An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Chuirt Chuarda.)

48 1936

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936

CUID II.

An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.

Líon breithiún na Cúirte Uachtaraighe do mhéadú.

4. —(1) Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 5 den Phríomh-Acht achtuíonn go mbeidh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta de thriúr breithiún, agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta de chúigear breithiún agus díobh san gurb é an Prímh-Bhreitheamh is uachtarán.

(2) Na forálacha de Chuid I den Phríomh-Acht a bhaineann leis an gCúirt Uachtaraigh agus le n-a cuid breithiún (ar a n-áirmhítear na forálacha d'alt 5 di bhaineann le teidil fé seach an Phrímh-Bhreithimh agus gach breithimh fé leith de sna breithiúin eile) leanfaid, lasmuich de chás ina n-athghairmtear iad go soiléir leis an alt so, d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith acu d'ainneoin an mhéaduithe deintear leis an alt so ar líon na mbreithiún san.

(3) D'ainneoin an mhéaduithe deintear leis an alt so ar líon breithiún na Cúirte Uachtaraighe, féadfaidh líon, nách lugha ná triúr ná nách mó ná cúigear, de sna breithiúin den Chúirt Uachtaraigh (ar a n-áirmhítear breithiúin a bheidh, de bhuadh ailt 6 no ailt 7 den Phríomh-Acht, ina mbreithiúin bhreise den Chúirt Uachtaraigh) aon athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe no ní eile is intrialta ag an gCúirt Uachtaraigh d'éisteacht agus breith do thabhairt air, sé sin, pé líon a cinnfear, alos gach athchomhairc no ní eile fé leith den tsórt san, ag an bPrímh-Bhreitheamh no, ar bheith as láthair dó san, ag an ngnáth-bhreitheamh sinnsearach den Chúirt Uachtaraigh a bheidh ar fáil de thurus na huaire.

(4) Deintear leis seo alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), do leasú tré sna focail uile o sna focail “isé gnáth-Bhreitheamh sinsearach na Cúirte Uachtaraí” go dtí deireadh an ailt do scriosadh amach agus tré sna focail “isé an gnáth-bhreitheamh sinsearach den Chúirt Uachtaraigh a bheidh ar fáil de thurus na huaire dhéanfaidh san” do chur ina n-ionad, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(5) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh pé lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle chuige sin le hordú.

Breithiúin den Chúirt Uachtaraigh do shuidhe san Ard-Chúirt.

5. —(1) Pé uair, toisc breitheamh den Ard-Chúirt do bheith breoite no toisc aon chúise eile, ná beidh líon iomlán breithiún na Cúirte sin ar fáil chun gnó na Cúirte sin do dhéanamh no, toisc an méid gnótha bheidh le déanamh san Ard-Chúirt no toisc aon chúise eile thiocfaidh as staid an ghnótha sa Chúirt sin, a bheidh sé oiriúnach méadú sealadach do dhéanamh ar an líon breithiún a bheidh ar fáil chun crícheanna na hArd-Chúirte, féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh a iarraidh ar aon ghnáth-bhreitheamh no gnáth-bhreithiúin den Chúirt Uachtaraigh suidhe san Ard-Chúirt mar bhreitheamh bhreise dhi, agus gach breitheamh den Chúirt Uachtaraigh ar a n-iarrfar san suidhfe sé san Ard-Chúirt.

(2) Pé uair a shuidhfidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh san Ard-Chúirt do réir an ailt seo beidh sé ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt chun crícheanna uile na Cúirte sin.

(3) Aon ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh atá i seilbh oifige mar bhreitheamh den tsórt san le linn an Achta so do rith, ní bheidh air, de bhuadh an ailt seo, suidhe san Ard-Chúirt ach amháin dá thoil féin.

Breitheamh den Ard-Chúirt do bheith cáilithe chun a cheaptha mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh.

6. —Achtuítear agus dearbhuítear leis seo go mbeidh breitheamh den Ard-Chúirt cáilithe agus go dtuigfear é bheith cáilithe riamh chun a cheaptha mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh.

Coimisinéir Breithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann.

7. —(1) Gach breitheamh den Ard-Chúirt do chólíon dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann aon uair tar éis tosach feidhme Coda I den Phríomh-Acht agus roimh an Acht so do rith, tuigfear é bheith, le linn dó dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh amhlaidh, dáilithe go cuibhe, sa tslí foráltar le dlí do réir bhrí ailt 3 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923) , chun dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh.

(2) Déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, o am go ham fé mar is gá é, breitheamh den Ard-Chúirt do dháiliú chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh agus féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, deireadh do chur le haon dáiliú den tsórt san do rinne sé roimhe sin.

(3) Pé uair a bheidh an breitheamh, a bheidh dáilithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte de thurus na huaire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh, neamh-ábalta go sealadach, mar gheall ar dhiúitéthe no seirbhísí puiblí eile bheidh le déanamh aige go sealadach no toisc breoiteachta no aon leor-chúise eile, ar dhualgaisí na hoifige sin do chólíonadh féadfaidh an tUachtarán san (gan deireadh do chur le dáiliú an bhreithimh sin) breitheamh eile den Ard-Chúirt do dháiliú go sealadach chun dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh ar feadh ré na neamh-ábaltachta san.

