Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Forálacha i dtaobh Cóluchtaí Díochurtha.)

35 1934


Uimhir 35 de 1934.


ACHT BAINISTÍ CHATHAIR LUIMNIGH, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE RIALTAS ÁITIÚIL CHONTAE-BHUIRGE LUIMNIGH AGUS MAIDIR LE GNÓ AGUS CÚRSAÍ AIRGEADAIS NA CONTAE- BHUIRGE SIN DO RIARADH AGUS DO BHAINISTÍ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN GO bhFÉADFAR AN CHONTAE-BHUIRG SIN DO LEATHNÚ DÁ ÉIS SEO AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [6adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an Chathair” contae-bhuirg Luimnigh;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle Chathair Luimnigh a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an Bainisteoir” Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Luimnigh a ceapfar fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an Méara” Méara Luimnigh;

cialluíonn an abairt “an ciste cathardha” an ciste as a mbeidh costaisí agus caiteachaisí an Bhárdais le n'íoc fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an ráta cathardha” an ráta bheidh le cruinniú ag an mBárdas fén Acht so chun slánuithe do dhéanamh ar aon easnamh sa chiste chathardha;

cialluíonn an abairt “an Bord Sláinte” an cólucht do bunuíodh le hOrdú Scéime Contae-Bhuirge Luimnigh, 1923, fén ainm “Bord Sláinte Contae-Bhuirge Luimnigh” chun fóirithin na mbocht sa Chathair do riaradh;

cialluíonn an abairt “coiste an gheasa” coiste an gheasa do bunuíodh fén Limerick Corporation Gas Act, 1878;

cialluíonn an abairt “an geas-ghnó” an gnó do bhí á riaradh agus ar siúl go dtí so ag coiste an gheasa agus, i gcás an chóthéacs dá éileamh san, foluíonn an abairt sin an gnó san mar a bheidh sé ar siúl ag an mBárdas do réir an Achta so;

cialluíonn an abairt “toghachán cathrach” toghachán de bhaill den Chomhairle ar n-a chomóradh do réir an Achta so;

cialluíonn an abairt “lá an toghacháin” an lá ceapfar fén Acht so chun bheith mar lá an toghacháin chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén Acht so chun bheith mar an lá ceaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh na cóluchtaí seo leanas ina gcóluchtaí díochurtha do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) an Bord Sláinte;

(b) an coiste bainistí ar n-a cheapadh ag comhairle chontaebhuirge Luimnigh fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913;

(c) coiste an gheasa,

agus déanfar an abairt “na cóluchtaí díochurtha” do léiriú dá réir sin.

Comhachta agus maoin do dhílsiú sa Bhárdas.

2. —(1) Ar an lá ceaptha déanfar feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí comhairle contae-bhuirge Luimnigh d'aistriú de bhuadh an ailt seo chun an Bhárdais agus tiocfaid chun bheith agus beid ina bhfeidhmeanna, ina gcomhachta, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais.

(2) An mhaoin uile, réalta agus pearsanta (agus rudaí ar fiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe i gcomhairle chontae-bhuirge Luimnigh, déanfar, an lá ceaptha, í d'aistriú de bhuadh an ailt seo chun an Bhárdais agus tiocfa sí chun bheith agus beidh sí dílsithe ionta san an lá san.

(3) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí contae-bhuirgí le linn an Achta so do rith bainfidh leis an mBárdas sa mhéid ná fuil sí bun os cionn leis an Acht so, agus chuige sin tuigfear gur comhairle chontae-bhuirge an Bárdas.

(4) Gach aon chomhacht, feidhm, agus dualgas a bronnfar no a forchuirfear ar chomhairle chontae-bhuirge Luimnigh le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais ar an dáta agus ón dáta ar a ndéanfar na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin do bhronnadh no d'fhorchur amhlaidh.

(5) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronnadh no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge, chontaebhuirge, no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith, ansan, sa mhéid go mbainfidh na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle chontae-bhuirge Luimnigh, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais ar an dáta agus ón dáta ar a ndéanfar iad do bhronnadh no d'fhorchur amhlaidh.

