An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Comhachta don Aire Chun Gnothai do Bheith ar Siul Aige agus Chun Airgid do Thabhairt ar Iasacht D'Fhonn Gnothai D'Fhorbairt.)

42 1934

ACHT UM BEITHIGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH, 1934

CUID IX.

Mairtfheoil do Roinnt ar Aicmi Airithe Daoine.

Mínithe i gCuid IX.

43. —(1) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “fáltaí” (fé réir forálacha an ailt seo) duine gheibheann congnamh díomhaointis, no neachtar aca fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh, no an congnamh díomhaointis sin maraon leis an bhfóirithin allamuich no leis an gcongnamh teaghlaigh sin;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “oifigeach um chongnamh dhíomhaointis” atá léi san Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “oifigeach conganta” oifigeach conganta do réir bhrí Orduithe na mBord Sláinte Contae (Congnamh), 1924.

(2) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, a dhearbhú gur fáltaithe chun crícheanna na Coda so den Acht so aon aicme no saghas áirithe daoine bochta agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san déanfar, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm agus fé réir aon leasuithe ar an ordú san, an focal “fáltaí” do léiriú agus beidh éifeacht aige sa Chuid seo den Acht so mar fhocal fholuíonn an aicme no an saghas daoine go ndearbhuítear leis an ordú san gur fáltaithe iad.

(3) Lé toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú ar bith do rinne sé roimhe sin fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

Connartha chun mairtfheola do thabhairt in aisce.

44. —(1) Le toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire connartha do dhéanamh le dílseánaigh chláruithe áitreabhacha biataíochta cláruithe tré n-a n-aontóidh an dílseánach cláruithe le n-a ndéanfar aon chonnradh áirithe den tsórt san amhlaidh oiread mairtfheola de shaghas agus de cháilíocht áirithe agus éileoidh fáltaithe go dleathach air fén Acht so do thabhairt in aisce d'fháltaithe gach seachtain do réir an Achta so ar n-a éileamh san dóibh air ach gan dul thar méid maximum áirithe sa tseachtain den fheoil sin agus tré n-a n-aontóidh an tAire praghas áirithe no praghas a háirmheofar do réir ráta áirithe d'íoc do réir an Achta so leis an dílseánach cláruithe sin ar an mairtfheoil go léir do bhéarfaidh an dílseánach cláruithe sin uaidh amhlaidh.

(2) Le toiliú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire aontú le héinne le n-a mbeidh connradh déanta aige fén alt so aon atharú do dhéanamh ar théarmaí an chonnartha san no leathnú do dhéanamh ar an gconnradh san no deire do chur leis.

(3) Gach connradh déanfar fén alt so féadfaidh pé téarmaí agus forálacha bheith ann a ghabhann no a bhaineann le príomhchuspóir an chonnartha san agus a mheasfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart.

Líomatáistí ina mbeidh sé éigeanta mairtfheoil do thabhairt amach.

45. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire maidir le haon líomatáiste áirithe go mbeadh sé ró-dheacair ar aon chúis áirithe connradh do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so i gcóir an líomatáiste sin le dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíoctha chláruithe chun mairtfheola do thabhairt in aisce d'fháltaithe féadfaidh an tAire, le hordú, le toiliú an Aire Airgid—

(a) a dhearbhú gur líomatáiste ceaptha chun crícheanna an Achta so an líomatáiste sin, agus

(b) a chur de cheangal ar dhílseanach chláruithe gach áitreibh bhiataíochta chláruithe sa líomatáiste sin oiread mairtfheola de shaghas agus de cháilíocht áirithe agus éileoidh fáltaí go dleathach air do thabhairt in aisce don fháltaí sin ar n-a éileamh san air amhlaidh don fháltaí sin do réir an Achta so, agus

(c) a shocrú cadé an méid maximum sa tseachtain den mhairtfeoil sin a bheidh ar gach dílseánach cláruithe den tsórt san do thabhairt amhlaidh d'fháltaithe, agus

(d) a shocrú cadé an praghas a bheidh le n'íoc ag an Aire le gach dílseánach cláruithe den tsórt san ar an mairtfheoil do bhéarfaidh an dílseánach cláruithe sin uaidh amhlaidh.