(4) Gach breitheamh den Ard-Chúirt a dáileofar fén alt so chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh (ar a n-áirmhítear breitheamh a dáileofar amhlaidh go sealadach) tuigfear é do dháiliú amhlaidh sa tslí foráltar le dlí do réir bhrí ailt 3 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923) , agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san dá réir sin.

Pinsin bhreithiún den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh.

8. —Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fé alt 14 den Phríomh-Acht ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—

(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san có-ionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin.

Dlighinsí áirithe d'aistriú ón bPrímh-Bhreitheamh chun na hArd-Chúirte.

9. —(1) An dlighinse do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh agus do dílsíodh ann le fo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht tiocfa sí chun bheith agus beidh sí aistrithe, an lá ceaptha, chun na hArd-Chúirte agus isé fheidhmeoidh í as san amach ná Uachtarán na hArd-Chúirte no, má orduíonn agus pé uair ordóidh an tUachtarán san amhlaidh, gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh dáilithe de thurus na huaire chuige sin ag an Uachtarán san.

(2) Ar an lá ceaptha agus ón lá san amach—

(a) d'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), déanfar tagairtí, sa Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, agus sna hAchtanna le n-a leasuítear an céanna agus in aon rialacha agus orduithe do rinneadh fútha san, do “the Lord Chancellor entrusted as aforesaid” do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thurus na huaire ag feidhmiú na dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus

(b) na comhachta bronntar ar an bPrímh-Bhreitheamh le halt 4 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 , tiocfaid chun bheith agus beid aistrithe chun Uachtarán na hArd-Chúirte agus infheidhmithe aige.

(3) Mara bhforálaidh no go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt leanfaidh oifig an Chlárathóra don Phrímh-Bhreitheamh, an lá ceaptha agus dá éis sin, de bheith ann agus de bheith códhéanta fé mar a bheidh sí ann agus a bheidh sí có-dhéanta díreach roimh an lá ceaptha, ach ar an lá ceaptha agus dá éis sin—

(a) bhéarfar Oifig na gCoimircithe Cúirte mar ainm agus mar theideal ar an oifig sin, agus

(b) bhéarfar Clárathóir na gCoimircithe Cúirte mar ainm agus mar theideal ar an gClárathóir don Phrímh-Bhreitheamh, agus

(c) scuirfidh an oifig sin de bheith ag gabháil leis an bPrímh-Bhreitheamh agus tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ag gabháil le hUachtarán na hArd-Chúirte, ach ní bheidh sí ná ní thiocfa sí chun bheith ina hoifig a ghabhann leis an Ard-Chúirt do réir bhrí an Achta Oifigigh Cúirte, 1926 ( Uimh. 27 de 1926 ), agus ní bheidh sí ná ní thiocfa sí chun bheith fé mhaoirseacht ná fé smacht Mháistir na hArd-Chúirte, agus

(d) na dlighinsí agus na comhachta uile bhaineann leis an oifig sin agus leis an gClárathóir sin fé seach agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, infheidhmithe ag an bPrímh-Bhreitheamh tiocfaid chun bheith agus beid infheidhmithe ag an mBreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thurus na huaire ag feidhmiú na dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus

(e) ní déanfar san oifig sin aon ghnó bhaineann le feidhmiú na ndlighinsí do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh agus do dílsíodh ann le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht.

(4) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin—

(a) an gnó uile bhaineann le feidhmiú na ndlighinsí do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht agus a deintí in oifig an Chlárathóra don Phrímh-Bhreitheamh roimh an lá ceaptha, aistreofar é chun Clárathóra na Cúirte Uachtaraighe agus is ina oifig-sean a déanfar é, agus

(b) gníomhóidh Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe mar chlárathóir don Phrímh-Bhreitheamh maidir leis an bPrímh-Bhreitheamh d'fheidhmiú na ndlighinsí sin do haistríodh chuige le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht, agus

(c) beidh Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe fé orduithe an Phrímh-Bhreithimh maidir leis an ngnó do dhéanamh a haistrítear chun Clárathóra na Cúirte Uachtaraighe leis an bhfo-alt so.

(5) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfaidh tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPrímh-Bhreitheamh agus le hUachtarán na hArd-Chúirte, lá nách déanaí ná sé mhí tar éis dáta rithte an Achta so do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo.

(6) An lá ceaptha agus dá éis sin isé an t-údarás ag á mbeidh comhacht de thurus na huaire chun rialacha cúirte do dhéanamh maidir leis an Ard-Chúirt a bheidh ina údarás déanta rialacha maidir leis an dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus chuige sin beidh feidhmiú na dlighinse sin ina chuid de ghnó na hArd-Chúirte.

Athchomhairc i gcoinnibh fodhlithe iascaigh.