(6) Gach comhacht, feidhm, agus dualgas atá dílsithe do réir reachta sa Mhéara maidir le margadh ar bith, pe'ca mar chléireach margaí no ar aon tslí eile é, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid an Bhárdais an lá ceaptha agus as san amach.

(7) Déanfaidh an Chomhairle no an Bainisteoir (fé mar is gá sa chás) gach aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar son agus thar ceann an Bhárdais fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

Na cóluchtaí díochurtha do scur no do dhíochur.

3. —(1) Tiocfaidh an Bord Sláinte chun bheith agus beidh sé díochurtha de bhuadh an ailt seo an lá ceaptha agus tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí an Bhúird Shláinte chun bheith agus beid aistrithe chun an Bhárdais an lá san.

(2) Tiocfaidh an coiste bainistí ar n-a cheapadh ag Comhairle chontae-bhuirge Luimnigh fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, agus coiste an gheasa do ceapadh fén Limerick Corporation Gas Act, 1878, tiocfaid chun bheith agus beid díochurtha de bhuadh an ailt seo an lá ceaptha agus tiocfaidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí na gcoistí sin fé seach chun bheith agus beid aistrithe chun an Bhárdais an lá san.

(3) Na forálacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir leis na cóluchtaí díochurtha.

Feidhmeanna cathrach Caomhnóirí Luimnigh d'aistriú.

4. —Sa mhéid go bhfuil feidhmeanna, comhachta agus dualgaisí an Bhúird Chaomhnóirí d'Aontas Luimnigh infheidhmithe no le cólíonadh laistigh den Chathair, scuirfid, an lá ceaptha, de bheith infheidhmithe no le cólíonadh ag an mBord Caomhnóirí sin agus tiocfaid chun bheith agus beid aistrithe chun an Bhárdais agus beid infheidhmithe agus le cólíonadh ag an mBárdas an lá san.

An Chomhairle do bhunú.

5. —(1) Beidh comhairle dar teideal Comhairle Chathair Luimnigh ann chun na bhfeidhmeanna ceaptar di leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh cúig baill déag ar an gComhairle agus beidh ceathrar acu san ina Seanóirí agus aon duine dhéag acu ina gComhairleoirí.

(3) Is seachtar ball den Chomhairle bheidh mar quorum.

Seanóirí agus comhairleoirí.

6. —An chéad cheathrar ball den Chomhairle toghfar i dtoghachán cathrach beid ina seanóirí agus beidh na baill eile go léir den Chomhairle ina gcomhairleoirí.

Toghacháin chathrach.

7. —(1) Comórfar toghachán cathrach—

(a) laistigh de ráithe tar éis an Achta so do rith, agus

(b) sa bhliain 1937 agus i ngach tríú bliain ina dhiaidh sin.

(2) I dtoghachán cathrach beidh an chathair ar fad ina haon líomatáiste toghacháin amháin.

(3) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann cóimhrimh ag an gcéad toghachán cathrach a comórfar tar éis an Achta so do rith.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 2 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le toghacháin chathrach.

(5) Is ar lá an toghacháin a déanfar an chéad toghachán cathrach tar éis an Achta so do rith do chomóradh agus isé lá ar a gcomórfar gach toghachán cathrach ina dhiaidh sin ná pé lá ceapfar chuige sin do réir na dlí no fén dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghacháin bhall de chomhairlí contae-bhuirgí.

(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghadh, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle chontae-bhuirge, beidh feidhm aici, fé réir forálacha an Achta so, maidir le toghadh, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball den Chomhairle.

(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle chontaebhuirge, beidh feidhm aici, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, maidir leis an gComhairle do cheapadh daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus maidir leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.

