An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachtanna ar Im agus ar Thorthai Bainne.)

21 1935

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935

CUID II.

Dioltoiri Ime nach Im Uachtarlainne do Chlaru.

Cláir de dhíoltóirí áirithe ime.

6. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár na cláir seo leanas do choimeád, sé sin le rá:—

(a) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne) de dhaoine dhíolann im, dá ndéantús féin, nách im uachtarlainne, agus

(b) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne) de dhaoine gheibheann im nách im uachtarlainne chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime.

(2) Iontrálfar i ngach ceann de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo ainm iomlán, seoladh agus tuairisc gach duine clárófar ann agus, i gcás an chláir de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, tuairisc, ar an áitreabh gur maidir leis a clárófar an duine sin sa chlár san, is leor chun an áitreibh sin agus teoranta agus méid an áitreibh sin d'aithint.

Iarrataisí ar chlárú.

7. —(1) Einne go mbíonn ar siúl aige mar ghnó im dá dhéantús féin nách im uachtarlainne do dhíol no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige beidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne ar n-a iarraidh sin do do réir an ailt seo.

(2) Einne go mbíonn ar siúl aige mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime beidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne ar n-a iarraidh sin do réir an ailt seo.

(3) Gach iarratas ar chlárú i gceachtar de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir na Coda so den Acht so déanfar é chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(4) Más mian le héinne é chlárú sa dá chlár a bheidh á gcoimeád do réir na Coda so den Acht so déanfa sé iarratas ar leithligh maidir le gach clár fé leith acu.

Ré agus athnuachaint cláruithe.

8. —(1) An chéad uair a clárófar duine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so leanfaidh an clárú i bhfeidhm (mara gcuirtear ar ceal roimhe sin é fén gCuid seo den Acht so) go dtí an chéad 31adh lá d'Eanar, agus an lá san d'áireamh, tar éis am déanta an chláruithe sin agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear fén alt so é.

(2) Gach duine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so beidh sé i dteideal, ar n-a iarraidh sin do ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus laistigh den am orduithe roimh an gclárú san do dhul in éag, a chlárú sa chlár san d'athnuachaint do.

(3) Gach athnuachaint ar chlárú dhuine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so tosnóidh sí an chéad 1adh lá d'Fheabhra tar éis na hathnuachainte sin d'iarraidh agus (mara gcuirtear ar ceal roimhe sin í fén gCuid seo den Acht so) leanfa sí i bhfeidhm go dtí an chéad 31adh lá d'Eanar ina dhiaidh sin agus an lá san d'áireamh agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear fén alt so í.

(4) I gcás iarratais, á iarraidh go n-athnuafaí clárú dhuine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do dhéanamh tar éis dul in éag don chlárú san ach gan é dhéanamh níos déanaí ná mí tar éis dul in éag don chlárú san féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an clárú san d'athnuachaint go n-éifeacht iar-ré ón gcéad 1adh lá d'Fheabhra tar éis dul in éag don chlárú san.

Táillí ar iarrataisí ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe.

9. —(1) Ar gach iarratas ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so íocfar leis an Aire pé táille acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) i gcás iarratais ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne, táille chúig scillinge, agus

(b) i gcás iarratais ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, táille phúint in aghaidh gach áitreibh fé leith gur maidir leis a bheidh an clárú no an athnuachaint sin á iarraidh amhlaidh,

agus beidh sé ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san an táille sin d'íoc go cuibhe.

(2) Déanfar na táillí uile is iníoctha fén alt so do bhailiú agus do ghlacadh i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Deimhniú ar chlárú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air d'éinne bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, deimhniú ar a chlárú sa chlár san do thabhairt amach don duine sin.

(2) Ar dhuine dá dtabharfar deimhniú ar chlárú amach fén alt so do scur de bheith cláruithe sa tslí bheidh luaidhte sa deimhniú san déanfaidh an duine sin fé cheann trí lá tar éis an scurtha san no, másé bás an duine sin fé ndeár an scur san, déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin fé cheann mí tar éis an bháis sin, an deimhniú san ar chlárú do sheachadadh don Aire.

(3) Má theipeann ar éinne no má fhaillíonn éinne, gur gá dho do réir an ailt seo deimhniú ar chlárú do sheachadadh don Aire, an seachadadh san do dhéanamh fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Gnóthaí nea-chláruithe do thoirmeasc.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne, an lá ceaptha ná dá éis, é bheith ar siúl aige mar ghnó im dá dhéantús féin nách im uachtarlainne do dhíol mara mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne, an lá ceaptha ná dá éis, é bheith ar siúl aige mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime mara mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne.

(3) Ní bhainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le héinní acu so leanas ná ní oibreoid chun an chéanna do thoirmeasc, sé sin le rá:—

(a) im do dhíol le duine atá cláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, no

(b) é bheith ar siúl mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no é úsáid i monarchain ime, i gcás an ime uile nách im uachtarlainne do gheibhtear chun crícheanna an ghnótha san d'fháil o dhaoine atá cláruithe i gclár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so, no

(c) im do dhíol fé réim agus do réir cheadúnais saoirse do deonadh fén gCuid seo den Acht so.

(4) Einne go mbeidh gnó ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós, i ngach cás, fíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo, agus san alt so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.

