an Aire Airgid trí mhí ar a mhéid tar éis an Achta so do rith, a ghlacadh de roghain na cearta pinsin a bronntar le halt 75 den Phríomh-Acht do choinneáil, agus i gcás duine ar bith den tsórt san dá ghlacadh san de roghain, ní bhainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so leis agus, ina ionad san, leanfaidh an t-alt san 75 (d'ainneoin an ailt sin d'athghairm leis an Acht so) de bhaint leis an duine sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh méid aon phinsin go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal chuige fén alt san 75 (mar a bheirtear feidhm dó amhlaidh) tar éis an Achta so do rith deich per cent. níos mó ná méid an phinsin chun a mbeadh teideal aige fén alt san 75 dá mba ná hachtófaí an t-alt so ach ní raghaidh méid an phinsin sin, de bhuadh an phercentáiste sin do chur leis, thar leath an tuarastail a bheidh don duine sin le linn dó scarúint le n-a oifig, agus

(b) chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so tuigfear gur pinsean fén alt so pinsean is iníoctha fén alt san 75 mar a bheirtear feidhm dó leis an alt so agus beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san dá réir sin.

(4) Breitheamh den Chúirt Dúithche ba Ghiúistís Dúithche tráth fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , beidh sé i dteideal a sheirbhísí mar Ghiúistís Dúithche den tsórt san d'áireamh, chun crícheanna an ailt seo no chun crícheanna ailt 75 den Phríomh-Acht mar a bheirtear feidhm dó leis an Acht so, mar sheirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche, agus má scarann sé le n-a oifig mar bhreitheamh den tsórt san den Chúirt Dúithche mar gheall ar aois no ar bhuan-laige tar éis seirbhís is giorra ná fiche bliain (ar n-a háireamh mar adubhradh) do bheith tugtha aige tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, go dtug sé seirbhís san oifig sin aige ar feadh fiche blian.

(5) Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fén alt so ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—

(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san có-ionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig do bhí aige roimhe sin agus gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig sin do bhí aige roimhe sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig sin do bhí aige roimhe sin.

(6) Bainfidh an t-alt so agus tuigfear é do bhaint riamh le gach breitheamh den Chúirt Dúithche do bhí tráth ina Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , agus do scar le n-a oifig mar gheall ar aois roimh an Acht so do rith, agus dá réir sin beidh teideal ag gach breitheamh den tsórt san agus tuigfear teideal do bheith riamh aige, ón dáta ar ar scar le n-a oifig amhlaidh, chun an phinsin sin chun a mbeadh teideal aige dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, ach beidh san fé réir pé coigeartú ordóidh an tAire Airgid maidir le pinsean, aisce agus liúntas do híocadh leis fé alt 75 den Phríomh-Acht roimh an Acht so do rith.

(7) Bainfidh alt 15 den Phríomh-Acht le pinsin is iníoctha fén alt so fé mar a bhaineann sé leis na pinsin a luaidhtear san alt san.

Breithiúin den Chúirt Dúithche do chur as oifig, etc.

49. —(1) Beidh an Prímh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, agus an Príomh-Atúrnae ina gcoiste chomhairlitheach chun crícheanna an ailt seo, agus ag gníomhú mar choiste den tsórt san dóibh beidh lán-chomhacht acu chun fiosrú agus iniúchadh do dhéanamh i pé slí is dóich leo is ceart, pe'ca tré fhínnéithe do cheistniú no ar shlí eile é, mar gheall ar aon nithe cuirfear fé n-a mbráid fén alt so no go n-údaruítear dóibh leis an alt so gníomh do dhéanamh ina dtaobh.

(2) Isé Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe ghníomhóidh mar rúnaí don choiste chomhairlitheach san.