(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connradh leis an mBárdas do bheith ina chonnradh leis an gComhairle agus le gach coiste agus có-choiste ar n-a gceapadh ag an gComhairle i bpáirt no go hiomlán, agus tuigfear connradh le haon choiste den tsórt san do bheith ina chonnradh leis an gComhairle freisin.

Fothfholúntaisí sa Chomhairle.

8. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré bhall di d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no tré gan é do ghlacadh oifige, líonfaidh an Chomhairle an folúntas san, tar éis fógra chuibhe, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle tar éis mí do bheith caithte o thárlachtaint don fholúntas san no chó luath i ndiaidh an chruinnithe sin agus is féidir é sa chás.

(2) Gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, no mara ndiúltuídh d'oifig do ghlacadh, i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle ar feadh a mbeidh gan caitheamh an uair sin den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do no tré gan é do ghlacadh oifige, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as, a theacht fé dhí-cháilíocht no é do dhiúltadh d'oifig do ghlacadh.

Cruinnithe den Chomhairle.

9. —(1) Beidh céad chruinniú na Comhairle ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae an lá ceaptha i Halla an Bhaile, Luimneach, agus más rud é, toisc réasúin ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair, pé lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha), agus i pé áit a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(2) Go dtí go mbeidh an Méara toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé an Bainisteoir a bheidh mar chathaoirleach ar chéad chruinniú na Comhairle ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.

(3) Ag céad chruinniú na Comhairle isé gnó déanfar ná pé gnó is gá don Chomhairle, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim na Comhairle gur gá no gur mhaith an rud é do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.

(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle chontaebhuirge do chomóradh agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nós imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile den Chomhairle do chomóradh agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.

Togha agus sealbhaíocht oifige an Mhéara.

10. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 22adh lá de Mheitheamh, duine dá mbaill do thoghadh mar Mhéara.

(2) Fanfaidh an Méara in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do) go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile den Chomhairle ag á mbeidh Méara le toghadh ag an gComhairle agus go dtí go mbeidh an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta ag an gcomharba san.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghadh, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair méara chontae-bhuirge, bainfe sí, fé réir forálacha an Achta so, le toghadh, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair an Mhéara.

An Bárdas do cheapadh ball de chóluchtaí puiblí áirithe.

11. —(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon reacht ná d'aon ordú ar n-a dhéanamh fé reacht ar bith, tré n-ar gá duine thoghfaidh no ainmneoidh comhairle chontae-bhuirge no go sonnrách comhairle chontae-bhuirge Luimnigh chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí do bheith ina bhall den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bheidh feidhm aige maidir le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí, agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall den Chomhairle no de chomhairle chontae-bhuinge Luimnigh mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball den Chomhairle é no nách eadh, a bheidh toilteannach gníomhú agus is dóich leis an gComhairle is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe riarann an cólucht puiblí sin.

(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—

(a) do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh an Chomhairle an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith aon cháilíocht speisialta do bheith aige (seachas bheith ina bhall den Chomhairle no de chomhairle chontae-bhuirge Luimnigh) gur gá don duine sin do réir dlí do bheith aige, ná

(b) a n-éilítear le fo-alt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do chólíonadh sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (2), agus é oiriúnuithe no leasuithe no curtha i mbaint tré no fé aon Acht den Oireachtas, le ballraíocht chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Luimnigh, ná

(c) a n-éilítear le fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ( Uimh. 29 de 1930 ), do chólíonadh sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (1) le ballraíocht Choiste Oideachais Ghairme Beatha Chathair Luimnigh.

(3) Bíodh nách ball den Chomhairle an Bainisteoir beidh sé cáilithe agus féadfaidh an Chomhairle, le n-a thoil, é do cheapadh chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Luimnigh díreach fé is dá mba bhall den Chomhairle é, agus chun críche an cheaptha san tuigfear nách oifig shochair oifig an Bhainisteora do réir bhrí Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 d'Acht 1925.

(4) Má deintear agus nuair a déanfar an Bainisteoir do cheapadh fén alt so chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair Luimnigh, beidh duine níos lugha ar líon na mball den choiste sin nách foláir dóibh do réir dlí bheith ina mbaill den Chomhairle.