Clárú d'atharú agus do chur ar ceal.

12. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair iontráil ar bith i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'atharú no do leasú ar n-a iarraidh sin air don té le n-a mbaineann an iontráil sin no chun aon earráide no nea-chruinnis san iontráil sin do cheartú.

(2) Déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air do dhuine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so clárú an duine sin sa chlár san do chur ar ceal.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do chur ar ceal más deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do tugadh an clárú san do dhéanamh no tré cham-thuairisc, pe'ca le calaois no go nea-chiontach do rinneadh í, no

(b) go bhfuil scurtha ag an té do cláruíodh sa chlár san den ghnó do bheith ar siúl aige gur ina thaobh do cláruíodh é amhlaidh, no

(c) an té do cláruíodh sa chlár san do bheith tar éis bháis más pearsa é no do bheith scurtha más cólucht corpruithe é, no

(d) go ndearna an té do cláruíodh sa chlár san sárú ar aon fhoráil den Acht so no ar aon rialachán do rinneadh fén Acht so.

(4) Sara ndeinidh an tAire (ar aon tslí seachas do réir iarratais a déanfar chuige sin fén alt so) clárú duine ar bith a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'atharú no do chur ar ceal bhéarfa sé fógra ceithre lá déag ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí phearsanta no dá leachtálaí (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé chun an chláruithe sin do chur ar ceal agus breithneoidh aon chúis a dhéanfaidh an duine no an t-ionadaí pearsanta no an leachtálaí sin (pe'ca aca é) do phlé leis fé cheann ceithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus, má hiarrtar san air, cuirfidh fé ndeár fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

(5) Aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfar é sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine sin agus é dírithe chuige san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(6) Pé uair a chuirfidh an tAire clárú duine ar bith ar ceal fén alt so féadfaidh an tAire aon uair ina dhiaidh sin diúltú don duine sin do chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.

Fianaise i dtaobh a mbeidh sna cláir.

13. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip a bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(3) Deimhniú bheireann le tuisgint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon duine áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so agus a luaidhtear sa deimhniú san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoidhte ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc;

(b) cóip d'fháil, agus í deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo do bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár den tsórt san ar tháille reulach d'íoc ar gach folio no cuid d'folio de dhá fhocal sheachtód a bheidh sa chóip sin;

(c) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil á dheimhniú go bhfuil aon duine áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe i gclár áirithe coimeádtar do réir na Coda so den Acht so ar tháille dhá scilling agus sé pingne d'íoc ar gach deimhniú den tsórt san.

A mbeidh sna cláir d'fhoillsiú, etc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus fós fógra á rá gur cuireadh ar ceal no gur hatharuíodh clárú in aon chlár den tsórt san d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag daoine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do bhailiú agus d'fhoillsiú.

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mion-innste sin gan an duine sin no dílseánach an ghnótha no an chúraim sin do thoiliú chuige.

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

15. —(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta san áitreabh gur ina thaobh a bheidh aon duine áirithe cláruithe no bheidh iarrtha aige é chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an fearas agus an feisteas ann agus fós an t-im uile bheidh ann d'iniúchadh.

(2) Féadfaidh cigire (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar chigire den tsórt san má héilítear san air) dul isteach gach tráth réasúnta agus saor-chead do bheith aige bheith istigh in aon áitreabh go gcreideann sé no go bhfuil amhras aige im do bheith ar díol ann no ar taisbeáint, á choimeád no ar stór ann chun a dhíolta agus féadfaidh cuardach ann d'aon im den tsórt san agus an t-im uile do gheobhfar sa chuardach san do scrúdú agus fós aon bhreacacháin do gheobhfar san áitreabh san maidir le deighleáil no eadarghnóthaí bhaineann le him d'iniúchadh agus sleachta do thógaint asta.

(3) Gach duine choiscfidh no bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Ceadúnaisí saoirse.

16. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin air sa tslí agus sa bhfuirm orduithe, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas saoirse sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh do neach déanta an iarratais sin chun na caindíochta d'im, nách im uachtarlainne, a luadhfar sa cheadúnas san do dhíol i rith na tréimhse luadhfar sa cheadúnas san.

(2) Beidh na coinníollacha so leanas i ngach ceadúnas saoirse agus beidh gach ceadúnas den tsórt san fé n-a réir, sé sin le rá:—

(a) an t-im uile díolfar fén gceadúnas san ní foláir é bheith ina im do rinne an ceadúnaí, ar fheirm is leis an gceadúnaí no bheidh á hoibriú aige, o bhainne do fuarthas o bha is leis an gceadúnaí; agus

(b) an chaindíocht iomlán d'im a dhíolfaidh an ceadúnaí aon tseachtain áirithe ní ragha sí thar pé caindíocht a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so no, mara mbeidh aon rialacháin den tsórt san déanta, thar deich bpúint; agus

(c) an t-im a díolfar fén gceadúnas san ní díolfar é le héinne chun an duine sin dá ath-dhíol.

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha breise no coinníollacha eile do chur ag gabháil le ceadúnas saoirse is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san.

(4) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas saoirse do cheiliúradh.

(5) Gach ceadúnaí fé cheadúnas saoirse go dteipfidh air aon cheann áirithe de sna coinníollacha bheidh sa cheadúnas san do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.