(3) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt no ball ar bith den choiste chomhairlitheach san ceachtar ní acu so leanas, maidir le haon bhreitheamh áirithe den Chúirt Dúithche, do chur fé bhráid an choiste chomhairlithigh sin tráth ar bith, sé sin le rá:—

(a) oiriúnacht an bhreithimh sin, ag féachaint do staid sláinte a chuirp no a aigne, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, no

(b) iompar an bhreithimh sin (pe'ca i bhfeidhmiú dualgas a oifige no ar shlí eile é) i gcoitinne no ar ócáid áirithe.

(4) Iniúchfaidh an coiste comhairlitheach san gach ní cuirfear fé n-a mbráid fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus—

(a) másé ní é sin ná oiriúnacht bhreithimh den Chúirt Dúithche, ag féachaint do staid sláinte a chuirp no a aigne, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, déanfaidh an coiste comhairlitheach san (do réir mar a mheasfaid no mar a mheasfaidh móráireamh díobh do bheith ceart) a chinneadh nách ceart aon ghníomh do dhéanamh i dtaobh an ní sin no a chinneadh go bhfuil an breitheamh san neamh-oiriúnach mar adubhradh chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, no

(b) másé ní é sin ná iompar breithimh den Chúirt Dúithche, déanfaidh an coiste comhairlitheach san (do réir mar a mheasfaid no mar a mheasfaidh móráireamh díobh do bheith ceart) a chinneadh nách ceart aon ghníomh do dhéanamh i dtaobh an ní sin, no a chinneadh go bhfuil an t-iompar san ina mhí-ghníomhacht in oifig no go bhfuil sé ina mhí-iompar agus (i gceachtar cás) go bhfuil an breitheamh san neamh-oiriúnach, de dheascaibh an iompair sin, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige.

(5) Pé uair a chinnfidh an coiste comhairlitheach san fén alt so go bhfuil breitheamh den Chúirt Dúithche neamh-oiriúnach chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, cuirfidh an coiste comhairlitheach san le chéile agus seolfaid chun na hArd-Chomhairle tuarasgabháil ar an gcinneadh sin uatha (ina ndéarfar cadé an saghas an neamhoiriúnacht san), agus ar fháil na tuarasgabhála san dóibh—

(a) másé déarfar sa tuarasgabháil sin is saghas na neamh oiriúnachta san ná laige aigne no chuirp féadfaidh an Ard-Chomhairle, más ceart san dar leo, caoi do thabhairt don bhreitheamh san ar scarúint le n-a oifig mar gheall ar an laige sin agus, mara ndeine sé no maran féidir leis feidhm do bhaint as an gcaoi sin, an breitheamh san do chur as oifig mar gheall ar an laige sin, no

(b) másé déarfar sa tuarasgabháil sin is saghas na neamh-oiriúnachta san ná mí-ghníomhacht in oifig no mí-iompar féadfaidh an Ard-Chomhairle, más ceart san dar leo, caoi do thabhairt don bhreitheamh san ar scarúint le n-a oifig agus, mara ndeine sé feidhm do bhaint as an gcaoi sin, é do chur as oifig mar gheall ar an mí-ghníomhacht san in oifig no an mí-iompar san, do réir mar bheidh.

(6) Pé uair a chuirfidh an Ard-Chomhairle breitheamh den Chúirt Dúithche as oifig fén alt so mar gheall ar laige aigne no chuirp tuigfear, chun crícheanna pinsin, gur scar sé le n-a oifig mar gheall ar bhuan-laige.

(7) Ní caithfear amhrus ar aon chinneadh ná tuarasgabháil ón gcoiste comhairlitheach san fén alt so ná ní bunófar imeachta in aon Chúirt mar gheall air.

(8) San alt so foluíonn an abairt “breitheamh den Chúirt Dúithche” breitheamh conganta bheidh ceaptha fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), ach ní fholuíonn sí duine bheidh ceaptha fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina bhreitheamh chonganta shealadach den Chúirt Dúithche ná duine bheidh ceaptha fén gCuid seo den Acht so chun gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

Tuarastal breithimh chonganta den Chúirt Dúithche.