Feidhmeanna forchoimeádtha.

12. —(1) Feidhmeoidh agus cólíonfaidh an Chomhairle féin gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) aon ráta do bhualadh no aon airgead d'fháil ar iasacht;

(b) aon fho-dhlí do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúradh;

(c) aon ordú do dhéanamh agus aon rún do rith 'na ndéanfar dá mbuadh aon achtachán do chur i ngníomh sa Chathair no i mbaint leis an gCathair agus aon ordú den tsórt san do cheiliúradh agus aon rún den tsórt san do chur ar neamh-ní;

(d) an t-iarratas a bheidh le déanamh chun aon údaráis maidir le haon ordú den tsórt san roimhráite dó dhéanamh no do cheiliúradh;

(e) aon ordú do dhéanamh no do cheiliúradh fé alt 5 den Shops Act, 1912 (dá ngairmtear an t-ordú um dhúnadh san Acht san);

(f) na comhachta a bronntar le halt 3 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, maidir le habhar reachtúcháin do bhunú no cur ina choinnibh, aon imeachta dlí den tsórt a luaidhtear san alt san do chur ar aghaidh agus cosaint do dhéanamh ionta, agus na cistí agus na rátaí puiblí fé chúram an Bhárdais do chur chun na gcrícheanna san;

(g) éinne do cheapadh no do thoghadh mar bhall d'aon chólucht phuiblí;

(h) toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla;

(i) saoirse na Cathrach do bhronnadh ar dhaoine;

(j) fé réir forálacha an Achta so, an bainisteoir do cheapadh, do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig agus liúntas no aisce do dheonadh don bhainisteoir ar scur do de bheith mar bhainisteoir;

(k) méid tuarastail agus luach saothair an Mhéara do shocrú;

(l) iarrataisí chun an Aire ar ordú shealadach fén Acht so ag leathnú teorann na Cathrach;

(m) iarrataisí fén Acht so ag lorg orduithe ag faidiú na tréimhse gur laistigh di bheidh comhacht ag an mBárdas cúiteamh do dheonadh d'fhostaithe, seachas oifigigh, mar gheall ar a bhfostaíocht do chailliúint;

(n) tailte, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí is leis an mBárdas do chur de láimh (seachas tré aistriú ar feadh téarma nách sia ná bliain) fé sna Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888;

(o) ionadaithe don Bhárdas do cheapadh chun bheith ag aon chódháil no cruinniú den tsórt a luaidhtear in alt 2 den Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san d'fheidhmiú maidir leis na costaisí d'íoc a bhainfidh leis na hionadaithe sin do bheith ag na códhála agus ag na cruinnithe sin;

(p) éinní do dhéanamh fé Acht do ritheadh roimh an Acht so is ní dearbhuítear leis an Acht san do bheith, i gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, ina fheidhm fhorchoimeádtha do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ,

(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, le hordú, a chur mar cheangal gurb í an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais i dtaobh éinní ná fuil ar na nithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar bheith déanta don ordú san isí an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leanfar d'iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh.

(4) Ní dhéanfaidh ná ní cheiliúrfaidh an tAire ordú fén alt so ach ar a iarraidh sin ar an Aire don Chomhairle do réir rúin do rith an Chomhairle agus le n-ar vótáil breis agus leath ball na Comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis don bhainisteoir fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn do gach ball den Chomhairle á rá go rabhthas ar intinn an rún san do thairisgint.

(5) Ar fháil aon iarratais den tsórt san roimhráite don Aire féadfaidh, roimh ordú do dhéanamh no do cheiliúradh (do réir mar bheidh) fén alt so, fiosrúchán áitiúil do dhéanamh, más oiriúnach leis é, i dtaobh aon nithe a chífear do do bhaint le crích an orduithe sin do dhéanamh no do cheiliúradh (do réir mar bheidh).

