|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Ceadunaisi Arachais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Cuideachtana Arachais Docmhainneacha d'Fhoirceannadh agus d'Iniuchadh.) |
ACHT ÁRACHAIS, 1936
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Gnothai Arachais Airithe do Cho-Nascadh agus d'Aistriu. | |
[EN] |
Scéim chun cuideachtana árachais do chó-nascadh do leagadh fé bhráid an Aire. |
28. —(1) Aon dá chuideachtain no níos mó le Saorstát Éireann go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935 (dá ngairmtear cuideachtana bunathóireachta sa Chuid seo den Acht so) féadfaidh, d'ainneoin éinní atá in airtiogail agus i memorandum comhlachais na gcuideachtan san agus pe'ca bhíonn aon ghnó árachais eile ar siúl ag na cuideachtana san no ná bíonn, scéim i scríbhinn do leagadh fé bhráid an Aire tráth ar bith roimh an lá ceaptha chun na gcuideachtana bunathóireachta san do chó-nascadh in aon chuideachtain amháin (dá ngairmtear an chuideachta chó-nasctha sa Chuid seo den Acht so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so) chó fada is théigheann an gnó árachais saoil (más ann dó) agus an gnó árachais tionnscail (más ann dó) a bhíonn ar siúl ag gach cuideachtain acu fé seach agus chun gach saghas eile gnótha árachais (más aon tsaghas é) a bhíonn ar siúl ag na cuideachtana bunathóireachta san fé seach d'aistriú go dtí cuideachta no cuideachtana éigin eile le Saorstát Éireann (dá ngairmtear na cuideachtana glacthacha sa Chuid seo den Acht so). |
[EN] | (2) Maidir le gach scéim a cuirfear fé bhráid an Aire fén alt so— | |
[EN] | (a) beidh mion-innste inti i dtaobh an tsocruithe idir na cuideachtana bheidh i gceist le haghaidh an chó-nasctha agus an aistrithe (más ann dó) le n-a mbaineann an scéim sin, | |
[EN] | (b) beidh ina teanta cóipeanna de sna dintiúirí, de sna connartha agus de sna scríbhinní eile ina mbeidh an socrú san, | |
[EN] | (c) beidh na forálacha uile inti is gá chun an chó-nasctha san agus an aistrithe sin, más ann dó, do dhéanamh, | |
[EN] | (d) beidh ina teanta tuarasgabhála bheidh déanta agus deimhnithe ag achtuairí thar ceann gach cuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta i dtaobh na ngnóthaí leis an gcuideachtain sin a bheidh le có-nascadh do réir na scéime sin, | |
[EN] | (e) beidh ina teanta tuarasgabháil a bheidh déanta agus deimhnithe ag achtuaire nea-spleách ar a gcó-aontóidh na cuideachtana bunathóireachta uile i dtaobh na ngnóthaí uile agus fé seach le n-a mbainfidh an cónascadh san, | |
[EN] | (f) beidh inti, maidir leis an gcuideachtain chó-nasctha bheidh le bunú do réir na scéime sin, forálacha bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo, agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san alt so an lá ceapfar amhlaidh. | |
[EN] |
An tAire d'iniúchadh scéime có-nasctha. |
29. —(1) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire an scéim sin do chur fé bhráid duine éigin ainmneoidh sé chun í d'iniúchadh agus chun tuarasgabháil do thabhairt uirthi. |
[EN] | (2) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so bhéarfaidh cuideachta bhunathóireachta don Aire, ar an Aire dá cheangal san ortha, gach eolas, mion-innsint agus scríbhinn i dtaobh na cuideachtan bunathóireachta san a theastóidh ón Aire. | |
[EN] | (3) Má theipeann ar aon chuideachtain bhunathóireachta aon eolas, mion-innste, no scríbhinní do thabhairt uatha cheanglóidh an tAire ar an gcuideachtain sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt uatha, ansan ar fhoras an teipthe sin agus gan dochar dá chomhacht chun diúltuithe más rogha leis féin é d'aontú leis an scéim gur ceann de sna cuideachtana bunathóireachta le n-a mbaineann sí an chuideachta ar a dteipfidh amhlaidh, féadfaidh an tAire diúltú d'aontú leis an scéim sin. | |