50. —(1) I gcás breitheamh conganta den Chúirt Dúithche ar n-a cheapadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), do chríochnú seirbhíse cúig mblian mar bhreitheamh chonganta den tsórt san, tiocfaidh an tuarastal d'ocht gcéad púnt per annum atá no a bheidh sé i dteideal d'fháil fé fho-alt (4) den alt san 13 chun bheith, agus beidh sé, méaduithe agus san ar an 1adh lá d'Abrán, 1936, no ar dháta an chríochnuithe sin (pe'ca aca is déanaí), agus as san amach, go dtí naoi gcéad púnt per annum.

(2) I gcás aon bhreitheamh conganta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chríochnú seirbhíse deich mblian mar bhreitheamh chonganta den tsórt san, tiocfaidh an tuarastal méaduithe de naoi gcéad púnt per annum a bheidh sé i dteideal d'fháil, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo chun bheith, agus beidh sé, méaduithe a thuilleadh go dtí naoi gcéad agus caoga púnt per annum.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an tuarastail uile is iníoctha le breitheamh conganta de bhuadh an ailt seo.

Daoine do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar bhreithiúin bhreise den Chúirt Dúithche.

51. —(1) Pé uair a chífear don Ard-Chomhairle gur gá, toisc breitheamh den Chúirt Dúithche do bheith as láthair go sealadach o dhiúité mar gheall ar chúis ar bith no toisc méadú nea-ghnáthach agus sealadach do bheith ar ghnó na Cúirte Dúithche in aon dúthaigh no toisc aon chúise eile, líon breithiún na Cúirte Dúithche do mhéadú go sealadach chun gan leigint d'obair na Cúirte Dúithche dul i ndiaidh láimhe go generálta no in aon dúthaigh no dúithchí áirithe, féadfar duine no daoine, dhíobh san is abhcóidí no atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme agus seasamh sé mblian ar a laighead acu ar dháta an cheaptha, do cheapadh chun gníomhú mar bhreitheamh no mar bhreithiúin den Chúirt Dúithche i rith pé tréimhse is ceart dar leis an Ard-Chomhairle maidir le gach duine fé leith acu san.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche do dháiliú, i rith na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, do dhúthaigh ar bith o am go ham fé mar is gá é, agus beidh ag gach duine den tsórt san faid a bheidh sé dáilithe amhlaidh do dhúthaigh, beidh aige, maidir leis an dúthaigh sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don dúthaigh sin, gach príbhléid, comhacht, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don dúthaigh sin.

(3) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche déanfar, i gcaitheamh na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, an luach saothair sin d'íoc leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.

(4) Gach duine do ceapadh fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina bhreitheamh chonganta shealadach den Chúirt Dúithche agus atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige fén gceapadh san leanfa sé de bheith i seilbh na hoifige sin ar feadh ré an cheaptha san i ngach slí fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm ar dháta an cheaptha san agus gur fé a déanfaí an ceapadh san.

Alt 77 den Phríomh-Acht do leasú.

52. —Leasuítear leis seo mír A d'alt 77 den Phríomh-Acht tré chlás nua mar leanas do chur isteach i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:—

“  (v) in imeachta bhunóidh comhairle chontae, chontaebhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair, no bhunóidh coimisinéirí baile no bord coimeádaithe iascaigh no bord dréineála ar n-a chó-dhéanamh fé sna Drainage Improvement of Land (Ireland) Acts, 1863 to 1892, chun aon tsuim nach mó ná cúig púint fhichead, alos rátaí bheidh dlite don chomhairle no do sna coimisinéirí no don bhord san, do bhaint amach.”

Alt 79 den Phríomh-Acht do leasú.