(6) Ní bhainfidh ordú ar bith a dhéanfaidh an tAire fén alt so le haon chomhacht, feidhm, ná dualgas a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san no éinne acu.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “feidhmeanna forchoimeádtha” na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí de chuid an Bhárdais gur gá de thurus na huaire, do réir an ailt seo no do réir ordú ar n-a dhéanamh fén alt so, don Chomhairle féin iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

Bainisteoir Cathrach Luimnigh.

13. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfaidh duine bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé, agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Luimnigh, feidhmiú agus cólíonadh, ar son agus thar ceann an Bhárdais, ar na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí de chuid an Bhárdais a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhárdas (seachas an Bainisteoir) do cheapadh agus do chur as oifig, agus fós déanfaidh feidhmiú agus cólíonadh ar gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile de chuid an Bhárdais seachas na feidhmeanna forchoimeádtha.

(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh chontae-bhuirgí i gcoitinne no le baile-chléireach na cathrach go sonnrách, beidh an Bainisteoir, an lá ceaptha agus dá éis sin, mar bhaile-chléireach don chathair agus beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar bhaile-chléireach na cathrach le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.

(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh chontae-bhuirgí no go sonnrách le bailechléireach na cathrach agus do gheobhaidh an Bainisteoir de bhuadh é bheith mar Bhaile-Chléireach don Chathair, íocfaidh Bainisteoir na Cathrach isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.

(4) Beidh gach duine ceapfar leis an Acht so no fé mar bhainisteoir ina oifigeach don Bhárdas de bhuadh an cheaptha san.

An Bainisteoir do cheapadh.

14. —(1) Isí an Chomhairle cheapfaidh duine chun bheith mar bhainisteoir agus beidh oifig an bhainisteora ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus sara ndeintear an chéad cheapadh chun oifige an bhainisteora fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, féadfaidh, más dóich leis san do bheith oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht, duine d'ainmniú le hordú chun gniomhú mar bhainisteoir go dtí go mbeidh an chéad cheapadh san déanta, agus má deintear agus nuair a déanfar an t-ainmniú san isé an té a hainmneofar amhlaidh a bheidh, go dtí go mbeidh an chéad cheapadh san déanta, mar bhainisteoir chun crícheanna uile an Achta so seachas an méid sin den alt so bhaineann leis an mbainisteoir do cheapadh, le n-a shealbhaíocht oifige, agus le n-a chur as oifig.

(3) Beidh an bainisteoir i seilbh oifige go héag do no go heirghe as do no go dtí n-a chur as oifig.

(4) Ní cuirfear an bainisteoir as oifig gan cead an Aire agus ní dhéanfaidh an Chomhairle é chur ar fiunraoi ná é chur as oifig ach le rún do rith an Chomhairle chun é chur ar fiunraoi no chun é chur as oifig (pe'ca aca é) agus le n-ar vótáil dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt do gach ball den Chomhairle á rá go rabhthas ar intinn an rún san do thairisgint.

(5) Íocfaidh an Bárdas leis an mbainisteoir an luach saothair sin a cheapfaidh an tAire o am go ham.

(6) Féadfaidh an bainisteoir na nithe agus na rudaí sin uile do dhéanamh, ar a n-áirmhítear connartha do dhéanamh ar son agus thar ceann an Bhárdais agus séala oifigiúil an Bhárdais do chur ar scríbhinní, is gá chun feidhmithe no chun cólíonta no a bhaineann le feidhmiú no le cólíonadh aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais gur gá don bhainisteoir do réir an Achta so iad d'fheidhmiú no do chólíonadh.

(7) Ní chuirfidh an bainisteoir séala oifigiúil an Bhárdais ar aon scríbhinní ach amháin i láthair an Mhéara.

Tairisgintí do ghlacadh agus do scrúdú.

15. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach léi é, rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an nós imeachta leanfar maidir le glacadh agus le scrúdú gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairisgintí i dtaobh earraí do sholáthar, i dtaobh oibreacha do dhéanamh, no i dtaobh éinní eile go mbeidh an Bárdas tar éis a iarraidh go dleathach go gcuirfí tairisgintí isteach ina thaobh.