[EN] | (4) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire a cheangal ar na cuideachtana bunathóireachta an scéim sin do leasú in aon tslí no ponc áirithe agus má theipeann ar na cuideachtana bunathóireachta no má dhiúltuíd an scéim sin do leasú dá réir sin féadfaidh an tAire (gan dochar dá chomhacht chun diúltuithe más rógha leis féin é d'aontú leis an scéim sin) diúltú leis an scéim sin. | |
[EN] | (5) Sa mhéid go gcinnfidh an tAire é le toiliú an Aire Airgid déanfaidh na cuideachtana bunathóireachta na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén alt so d'íoc i pé cionúireachtaí ordóidh an tAire i ngach cás áirithe agus féadfaidh an tAire an chionúireacht de sna costaisí sin a leagfar amhlaidh ar aon chuideachtain den tsórt san do bhaint den chuideachtain sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla. | |
[EN] |
An tAire d'aontú le scéim. |
30. —Pé uair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin é, aontú no diúltú d'aontú leis an scéim sin roimh é leasú no tar éis é leasú do réir éilimh ar n-a dhéanamh ag an Aire chuige sin. |
[EN] |
An Ard-Chúirt do dhaingniú agus do cheadú scéime cónasctha. |
31. —(1) Nuair aontóidh an tAire le scéim (go leasú no gan leasú) a cuirfear fé n-a bhráid fén gCuid seo den Acht so féadfaidh na cuideachtana bunathóireachta no an tAire a iarraidh ar an Ard-Chúirt an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú. |
[EN] | (2) Sara n-iarrfar ar an Ard-Chuirt fén alt so scéim do dhaingniú agus do cheadú déanfaidh na cuideachtana bunathóireachta no an tAire (pe'ca aca é)— | |
[EN] | (a) a chur fé ndeár fógra d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead san Iris Oifigiúil á rá gur aontuigh an tAire leis an scéim agus go bhfuil na cuideachtana bunathóireachta no an tAire (pe'ca aca é) ar intinn a iarraidh ar an Ard-Chúirt an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú, agus | |
[EN] | (b) cóipeanna de sna có-aontuithe, de sna dintiúirí, agus de sna socruithe eile is foras don scéim sin do choimeád in oifig gach cuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta no in oifig an Aire (fé mar is gá sa chás) ar feadh cúig lá déag ar a laighead sara ndéanfar an t-iarratas san agus leigint do shealbhóirí polasaithe agus do scaireánaigh in aon cheann de sna cuideachtana bunathóireachta na cóipeanna san d'iniúchadh gan íoc as, agus | |
[EN] | (c) mar a n-orduighidh an Ard-Chúirt a mhalairt, fógra i dtaobh na scéime sin do thabhairt tré fhógrán do chur uair amháin san Iris Oifigiúil agus uair amháin i ngach ceann de dhá pháipéar laethiúla foillsítear i Saorstát Éireann agus beidh na mion-innste seo leanas i ngach fógrán den tsórt san, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) ráiteas ar chineál an chó-nasctha bheartuithe agus an aistrithe bheartuithe, más aon cheann é, agus | |
[EN] | (ii) achmaireacht ar na réada táchtacha atá sna có-aontuithe, sna dintiúirí, no sna socruithe eile is foras don scéim sin, agus | |
[EN] | (iii) an áit ina bhféadfar agus na tráthanna féadfar aon tuarasgabháil d'iniúchadh do tugadh don Aire leis an scéim sin. | |
[EN] | (3) Ar éisteacht iarratais fén alt so ar scéim do dhaingniú agus do cheadú féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis na gcuideachtana bunathóireachta agus an Aire d'éisteacht agus fós pé daoine eile is dóich léi do bheith i dteideal a n-éistithe, an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú, más oiriúnach léi é, gan coinníoll no tar éis pé atharuithe is oiriúnach léi do dhéanamh uirthi agus, pe'ca dhéanfaidh an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú no ná déanfaidh, féadfaidh pé ordú chífear don Chúirt sin ag féachaint do chúrsaí uile an cháis do bheith ceart agus cothrom do dhéanamh maidir le costaisí an iarratais sin agus leis na páirtithe ar a mbeidh na costaisí sin. | |
[EN] |
Eifeacht de bhíthin scéim chó-nasctha do dhaingniú agus do cheadú. |
32. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt scéim do dhaingniú agus do cheadú fén gCuid seo den Acht so, ansan, d'ainneoin éinní i memorandum comhlachais aon chuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta bheidh páirteach sa scéim sin, cuirfidh an daingniú agus an ceadú san ceangal ar scaireánaigh uile agus ar shealbhóirí polasaithe uile agus fós ar chreidmheasóirí agus féichiúnaigh uile gach cuideachtan bunathóireachta acu san. |
[EN] | (2) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt scéim do dhaingniú agus do cheadú fén gCuid seo den Acht so, déanfaidh pé cuideachta ordóidh an Ard-Chúirt, de sna cuideachtana bunathóireachta bheidh páirteach sa scéim sin, cóip den scéim sin, mar do dhaingnigh agus do cheaduigh an Ard-Chúirt í, agus fós cóip dheimhnithe den ordú ón Ard-Chúirt ag daingniú agus ag ceadú na scéime sin do sheachadadh don Aire agus do Chlárathóir na gCuideachtan fé cheann lá is fiche tar éis an daingnithe agus an cheaduithe sin, agus má theipeann ar an gcuideachtain bhunathóireachta san déanamh amhlaidh beidh gach stiúrthóir den chuideachtain bhunathóireachta san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san. | |
[EN] |
Cearta cuideachtan có-nasctha chun crícheanna Coda II. |
33. —I gcás aon chuideachtana bunathóireachta do theacht, fén gCuid seo den Acht so, chun bheith ina gcuideachtain chó-nasctha agus gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl ag gach ceann no aon cheann de sna cuideachtana bunathóireachta san an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, tuigfear chun crícheanna Coda II den Acht so an chuideachta chó-nasctha san do bheith ina cuideachtain le Saorstát Éireann go raibh ceachtar de sna gnóthaí sin no iad araon (do réir mar is gá sa chás) ar siúl acu an dáta san. |
[EN] |
Srian le feidhm ailt 13 d'Acht 1909. |
34. —Ní bhainfidh alt 13 d'Acht 1909 le haon scéim a cuirfear fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so ach má dhiúltuíonn an tAire d'aontú le scéim fén gCuid seo den Acht so ní dhéanfaidh an nea-mbaint sin deifir ná dochar do cheart aon dá chuideachtan no níos mó le Saorstát Éireann, go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu (pe'ca bhíonn aon ghnó árachais eile ar siúl aca no ná bíonn), có-nascadh le chéile no aon ghnó árachais d'aistriú fén alt san 13. |
[EN] |
Srian le cuideachtain chó-nasctha do thabhairt amach scair-chaipitail. |
35. —Ní déanfar aon chuid de scair-chaipital aon chuideachtan có-nasctha do thabhairt amach, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna leis an gcuideachtain sin, gan an tAire Airgid do thoiliú chuige tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] |
An tAire Airgid d'fho-scríobhadh scaireanna le cuideachtana có-nasctha agus do shuibscríobhadh le n-a n-aghaidh. |
36. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgid— |
[EN] | (a) fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a chó-aontú le haon chuideachtain chó-nasctha go ndéanfa sé, mara dtógfaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa chuideachtain sin a beifear ar tí a thairisgint don phuiblíocht chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta, agus | |
[EN] | (b) aon scaireanna (d'aon chineál no saghas) le cuideachtain chó-nasctha d'fháil o am go ham tré shuibscríobhadh. | |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid iomlán no scaireanna uile thógfaidh no gheobhaidh an tAire fén alt so thar cúig céad míle púnt in ainm-luach. | |
[EN] |
Airgead do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste. |
37. —(1) Déanfar an t-airgead uile is gá o am go ham chun íoctha íocaíochtaí bheidh le déanamh ag an Aire Airgid le haon chuideachtain chó-nasctha alos aon scaireanna thógfaidh no gheobhaidh fén Acht so do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis. |
[EN] | (2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis fén alt so féadfaidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis. | |