53. —D'ainneoin éinní atá in alt 79 den Phríomh-Acht—

(a) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta, mar gheall ar chonnradh, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina ndeirtear do rinneadh an connradh agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus

(b) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta, mar gheall ar thort, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina ndeirtear do rinneadh an tort agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus

(c) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta um dhí-shealbhú a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina bhfuil na tailte is abhar do sna himeachta san agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha.

Breitheamh den Chúirt Dúithche do ghníomhú thar ceann breithimh eile ar eisean dá iarraidh sin.

54. —(1) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe do dhúthaigh áirithe dá iarraidh ar bhreitheamh eile den Chúirt Dúithche feidhmiú do dhéanamh, ar feadh pé tréimhse nách sia ná seacht lá luadhfaidh an breitheamh san a céad-luaidhtear, ar na príbhléidí, na comhachta agus na dualgaisí bheidh bronnta de thurus na huaire do réir dlí ar an mbreitheamh san a céadluaidhtear maidir leis an dúthaigh sin, féadfaidh an breitheamh eile sin, i dteanta feidhmiú do dhéanamh ar na príbhléidí, na comhachta, agus na dualgaisí bheidh bronnta air do réir dlí maidir leis an dúthaigh dá mbeidh sé dáilithe de thurus na huaire, feidhmiú do dhéanamh ar feadh na tréimhse sin ar na príbhléidí, na comhachta, agus na dualgaisí bheidh bronnta de thurus na huaire do réir dlí ar an mbreitheamh san a céad-luaidhtear maidir leis an dúthaigh sin a céad-luaidhtear.

(2) Is i dteanta agus ní hin ionad forálacha ailt 15 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) , atá forálacha an ailt seo.

Comhacht don Chúirt Chuarda chun duine do shaoradh o bhannaí.

55. —Pé uair a dhéanfaidh an Chúirt Dúithche ordú á cheangal ar dhuine bheith síochánta no deigh-iompartha no síochánta agus deigh-iompartha agus fós dul fé bhannaí chuige sin, féadfaidh an duine sin, aon uair laistigh de mhí tar éis dó dul fé sna bannaí sin do réir an orduithe sin agus ar fhógra seacht lá do thabhairt don oifigeach den Ghárda Síochána bheidh i bhfeighil an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine sin, a iarraidh, ar an slí achmair, ar an mbreitheamh den Chúirt Chuarda, gur laistigh dá chuaird atá an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú san, é shaoradh o sna hoblagáidí do cuireadh air leis an ordú san agus leis na bannaí sin fé seach, agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an breitheamh san, más ceart san dar leis, an duine sin do shaoradh o sna hoblagáidí sin no gach ceann no aon cheann de sna hoblagáidí sin do mhaolú ar pé slí is dóich leis an mbreithcamh san is ceart, agus féadfaidh an saoradh no an maolú san do dhéanamh gan coinníoll no fé réir choinníollacha agus, go sonnrách, fé réir an duine sin do dhul fé bhannaí nua sa Chúirt Dúithche in ionad na gcéad bhannaí sin a luaidhtear.

Alt 83 den Phríomh-Acht do leasú.

56. —D'ainneoin éinní atá in alt 83 den Phríomh-Acht luighfidh athchomharc, le cead na hArd-Chúirte, chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach cinnte (do bhéarfar ar dháta no tar éis dáta an Achta so do rith) ón Ard-Chúirt ar cheist dlí do cuireadh fé bhráid na hArd-Chúirte fén alt san.

Alt 84 den Phríomh-Acht do leasú.

57. —Leasuítear leis seo alt 84 den Príomh-Acht tré sna focail “'na bhfuil an tigh cúirte inar tugadh an bhreith sin” do chur in ionad na bhfocal “'na luigheann dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an bhreithimh” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , do leasú.

58. —Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), tré sna focail “atá an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú san” do chur in ionad na bhfocal “a luigheann dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an bhreithimh chúirte dúithche sin” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Athchomhairc i gcásanna ceadúnúcháin agus clubanna.