(2) Pé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ansan beidh an líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san ina líomatáiste cheaptha chun crícheanna an Achta so faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus, faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm amhlaidh, beidh sé de cheangal ar dhílseánach chláruithe gach áitreibh bhiataíochta chláruithe sa líomatáiste sin mairtfheoil do thabhairt d'fháltaithe do réir an orduithe sin agus an Achta so.

(3) Nuair a bheidh an tAire á shocrú, in ordú dhéanfaidh fén alt so, cadiad na méideanna maximum seachtainiúla uile agus fé seach de mhairtfheoil a bheidh le tabhairt d'fháltaithe do réir an orduithe sin ag dílseánaigh chláruithe fé seach na n-áitreabhacha biataíochta cláruithe sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san féachfa sé do mhéid agus do shaghas an ghnótha bhiataíochta deintear i ngach áitreabh fé leith acu san d'fhonn na hoblagáidí forchuirtear leis an ordú san do dháiliú go cothrom ar na háitreabhacha biataíochta cláruithe sa líomatáiste sin.

(4) Le toiliú an Aire Airgid féadfaidh an tAire aon uair le hordú, aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

Cruthúnachtaí mairtfheola.

46. —(1) Déanfaidh an tAire socrú chun go dtabharfar amach d'fháltaithe cruthúnachtaí (dá ngairmtear cruthúnachtaí mairtfheola sa Chuid seo den Acht so) le n-a gcuirfear ar chumas fáltaithe soláthair mhairtfheola d'fháil fén gCuid seo den Acht so agus chuige sin féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, rialacháin do dhéanamh le hordú chun aon chríche no gach críche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) a shocrú go dtabharfar d'fháltaithe cruthúnachtaí mairtfheola do bhéarfaidh teideal do sna fáltaithe sin soláthar seachtainiúil de mhairtfheoil d'fháil fén gCuid seo den Acht so;

(b) fuirm na gcruthúnacht mairtfheola san agus na nithe bheidh ionta d'ordú (fé réir forálacha an ailt seo);

(c) a ordú (fé réir na bhforálacha adubhradh) cadé an méid mairtfheola sa tseachtain a bheidh gach fáltaí i dteideal a fháil amhlaidh;

(d) a chur in áirithe go bhfuighidh gach duine is fáltaí de thurus na huaire pé cruthúnacht mhairtfheola gach seachtain a bheidh sé i dteideal a fháil do réir chúrsaí a cháis agus ná tabharfar amach aon chruthúnacht mhairtfheola do dhuine nách fáltaí;

(e) socrú do dhéanamh i dtaobh pé nithe eile is gá no is oiriúnach chun a chur in áirithe go ndéanfar cruthúnachtaí mairtfheola do roinnt go cuibhe.

(2) Féadfar le rialacháin a déanfar fén alt so, má deintear iad le có-aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a chur de dhualgas ar oifigigh fóirthne agus ar oifigigh conganta cruthúnachtaí mairtfheola do thabhairt d'fháltaithe gheibheann fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh.

(3) Luadhfar i ngach cruthúnacht mhairtfheola—

(a) an tseachtain ina bhféadfar mairtfheoil d'fháil ar an gcruthúnacht san, agus

(b) an connarthóir no an dílseánach cláruithe o n-a bhféadfar agus an áit ina bhféadfar mairtfheoil d'fháil amhlaidh, agus

(c) an méid mairtfheola féadfar a fháil amhlaidh.