[EN] | (3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach. | |
[EN] | (4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil. | |
[EN] |
Díbhinní, etc., do gheobhaidh an tAire Airgid do chur de láimh. |
38. —Déanfar gach díbhinn, bonus, agus airgead eile, do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna le cuideachtain chónasctha bheidh ar seilbh aige, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin. |
[EN] |
An tAire Airgid d'fheidhmiú comhacht scaireánaigh. |
39. —Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna cuideachtan có-nasctha féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae. |
[EN] |
Comhacht don Aire Airgid chun scaireanna do choimeád agus do dhíol. |
40. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid na scaireanna le cuideachtain chó-nasctha do gheobhaidh no thógfaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é. |
[EN] | (2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna le cuideachtain chó-nasctha bheidh ar seilbh aige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin. | |
[EN] |
An tAire Airgid do dhul i gcomhairle leis an Aire. |
41. —Sara bhfeidhmeoidh an tAire Airgid aon chomhacht a bronntar air le hairtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha maidir le stiúrthóirí den chuideachtain sin d'ainmniú ragha sé i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] |
Memorandum agus airtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha d'atharú. |
42. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan 1908 go 1924, ní bheidh dleathacht ná éifeacht ag aon atharú ar mhemorandum chomhlachais no ar airtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha déanfar, le linn aon scaireanna leis an gcuideachtain sin do bheith ar seilbh ag an Aire Airgid, gan an tAire Airgid d'aontú leis roimh ré tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] |
E d'oblagáid ar chuideachtain chó-nasctha cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt uatha. |
43. —(1) Bhéarfaidh gach cuideachta chó-nasctha, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana fé leith de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, don Aire agus don Aire Airgid, in aghaidh na bliana cuntasaíochta san, na scríbhinní seo leanas agus iad iniúchta ag iniúchóir na cuideachtan san agus tarraicthe suas i pé slí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, sé sin le rá, cuntas cothromaíochta agus cuntas sochair agus dochair, agus fós cuntas ioncuim ar leithligh maidir le gach saghas gnótha árachais ar leithligh a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin. |
[EN] | (2) Ar n-a éileamh san don Aire no don Aire Airgid bhéarfaidh gach cuideachta chó-nasctha don Aire dhéanfaidh an t-éileamh san pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta, cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim do bhéarfar dó do réir an ailt seo. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncuim do bhéarfar don Aire sin do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid Dháil Éireann fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta, an chuntais sochair agus dochair no an chuntais ioncuim sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt dó amhlaidh. | |
[EN] | (4) Má fhaillíonn cuideachta chó-nasctha aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh, beidh an chuideachta san, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile de chuid na cuideachtan san d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí. | |
[EN] | (5) An cuntas cothromaíochta, an cuntas sochair agus dochair agus an cuntas ioncuim is gá do réir an ailt seo do gach cuideachtain chó-nasctha do thabhairt uatha is cuntaisí iad i dteanta, agus ní cuntaisí iad in ionad, aon chuntais chothromaíochta no cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim eile is gá don chuideachtain sin de thurus na huaire do réir dlí d'ullamhú agus do thabhairt uatha. |