|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Gno Arachais Tionnscail.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.) |
ACHT ÁRACHAIS, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta. | |
[EN] |
Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta, do bhunú agus do chlárú. |
77. —Díreach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so déanfaidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, gach ní do chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun a chur fé ndeár go mbunófar agus go gclárófar i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta sa Chuid seo den Acht so agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so. |
[EN] |
Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a bunuithe d'íoc. |
78. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim nach mó ná seacht míle púnt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis is ceart maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus gach ní eile. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chuideachta aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so do chur chun íoctha no mar chabhair chun íoctha costaisí tionnscanta, bunuithe agus cláruithe na Cuideachtan agus roimh-chostaisí eile na Cuideachtan, agus ní chun aon chrícheanna eile. | |
[EN] | (3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgid in aisíoc no mar chabhair chun aisíoctha aon airgid do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so no in íoc an úis ar an airgead san. | |
[EN] |
Scair-chaipital leis an gCuideachtain do thabhairt amach. |
79. —Ní tabharfar amach aon scair-chaipital leis an gCuideachtain tráth ar bith gan an tAire Airgid dá údarú san tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] |
An tAire Airgid d'fhoscríobhadh scaireanna bheidh le tabhairt amach. |
80. —Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a cho-aontú leis an gCuideachtain go ndéanfa sé, mara dtógaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairisgint tráth ar bith chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta. |
[EN] |
Airgead do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste. |
81. —(1) Déanfar an t-airgead uile is gá o am go ham chun íoctha íocaíochtaí bheidh le déanamh ag an Aire Airgid leis an gCuideachtain alos scaireanna sa Chuideachtain a thógfaidh fén Acht so do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis. |
[EN] | (2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimhíocfar amach as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca, fuascailte no eile, is oiriúnach leis. | |
[EN] | (3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach. | |
[EN] | (4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil. | |
[EN] |
Díbhinní, etc. d'íoc isteach sa Stát-Chiste. |
82. —Déanfar gach díbhinn, bonus, agus airgead eile, do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste fé mar ordóidh an tAire sin. |
[EN] |
Comhachta an Aire Airgid mar scaireánach. |
83. —Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae. |
[EN] |
Comhachta an Aire Airgid maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige. |
84. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid na scaireanna leis an gCuideachtain go suibscríobhfaidh le n-a n-aghaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é. |
[EN] | (2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin. | |
[EN] |
Memorandum agus airtiogail chomhlachais na Cuideachtan d'atharú. |
85. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh dleathacht ná éifeacht ag aon atharú ar mhemorandum chomhlachais no ar airtiogail chomhlachais na Cuideachtan a déanfar, le linn aon scair-chaipital leis an gCuideachtain do bheith ar seilbh ag an Aire Airgid no le linn bheith ar marthain d'aon urrú o Rialtas Shaorstáit Éireann ar aon chonnradh ath-árachais do rinne an Chuideachta, mara ndeinidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, aontú roimh ré leis an atharú san do dhéanamh. |
[EN] |
E bheith d'oblagáid ar an gCuideachtain cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt uatha. |
86. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, don Aire agus don Aire Airgid, in aghaidh na bliana cuntasaíochta san, na scríbhinní seo leanas agus iad iniúchta ag iniúchóir na Cuideachtan san agus tarraicthe suas i pé slí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, sé sin le rá, cuntas cothromaíochta agus cuntas sochair agus dochair, agus fós cuntas ioncuim ar leithligh maidir le gach saghas gnótha ath-árachais ar leithligh a bhíonn ar siúl ag an gCuideachtain. |
[EN] | (2) Ar n-a éileamh san don Aire no don Aire Airgid bhéarfaidh an Chuideachta don Aire dhéanfaidh an t-éileamh san pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta, cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim do bhéarfar dó do réir an ailt seo. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncuim do bhéarfar don Aire sin do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta, an chuntais sochair agus dochair no an chuntais ioncuim sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt dó amhlaidh. | |
[EN] | (4) Má fhaillíonn an Chuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh, beidh an Chuideachta, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile de chuid na Cuideachtan d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí. | |
[EN] | (5) An cuntas cothromaíochta, an cuntas sochair agus dochair agus an cuntas ioncuim is gá do réir an ailt seo don Chuideachtain do thabhairt uatha, is cuntaisí iad i dteanta, agus ní cuntaisí iad in ionad, aon chuntais chothromaíochta no cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim eile is gá don Chuideachtain de thurus na huaire do réir dlí d'ullamhú agus do thabhairt uatha. | |
[EN] |
An tAire d'iniúchadh leabhar, etc., na Cuideachtan. |
87. —(1) Féadfaidh an tAire agus gach oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire dul isteach in aon oifig leis an gCuideachtain gach tráth réasúnta agus gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn a bheidh á gcoimeád ag an gCuideachtain san oifig sin d'iniúchadh ansan, agus beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn acu san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin ortha, chun go n-iniúchfaidh an t-oifigeach san iad agus fós an có-fhreagarthas uile (le n-a n-áirmhítear cóipeanna de leitreacha i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an t-oifigeach san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe in aon leabhar, cuntas, no scríbhinn acu san no in aon chuntas cothromaíochta no cuntas do thug an Chuideachta don Aire fén gCuid seo den Acht so. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo— | |