59. —Gach athchomharc a luigheann chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche i gcás coiriúil fé sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1927, no fé Achtanna Clárú na gClub, 1904 go 1927, luighfidh, d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile agus, go sonnrách, d'ainneoin éinní atá in alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), mar a leasuítear san leis an Acht so, chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird atá an t-áitreabh ceadúnuithe no an club-áitreabh ina ndearnadh no gur ina thaobh do rinneadh an cionta dob abhar don ordú san no le n-a mbaineann an t-ordú san ar shlí eile.

Comhacht chun imeachta thar dlighinse do bhualadh amach go gcostaisí.

60. —Má bunuítear imeacht shíbhialta sa Chúirt Dúithche ná beidh dlighinse ag an gCúirt sin chun í d'éisteacht agus chun breith do thabhairt uirthi, ordóidh an breitheamh, chó luath agus is léir an t-easnamh dlighinse sin do bheith ann, an imeacht san do bhualadh amach agus féadfaidh, más ceart san dar leis, ordú do dhéanamh ag moladh na gcostaisí sin don chosantóir fhéadfadh an chúirt a mholadh dá mbeadh dlighinse aici chun na himeachta san do thriail agus breith do thabhairt uirthi agus dá mba ná tiocfadh an gearánaí i láthair no go dtiocfadh sé i láthair agus go dteipfeadh air a éileamh do chruthú.

Ré aithne no chaitheamhamach ón gCúirt Dúithche.

61. —Gach aithne agus gach caitheamh-amach do rinne an Chúirt Dúithche roimh an Acht so do rith no dhéanfaidh dá éis sin in imeacht shíbhialta, leanfaidh agus, i gcás gach aithne no caitheamh-amach den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith, tuigfear é do leanúint riamh de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht do bheith aige faid do leanfadh an aithne no an caitheamh-amach san amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é.

Comhacht don Phríomh-Atúrnae chun duine do chur ar aghaidh chun a thrialta.

62. —(1) Má bheirtear duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é cúisithe i gcoir indíoltálta agus ná féadfaidh an breitheamh san go dleathach deighleáil ar an slí achmair leis an gcúis sin no ná déanfaidh amhlaidh, agus go ndiúltóidh an breitheamh san d'fhaisnéisí do ghlacadh maidir leis an gcúis sin no don duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh sé dleathach don Phríomh-Atúrnae a ordú an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun Cúirte áirithe chun a bhféadfadh an breitheamh san go dleathach an duine sin do chur amhlaidh.

(2) Pé uair ordóidh an Príomh-Atúrnae fén alt so duine do chur ar aghaidh chun a thrialta chun aon Chúirte áirithe in aon chúis áirithe, cuirfidh an Príomh-Atúrnae fé ndéar an t-ordú san do chur in úil don chléireach chúirte dúithche don líomatáiste chúirte dúithche in ar tugadh an duine sin os cóir na Cúirte Dúithche mar gheall ar an gcúis sin, agus leis sin oibreoidh an t-ordú san agus beidh éifeacht aige díreach ar nós orduithe Bhreithimh den Chúirt Dúithche á ordú an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun na Cúirte sin sa chúis sin, agus gach duine le n-a mbaineann gníomhóidh dá réir sin.

(3) Nuair a déanfar ordú ón bPríomh-Atúrnae fén alt so do chur in úil don chléireach chúirte dúithche do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, cuirfidh an cléireach cúirte dúithche sin fé ndeár fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an té gur le n-a thriail a bhaineann an t-ordú san, fógra á rá gur orduigh an Príomh-Atúrnae fén alt so an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun Cúirte áirithe (a luadhfar sa bhfógra san) i gcúis áirithe (a luadhfar amhlaidh) agus go gceangailtear ar an duine sin teacht i láthair na Cúirte sin in am agus in áit áirithe agus a thriail sa chúis sin do sheasamh san áit sin.