(4) Le rialacháin a déanfar fén alt so déanfar socrú chun an méid mairtfheola sa tseachtain do gheobhaidh fáltaí do cheapadh maille le féachaint go cuibhe do líon agus d'aois a chleithiúnaithe agus, i gcás fáltaí gheibheann congnamh díomhaointis, don méid laetheanta bheidh an duine sin díomhaoin an tseachtain a bheidh i gceist agus 'na n-íocfar congnamh díomhaointis leis ina haghaidh.

Mairtfheoil d'fháil ar chruthúnachtaí mairtfheola.

47. —(1) Gach duine dá dtabharfar amach cruthúnacht mhairtfheola fén gCuid seo den Acht so beidh sé, ar é féin no a bhean no leanbh no cleithiúnaí eile leis do thíolacadh na cruthúnachta mairtfheola san i rith na tréimhse agus san áitreabh a bheidh ainmnithe inti nuair a bheidh an t-áitreabh san ar oscailt chun gnótha do dhéanamh, i dteideal an méid mairtfheola luadhfar sa chruthúnacht mhairtfheola san d'fháil mar mhalairt ar an gcruthúnacht san.

(2) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so d'fháltaí d'éileamh mairtfheola do léiriú mar thagairtí do chruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh go cuibhe do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

Tuairisceáin o chonnarthóirí agus connarthóirí d'íoc.

48. —(1) Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe bhiataíochta go mbeidh connradh leis, do rinne an tAire fén gCuid seo den Acht so, i bhfeidhm de thurus na huaire déanfaidh tuairisceán sa bhfuirm orduithe agus in aghaidh na tréimhse orduithe do chur chun an Aire na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe á thaisbeáint cadé an méid mairtfheola do thug an dílseánach cláruithe sin uaidh i rith na tréimhse sin do réir an chonnartha san agus ag tabhairt na mion-innste orduithe i dtaobh na mairtfheola san.

(2) Gach tuairisceán do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo beidh na cruthúnachtaí mairtfheola san go léir ceangailte dhe no ina theanta do fuair an dílseánach cláruithe sin alos na mairtfheola le n-a mbaineann an tuairisceán san.

(3) Fé cheann mí tar éis an Aire d'fháil aon tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo íocfaidh an tAire leis an dílseánach cláruithe sin an praghas is iníoctha, fén gconnradh bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do rinneadh fén gCuid seo den Acht so idir an tAire agus an dílseánach cláruithe sin, ar an mairtfheoil le n-a mbaineann an tuairisceán san agus 'na mbeidh cruthúnachtaí mairtfheola ina haghaidh ceangailte den tuairisceán san no ina theanta.

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe i líomatáistí ceaptha.

49. —(1) Déanfaidh gach dílseánach cláruithe áitreibh bhiataíochta chláruithe i líomatáiste ceaptha tuairisceán sa bhfuirm orduithe agus in aghaidh na tréimhse ceaptha do chur chun an Aire na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe á thaisbeáint cadé an méid mairtfheola do thug an dílseánach cláruithe sin i rith na tréimhse sin d'fháltaithe do réir na Coda so den Acht so agus ag tabhairt na mion-innste orduithe i dtaobh na mairtfheola san.

(2) Gach tuairisceán do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo beidh na cruthúnachtaí mairtfheola san go léir ceangailte dhe no ina theanta do fuair an dílseánach cláruithe sin alos na mairtfheola le n-a mbaineann an tuairisceán san.

(3) Fé cheann mí tar éis an Aire d'fháil aon tuairisceáin do bhéarfaidh dílseánach cláruithe uaidh do réir an ailt seo íocfaidh an tAire leis an dílseánach cláruithe sin an praghas is iníoctha, fén ordú ón Aire bhaineann leis an gcás, ar an mairtfheoil le n-a mbaineann an t-ordú san agus 'na mbeidh cruthúnachtaí in a haghaidh ceangailte den tuairisceán san no ina theanta.

Toirmeasc ar dheighleáil i gcruthúnachtaí mairtfheola.