10. —(1) An t-athchomharc fé fho-alt (4) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), i gcoinnibh fo-dhlí, mínithe, rialach, rialacháin, no orduithe luighfe sé chun na hArd-Chúirte in ionad é do luighe chun na cúirte do bunófaí fén bhfo-alt san agus beidh ag an Ard-Chúirt, maidir le gach athchomharc den tsórt san, na comhachta uile bronntar leis an bhfo-alt san ar an gcúirt sin do bunófaí fé.

(2) Féadfaidh breitheamh amháin no beirt bhreithiún no níos mó den Ard-Chúirt, fé mar a bheidh caothúil, athchomharc chun na hArd-Chúirte de bhuadh an ailt seo d'éisteacht, agus ní bheidh dul thar an ordú dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh.

(3) Bainfidh fo-alt (5) den alt san 28 den Acht Iascaigh, 1925 , le gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar athchomharc de bhuadh an ailt seo fé mar a bhaineann an fo-alt san leis na horduithe luaidhtear ann.

An Ard-Chúirt do chur agus d'aistriú aicsean chun cúirte eile.

11. —(1) Féadfar iarratas fé alt 25 den Phríomh-Acht, á iarraidh aicsean ar feitheamh san Ard-Chúirt do chur no d'aistriú chun cúirte eile, do dhéanamh aon uair tar éis fógra teachti-láthair d'iontráil ann agus roimh fhógra trialach do sheirbheáil ann agus, más gá do réir rialacha cúirte an ghairm san aicsean san do chur síos chun a héistithe i láthair Máistir na hArd-Chúirte, d'ainneoin gan an ghairm sin do bheith curtha síos amhlaidh.

(2) D'ainneoin éinní atá in alt 25 den Phríomh-Acht beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haicsin do chur no d'aistriú chun cúirte eile fén alt san, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar aicsean do chur ná d'aistriú chun cúirte eile fén alt san más deimhin leis an Ard-Chúirt go raibh sé réasúnta, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus d'ainneoin go bhféadfaí an t-aicsean san do thosnú sa Chúirt Chuarda, an t-aicsean san do thosnú san Ard-Chúirt;

(b) ní déanfar aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach do chur ná d'aistriú chun cúirte eile fén alt san maran rud é go dtoileoidh an gearánaí chuige sin no go ndéanfaidh an cosantóir a chur ina luighe ar an Ard-Chúirt go bhfuil cosaint mhaith aige ar an aicsean san no ar chuid éigin de no fíora do nochtadh is leor, dar leis an Ard-Chúirt, chun é chur i dteideal an t-aicsean san do chosaint.

Toora le méid costaisí an ghearánaí in aicsin áirithe san Ard-Chúirt.

12. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le méid na gcostaisí is ionbhainte amach ag an ngearánaí in aicsean a tosnófar agus a héistfear san Ard-Chúirt, sé sin le rá:—

(a) in aon aicsean um thort no um briseadh geallúna pósta, maran lugha ná céad púnt agus maran mó ná trí chéad púnt méid an airgid damáiste bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;

(b) in aon aicsean um thort no um briseadh geallúna pósta, más lugha ná céad púnt méid an airgid damáiste bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal costaisí do bhaint amach is mó ná pé méid acu so leanas is lugha, sé sin le rá, méid an airgid damáiste sin no méid na gcostaisí do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;

(c) in aon aicsean a bheidh bunuithe ar chonnradh (seachas aicsin chun suim shocruithe do bhaint amach) no ag lorg airgid damáiste mar gheall ar bhriseadh connartha (seachas mar gheall ar bhriseadh geallúna pósta), maran mó ná trí chéad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé í dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;

(d) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, más mó ná céad púnt ach nách mó ná trí chéad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;

(e) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, más mó ná cúig púint fhichead ach nách mó ná céad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean;

(f) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, maran mó ná cúig púint fhichead an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Dúithche do bunófaí an t-aicsean;

(g) in aon aicsean um dhí-shealbhú, má bhíonn an t-aicsean san laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so.

(2) In aon aicsean dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go luaidhtear ina thaobh an breitheamh do dheonadh deimhnithe speisialta, féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta i scríbhinn do dheonadh, ar iarratas an ghearánaí, á dheimhniú é bheith réasúnta, dar leis an mbreitheamh san, toisc a shubstaintiúla no a tháchtaighe bhí an t-aicsean no toisc tácht aon cheiste dlí do bhain leis, an t-aicsean do thosnú san Ard-Chúirt.

(3) Ní bheidh sé dleathach aon teora do bheith i rialacha cúirte ná do chur tré rialacha cúirte le méid na gcostas is ionbhainte ag páirtí ar bith de pháirtí ar bith eile in aon aicsean no imeacht eile, ach ní chuirfidh éinní sa bhfo-alt so cosc le teora do chur i rialacha cúirte le méid na gcostas is ionbhainte amach, gurbh ionann í agus teora forchuirtear tríd an alt so ná ní chuirfidh cosc le n-a cheapadh, tré rialacha cúirte, cadé an méid is ionbhainte amach ag duine ar bith i bhfuirm agus in aghaidh na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeacha sé chun éinní áirithe do dhéanamh in aon tsaghas áirithe aicsin no imeachta eile.