[EN] | (a) folóidh iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de leabhair, de chuntaisí agus de scríbhinní no sleachta do thógaint asta, agus | |
[EN] | (b) tuigfear go ndearna oifigeach don Aire rud d'iarraidh go cuibhe chun a iniúchta má hiarradh san de bhréithre béil in oifig leis an gCuideachtain ar aon leabhar-choimeádaí no duine eile d'fhuirinn chléireachais na Cuideachtan san oifig sin. | |
[EN] |
An Chuideachta do thabhairt staitistíochta agus tuairisceán uatha. |
88. —Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, pé tráthanna agus i pé fuirm agus slí ordóidh an tAire an staitistíocht agus na tuairisceáin sin éileoidh an tAire. |
[EN] |
E bheith d'oblagáid ath-árachú do dhéanamh leis an gCuideachtain. |
89. —(1) Gach cuideachta árachais no sinneagóid a dhéanfaidh gnó árachais i Saorstát Éireann (ach gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail d'eisceacht agus athnuachaint ar aon ghnó árachais eile d'áireamh go ndearnadh an bun-chonnradh ina chóir roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so) déanfaid có-aontú leis an gCuideachtain tré n-a gcó-aontóidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) gur leis an gCuideachtain a dhéanfaid ath-árachú má dheinid agus sa mhéid go ndéanfaid ath-árachú ar a ngnó árachais (ag eisceacht agus ag áireamh mar adubhradh) ach san fé réir an choinníll go bhféadfaidh an Chuideachta, i gcás aon fhionntair áirithe, diúltú don ath-árachas air do ghlacadh mara gcoinnighidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) an méid sin den fhionntar san a bheidh sásúil don Chuideachtain. |
[EN] | (2) Gach có-aontú dhéanfaidh cuideachta árachais no sinneagóid leis an gCuideachtain do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so forálfar leis— | |
[EN] | (a) pé uair a bheidh méid aon fhionntair a ghlacfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin ortha féin níos mó ná an méid is gá don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin do réir an chó-aontuithe sin do choinneáil, go dtiocfaidh an Chuideachta chun bheith agus beid, leis sin agus gan a thuilleadh, freagarthach sa mhéid sin (pe'ca an t-iomlán no cuid é) d'iarmhéid an fhionntair sin a cheanglóidh an có-aontú san ar an gCuideachtain sin do ghlacadh, agus | |
[EN] | (b) go bhféadfaidh an Chuideachta, fé cheann trí lá tar éis scéala d'fháil o chuideachtain árachais no o shinneagóid á rá cadé méid aon fhionntair áirithe do rinne an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin d'athárachú (i bpáirt no go hiomlán) leis an gCuideachtain, fógra i scríbhinn do thabhairt don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin á rá gur mian leis an gCuideachtain bheith saor o iomlán ath-árachais an fhionntair sin no o chuid de (pe'ca aca é), agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh an Chuideachta, i gcionn deich lá tar éis an fhógra san d'fháil don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin, saor o fhreagarthacht in iomlán athárachais an fhionntair sin no sa chuid sin de (pe'ca aca luadhfar sa bhfógra san). | |
[EN] | (3) Tar éis do chuideachtain árachais no do shinneagóid gur gá dhóibh do réir an ailt seo có-aontú do dhéanamh leis an gCuideachtain an có-aontú san do dhéanamh go cuibhe ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srianadh ná rialú do dhéanamh maidir leis an gcuideachtain árachais no leis an sinneagóid sin d'ath-árachú a ngnótha árachais, ach amháin sa mhéid agus sna slite sin go ndéanfaidh an có-aontú san an t-ath-árachú san do shrianadh no do rialú. | |
[EN] | (4) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srianadh ná rialú do dhéanamh maidir le cuideachtain árachais no sinneagóid d'ath árachú aon choda dá ngnó árachais nach gá don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin do réir an ailt seo có-aontú do dhéanamh ina taobh leis an gCuideachtain. | |
[EN] |
An Stát d'urrú connradh athárachais. |
90. —(1) Gach connradh ath-árachuithe gnótha árachais a dhéanfaidh an Chuideachta laistigh de thréimhse deich mblian tar éis an dáta ar a dtosnóidh an Chuideachta ar ghnó do dhéanamh urróidh Rialtas Shaorstáit Éireann é, ach ní luighfidh aon cheart aicsin, ar agra na Cuideachtan ná aon chuideachtan árachais, sinneagóide ná duine eile, i gcoinnibh Rialtais Shaorstáit Éireann fén urraíocht san ná ar shlí eile alos aon fhreagarthachta ar scór an chonnartha san. |
[EN] | (2) Pé uair a dheimhneoidh an Chuideachta don Aire Airgid go dteastuíonn aon tsuim airgid ón gCuideachtain chun aon fhiachas atá ar an gCuideachtain fé aon chonnradh ath-árachais den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do ghlanadh agus, toisc a gcistí no aon chiste dá gcistí is ionchurtha chun an fhiachais sin do ghlanadh, do bheith nea-dhóthanach, go bhfuil an Chuideachta neamh-ábalta ar an suim sin do sholáthar go hiomlán no i bpáirt, bhéarfaidh an tAire sin ar iasacht don Chuideachtain, as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, pé suim a dhéanfaidh, maraon leis an méid (más aon mhéid é) de chistí na Cuideachtan is ionchurtha amhlaidh, an fiachas san do ghlanadh. | |
[EN] | (3) Na suimeanna san do bhéarfaidh an tAire Airgid ar iasacht don Chuideachtain as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is ar pé téarmaí agus coinníollacha chinnfidh an tAire sin ar dháta a dtabhartha ar iasacht no dá éis sin do bhéarfar ar iasacht iad agus aisíocfaidh an Chuideachta iad leis an bPrímh-Chiste (maraon le hús ortha ar na rátaí sin a cheapfaidh an tAire sin) i pé méideanna agus pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin. | |
[EN] | (4) Mara ndeinidh agus sa mhéid ná déanfaidh an Chuideachta aon tsuimeanna do bhéarfaidh an tAire Airgid ar iasacht don Chuideachtain as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, aisíocfar na suimeanna san as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |