An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Tairgeadh agus Diol Baguin do Rialail.)

24 1935

ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1935

CUID II

Leasu Baguin agus Consighniu (Maraon le hEasportail) Baguin do Rialail.

Roimhráiteach agus Generálta.

Mínithe chun crícheanna Coda II.

5. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “búistéir muicfheola” duine dheineann muicfheoil do dhíol no do thaisbeáint chun a díolta;

nuair a húsáidtear an focal “conablach” maidir le búistéir muicfheola ní fholuíonn sé ceann ná crúba ná scartach muice;

nuair a húsáidtear an focal “bagún” maidir le búistéir muicfheola cialluíonn sé conablach no aon chuid de chonablach do cuireadh fé aon phróiseas leasúcháin;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so chun bheith mar an lá ceaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so;

cialluíonn an abairt “an tréimhse cháilitheach” an tréimhse de bhliain dar chríoch an 30adh lá d'Abrán, 1935;

cialluíonn an abairt “an roimh-thréimhse” an tréimhse de dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an abairt “scrúdóir tréidliaghachta” duine cheapfaidh an tAire chun bheith ina scrúdóir tréidliaghachta chun crícheanna na Coda so den Acht so;

cialluíonn an abairt “cigire tréidliaghachta” oifigeach don Aire go n-údarás i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) ón Aire chun gach comhacht no aon chomhachta d'fheidhmiú agus chun gach dualgais no aon dualgais do chólionadh dá mbronntar no dá bhforchuirtear ar chigire thréidliaghachta leis an gCuid seo den Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so.

An lá ceaptha.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith mar an lá ceaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Cúisimh fé Chuid II.

7. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta ar bith fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin fé Chuid II.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní orduithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

9. —(1) Na táillí uile a híocfar leis an Aire fén gCuid seo den Acht so is in airgead a baileofar iad agus glacfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí ar bith is iníoctha fén gCuid seo den Acht so.

Mion-leasuitheoirí agus Búistéirí Muicfheola do Chlárú.

Clár de mhionleasuitheoirí agus clár de bhúistéirí muicfheola.

10. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar go deireadh na roimh-thréimhse clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de mhion-leasuitheoirí.

(2) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de bhúistéirí muicfheola.

(3) Iontrálfar i ngach clár a bheidh á choimeád fén alt so na nithe is gá do réir na Coda so den Acht so d'iontráil sa chlár san.

Iarrataisí ar chlárú.

11. —(1) Duine ar bith (dá ngairmtear mion-leasuitheoir cáilithe san Acht so)—

(a) go raibh leasú bagúin ar siúl aige in áitreabh ar bith ar feadh ocht mí ar a laighead sa tréimhse cháilithigh, agus

(b) gur lugha ná dhá mhíle agus dhá chéad céadmeáchaint an méid bagúin do rinne sé i rith na tréimhse cáilithighe san áitreabh san,

féadfaidh, roimh an lá ceaptha, a iarraidh ar an Aire é chlárú sa chlár de mhion-leasuitheoirí alos an áitreibh sin.

(2) Duine ar bith (dá ngairmtear búistéir muicfheola cáilithe san Acht so)—

(a) go raibh gnó búistéara mhuicfheola ar siúl aige in áitreabh ar bith i rith na tréimhse cáilithighe, agus

(b) do rinne bagún, i gcúrsa an ghnótha san, i rith na tréimhse cáilithighe san áitreabh san de chonablaigh dob ionann agus cúig déag per cent. ar a mhéid do réir mheáchana de sna conablaigh d'úsáid sé i rith na tréimhse cáilithighe agus le n-ar deighleáladh san áitreabh san, agus

(c) nách mó ná ceithre chéad céadmeáchaint an méid bagúin do rinne sé i rith na tréimhse cáilithighe san áitreabh san,

féadfaidh, roimh an lá ceaptha, a iarraidh ar an Aire é chlárú sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos an áitreibh sin.

(3) Duine ar bith—

(a) go mbíonn gnó búistéara mhuicfheola ar siúl aige in áitreabh ar bith, agus

(b) nách búistéir muicfheola cáilithe, agus

(c) gur mian leis leasú bagúin do bheith ar siúl aige san áitreabh san,

féadfaidh, tar éis an lae cheaptha, a iarraidh ar an Aire é chlárú sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos an áitreibh sin.

(4) Gach iarratas ar chlárú sa chlár de mhion-leasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola—

(a) déanfar é sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

(b) ní bhainfidh ach le haon fhuirinn áitreabh amháin.

(5) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud orduithe féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh i dtaobh iarrataisí ar chlárú i gcláir dheifriúla agus i dtaobh iarrataisí o bhúistéirí muicfheola cáilithe agus o dhaoine nách búistéirí muicfheola cáilithe.

Daoine agus áitreabhacha do chlárú.

12. —(1) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas, ar n-a dhéanamh fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, o mhion-leasuitheoir cháilithe á iarraidh é chlárú sa chlár de mhionleasuitheoirí iontrálfaidh an tAire sa chlár san ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a bheidh luaidhte san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh.

(2) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas, ar n-a dhéanamh fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, o bhúistéir mhuicfheola cháilithe á iarraidh é chlárú sa chlár de bhúistéirí muicfheola iontrálfaidh an tAire sa chlár san ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a bheidh luaidhte san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh.

(3) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas, ar n-a dhéanamh fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, o dhuine nách búistéir muicfheola cáilithe á iarraidh é chlárú sa chlár de bhúistéirí muicfheola féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás seamlais áitiúil ainm agus seoladh an iarratasóra d'iontráil sa chlár san agus fós mion-innste ar an áitreabh a bheidh luaidhte san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh.

(4) Déanfar tagairtí san Acht so do mhion-leasuitheoir chláruithe agus do bhúistéir mhuicfheola chláruithe do léiriú mar thagairtí do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de mhion-leasuitheoirí agus do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de bhúistéirí muicfheola fé seach.

Táillí ar iarrataisí

13. —(1) Déanfaidh gach iarratasóir a bheidh á iarraidh é chlárú sa chlár de mhion-leasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola táille de chúig púint d'íoc leis an Aire alos gach iarratais fé leith, agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithnighidh an tAire an t-iarratas san.

(2) Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas ar chlárú sa chlár de mhion-leasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola déanfar an táille bheidh íoctha fén alt so alos an iarratais sin d'aisíoc leis an iarratasóir.

Na coinníollacha maidir le clárú sa chlár de bhúistéirí muicfheola.

14. —(1) Gach duine clárófar sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos áitreibh ar bith is fé réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha um chlárú búistéirí muicfheola san alt so) a clárófar é, sé sin le rá:—

(a) ná déanfaidh an duine sin bagún san áitreabh san, i rith aon tréimhse de bhliain a thosnóidh an lá ceaptha no dá éis, de chonablaigh is ionann agus breis is cúig déag per cent. do réir mheáchana de sna conablaigh úsáidfidh i rith na tréimhse sin agus le n-a ndeighleálfar san áitreabh san, agus

(b) ná déanfaidh an duine sin níos mó ná ceithre chéad céadmeáchaint bagúin i rith aon tréimhse den tsórt san san áitreabh san.

(2) Má theipeann ar aon bhúistéir muicfheola cláruithe déanamh do réir na gcoinníollacha um chlárú búistéirí muicfheola beidh an búistéir muicfheola san ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Tuairisceáin o dhaoine cláruithe agus na táillí is iníoctha acu.

15. —(1) Gach duine do bhí cláruithe sa chlár de mhionleasuitheoirí alos áitreibh ar bith ar feadh iomláin aon tréimhse cuntasaíochta no aon choda d'aon tréimhse chuntasaíochta bheidh sa roimh-thréimhse déanfaidh an dá ní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tuairisceán sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an Aire, lá nách déanaí ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint cadé an méid conablach do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh i rith na tréimhse cuntasaíochta san san áitreabh san, agus

(b) táille (dá ngairmtear táille mhion-leasuitheora san alt so) d'íoc leis an Aire, do réir an ailt seo, táille a háirmheofar do réir dhá scilling in aghaidh gach conablaigh do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh i rith na tréimhse cuntasaíochta san san áitreabh san.

(2) Gach duine do bhí cláruithe sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos áitreibh ar bith ar feadh iomláin aon tréimhse cuntasaíochta no aon choda d'aon tréimhse chuntasaíochta déanfaidh an dá ní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tuairisceán sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an Aire, lá nách déanaí ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint cadé an méid muicfheola (i gcéadmeáchaintí) do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh i rith na tréimhse cuntasaíochta san san áitreabh san, agus cadé an méid muicfheola (i gcéadmeáchaintí) do díoladh mar mhuicfheoil úir i rith na tréimhse cuntasaíochta san san áitreabh san, agus

(b) táille (dá ngairmtear táille bhúistéara mhuicfheola san alt so) d'íoc leis an Aire, do réir an ailt seo, táille a háirmheofar do réir dhá scilling in aghaidh gach céadmeáchainte muicfheola do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh i, rith na tréimhse cuntasaíochta san san áitreabh san.

(3) I gcás—

(a) duine do bheith cláruithe, i dtosach aon tréimhse cuntasaíochta, in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so alos áitreibh ar bith, agus

(b) duine eile bheidh ag éileamh tríd an duine sin a céadluaidhtear do bheith cláruithe sa chlár san alos an aitreibh sin i ndeireadh na tréimhse chuntasaíochta san,

tuigfear, chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, an duine sin is déanaí luaidhtear do bheith cláruithe sa chlár san alos an áitreibh sin ar feadh iomláin na tréimhse cuntasaíochta san.

(4) Chó luath agus is féidir é i ndiaidh an seachtú lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta bheidh sa roimh-tréimhse déanfaidh an tAire, maidir le gach duine do bhí cláruithe sa chlár de mhion-leasuitheoirí alos áitreibh ar bith ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi agus d'úsáid conablaigh ar bith chun bagúin do tháirgeadh i rith na tréimhse sin san áitreabh san (pe'ca bheidh an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (1) den alt so tugtha uaidh ag an duine sin no ná beidh), deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cad is méid don táille mhionleasuitheora is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na tréimhse sin.

(5) Chó luath agus is féidir é i ndiaidh an seachtú lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta déanfaidh an tAire, maidir le gach duine do bhí cláruithe sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos áitreibh ar bith ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi agus d'úsáid muicfheoil ar bith chun bagúin do tháirgeadh i rith na tréimhse sin san áitreabh san (pe'ca bheidh an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (2) den alt so tugtha uaidh ag an duine sin no ná beidh), deimhniú (dá ngairmtear freisin deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cad is méid don táille bhúistéara mhuicfheola is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na tréimhse sin.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise prima facie ar gach ní go dtabharfar le tuiscint é bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith do bheireann le tuiscint í bheith ina deimhniú fhéichiúnais ar n-a thabhairt amach fén alt so tuigfear, ar a tabhairt i láthair in imeachta ar bith chun na suime dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í ar n-a thabhairt amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(7) Pé uair a dhéanfaidh an tAire deimhniú féichiúnais cuirfidh fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil ar an duine le n-a mbaineann an deimhniú san, agus leis sin tiocfaidh méid na táille bheidh luaidhte sa deimhniú san chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an duine sin leis an Aire fé cheann seacht lá tar éis an deimhnithe sin do sheirbheáil amhlaidh agus, ar an seacht lá san do bheith caithte, féadfaidh an tAire an méid sin do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(8) Má thárlann do dhuine ar bith—

(a) go dteipfidh air aon tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt uaidh, no

(b) go dtabharfaidh uaidh aon tuairisceán den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(9) Gach táille a híocfar leis an Aire no bhainfidh an tAire amach fén alt so déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí órdóidh an tAire Airgid.

(10) Chun crícheanna an ailt seo beidh an mí dar tosach an lá ceaptha agus gach mí ina dhiaidh sin ina thréimhse chuntasaíochta.

Aitreabhacha cláruithe d'iniúchadh.

16. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta sa chlár de mhion-leasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola agus an t-áitreabh san, agus an gléasra agus na fearaistí agus an chóir oibre ann, agus fós na muca agus an mhuicfheoil agus an bagún go léir san áitreabh san d'iniúchadh agus breithniú ar gach próiseas no aon phróiseas a bheidh in úsáid sa ghnó bheidh ar siúl san áitreabh san.

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Breacacháin a bheidh le coimeád in áitreabhacha cláruithe.

17. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe sa chlár de mhion-leasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos áitreibh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áitreabh san, sé sin le rá:—

(a) más sa chlár de mhion-leasuitheoirí bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na gconablach go léir do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh san áitreabh san, no

(b) más sa chlár de bhúistéirí muicfheola bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh na muicfheola go léir do húsáideadh chun bagúin do tháirgeadh san áitreabh san,

agus, fé cheann ceithre huaire fichead a’ chluig tar éis na húsáide sin, na mion-innste orduithe ina taobh d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndéar éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne dhlighfidh fén alt so breacachán do choimeád alos áitreibh ar bith—

(a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád, no

(b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í do chur, laistigh den am a ceaptar leis an alt so, sa bhreacachán san is gá do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndear é thaisbeáint ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh, no go gcoiscfidh aon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no aon scríbhinn eile, d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh ar phearsain ar bith a bhí ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus másé duine dá dtárlóidh ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

An clárú d'atharú i gcás éaga no i gcás an ghnótha d'aistriú.

18. —(1) I gcás duine ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'éagadh déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air d'ionadaí phearsanta an duine sin, ainm an ionadaí phearsanta san do chur sa chlár san in ionad ainm an duine sin.

(2) I gcás únaerachta aon ghnótha bheidh ar siúl in áitreabh a bheidh iontrálta in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'aistriú chun duine eile déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air don duine sin, ainm an duine sin do chur sa chlár san in ionad ainm an duine do bhí cláruithe roimhe sin ann.

Clárú do chur ar ceal.

19. —(1) Díreach ar dhul in éag don roimh-thréimhse déanfar clárú gach duine bheidh cláruithe an tráth san sa chlár de mhionleasuitheoirí do chealú go n-éifeacht o dháta an dul in éag san.

(2) I gcás mion-leasuitheora chláruithe do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so no fé alt 9 den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1934 ( Uimh. 36 de 1934 ), féadfaidh an tAire clárú an leasuitheora san sa chlár de mhion-leasuitheoirí no, i gcás an duine sin do bheith cláruithe sa chlár san alos dhá fhuireann áitreabh no níos mó, cláruithe uile an leasuitheora san sa chlár san do chealú.

(3) I gcás búistéara mhuicfheola chláruithe do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so no fé alt 9 den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1934 ( Uimh. 36 de 1934 ), féadfaidh an tAire clárú an bhúistéara san sa chlár de bhúistéirí muicfheola no, i gcás an bhúistéara san do bheith cláruithe sa chlár san alos dhá fhuireann áitreabh no níos mó, cláruithe uile an bhúistéara san sa chlár san do chealú.

Forálacha i dtaobh na gclár.

20. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear é do bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise dho-chlaoite ar iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip do bheireann le tuiscint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag aon oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú do bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta i gclár áirithe bheidh á choimeád do réir an Achta so, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc ar gach iniúchadh fé leith;

(b) cóip d'fháil, a bheidh deimhnithe ar an slí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis d'iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, ar tháille réalach d'íoc ar gach fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil, á dheimhniú go bhfuil aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, ar tháille dhá scilling agus réal d'íoc ar an deimhniú san.

Daoine go mbíonn Gnó Leasuithe Bhagúin ar siúl acu do Cheadúnú.

Iarrataisí ar cheadúnaisí um leasú agus ar cheadúnaisí um leasú agus marbhadh.

21. —(1) Féadfaidh duine ar bith iarratas do chur chun an Aire—

(a) ag lorg ceadúnais (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas um leasú) chun gnó do bheith ar siúl aige in áitreabh áirithe ag leasú bagúin as conablaigh mhuc seachas muca marbhófar san áitreabh san, no

(b) ag lorg ceadúnais (dá ngairmtear san Acht so ceadúnas um leasú agus marbhadh) chun gnó do bheith ar siúl aige in áitreabh áirithe ag leasú bagúin agus fós ag marbhadh muc.

(2) Gach iarratas ar cheadúnas—

(a) déanfar é sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

(b) ní bhainfidh ach le haon fhuirinn áitreabh amháin.

(3) I gcás—

(a) gan áitreabh do bheith á úsáid ach amháin chun muca do mharbhadh ann; agus

(b) áitreibh eile, laistigh de mhíle ón áitreabh san a céadluaidhtear, do bheith á úsáid chun bagúin do dhéanamh ann as conablaigh mhuc a marbhuítear san áitreabh san a céad-luaidhtear;

tuigfear, chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, gur aon fhuireann áitreabh amháin an dá áitreabh san.

(4) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud orduithe féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh alos iarrataisí ar shaghsanna deifriúla ceadúnaisí.

(5) I gcás iarratais do dhéanamh fén alt so ag lorg ceadúnais cuirfidh an tAire fé ndeár go n-iniúchfaidh cigire an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas.

Oibriú ceadúnaisí.

22. —(1) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas um leasú a údarú do shealbhóir an cheadúnais sin, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, gnó do bheith ar siúl aige, san áitreabh a luadhfar sa cheadúnas san, ag déanamh bagúin as conablaigh mhuc, seachas muca do marbhuíodh san áitreabh san.

(2) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas um leasú agus marbhadh a údarú do shealbhóir an cheadúnais sin, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, gnó do bheith ar siúl aige, san áitreabh a luadhfar sa cheadúnas san, ag déanamh bagúin agus fós ag marbhadh muc.

Tagairtí do cheadúnaisí, do cheadúnaithe, etc., do léiriú.

23. —San Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “ceadúnas” gan coinníoll léireofar é mar fhocal is ionann agus an abairt “ceadúnas um leasú no ceadúnas um leasú agus marbhadh”;

cialluíonn an focal “ceadúnaí” duine is sealbhóir ar cheadúnas;

cialluíonn an abairt “áitreabh ceadúnuithe um leasú” áitreabh go bhfuil ceadúnas um leasú i bhfeidhm ina thaobh;

cialluíonn an abairt “áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh” áitreabh go bhfuil ceadúnas um leasú agus marbhadh i bhfeidhm ina thaobh;

nuair a húsáidtear an abairt “áitreabh ceadúnuithe” gan coinníoll cialluíonn sí áitreabh is áitreabh ceadúnuithe um leasú no áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh.

Ceadúnaisí do dheonadh.

24. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin, géilleadh no diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas.

(2) I gcás—

(a) iarratais do dhéanamh roimh an lá ceaptha, ag lorg ceadúnais alos áitreibh ar bith, agus

(b) an iarratasóra dá chur ina luighe ar an Aire—

(i) go raibh leasú bagúin ar siúl aige ar dháta an Achta so do rith, agus

(ii) go ndearna sé san áitreabh san, i rith na tréimhse cáilithighe, dhá mhíle agus dhá chéad céadmeáchaint de bhagún ar a laighead,

géillfidh an tAire don iarratas san ach san fé réir forálacha fo-alt (7) agus (8) den alt so.

(3) I gcás—

(a) iarratais do dhéanamh, tar éis dul in éag don roimhthréimhse agus fé cheann mí tar éis an dul in éag san, ag lorg ceadúnais alos áitreibh ar bith, agus

(b) an iarratasóra do bheith cláruithe sa chlár de mhionleasuitheoirí alos an áitreibh sin direach roimh an dul in éag san, agus

(c) an iarratasóra dá chur ina luighe ar an Aire go ndearna sé san áitreabh san—

(i) i rith tréimhse nár ghiorra ná cúig seachtaine is dachad sa chéad dá mhí dhéag den roimhthréimhse, míle agus cúig chéad céadmeáchaint de bhagún ar a laighead, agus

(ii) i rith tréimhse nár ghiorra ná cúig seachtaine is dachad sa chuid eile den roimh-thréimhse, dhá mhíle agus dhá chéad céadmeáchaint de bhagún ar a laighead,

géillfidh an tAire don iarratas san ach san fé réir forálacha fo-alt (7) agus (8) den alt so.

(4) I gcás—

(a) iarratais do dhéanamh tar éis an lae cheaptha ag lorg ceadúnais um leasú agus marbhadh alos áitreibh ar bith, agus

(b) an iarratasóra do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas um leasú alos iomláin an áitreibh sin a céad-luaidhtear no aon choda dhe,

géillfidh an tAire don iarratas san ach san fé réir forálacha fo-alt (7) agus (8) den alt so agus leis sin scuirfidh an ceadúnas san um leasú do bheith i bhfeidhm.

(5) I gcás—

(a) cuideachtan a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no cumainn a bheidh cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, do dhéanamh iarratais tráth ar bith ag lorg ceadúnais alos áitreibh ar bith, agus

(b) na cuideachtan san no an chumainn sin dá chur ina luighe ar an Aire nách lugha ná míle líon a scaireánach no a mball agus gur táirgtheoir muc i Saorstát Éireann gach scaireánach no ball fé leith,

déanfaidh an tAire, fé réir forálacha fo-alt (7) agus (8) den alt so, an ceadúnas san do dheonadh.

(6) I gcás an Aire dá bheartú, tar éis dáta bunuithe an Bhúird Mharguithe Bhagúin, ceadúnas do dheonadh ar shlí seachas fé fho-ailt (3), (4) no (5) den alt so ragha sé i gcomhairle leis an mBord sara ndeonaidh an ceadúnas san.

(7) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas maran deimhin leis an t-aitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san do bheith do réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so coinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh), sé sin le rá:—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san oiriúnach ina dhéanamh agus dóthanach don méid gnótha bheidh ar siúl ann ar dháta an cheadúnais sin d'iarraidh; agus

(b) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha san áitreabh san chun fuaradh saordha do dhéanamh ar chonablaigh agus ar choda de chonablaigh; agus

(c) go bhfuil an t-áitreabh san agus an chóir oibre, na feistisí agus na fearaistí ann oiriúnach agus dóthanach chun bagúin do tháirgeadh agus go bhfuilid glan agus i dtreo mhaith; agus

(d) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha san áitreabh san chun an chóir oibre, na feistisí agus na fearaistí do sheascadh; agus

(e) go bhfuil an t-áitreabh san ina leithéid sin d'áit agus go n-úsáidtear é ar a leithéid sin de shlí ná féadfaidh effluvium ar bith o aon dréin, linn chamrachta, carn salachair no abhar eile truaillíochta teacht ar mhuca, ar chonablaigh no ar bhagún; agus

(f) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha ar fáil san áitreabh san chun fuighleach nigheacháin agus bhásta do chur de láimh mar is cóir; agus

(g) go bhfuil ar fáil san áitreabh san an leor-sholáthar san d'uisce ghlan fholláin is gá do réir réasúin o am go ham; agus

(h) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha san áitreabh san chun scrúdú tréidliaghachta do dhéanamh ar chonablaigh agus ar bhagún; agus

(i) go bhfuil cóiríocht go nglas san áitreabh san chun deimhnithe, marcanna, breacacháin agus cóir oibre do choimeád slán.

(8) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas um leasú agus marbhadh maran deimhin leis an t-áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san do bheith do réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so coinníollacha um oiriúnacht sheamlas), sé sin le rá:—

(a) go bhfuil an t-áitreabh san oiriúnach ina dhéanamh chun muca do mharbhadh; agus

(b) go bhfuil leor-shaoráidí ar fáil san áitreabh san chun scrúdú tréidliaghachta do dhéanamh ar mhuca ante mortem agus post mortem agus ar viscera muc; agus

(c) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha ar fáil san áitreabh san no maidir leis chun muca do locadh agus chun sos do thabhairt dóibh roimh iad do mharbhadh; agus

(d) go bhfuil an gléasra agus an chóir oibre orduithe san áitreabh san; agus

(e) go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha ar fáil san áitreabh san chun fola do chur de láimh mar is cóir; agus

(f) go bhfuil duine no daoine ar fostú san áitreabh san atá oilte ar mhuca do mharbhadh.

(9) Sara ndeonaidh an tAire ceadúnas ragha sé i gcomhairle leis an údarás seamlas áitiúil (más ann do).

(10) I gcás iarratais do dhéanamh roimh an lá ceaptha ag lorg ceadúnais, agus an Aire dá bheartú diúltú don cheadúnas san do dheonadh, cuirfidh an tAire fógra coicíse tríd an bpost chun an iarratasóra, go dtí n-a sheoladh mar a bheidh sé luaidhte san iarratas, á rá go bhfuil an tAire ar intinn diúltú don cheadúnas san do dheonadh agus ag luadh réasún an diúltuithe sin agus breithneoidh aon chúis a phléidhfidh an t-iarratasóir sin leis roimh dhul in éag don fhógra san.

(11) I gcás—

(a) gan áitreabh do bheith á úsáid ach amháin chun muca do mharbhadh ann; agus

(b) áitreibh eile, laistigh de mhíle ón áitreabh san a céadluaidhtear, do bheith á úsáid chun bagúin do dhéanamh as conablaigh muc a marbhuítear san áitreabh san a céad-luaidhtear;

tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so, gur aon fhuireann áitreabh amháin an dá áitreabh san.

Táillí ar iarrataisí ar cheadúnaisí.

25. —(1) Déanfaidh gach iarratasóir ar cheadúnas táille deich bpúnt d'íoc leis an Aire alos gach iarratais fé leith agus beidh íoc na táille sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithnighidh an tAire an t-iarratas san.

(2) Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas ar cheadúnas féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an táille bheidh íoctha fén alt so alos an iarratais sin d'aisíoc leis an iarratasóir.

Ceadúnaisí sealadacha.

26. —(1) I gcás iarratais do dhéanamh go cuibhe ar cheadúnas do dheonadh agus nách deimhin leis an Aire an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas san do bheith do réir na gcoinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh agus (más iarratas é ar cheadúnas um leasú agus marbhadh) do réir na gcoinníollacha um oiriúnacht sheamlas féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus más deimhin leis go bhfuil leor-shaoráidí oiriúnacha san áitreabh san chun fuaradh saordha do dhéanamh ar chonablaigh agus ar choda de chonablaigh, ceadúnas sealadach um leasú no ceadúnas sealadach um leasú agus marbhadh, fé mar is gá sa chás, do dheonadh don iarratasóir.

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so i dtaobh fuirme agus oibrithe ceadúnaisí agus i dtaobh iad do chur ar breacadh agus do cheiliúradh, agus i dtaobh cearta, dualgaisí agus oblagáidí ceadúnaithe fé sna ceadúnaisí sin, bainfid le ceadúnaisí sealadacha deonfar fén alt so agus le ceadúnaithe fé sna ceadúnaisí sin, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) raghaidh gach ceadúnas sealadach den tsórt san in éag i gcionn dhá mhí dhéag tar éis a dheonta mara gceiliúrtar roimhe sin é;

(b) má deontar an ceadúnas sealadach san ní choiscfidh san an tAire ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas buan san alt so), fé aon alt den Chuid seo den Acht so seachas an t-alt so, do dheonadh don cheadúnaí fén gceadúnas sealadach san ar dhul in éag don cheadúnas sealadach san no roimhe sin;

(c) má deontar ceadúnas buan do dhuine is ceadúnaí fé cheadúnas sealadach ná beidh imithe in éag oibreoidh san mar cheiliúradh ar an gceadúnas sealadach san.

Fianaise.

27. —Beidh deimhniú do bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire, go n-údarás chuige sin ón Aire, agus ag deimhniú na nithe luaidhtear in aon mhír acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) go raibh duine áirithe a hainmnítear sa deimhniú san gan bheith, i gcaitheamh tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas um leasú;

(b) go raibh duine áirithe a hainmnítear sa deimhniú san gan bheith, i gcaitheamh tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas um leasú agus marbhadh;

(c) go raibh duine áirithe a hainmnítear sa deimhniú san gan bheith, i gcaitheamh tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas um leasú ná ar cheadúnas um leasú agus marbhadh;

(d) go raibh áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith, i gcaitheamh tréimhse áirithe, ina áitreabh go raibh ceadúnas um leasú i bhfeidhm ina thaobh;

(e) go raibh áitreabh áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith, i gcaitheamh tréimhse áirithe, ina áitreabh go raibh ceadúnas um leasú agus marbhadh i bhfeidhm ina thaobh;

beidh san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

Táillí is iníoctha ag ceadúnaithe.

28. —(1) Gach duine bheidh no bhí i seilbh cheadúnais íocfa sé leis an Aire alos an cheadúnais sin, in aghaidh gach leath-bhliana gur ar a feadh no ar feadh aon choda dhi bhí sé i seilbh an cheadúnais sin, táille (dá ngairmtear an táille leasuitheora bhagúin san alt so) a háirmheofar do réir suime orduithe (nách mó ná réal) in aghaidh gach muice no conablaigh do seachadadh san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san, i gcóir scrúduithe thréidliaghachta fén gCuid seo den Acht so, i rith na leath-bhliana san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach leath-bhliana déanfaidh an tAire amach, maidir le gach duine do bhí i seilbh cheadúnais ar feadh na leath-bhliana san go léir no ar feadh aon choda dhi, cadé méid na táille leasuitheora bhagúin is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na leath-bhliana san alos an cheadúnais sin.

(3) Má dheineann an tAire ceadúnas a bheidh ar seilbh ag duine do cheiliúradh fén gCuid seo den Acht so, ansan, má orduíonn an tAire amhlaidh, is díreach ar an gceiliúradh san do dhéanamh agus ní fén bhfo-alt san roimhe seo a déanfar amach an táille leasuitheora bhagúin is iníoctha ag an duine sin alos an cheadúnais sin in aghaidh na leath-bhliana bheidh ann an tráth san.

(4) I gcás ceadúnais do bheith ar seilbh ag beirt daoine no níos mó, i ndiaidh a chéile, i rith leath-bhliana tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an ceadúnas san do bheith, i rith na leath-bhliana san go léir, ar seilbh ag an té is déanaí ag á raibh sé ar seilbh i rith na leath-bhliana san agus gan é do bheith ar seilbh ag aon duine eile tráth ar bith i rith na leath-bhliana san.

(5) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh méid aon táille leasuitheora bhagúin déanta amach fé sna forálacha san roimhe seo den alt so déanfaidh an tAire deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cadé an leath-bhliain gur ina haghaidh atá an táille sin iníoctha agus cé hé an duine ag á bhfuil agus cadé an t-áitreabh gur ina thaobh atá an táille sin iníoctha, agus cadé méid na táille sin.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise prima facie ar gach ní go dtabharfar le tuiscint é bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith do bheireann le tuiscint í bheith ina deimhniú fhéichiúnais do tugadh amach fén alt so tuigfear, ar a tabhairt i láthair in imeachta ar bith chun na suime dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í do tugadh amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(7) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhniú féichiúnais do dhéanamh seirbheálfar cóip de ar an duine deimhnítear leis do bheith freagarthach in íoc suime na táille leasuitheora bhagúin a luaidhtear ann agus díreach ar sheirbheáil na cóipe sin tiocfaidh an tsuim sin chun bheith agus beidh sí iníoctha ag an duine sin leis an Aire agus, i gcionn ceithre lá déag tar éis na seirbheála san, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(8) Má theipeann ar cheadúnaí ar bith no má fhaillíonn an tsuim a deimhnítear le deimhniú féichiúnais do bheith iníoctha aige d'íoc fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóip den deimhniú san do sheirbheáil air féadfaidh an tAire an ceadúnas gur ina thaobh a bheidh an tsuim sin iníoctha do cheiliúradh, ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an duine sin o n-a bheith air an tsuim sin d'íoc.

(9) San alt so cialluíonn an abairt “leath-bhliain” tréimhse de shé mhí dar tosach aon 1adh lá d'Eanar no aon 1adh lá d'Iúl.

(10) Rialacháin a déanfar i dtaobh suime ar bith dá dtagartar san alt so mar shuim orduithe is le toiliú an Aire Airgid a déanfar iad.

Ceadúnas do thuitim chun duine eile ar éag dá shealbhóir agus ceadúnas d'aistriú.

29. —(1) Pé uair éagfaidh pearsa gurb é is ceadúnaí fé cheadúnas tuitfidh an ceadúnas san chun ionadaí phearsanta dhlíthiúla an cheadúnaí sin mar chuid dá estát phearsanta agus tiocfaidh an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil sin chun bheith agus beidh sé, chun gach críche, mar an gceadúnaí fén gceadúnas san.

(2) Pé uair a beifear tar éis an áitreibh le n-a mbaineann ceadúnas d'aistriú chun duine seachas an ceadúnaí fén gceadúnas san no thiocfaidh an t-áitreabh san chun bheith dílsithe ann féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar iarratas an cheadúnaí sin no ionadaí phearsanta dhlíthiúla no socrathóra an cheadúnaí sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine go mbeifear tar éis an áitreibh sin d'aistriú chuige no 'na mbeidh an t-áitreabh san tar éis teacht chun bheith dílsithe ann.

Ceadúnaisí d'atharú agus do cheilúradh.

30. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, ar iarratas an cheadúnaí fé cheadúnas no ar iarratas ionadaí phearsanta dhlíthiúla no socrathóra an cheadúnaí sin, an ceadúnas san d'atharú no do cheiliúradh.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin ach fé réir forálacha an ailt seo, ceadúnas do cheiliúradh más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san, no

(b) go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san tar éis scur de bheith do réir aon choinníll áirithe de sna coinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh no (i gcás ceadúnais um leasú agus marbhadh) do réir aon choinníll áirithe de sna coinníollacha um oiriúnacht sheamlas, no

(c) go bhfuiltear tar éis scur de bhagún do tháirgeadh san áitreabh san, no

(d) go bhfuil an ceadúnaí fén gceadúnas san tar éis scur de bheith mar an únaer ar an áitreabh san agus nár aistrigh an tAire an ceadúnas san chun duine ar bith eile, no

(e) gur thárla don cheadúnaí sin, más pearsa é, bás d'fháil no, más cólucht corpruithe é, é do scur agus nár aistrigh an tAire an ceadúnas san chun duine eile laistigh de thrí mhí tar éis an bháis no an scuir sin, no

(f) gur tugadh de bhreith ar an gceadúnaí sin gur duine gnóbhriste é, no

(g) gur dóich leis an Aire sárú do bheith déanta (tré ghníomh nó tré fháillí) ag an gceadúnaí sin ar aon fhoráil airithe d'fhorálacha an Achta so no ar aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, no

(h) gur ciontuíodh an ceadúnaí sin i gcionta fé alt 9 den Acht chun Déantúisí do Rialú, 1934 ( Uimh. 36 de 1934 ).

(3) Sara gceiliúraidh an tAire ceadúnas (ar shlí seachas do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh fén alt so) seirbheálfaidh fógra i scríbhinn ar shealbhóir an cheadúnais sin no ar a ionadaí phearsanta (más ann do) no ar a shocrathóir (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé ar intinn an ceadúnas san do cheiliúradh agus cadiad na réasúin atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní cheiliúrfaidh an tAire an ceadúnas san go ceann mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, agus

(b) má dheineann an té dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) breithneoidh an tAire an chúis sin, agus

(ii) maran rud é go gcinnfidh an tAire de bharr an bhreithnithe sin gan an ceadúnas san do cheiliúradh, déanfaidh, i gcás an duine sin á iarraidh laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil, no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

(iii) má chuireann an tAire fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní cheiliúrfaidh an ceadúnas san go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san; agus

(c) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fén bhfo-alt so, sé sin le rá:—

(i) déanfaidh an tAire duine is abhcóide atá ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomhacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(ii) déanfaidh an tAire fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh, agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair ag an bhfiosrúcháin san i bpearsain no tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

(4) Íocfar le duine ceapfar chun fiosrúcháin do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo pé luach saothair a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

Deonadh agus ceiliúradh ceadúnaisí do chur in úil don Bhord Mharguithe Bagúin agus don Bhord Mharguithe Muc.

31. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas cuirfidh in úil don Bhord Mharguithe Bagúin agus don Bhord Mharguithe Muc gur deonadh an ceadúnas san agus bhéarfaidh dóibh pé mion-innste i dtaobh an cheadúnais sin a theastóidh o sna Búird sin fé seach.

(2) Pé uair a cheiliúrfaidh an tAire ceadúnas cuirfidh in úil don Bhord Marguithe Bagúin agus don Bhord Marguithe Muc gur ceiliúradh an ceadúnas san agus bhéarfaidh dóibh pé mion-innste i dtaobh an cheiliúrtha san is dóich leis is ceart.

Tuairisceáin fé Chuid II o cheadúnaithe.

32. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnaisí uatha;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Breacacháin fé Chuid II a bheidh le coimeád ag ceadúnaithe.

33. —(1) Coimeádfaidh gach ceadúnaí fé cheadúnas no cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san, na breacacháin sin, is dóich leis an Aire do bheith sásúil i ngach cás fé leith, ar na consighneachtaí uile de bhagún a glacfar isteach san áitreabh san agus a cuirfear amach as, pe'ca san áitreabh san do táirgeadh an bagún san no nách eadh, agus laistigh de dhá uair déag a' chluig tar éis consighneachta ar bith den tsórt san do ghlacadh isteach no do chur amach, iontrálfaidh no cuirfidh fé ndeár go n-iontrálfar sna breacacháin sin na mion-innste sin éileoidh an tAire i dtaobh an bhagúin do bhí sa chonsighneacht san agus fós ainm agus seoladh an duine o n-a bhfuarthas í no chun ar cuireadh í (pe'ca aca é), agus, maidir le haon chonsighneacht do cuireadh amach ón áitreabh, an bealach do cuireadh an chonsighneacht san.

(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san is gá dho do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád, go dteipfidh air é choimeád no a chur fé ndeár é choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil is gá dho do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san go dteipfidh air í chur no a chur fé ndeár í chur sa bhreacachán san laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(c) maidir le haon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint, go dteipfidh air é thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcoiscfidh aon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé ndeár go ndéanfar aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreachachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no aon scríbhinn eile, d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breachachán san do choimeád, an breachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh san ar phearsain ar bith do bhí ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád in áitreabh ar bith, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áitreabh san a thárlóidh san agus másé duine dá dtárlóidh ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

A mbeidh sna cláir agus deonadh ceadúnaisí, etc., d'fhoillsiú.

34. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dheánamh i pé slí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní bheidh iontrálta sa chlár de mhionleasuitheoirí no sa chlár de bhúistéirí muicfheola;

(b) ar fhógra i dtaobh aon nea-mbríochainte no atharuithe do dhéanamh ar chlárú i gceachtar clár acu san;

(c) ar mhion-innste i dtaobh gach ceadúnais no aon cheadúnais a bheidh tugtha amach aige;

(d) ar fhógra i dtaobh é d'atharú no do cheiliúradh ceadúnais ar bith;

(e) ar fhógra i dtaobh aon chiontuithe i gcionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so.

(2) Ní déanfar aon tuairisceán áirithe ná aon chuid áirithe de thuairisceán do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén gCuid seo den Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do rinneadh do réir na Coda so den Acht so) i dtaobh méid agus staid na trádála i mbagún do bhailiú agus d'fhoillsiú.

Breacachán de cheadúnaisí.

35. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár breacachán (dá ngairmtear an breacachán de cheadúnaisí san Acht so) do choimeád i dtaobh na gceadúnas uile dheonfa sé.

(2) Pé uair a deonfar ceadúnas cuirfidh an tAire fé ndeár go n-iontrálfar láithreach sa bhreacachán de cheadúnaisí—

(a) deonadh an cheadúnais sin, agus

(b) dáta deonta an cheadúnais sin, agus

(c) ainm agus sloinne agus tuairisc an duine dar deonadh an ceadúnas san, agus

(d) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh le n-a mbaineann an ceadúnas san is leor chun an áitreibh sin agus a theoranta agus a mhéid d'aithint; agus

(e) pé mion-innste eile i dtaobh an cheadúnais sin a ordóidh an tAire o am go ham.

(3) Pé uair a déanfar ceadúnas a deonfar fén gCuid seo den Acht so d'atharú, do cheiliúradh, no d'aistriú, iontrálfar láithreach sa bhreacachán de cheadúnaisí pé mion-innste ordóidh an tAire o am go ham i dtaobh an atharuithe, an cheiliúrtha, no an aistrithe sin, do réir mar bheidh.

(4) Coimeádfar an breacachán de cheadúnaisí i pé fuirm agus i pé slí agus i pé áit ordóidh an tAire o am go ham.

(5) Féadfaidh duine ar bith iniúchadh do dhéanamh pé tráthanna cheapfaidh an tAire ar an mbreacachán de cheadúnaisí ar tháille scillinge d'íoc in aghaidh gach iniúchta.

Aitreabhacha, etc., d'iniúchadh.

36. —(1) Beidh teideal ag cigire, cigire tréidliaghachta, no scrúdóir tréidliaghachta ar bith (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar chigire, mar chigire tréidliaghachta no mar scrúdóir tréidliaghachta den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ceadúnuithe, in aon áitreabh gur hiarradh ceadúnas ina thaobh no in aon áitreabh eile 'na gcreideann sé no 'na bhfuil amhras aige bagún do bheith á tháirgeadh ann chun a dhíolta, agus an t-áitreabh san maraon leis an ngléasra, an mheaisínteacht, na fearaistí agus an chóir oibre ann d'iniúchadh, agus breithniú ar gach próiseas no ar aon phróiseas a bheidh in úsáid sa ghnó bheidh ar siúl ann, agus, más áitreabh ceadúnuithe an t-áitreabh san, samplaí do thógaint de chonablaigh agus de bhagún, agus fós d'abhair a bheidh á n-úsáid chun conablach d'ullamhú agus chun bagúin do tháirgeadh, a gheobhfar ann.

(2) Beidh teideal ag aon oifigeach cuibhe-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ceadúnuithe bheidh i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin agus pé iniúchadh do dhéanamh ann is gá chun a dheimhniú dho go bhfuil na coinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh agus, más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san, na coinníollacha um oiriúnacht sheamlas á gcólíonadh.

(3) Beidh sé de dhualgas ar chigire, ar chigire, tréidliaghachta no ar scrúdóir tréidliaghachta, iniúchfaidh áitreabh ceadúnuithe ar bith i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, tuarasgabháil i scríbhinn do thabhairt don Aire ar aon tsáruithe do bhéarfa sé fé ndeara do bheith á ndéanamh san áitreabh san ar na coinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh agus, más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san, ar na coinníollacha um oiriúnacht sheamlas.

(4) Beidh sé de dhualgas ar oifigeach cuibhe-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil, iniúchfaidh áitreabh ceadúnuithe ar bith i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, tuarasgabháil i scríbhinn do thabhairt don Aire ar aon tsáruithe do bhéarfa sé fé ndeara do bheith á ndéanamh san áitreabh san ar na coinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh agus, más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san, ar na coinníollacha um oiriúnacht sheamlas.

(5) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon chigire, cigire tréidliaghachta no scrúdóir tréidliaghachta, no aon oifigeach cuibhe-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil, agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(6) Pé uair a dhéanfaidh cigire, cigire tréidliaghachta no scrúdóir tréidliaghachta, no oifigeach cuibhe-údaruithe d'údarás sláintíochta áitiúil, a thuairsiciú don Aire fén alt so go bhfuil aon áitreabh ceadúnuithe gan bheith do réir na gcoinníollacha um ghlaine agus oiriúnacht áitreabh no go bhfuil aon áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh gan bheith do réir na gcoinníollacha um oiriúnacht sheamlas féadfaidh an tAire fógra do sheirbheáil ar an duine is sealbhóir ar an gceadúnas a bhaineann leis an áitreabh san á cheangal ar an duine sin na nithe bheidh luaidhte sa bhfógra san do dhéanamh sa tslí agus laistigh den am a bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(7) Féadfar, le fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir le haon áitreabh ceadúnuithe, a chur mar cheangal gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh:—

(a) an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe do ghlanadh;

(b) an chóir oibre agus na feistisí agus na fearaistí, no aon chuid díobh, do ghlanadh;

(c) an t-áitreabh no aon chuid áirithe dhe do dheisiú go cóir;

(d) pé atharuithe déanmhais no breiseanna do dhéanamh san áitreabh no do chur leis a luadhfar sa bhfógra;

(e) an chóir oibre no na feistisí no na fearaistí, no aon chuid díobh, do dheisiú go cóir;

(f) pé feabhsanna no breiseanna luadhfar sa bhfógra do dhéanamh ar an gcóir oibre agus ar na feistisí agus ar na fearaistí a húsáidtear san áitreabh no do chur leo;

(g) i gcás na gconablach no an scartaigh a hullamhuítear no a pacáltar san áitreabh do bheith i mbaol a dtruaillithe no a lobhtha, an ní is abhar don bhaol san do chur as an slí no an baol uaidh do chur ar neamhní;

(h) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh, leor-shaoráidí do chur ar fáil chun fola fuighleach nigheacháin agus bhásta do chur de láimh mar is cóir;

(i) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh, leor-sholáthar d'uisce ghlan fholláin do chur ar fáil san áitreabh;

(j) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh, leor-shaoráidí do chur ar fáil san áitreabh no maidir leis chun muca do locadh agus chun sos do thabhairt dóibh sara marbhófar iad;

(k) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh, duine no daoine d'fhostú san áitreabh a bheidh oilte ar mhuca do mharbhadh agus ar chonablaigh agus scartach d'ullamhú.

(8) Má deintear fógra fén alt so i dtaobh aon áitreibh cheadúnuithe do sheirbheáil go cuibhe ar dhuine ar bith ní bheidh sé dleathach don duine sin, ar bheith caithte don am a bheidh luaidhte sa bhfógra san chun na nithe a héilítear leis an bhfógra san do dhéanamh, leasú bagúin do bheith ar siúl aige san áitreabh san mara mbeidh an duine sin tar éis na nithe sin go léir do dhéanamh sa tslí a héilítear leis an bhfógra san.

(9) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Forálacha speisialta i gcás 'nar gá do réir fógra áitreabh do dheisiú, etc.

37. —Más rud é gur gá, do réir fógra sheirbheálfaidh an tAire fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so ar an gceadúnaí alos aon áitreibh cheadúnuithe, an t-áitreabh san no aon chuid de do dheisiú go cóir no aon atharuithe déanmhais no breiseanna do dhéanamh san áitreabh san no do chur leis, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) marab é an ceadúnaí sin is sealbhaire rátuithe ar an áitreabh san beidh sé de dhualgas ar an gceadúnaí sin a mbeidh sa bhfógra do chur in úil do shealbhaire rátuithe an áitreibh sin laistigh de thrí lá tar éis an fhógra do sheirbheáil, agus

(b) más fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta bheidh an t-áitreabh san ar seilbh ag an gceadúnaí sin no ag an sealbhaire rátuithe sin beidh sé de dhualgas ar an gceadúnaí sin a mbeidh sa bhfógra do chur in úil do ghar-thiarna an áitreibh no dá ghníomhaire laistigh de thrí lá tar éis an fhógra do sheirbheáil, agus

(c) i gcás an cheadúnaí sin do bheith tar éis forálacha na míreanna san roimhe seo den alt so do chóilíonadh go cuibhe sa mhéid go mbainid (má bhainid in aon chor) leis an scéal beidh sé de chead aige an obair do dhéanamh is gá do réir an fhógra, agus san in ainneoin aon chumhnanta, có-aontuithe no coinníll ina choinnibh sin a bheidh in aon léas no connradh eile tionóntachta fé n-a mbeidh an t-áitreabh ar seilbh.

Toirmeasc ar dhaoine áirithe do bheith ar fostú in áitreabhacha ceadúnuithe.

38. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, rialacháin do dhéanamh ag toirmeasc daoine ar a mbeidh galair a bheidh luaidhte sna rialacháin sin agus daoine do theangmhuigh le galair agus daoine is eol do bheith ina n-iomprathóirí galar a bheidh luaidhte sna rialacháin sin do bheith ar fostú in áitreabh ceadúnuithe go dtí go ndeimhneoidh dochtúir leighis a bheidh cáilithe go cuibhe na daoine sin do bheith saor o sna galair sin.

(2) Má dheineann aon cheadúnaí duine ar bith d'fhostú contrárdha do rialacháin ar bith a déanfar fen alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Rátaí páigh agus coinníollacha fostaíochta in áitreabhacha ceadúnuithe.

39. —(1) An págh a bheidh iníoctha le fear oibre bheidh ar fostú in áitreabh ceadúnuithe beidh sé do réir ráta nách lugha ná an ráta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb é is ráta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna in áitreabhacha ceadúnuithe den tsaghas chéanna.

(2) Na coinníollacha fostaíochta (seachas an ráta páigh) fé n-a mbeidh fear oibre bheidh ar fostú in áitreabh ceadúnuithe ní lugha bheidh a mbuntáiste ná buntáiste na gcoinníollacha fostaí-achta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb iad is coinníollacha fostaíochta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna in áitreabhacha ceadúnuithe den tsaghas chéanna.

(3) Más rud é, in aon áitreabh ceadúnuithe, go mbeidh forálacha an ailt seo i dtaobh fir oibre ar bith a bheidh ar fostú san áitreabh san gan cólíonadh, beidh sealbhóir an cheadúnais alos an áitreibh sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Toirmeasc ar Dhaoine seachas Mion-leasuitheoirí Cláruithe, Búistéirí Muicfheola Cláruithe agus Ceadúnaithe do Leasú Bagúin chun a Dhíolta.

Srian le bagún do leasú chun a dhíolta.

40. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith i gcaitheamh na roimh-thréimhse bagún do leasú in áitreabh ar bith chun a dhíolta maran rud é—

(a) gur sealbhóir ar cheadúnas alos an áitreibh sin an duine sin, no

(b) go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de mhionleasuitheoirí alos an áitreibh sin, no

(c) go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos an áitreibh sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tar éis na roimhthréimhse bheith caithte bagún do leasú in áitreabh ar bith chun a dhíolta maran rud é—

(a) gur sealbhóir ar cheadúnas alos an áitreibh sin an duine sin, no

(b) go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de bhúistéirí muicfheola alos an áitreibh sin.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha do cheachtar de sna fo-ailt deiridh sin roimhe seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(4) Tuigfear, maidir le bagún do chuir duine ar bith no do cuireadh in áitreabh ar bith fé dheatú gan é chur fé aon phróiseas eile déantóireachta, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, ná dearna an duine sin no ná dearnadh san áitreabh san an bagún san do leasú.

Rialacháin i dtaobh Muca do Mharbhadh, Bagúin do Tháirgeadh, etc., in Aitreabh Ceadúnuithe.

Rialacháin i dtaobh muca do mharbhadh.

41. —Féadfaidh an tAire, le hordú rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh muca do mharbhadh) a bhainfidh le háitreabhacha ceadúnuithe um leasú agus marbhadh do dhéanamh maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tslí ina gcruinneofar le chéile agus ina locfar chun a marbhtha muca bheidh le húsáid chun bagúin do tháirgeadh;

(b) an tslí ina marbhófar muca den tsórt san;

(c) na tráthanna ina bhféadfar an marbhadh san do dhéanamh;

(d) an tslí ina ndéanfar scartach do chóiriú agus do ghlanadh agus do chur de láimh.

Rialacháin i dtaobh conablach do chóiriú.

42. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh conablach do chóiriú) do dhéanamh maidir leis an slí ina gcóireofar conablaigh.

Rialacháin i dtaobh bagúin do tháirgeadh.

43. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh bagúin do tháirgeadh) do dhéanamh maidir le ceachtar ní no leis an dá ní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tslí ina ndéanfar conablaigh agus coda de chonablaigh do leasú agus do chur fé oibriú eile chun no le linn bagúin do tháirgeadh asta;

(b) na leasuithe (más ann dóibh) a féadfar d'úsáid le linn bagúin do tháirgeadh.

(2) Sara ndeinidh an tAire, ar dháta no d'éis dáta an Bhúird Mharguithe Bagúin do bhunú, rialacháin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh na nithe luaidhtear i mír (a) den fho-alt san raghaidh i gcomhairle leis an mBord Marguithe Bagúin.

Rialacháin i dtaobh staid bhagúin le linn a chonsighnithe.

44. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh staid bhagúin le linn a chonsighnithe) do dhéanamh á ordú cadé an staid ina gcaithfidh bagún do bheith le linn a chonsighnithe o áitreabh cheadúnuithe.

Rialacháin i dtaobh bagúin do phacáil.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh bagúin do phacáil) do dhéanamh maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an modh agus an chaoi ar gach slí ina ndéanfar bagún do phacáil ar a n-áirmhítear na habhair agus na pacáistí a húsáidfear i gcóir na pacála san;

(b) glaine agus seascadh na n-abhar agus na bpacáistí sin;

(c) a mbeidh sna pacáistí sin do roinnt ina chineálacha agus ina ghrádanna.

(2) Ní bhainfidh rialacháin i dtaobh bagúin do phacáil le bagún a pacálfar i ngabhadáin a bheidh leigh-shéaluithe.

Rialacháin i dtaobh bagúin d'iompar.

46. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh bagúin d'iompar) do dhéanamh maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) clúdú, meáin iompartha, agus láimhseáil bhagúin le linn, no uair ar bith le linn, a iompartha o áitreabh cheadúnuithe go dtí go ndéanfar, i gcás bagúin a bheidh consighnithe chun duine i Saorstát Éireann, é do sheachadadh don duine sin no, i gcás bagúin a bheidh consighnithe chun a easportála, é do sheachadadh (le n-a n-áirmhítear é do stabháil) ar bord luinge no é do chur sa bhaigín traenach no sa chóir iompair eile in a mbeidh sé á easportáil;

(b) oiriúnacht feistisí inmheánacha, agus gaothrú agus glaine bhaigíní traenach, long, agus córach iompair eile ina mbeidh bagún á iompar i Saorstát Éireann no amach as.

(2) Ní bhainfidh rialacháin i dtaobh bagúin d'iompar le bagún a pacálfar i ngabhadáin a bheidh leigh-shéaluithe.

Scrúdú agus Deimhniú Tréidliaghachta maidir le Muca, le Conablaigh agus le Bagún.

Scrúdóirí tréidliaghachta.

47. —(1) Féadfaidh an tAire, o am go ham, pé máinleagha beithíoch cuibhe-cháilithe agus pé méid díobh san is dóich leis is gá agus a cheadóidh an tAire Airgid do cheapadh chun bheith ina scrúdóirí tréidliaghachta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Gach duine ceapfar mar scrúdóir tréidliaghachta fén alt so beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus gheobhaidh pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Congantóiri do scrúdóirí tréidliaghachta.

48. —(1) Féadfaidh an tAire, o am go ham, pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is gá agus a cheadóidh an tAire Airgid do cheapadh chun cuidiú le scrúdóirí tréidliaghachta i gcólíonadh a ndualgaisí.

(2) Gach duine ceapfar fén alt so beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus gheobhaidh pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Leas-scrúdóirí trédliaghachta

49. —(1) Pé uair ná beidh ar chumas scrúdóra thréidliaghachta, toisc é bheith breoite no as láthair, a dhualgaisí mar scrúdóir tréidliaghachta fén gCuid seo den Acht so do chólíonadh féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, duine is máinliaigh beithíoch cuibhe-cháilithe do cheapadh chun dualgaisí an scrúdóra tréidliaghachta san do chólíonadh ar feadh pé tréimhse is oiriúnach leis an Aire, agus, ar feadh na tréimhse sin, beidh gach comhacht ag an duine sin agus beidh gach oblagáid air a bronntar agus a forchuirtear ar an scrúdóir tréidliaghachta san leis an gCuid seo den Acht so.

(2) Gach duine ceapfar fén alt so beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus ar pé coinníollacha agus gheobhaidh pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Scrúdóirí tréidliaghachta do cheapadh i gcóir áitreabhacha ceadúnuithe.

50. —Déanfaidh an tAire, o am go ham, cigire no cigirí tréidliaghachta do cheapadh i gcóir gach áitreibh cheadúnuithe fé leith ach féadfaidh aon chigire tréidliaghachta áirithe do cheapadh i gcóir dhá áitreabh cheadúnuithe no níos mó.

Ordú bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe).

51. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe), á thoirmeasc bagún do tháirgeadh in áitreabh ceadúnuithe marab as conablaigh mhuc do marbhuíodh in áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh a táirgfear an bagún san.

(2) Luadhfar in ordú bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe) an dáta, nách túisce ná sé mhí tar éis dáta an orduithe sin do dhéanamh, ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

Rialacháin i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta.

52. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh), do dhéanamh maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tslí ina ndéanfaidh scrúdóirí tréidliaghachta scrúdú ante mortem ar mhuca bheidh le marbhadh in áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh;

(b) na galair no an staid gur mar gheall ortha ná féadfaidh scrúdóir tréidliaghachta scaoileadh le muca mar mhuca ionmharbhtha;

(c) an tslí ina ndéanfaidh scrúdóirí tréidliaghachta scrúdú ar chonablaigh agus ar viscera muc do marbhuíodh in áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (conablaigh), do dhéanamh maidir leis an slí ina scrúdóidh scrúdóirí tréidliaghachta conablaigh seachas conablaigh mhuc do marbhuíodh in áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (bagún), do dhéanamh maidir leis an slí ina scrúdóidh scrúdóirí tréidliaghachta bagún.

Scrúdú tréidliaghachta do dhéanamh ar mhuca, ar chonablaigh agus ar bhagún in áitreabhacha ceadúnuithe.

53. —Beidh sé de dhualgas ar gach scrúdóir tréidliaghachta bheith i láthair, pé tráthanna cheapfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an gceadúnaí, i ngach áitreabh ceadúnuithe go mbeidh sé ceaptha ina chóir agus—

(a) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san, scrúdú do dhéanamh ann do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh) ar na muca uile cuirfear os a chóir san áitreabh san chun a scrúduithe agus ar chonablaigh na muc san;

(b) mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar ordú bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe) agus mara mbeidh agus go dtí go mbeidh an t-ordú san tagtha i bhfeidhm, scrúdú do dhéanamh ann do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (conablaigh) ar na conablaigh uile (seachas conablaigh mhuc do marbhuíodh in áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh a cuirfear os a chóir san áitreabh san chun a scrúduithe;

(c) scrúdú do dhéanamh ann, do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (bagún), ar an mbagún go léir do táirgeadh san áitreabh san agus a cuirfear os a chóir ann chun a scrúduithe.

Rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil chonablach agus bagúin.

54. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil) á ordú cadé an marc a cuirfear ar chonablaigh, a bheidh scrúduithe agus deimhnithe ag scrúdóir tréidliaghachta in áitreabh ceadúnuithe, chun a thaisbeáint go ndearna scrúdóir tréidliaghachta na conablaigh sin do scrúdú agus do dheimhniú do réir na Coda so den Acht so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fúithi sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh (dá ngairmtear san Acht so rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin) á ordú cadé an marc a cuirfear ar bhagún, a bheidh scrúduithe agus deimhnithe ag scrúdóir tréidliaghachta in áitreabh ceadúnuithe, chun a thaisbeáint go ndearna scrúdóir tréidliaghachta an bagún san do scrúdú agus do dheimhniú do réir na Coda so den Acht so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fúithi sin.

(3) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, a ordú cadé an tslí ina ndéanfar na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin sin do chur ar na conablaigh no ar an mbagún (do réir mar bheidh) le n-a mbainid.

(4) Ordófar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, cadé patrún na n-ionstruimí a húsáidfear chun na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin sin do chur ar bhagún.

(5) Má deintear marc a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so do chur ar aon chonablach no ar aon bhagún i gcás ar bith ná beidh cur an mhairc sin amhlaidh údaruithe leis an gCuid seo den Acht so no do réir na Coda so den Acht so tuigfear cur an mhairc sin amhlaidh do bheith ina thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus beidh ag na hAchtanna san, le n-a n-áirmhítear forálacha peannaideacha an chéanna, feidhm dá réir sin.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no patrún no aon chónascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí agus de phatrúin no d'aon chuid acu san.

Scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil chonablach.

55. —(1) Go dtí go ndéanfar ordú bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe) agus go dtí go mbeidh sé tagtha i bhfeidhm, déanfaidh scrúdóir tréidliaghachta an marc a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil do chur sa tslí bheidh orduithe leis na rialacháin sin ar gach conablach muice cuirfear os a chóir in aon áitreabh ceadúnuithe más rud é, agus amháin más rud é, go mbeifear tar éis déanamh do réir cheachtar den dá shreath so leanas de choinníollacha, sé sin le rá:—

(a) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san agus maran san áitreabh san do marbhuíodh an mhuc san no más áitreabh ceadúnuithe um leasú an t-aitreabh san—

(i) gur scrúduigh sé an conablach san do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (conablaigh) agus, ar a scrúdú amhlaidh, go bhfuarthas é bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus

(ii) go mbeidh an conablach san, agus an marc á chur air, glan agus cóirithe do réir na rialachán i dtaobh conablach do chóiriú agus úr agus folláin.

(b) más áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh san agus más san áitreabh san a marbhuíodh an mhuc san—

(i) gur scrúduigh sé an mhuc san do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh) sarar marbhuíodh í agus, ar a scrúdú amhlaidh, go ndearna sé, ag féachaint do sna rialacháin sin do, scaoileadh léi mar mhuc ionmharbhtha, agus

(ii) gur marbhuíodh an mhuc san do réir na rialachán i dtaobh muca do mharbhadh, agus

(iii) go ndearnadh ina láthair conablach na muice sin d'oscailt agus do dhí-inniú, agus

(iv) gur scrúduigh sé conablach agus viscera na muice sin do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh) agus, ar a scrúdú amhlaidh, go bhfuarthas an conablach san do bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus

(v) go mbeidh an conablach san, agus an marc á chur air, glan agus cóirithe do réir na rialachán i dtaobh conablach do chóiriú agus úr agus folláin.

(2) Má deintear ordu bagúin (táirgeadh as conablaigh mhuc do marbhuíodh i seamlas ceadúnuithe), ansan, ar dháta an orduithe sin do theacht i bhfeidhm agus dá éis sin, déanfaidh scrúdóir tréidliaghachta an marc a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil do chur sa tslí bheidh orduithe leis na rialacháin sin ar gach conablach muice cuirfear os a chóir chun a scrúduithe in aon áitreabh ceadúnuithe más rud é, agus amháin más rud é, go mbeifear tar éis déanamh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur áitreabh ceadúnuithe um leasú agus marbhadh an t-áitreabh ceadúnuithe sin, agus

(b) gur marbhuíodh an mhuc san san áitreabh ceadúnuithe sin do réir na rialachán i dtaobh muca do mharbhadh, agus

(c) gur scrúduigh sé an mhuc san san áitreabh ceadúnuithe sin do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh) sarar marbhuíodh í agus, ar í do scrúdú amhlaidh, go ndearna sé, ag féachaint do sna rialacháin sin, scaoileadh léi mar mhuc ionmharbhtha, agus

(d) go ndearnadh ina láthair conablach na muice sin d'oscailt agus do dhí-inniú, agus

(e) gur scrúduigh sé conablach agus viscera na muice sin do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (muca agus conablaigh) agus, ar a scrúdú amhlaidh, go bhfuarthas an conablach san do bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus

(f) go mbeidh an conablach san, agus an marc á chur air, glan agus cóirithe do réir na rialachán i dtaobh conablach do chóiriú agus úr agus folláin.

Scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin.

56. —Déanfaidh scrúdóir tréidliaghachta an marc a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin do chur sa tslí bheidh orduithe leis na rialacháin sin ar bhagún a cuirfear os a chóir chun a scrúduithe in aon áitreabh ceadúnuithe, más rud é, agus amháin más rud é, go mbeifear tar éis déanamh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur táirgeadh an bagún san áitreabh san as conablaigh ar ar cuireadh na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil; agus

(b) gur táirgeadh an bagún do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh; agus

(c) gur scrúduigh sé an bagún do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (bagún), agus, ar a scrúdú amhlaidh, go bhfuarthas é bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine.

Deimhnithe consighneachta.

57. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú bagúin (deimhnithe consighneachta) san Acht so) á chur mar cheangal, pé uair a bheidh aon chnuas bagúin á chonsighniú ar a mbeidh scrúdóir tréidliaghachta tar éis na marcanna do chur a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil, go mbeidh i dteanta an bhagúin sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú consighneachta sa Chuid seo den Acht so), sa bhfuirm a luadhfar san ordú san, ar n-a thabhairt amach ag scrúdóir tréidliaghachta fén alt so agus á dheimhniú cadé an méid píosaí bagúin atá sa chnuas san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bagúin (deimhnithe consighneachta) no aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so do leasú no do cheiliúradh.

(3) Pé uair a bheidh ordú bagúin (deimhnithe consighneachta) i bhfeidhm agus a bheidh ceadúnaí ar aigne méid áirithe de phíosaí bagúin, ar ar chuir scrúdóir tréidliaghachta na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil, do chonsighniú in aon chnuas amháin, déanfaidh an scrúdóir sin, ar iarratas an cheadúnaí sin, deimhniú consighneachta do thabhairt amach do a dheimhniú cadé an méid píosaí bagúin atá sa chnuas san.

Cad déanfar le conablaigh, le bagún agus le scartach ná beidh oiriúnach mar bhia do dhaoine.

58. —(1) Má thárlann, in aon áitreabh ceadúnuithe, go bhfuighidh agus go ndeimhneoidh scrúdóir tréidliaghachta aon chonablach no aon chuid de chonablach no aon bhagún no aon scartach do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine, deighleálfaidh an ceadúnaí láithreach leis an gconablach san no leis an gcuid sin de chonablach no leis an mbagún san no leis an scartach san i slí a chuirfidh an céanna i riocht ná féadfar é d'úsáid mar bhia do dhaoine no, má dheineann an t-údarás sláintíochta áitiúil gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an t-áitreabh san a éileamh amhlaidh bhéarfar an céanna suas don údarás sláintíochta áitiúil sin chun deighleáil leis do réir forálacha na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(2) Gach ceadúnaí gur leis aon chonablach no aon chuid de chonablach no bagún no scartach do gheobhfar agus a deimhneofar fén alt so bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine agus fhailleoidh no dhiúltóidh, no go bhfailleoidh no go ndiúltóidh a ghníomhaire, deighleáil leis an gcéanna no é do thabhairt suas mar is gá do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí,

(3) Ní tuigfear éinní atá san alt so do rialú forálacha ná do dhéanamh deifre d'fhorálacha ailt 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, no alt 132 go 135 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 28 den Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Scrúdóir tréidliaghachta do thabhairt fógra i dtaobh galair.

59. —Beidh ar scrúdóir thréidliaghachta, agus é ag feidhmiú a dhualgaisí fén Acht so, an fhreagarthacht chéanna, maidir le fógra do thabhairt i dtaobh galar, a forchuirtear ar mháinliaigh bheithíoch no ar thréidliaigh, ag cleachtadh a ghairme go príobháideach, leis an Animals (Notification of Disease) Order of 1919 no bheidh forchurtha de thurus na huaire le haon ordú den tsórt san ar n-a dhéanamh fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934.

Oifigeach tréidliaghachta d'údarás áitiúil do ghníomhú mar scrúdóir thréidliaghachta.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a údarú d'oifigeach thréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil na comhachta agus na dualgaisí bronntar no forchuirtear ar scrúdóir thréidliaghachta leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú agus do chólíonadh agus gairmtear oifigeach tréidliaghachta údaruithe san alt so d'oifigeach thréidliaghachta a bheidh údaruithe amhlaidh.

(2) Beidh ag oifigeach tréidliaghachta údaruithe gach comhacht a bronntar agus cólíonfaidh gach dualgas a forchuirtear ar scrúdóir thréidliaghachta leis an gCuid seo den Acht so no fúithi.

(3) Déanfaidh an tAire pé airgead a chinnfidh, le ceadú an Aire Airgid, d'íoc le húdarás sláintíochta áitiúil, go mbeidh a n-oifigeach tréidliaghachta ina oifigeach thréidliaghachta údaruithe, mar chabhair chun íoctha an luach saothair is iníoctha ag an údarás sláintíochta áitiúil sin leis an oifigeach san.

(4) Féadfaidh an tAire, uair ar bith, údarú do tugadh fén alt so i dtaobh oifigigh thréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil do cheiliúradh agus leis sin scuirfidh an t-oifigeach tréidliaghachta san de bheith ina oifigeach thréidliaghachta údaruithe.

(5) Oifigeach tréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil dá mbeidh údaruithe fén alt so na comhachta agus na dualgaisí bronntar no forchuirtear ar scrúdóir thréidliaghachta leis an Acht so no fé d'fheidhmiú agus do chólíonadh agus dob' oifigeach inphinsin, le linn an údaruithe sin, do réir bhrí Coda IV den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , no do réir bhrí aon achtacháin eile bhaineann le haoisliúntas do thabhairt d'oifigigh d'údaráis áitiúla, ní scuirfe sé de bheith ina oifigeach inphinsin, do réir bhrí na Coda san IV no an achtacháin eile sin, de dhruim é do chaitheamh coda dá aimsir le feidhmiú agus le cólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas san agus dá dhruim sin amháin.

Cigirí tréidliaghachta.

61. —Beidh ag cigire tréidliaghachta na comhachta uile bronntar ar scrúdóir thréidliaghachta leis an gCuid seo den Acht so agus, má cheanglann an tAire air san do dhéanamh, cólíonfa sé na dualgaisí uile forchuirtear ar scrúdóir thréidliaghachta leis an gCuid seo den Acht so, no pé dualgaisí acu san ordóidh an tAire.

Rialacháin i dtaobh Ceadúnaithe do Mharcáil Bhagúin.

Rialacháin i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin.

62. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so rialacháin i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin) do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna chuirfidh ceadúnaithe ar bhagún, do scrúduigh agus do dheimhnigh scrúdóir tréidliaghachta fén gCuid seo den Acht so, chun gach ní no éinní acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) an t-áitreabh inar táirgeadh an bagún san;

(b) gur i Saorstát Éireann do táirgeadh an bagún san;

(c) éinní eile is dóich leis an Aire ba chóir a thaisbeáint ar an mbagún san.

(2) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, a ordú cadé an tslí ina ndéanfar na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin sin do chur ar an mbagún le n-a mbainid.

(3) Ordófar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, cadé patrún na n-ionstruimí a húsáidfear chun na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin sin do chur ar bhagún.

(4) Chun críche pé méid den alt so bhaineann le n-a thaisbeáint tré mharcanna cadé an t-áitreabh inar táirgeadh bagún féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapadh do gach áitreabh ceadúnuithe agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal aon mharc den tsórt san a ceapfar d'áitreabh cheadúnuithe áirithe d'úsáid mar an marc chun a thaisbeáint gur táirgeadh bagún san áitreabh ceadúnuithe sin.

(5) Má deintear marc a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so do chur ar aon bhagún i gcás ar bith ná beidh cur an mhairc sin amhlaidh údaruithe leis an gCuid seo den Acht so no do réir na Coda so den Acht so tuigfear cur an mhaire sin amhlaidh do bheith ina thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus beidh ag na hAchtanna san, le n-a n-áirmhítear forálacha peannaideacha an chéanna, feidhm dá réir sin.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no patrún no aon chónascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí agus de phatrúin no d'aon chuid acu san.

(7) Sara ndeinidh an tAire, ar dháta no d'éis dáta an Bhúird Mharguithe Bagúin do bhunú, aon rialacháin i dtaobh ceadúnuithe do mharcáil bhagúin raghaidh i gcomhairle leis an mBord Marguithe Bagúin.

Bagún a Táirgfear in Aitreabh Ceadúnuithe do Ghrádáil.

Bagún a táirgfear in áitreabh ceadúnuithe do ghrádáil.

63. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú (dá ngairmtear ordú bagúin (grád-mharc) san Acht so)—

(a) bagún do roinnt, do réir an mhodha leasuithe agus do réir saghais agus cáilíochta an bhagúin, i pé grádanna agus i pé méid grádanna is oiriúnach leis;

(b) marc (dá ngairmtear grád-mharc san Acht so) do cheapadh alos gach gráda bhagúin den tsórt san;

(c) a cheangal go ndéanfar, pé uair a bheidh aon bhagún d'aon ghrád den tsórt san á chonsighniú o aon áitreabh ceadúnuithe, an grád-mharc a bheidh ceaptha amhlaidh alos bagúin den ghrád san do chur ar an mbagún san;

(d) a luadh cadé an tslí ina gcuirfear na grád-mharcanna san ar an mbagún le n-a mbainid.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bagúin (grád-mharc) no aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so do leasú no do cheiliúradh.

(3) Pé uair a bheidh ordú bagúin (grád-mharc) i bhfeidhm, agus a bheidh scrúdóir tréidliaghachta tar éis na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin do chur ar aon bhagún do táirgeadh in áitreabh ceadúnuithe agus is bagún de ghrád áirithe fén ordú san, déanfaidh an ceadúnaí an grád-mharc a bheidh ceaptha leis an ordú san alos bagúin den ghrád san do chur ar an mbagún san sa tslí bheidh luaidhte san ordú san.

(4) Gach ionstruim chun bagúin do mharcáil do réir orduithe bhagúin (grád-mharc) beidh sé do réir pé patrún a bheidh luaidhte san ordú san.

(5) Má cuirtear grád-mharc ar aon bhagún i gcás ar bith ná beidh cur an ghrád-mhairc sin amhlaidh údaruithe leis an alt so no do réir an ailt seo, tuigfear cur an ghrád-mhairc sin amhlaidh do bheith ina thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus beidh ag na hAchtanna san, le n-a n-áirmhítear forálacha peannaideacha an chéanna, feidhm dá réir sin.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no patrún no aon chónascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí agus de phatrúin no d'aon chuid acu san.

(7) Sara ndeinidh an tAire, ar dháta no d'éis dáta an Bhúird Mharguithe Bagúin do bhunú, aon ordú fén alt so raghaidh i gcomhairle leis an mBord Marguithe Bagúin.

Bagún do Ghlacadh isteach in Aitreabh Ceadúnuithe.

Srian le bagún do ghlacadh isteach in áitreabh ceadúnuithe.

64. —(1) Ní bheidh sé dleathach, an lá ceaptha ná dá éis sin, aon bhagún do ghlacadh isteach in aon áitreabh ceadúnuithe (dá ngairmtear an t-áitreabh céad-luaidhte sa bhfo-alt so) ach amháin bagún do táirgeadh san áitreabh céad-luaidhte no in áitreabh ceadúnuithe éigin eile agus—

(a) a consighneofar chun an áitreibh chéad-luaidhte díreach o áitreabh cheadúnuithe éigin eile, no

(b) a consighneofar chun an áitreibh chéad-luaidhte díreach o fhuar-stóras ina raibh sé ar stóras ag ceadúnaí an áitreibh chéad-luaidhte no ag ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe éigin eile, no

(c) a consighníodh ón áitreabh céad-luaidhte.

(2) Pé uair a glacfar aon bhagún isteach in áitreabh ceadúnuithe contrárdha don alt so beidh an ceadúnaí fén gceadúnas alos an áitreibh sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(3) San alt so ní fholuíonn an focal “fuar-stóras” fuar-stóras is cuid d'áitreabh cheadúnuithe.

Srian le Bagún d'Easportáil agus le Bagún do Chonsighniú o Aitreabh Cheadúnuithe.

Srian le bagún d'easportáil.

65. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, an lá ceaptha ná dá éis sin, bagún d'easportáil as Saorstát Éireann maran rud é—

(a) go n-easportálfar an bagún san díreach o áitreabh cheadúnuithe, no

(b) go n-easportálfar an bagún san díreach o fhuar-stóras chun ar consighníodh é o áitreabh cheadúnuithe, no

(c) go n-easportálfar an bagún san i ngabhadáin a bheidh leigh-shéaluithe, no

(d) go n-easportálfar an bagún san in aon chnuas no consighneacht amháin nách mó a mhór-mheáchaint iomlán ná ceithre púint déag, no

(e) go n-easportálfar an bagún san fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun bagúin d'easportáil fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh, tráth ar bith, aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh.

(3) Má heasportáltar aon bhagún contrárdha don alt so beidh an duine easportálfaidh an bagún san ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Srian le bagún do chonsighniú o áitreabh cheadúnuithe.

66. —(1) An bagún go léir a consighneofar, an lá ceaptha no dá éis sin, o aon áitreabh ceadúnuithe go dtí áit ar bith, pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann é, beidh sé do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an bagún san do réir rialachán (más ann dóibh) i dtaobh staid bhagúin le linn a chonsighnithe agus, mara mbeidh sé pacálta i ngabhadáin a bheidh leighshéaluithe, do réir rialachán (más ann dóibh) i dtaobh bagúin do phacáil, agus

(b) beidh ar an mbagún san na marcanna bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin, agus

(c) beidh ar an mbagún san na marcanna bheidh orduithe le rialacháin (más ann dóibh) i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin, agus

(d) má bhíonn ordú bagúin (grád-mharc) i bhfeidhm de thurus na huaire beidh ar an mbagún san an grádmharc a bheidh ceaptha leis an ordú san alos bagúin den ghrád le n-a mbainfidh an bagún a bheidh á chonsighniú amhlaidh, agus

(e) déanfar an bagún san, mara mbeidh sé pacálta i ngabhadáin a bheidh leigh-shéaluithe, d'iompar do réir rialachán (más ann dóibh) i dtaobh bagúin d'iompar, agus

(f) má bhíonn ordú bagúin (deimhnithe consighneachta) i bhfeidhm de thurus na huaire beidh deimhnithe consighneachta i dteanta an bhagúin sin.

(2) Gach duine dhéanfaidh bagún do chonsighniú no bhéarfaidh fé n-a chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine iompróidh de thír no de mhuir no san aer, ar luach saothair, aon bhagún a bheidh á chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige agus nárbh fhéidir do go réasúnta a fhios do bheith aige go raibh an bagún san á chonsighniú contrárdha don alt so.

(4) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Feidhm na nAchtanna Custum.

67. —(1) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil aon bhagún, a bheidh á easportáil no go mbeifear a d'iarraidh é d'easportáil contrárdha don Chuid seo den Acht so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh aon bhagún no 'na mbeidh amhras aige aon bhagún do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh, bainfid leis an mbagún go léir a tógfar fén Acht so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí an bagún san.

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le toirmeasc ar bhagún d'easportáil beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus, má deintear bagún ar bith go dtoirmisctear a easportáil leis an gCuid seo den Acht so d'easportáil contrárdha don Chuid seo den Acht so no do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun e d'easportáil amhlaidh no é d'iompar ar uisce chun é d'easportáil amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an esportálaí no ar a ghníohmaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

(3) Na forálacha den Acht so bhaineann le cúisimh fé Chuid II ní bheidh feidhm acu maidir leis an alt so.

Comhachta Cigirí.

Comhachta cigirí.

68. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith (ach an t-údarás i scríbhinn a bheidh aige mar chigire don tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh—

(a) in aon áitreabh ceadúnuithe, agus

(b) in aon fhuar-stóras, agus

(c) in áitreabh éinne bhíonn ag iompar earraí ar luach saothair, agus

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne stórálann earraí atá le heasportáil no á n-easportáil, agus

(e) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga, agus

(f) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no arthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

(2) Féadfaidh cigire ar bith iniúchadh do dhéanamh ar aon bhagún do consighníodh o áitreabh cheadúnuithe no ar aon phacáiste do gheobhfar in aon áit go mbeidh aige fén alt so teideal chun dul isteach ann no chun saorchead do bheith aige istigh ann no ar no in aon áit phuiblí, agus féadfaidh aon phacáiste den tsórt san d'oscailt go gcreideann sé le réasún, no go bhfuil amhrus réasúnta aige, bagún den tsórt san do bheith ann agus féadfaidh na nithe seo leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc asta—

(a) samplaí réasúnta d'aon bhagún den tsórt san do gheobhfar in aon áit den tsórt san, pe'ca i bpacáiste don bhagún san no nách eadh, agus

(b) samplaí réasúnta d'aon abhair phacála ina bpacáltar aon bhagún den tsórt san, agus

(c) aon phacáiste áirithe is consighneacht no is cuid de chonsighneacht de bhagún den tsórt san do gheobhfar in aon áit den tsórt san.

(3) Má dheineann éinne—

(a) cigire ar bith do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné no d'únaer aon bhagúin den tsórt san, no aon phacáiste go bhfuil cigire i dteideal a iniúchta fén alt so, no eolas eile aige i dtaobh éinne acu, diúltú don ainm sin no don eolas eile sin d'innsint don chigire sin, no

(c) aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-threórach, ar aon chonsighneoir, consighné no únaer den tsórt san do thabhairt don chigire sin,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Má thógann cigire sampla no pacáiste ar bith fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go mbeidh fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no gur féidir do go réasúnta iad d'fháil amach) gur thóg sé an sampla no an pacáiste sin.

(5) Má chítear don Aire, ar phacáiste ar bith a tógfar fén alt so do scrúdú, go ndearnadh aon cheann d'fhorálacha na Coda so den Acht so no aon rialacháin a bheidh déanta fúithi do shárú, no gur tugadh fén gcéanna do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste féadfar an pacáiste do gheallbhruideadh don Aire, agus mara ngeallbhruidtear amhlaidh é agus in aon chás eile cuirfear an pacáiste de láimh do réir orduithe an chonsighneora no, mara dtugaidh orduithe uaidh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

(6) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

(7) Nuair a bheidh na comhachta bronntar ar chigire leis an alt so á bhfeidhmiú aige in no ar áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis déanfaidh do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná beadh cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

Forálacha Ilghnéitheacha.

Táillí leath-bhliana easportálaithe is iníoctha ag easportálaithe muicfheola ceadúnuithe fén Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 , do laigheadú.

69. —(1) I gcás—

(a) áitreibh ar bith do bheith ina sheamlas mhuc chláruithe agus ina áitreabh cheadúnuithe um leasú agus marbh adh, agus

(b) duine do bheith, alos an áitreibh sin, ina shealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhuicfhcola agus ar cheadúnas um leasú agus marbhadh, agus

(c) muice, ná fuiltear ach chun a scartaigh d'easportáil do réir Achta 1930, do mharbhadh san áitreabh san agus an duine sin dá tabhairt i láthair san áitreabh san i rith leath-bhliana áirithe chun scrúduithe thréidliaghachta do dhéanamh uirthi fé Acht 1930 agus fén Acht so,

ní fholóidh an táille leath-bhliana easportálaí, is iníoctha ag an duine sin fé alt 13 d'Acht 1930 in aghaidh na leath-bhliana san, suim ar bith alos na muice sin do scrúdú.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “Acht 1930” an t Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930) ;

tá leis na habairtí “seamlas muc cláruithe,” “ceadúnas easportálaí mhuicfheola,” “leath-bhliain,” agus “táille leathbhliana easportálaí” an bhrí chéanna atá leo fé seach in Acht 1930.

Conablaigh do rangú agus do ghrádáil.

70. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear rialacháin i dtaobh conablach (rangú) san alt so) do dhéanamh maidir le ceadúnaithe do rangú agus do ghrádáil conablach in áitreabhacha ceadúnuithe.

(2) Má theipeann ar aon cheadúnaí déanamh do réir aon cheann d'fhorálacha aon rialachán i dtaobh conablach (rangú) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Ionstruimí marcála agus fuirmeacha deimhniú consighneachta.

71. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon cheann de sna nithe seo leanas do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil ná do bheith ar seilbh aige, sé sin le rá:—

(a) aon ionstruim marcála údaruithe, no

(b) aon ionstruim tré n-a bhféadfaí marc conablaigh (deimhniú) no aithris dheallrathach air sin do chur ar chonablach, no

(c) aon ionstruim tré n-a bhféadfaí marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta), marc bagúin (ceadúnaí) no marc bagúin (grád) no aithris dheallrathach ar aon mharc acu san do chur ar bhagún, no

(d) fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta no aon aithris dheallrathach ar an bhfuirm sin.

(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so é bheith nea-dhleathach—

(a) d'aon oifigeach don Stát, agus é ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais mar oifigeach den tsórt san, ionstruim marcála údaruithe no fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ar seilbh aige, ná

(b) d'éinne, aon ionstruim marcála údaruithe no aon fhuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta do dhéanamh, d'iomportáil no do bheith ar seilbh aige do réir orduithe ar n-a thabhairt go dleathach ag aon oifigeach den tsórt san no do réir chonnartha ar n-a dhéanamh go dleathach le haon oifigeach den tsórt san, ná

(c) d'aon cheadúnaí aon ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (ceadúnaí) den phatrún a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin no aon ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (grád) den phatrún a bheidh ceaptha le hordú bagúin (grád-mharc) d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ar seilbh aige, ná

(d) d'éinne aon ionstruim, den tsórt san a luaidhtear i mír (c) den fho-alt so, do dhéanamh, d'iomportáil no do bheith ar seilbh aige do réir chonnartha ar n-a dhéanamh le ceadúnaí.

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní go ndearbhuítear leis an alt so é bheith nea-dhleathach é dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná trí mhí.

(4) San alt so—

cialluíonn an abairt “marc conablaigh (deimhniú)” marc ar n-a ordú le rialacháin i dtaobh conablaigh do mharcáil a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta)” marc ar n-a ordú le rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “marc bagúin (ceadúnaí)” marc ar n-a ordú le rialacháin i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “marc bagúin (grád)” marc ar n-a cheapadh le hordú bagúin (grád-mharc) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “ionstruim marcála údaruithe” aon ionstruim—

(a) is ionstruim chun conablaigh do mharcáil le marc conablaigh (deimhniú) agus í den phatrún a bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil; no

(b) is ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta) agus í den phatrún a bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin; no

(c) is ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (ceadúnaí) agus í den phatrún a bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh ceadúnaithe do mharcáil bhagúin; no

(d) is ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (grád) agus í den phatrún a bheidh ceaptha le hordú bagúin (grád-mharc).

Forálacha i dtaobh Achtanna eile.

72. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, na comhachta bronntar ar an Aire leis an gCuid seo den Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar—

(a) don Aire d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934, leis na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, no leis an Acht Tora Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 (Uimh. 26 de 1933) , mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, no

(b) don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulation as to Food) Act, 1907, no

(c) d'údaráis seamlas áitiúla d'feidhmiú a gcomhacht reachtúla maidir le seamlais d'iniúchadh, no

(d) d'údaráis sláintíochta áitiúla d'fheidhmiú na gcomhacht atá acu maidir le seamlais no maidir le hearraí bheidh ceaptha mar bhia do dhaoine agus a bronntar ortha leis na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no bronntar ortha le haon Acht áitiúil no pearsanta.

(2) Aitreabh a bheidh ceadúnuithe fén gCuid seo den Acht so mar áitreabh um leasú agus marbhadh beidh sé saor, faid a bheidh sé ceadúnuithe amhlaidh, o oblagáid a chláruithe no a cheadúnuithe fé aon achtachán eile bhaineann le seamlais do chlárú no do cheadúnú agus beidh sé saor chó maith o sna forálacha reachtúla uile (ar a n-áirmhitear orduithe, rialacháin, rialacha, agus fo-dhlithe a bhainfidh le seamlais de thoradh an chláruithe no an cheadúnuithe sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 50 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, maidir le háitreabh a bheidh ceadúnuithe fén gCuid seo den Acht so mar áitreabh um leasú agus marbhadh.

(4) Ní léireofar éinní sa Chuid seo den Acht so mar ní chuireann teora le hoibriú, no dheineann deifir d'oibriú, na nAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934.