(4) Má theipeann ar dhuine ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so teacht i láthair na Cúirte san am agus san áit a luaidhtear sa bhfógra san, ansan, ar n-a chruthú gur seirbhcáladh an fógra san ar an duine sin seacht lá glan ar a laighead roimh an lá ceangailtear air leis an bhfógra san teacht i láthair na Cúirte sin agus gur seirbheáladh ar an duine sin cóipeanna de sna teastaíochtaí bhaineann leis an gcás agus mioninnste i dtaobh na fianaise breise go léir a bheidh beartuithe ag an lucht cúisimh a thabhairt ar áird le linn triail an duine sin, beidh sé dleathach don Chúirt sin barántas bínse do thabhairt amach chun an duine sin do ghabháil agus chun an duine sin do thabhairt os cóir na Cúirte sin i gcoimeád.

Fínnéithe do theacht i láthair i gcásanna síbhialta.

63. —Beidh ag breitheamh den Chúirt Dúithche agus é ag feidhmiú a dhlighinse i gcásanna síbhialta na comhachta céanna chun a chur fhiachaint ar fhínnéithe teacht i láthair sa Chúirt Dúithche atá dílsithe ann agus é ag feidhmiú a dhlighinse i gcásanna coiriúla.

Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus dúthaigh Bhaile Atha Cliath.

64. —(1) San alt so—

cialluíonn an focal “achtachán” achtachán atá i Reacht Bhriotáineach no in Acht den Oireachtas.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, más dóich leis agus nuair is dóich leis san do bheith ceart, a dhearbhú le hordú go ndéanfar ar lá áirithe agus ón lá san amach (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath do thabhairt mar ainm agus mar theideal ar dhúthaigh áirithe a hordófar fé alt 68 den Phríomh-Acht no fé fho-alt (3) d'alt 47 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ).

(3) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt ordú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire sin le hordú, aon tráth no tráthanna, an teideal “Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath” d'aistriú agus do chur ar aon dúthaigh eile a hordófar fén alt san 68 no fén alt san 47 agus a bheidh deifriúil ar fad no go leathrannach leis an dúthaigh ar a raibh an teideal san roimhe sin;

(b) an méid sin d'aon Acht den Oireachtas le n-a gceangailtear, go follus no go foluitheach, go mbeidh ceann de sna dúithchí a hordófar amhlaidh mar adubhradh códhéanta de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath no go mbeidh an líomatáiste sin ina chuid di no go gceapfar a theoranta do réir teoranta an líomatáiste sin, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige;

(c) déanfar gach tagairt atá in alt 72 no in alt 74 den Phríomh-Acht do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear anois Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath) do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath agus beidh éifeacht ag na hailt sin dá réir sin;

(d) gach achtachán a bheidh, an lá roimh an lá ceaptha, i bhfeidhm i Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus i mbaint leis agus ná beidh i bhfeidhm in aon pháirt eile de Shaorstát Éireann ná i mbaint léi scuirfe sé, an lá ceaptha agus dá éis sin, de bhaint le Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus ina ionad san beidh sé i bhfeidhm i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath agus i mbaint léi, agus déanfar gach tagairt atá in aon achtachán den tsórt san do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;

(e) gach achtachán a bheidh, an lá roimh an lá ceaptha, i bhfeidhm in iomlán agus i mbaint le hiomlán Shaorstáit Éireann ach amháin Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath beidh sé, an lá ceaptha agus dá éis sin, i bhfeidhm in iomlán agus i mbaint le hiomlán Shaorstáit Éireann ach amháin Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus déanfar gach tagairt atá in aon achtachán den tsórt san do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;

(f) ní oibreoidh éinní i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so chun aon achtachán no aon fhoráil in aon achtachán do choimeád i bhfeidhm tar éis an ama do scuirfeadh an t-achtachán no an fhoráil sin de bheith i bhfeidhm dá mba ná hachtófaí an t-alt so.