50. —(1) Gach duine dhéanfaidh no thairgfidh cruthúnacht mhairtfheola, no aon mhairtfheoil do gheobhfar mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola, do dhíol, do cheannach, do mhalairtiú, no do chur no do ghlacadh i ngeall beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná mí.

(2) Gach aistriú no aistriú de dheallramh a déanfar ar chruthúnacht mhairtfheola tré í do dhíol no do mhalairtiú no do chur fé gheall beidh sé gan brí gan éifeacht.

(3) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le cruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh go cuibhe chun soláthair mhairtfheola d'fháil fén gCuid seo den Acht so ná le mairtfheoil do thabhairt ná do ghlacadh mar mhalairt ar chruthúnacht mhairtfheola fén gCuid seo den Acht so agus dá réir.

Toirmeasc ar chruthúnachtaí mairtfheola dúbalta.

51. —(1) Ní bheidh aon fháltaí i dteideal níos mó ná aon chruthúnacht mhairtfheola amháin d'iarraidh ná d'fháil in aghaidh aon tseachtaine áirithe agus go sonnrách ní bheidh aon fháltaí gheibheann congnamh díomhaointis maraon le fóirithin allamuich no congnamh teaghlaigh i dteideal níos mó ná cruthúnacht mhairtfheola amháin d'iarraidh ná d'fháil in aghaidh aon tseachtaine áirithe.

(2) Gach fáltaí iarrfaidh no gheobhaidh cruthúnacht mhairtfheola contrárdha don alt so beidh sé ciontach í gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ceithre lá déag.

Cruthúnacht mhairtfheola d'iarraidh no d'fháil go neadhleathach.

52. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nách fáltaí de thurus na huaire cruthúnacht mhairtfheola d'iarraidh ná d'fháil.

(2) Gach duine iarrfaidh no gheobhaidh, no iarrfaidh agus a gheobhaidh, cruthúnacht mhairtfheola contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ceithre lá déag.

Ciontaí dhéanfaidh dílseánaigh chláruithe.

53. —Gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe—

(a) go dteipfidh air no dhiúltóidh aon mhairtfheoil éileoidh fáltaí go dleathach air no a héileofar go dleathach air thar ceann an fhaltaí sin do thabhairt don fháltaí sin, no

(b) éileoidh no ghlacfaidh aon airgead no comaoine luachmhar eile (seachas an praghas is iníoctha ag an Aire fén gCuid seo den Acht so) ar mhairtfheoil no maidir le mairtfheoil éileoidh fáltaí go dleathach air do thabhairt don fháltaí sin, no

(c) a chuirfidh in aon tuairisceán do bhéarfaidh uaidh do réir na Coda so den Acht so éinní is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é.

Gearáin do scrúdú.

54. —(1) Chun go bhféadfar an Chuid seo den Acht so d'oibriú go réidh agus go héifeachtúil beidh teideal ag aon chigire, oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach fóirthne, oifigeach conganta, no ball den Ghárda Síochána fiosrú no scrúdú do dhéanamh i dtaobh aon ghearáin a dhéanfaidh fáltaí no dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe maidir le héinní thiocfaidh anuas fén gCuid seo den Acht so agus fós fiosrú agus scrúdú do dhéanamh i dtaobh éinní thiocfaidh anuas le linn na Coda so den Acht so do bheith á feidhmiú agus 'na bhfuighidh an cigire no an t-oifigeach no an ball san eolas air agus go bhfeicfear do gur gá fiosrú do dhéanamh ina thaobh.

(2) Pé uair a gheobhaidh aon chigire no aon oifigeach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so no aon bhall den Ghárda Síochána, ar é do dhéanamh scrúduithe no fiosruithe fén bhfo-alt san, aon mhí-úsáid no mí-rialtacht no éinní eile i dtaobh feidhmithe na Coda so den Acht so do chífear do is gá do leigheas beidh sé de dhualgas ar an gcigire, ar an oifigeach no ar an mball san (pe'ca aca é) pé tuarasgabháil do thabhairt uaidh do chífear do is ceart sa chás.