(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis amhlaidh.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith i bhfeidhm do rinneadh fén alt so, déanfar gach tairisgint le n-a mbaineann na rialacháin sin do ghlacadh agus do scrúdú do réir an nós imeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

Eolas do thabhairt don Mhéara agus don Chomhairle.

16. —(1) Pé uair iarrfaidh an Méara no an Chomhairle air san do dhéanamh, cuirfidh an bainisteoir ar fáil don Mhéara no don Chomhairle (pe'ca aca is gá sa chás) gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an mbainisteoir ar aon ghníomh, ní no rud a bhaineann le haon ghnó no eadarghnó de chuid an Bhárdais a bheidh luaidhte san iarratas san.

(2) I dtosach gach mí cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar agus bhéarfaidh do gach ball den Chomhairle cuntas ina dtaisbeánfar chó cruinn agus is féidir é conus a bhí an scéal ag an mBárdas i dtaobh airgeadais i ndeire an mhí roimhe sin.

An Bainisteoir do chomhairliú na Comhairle.

17. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt don Chomhairle go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú no do chólíonadh na bhfeidhmeanna forchoimeádtha agus go sonnrách maidir le héinní no le haon rud a bhaineann leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíonadh na bhfeidhmeanna forchoimeádtha agus 'na n-iarrfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh ar an mbainisteoir ina thaobh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir gach ordú dleathach do chur in éifeacht do bhéarfaidh an Chomhairle uatha maidir leis na feidhmeanna forchoimeádtha d'fheidhmiú agus do chólíonadh.

An Bainisteoir d'ullamhú pleananna, etc., don Chomhairle.

18. —Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a cheangal ar an mbainisteoir pleananna agus áireamhachtaí d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is féidir don Bhárdas go dleathach do dhéanamh, maraon le meastachán ar an geostas is dócha bhainfidh leis an obair sin do dhéanamh, agus pé uair a rithfidh an Chomhairle aon rún den tsórt san déanfaidh an bainisteoir, chó luath is bheidh caoi ann chuige, pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán do réir an rúin sin d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle.

An bainisteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den Chomhairle.

19. —(1) Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle agus páirt do thógaint i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin fé is dá mba bhall den Chomhairle é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheidh le socrú le vóta o bhaill na Comhairle.

(2) Beidh an bainisteoir i láthair ag aon chruinniú den Chomhairle no d'aon choiste den Chomhairle go n-iarrfaidh an Chomhairle air bheith i láthair aige agus bhéarfaidh don Chomhairle no den choiste sin (pe'ca aca é), ag an gcruinniú san, pé comhairle agus congnamh a cheanglóidh an Chomhairle no an coiste sin air go réasúnta do thabhairt uaidh, agus chuige sin socróidh an bainisteoir go mbeidh i láthair ag an gcruinniú san pé oifigigh de chuid an Bhárdais is gá ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san.

Eileamh ón gComhairle go ndéanfaí rud áirithe.

20. —(1) Ag cruinniú ar n-a ghairm go speisialta chuige sin fén alt so féadfaidh an Chomhairle, le rún ar n-a thairisgint agus ar n-a rith do réir an ailt seo, a éileamh go ndéanfaí, maidir le haon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais ná beidh de thurus na huaire ina bhfeidhmeanna forchoimeádtha, aon ghníomh, ní, no rud a luadhfar go speisialta sa rún san agus is féidir don Bhárdas no don bhainisteoir go dleathach do dhéanamh.

(2) Déanfar fógra, go bhfuiltear ar intinn aon rún den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairisgint, do thabhairt don bhainisteoir i scríbhinn fé láimh sheachtair bhall ar a laighead den Chomhairle agus cóip den rún san ann agus luadhfar ann lá (nách luaithe ná seacht lá agus nách déanaí ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an bainisteoir an fógra san) chun an chruinnithe den Chomhairle do chomóradh ag á mbeidh an rún san le tairisgint agus le breithniú.

