|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936) | Ar Aghaidh (CUID II. An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.) |
ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile. | |
[EN] |
An Príomh-Acht. |
2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , agus lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar í mar thagairt don Acht san mar a leasuítear no leathnuítear é le hAchtanna ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Athghairm. |
3. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid I den Sceideal san, o am an Achta so do rith agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid II den Sceideal san, o thosach feidhme Coda IV den Acht so. |