(3) Pé uair do gheobhaidh an bainisteoir aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfaidh, chó luath agus is féidir é, cóip den fhógra san do chur go dtí gach ball den Chomhairle agus gairmfidh cruinniú speisialta den Chomhairle chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san ar an ngnáth-uair do chruinnithe den Chomhairle.

(4) Nuair a beifear tar éis rúin gur tugadh fógra ina thaobh fén alt so do thairisgint ag an gcruinniú den Chomhairle ar n-a ghairm chuige sin fén alt so breithneoidh an Chomhairle agus an bainisteoir an rún san agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go rithfidh an Chomhairle an rún san agus gur mó an méid ball a vótálfaidh leis an rún san ná leath ballra iomlán na Comhairle, no dhá dtrian na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, ansan, más rud é go mbeidh agus nuair a bheidh agus sa mhéid go mbeidh airgead le fáil no curtha ar fáil chuige sin, déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin sin an gníomh, an ní, no an rud is gá do réir an rúin sin do dhéanamh.

(5) Ní bheidh rún a rithfear fén alt so curtha le chéile i slí go mbainfe sé—

(a) le haon chomhacht, feidhm, no dualgas de chuid an Bhárdais d'fheidhmiú no do chólíonadh go generálta no le gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar aon chomhacht, feidhm, no dualgas den tsórt san d'fheidhmiú no do chólíonadh no le líon no le cineál de sna cásanna no do sna hócáidí sin ar n-a leathnú i slí gurb ionann é, tríd is tríd no do réir a éifeachta, agus gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar an chomhacht, an fheidhm, no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíonadh, ná

(b) le haon chomhacht no dualgas d'fheidhmiú no do chólíonadh a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh no seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne acu.

Rún ar bith do bheireann le tuigsint é bheith rithte ag an gComhairle fén alt so agus is sárú ar an bhfo-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

(6) Má eiríonn aon aighneas idir an Chomhairle agus an Bainisteoir i dtaobh aon rúin áirithe do rith an Chomhairle fén alt so do bheith ina shárú ar fhorálacha fo-ailt (5) de seo no gan a bheith, cuirfear an scéal fé bhreith an Aire.

Smacht, etc., ar oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais.

21. —(1) Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais na dualgaisí bheidh ortha mar oifigigh agus mar sheirbhísigh den tsórt san do chólíonadh do réir pé orduithe do bhéarfaidh an bainisteoir o am go ham go generálta no maidir le cólíonadh aon dualgais áirithe no aon tsaghas no saghsanna áirithe dualgaisí no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe don Bhárdas do chólíonadh aon dualgais den tsórt san, agus beidh ag an mbainisteoir agus feidhmeoidh sé smacht agus lán-mhaoirseacht ar na hoifigigh agus ar na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh no rud ar bith a dhéanfaid no a bheidh le déanamh acu go hoifigiúil mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhárdas.

(2) Fé réir aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas (do réir mar bheidh) oifigeacha agus seirbhíseacha údaráis áitiúla, breithneoidh agus socróidh an bainisteoir gach ceist a eireoidh o am go ham i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí agus aois-liúntas oifigeacha agus seirbhíseacha an Bhárdais.

An Bainisteoir do ghníomhú tré ordú shighnithe.

22. —(1) Gach gníomh no rud no socrú dhéanfaidh an bainisteoir agus, dá mb'í comhairle chontae-bhuirge do dhéanfadh é, go mbeadh sé riachtanach, do réir dlí, é do dhéanamh tré rún ón gcomhairle sin, is tré ordú i scríbhinn fé n-a láimh a dhéanfaidh an bainisteoir é agus luadhfar san ordú san an t-am do chuir sé a lámh leis amhlaidh.

(2) I gcás inar gá do chomhairle chontae-bhuirge, do réir aon Achta no fé, fógra puiblí do thabhairt i dtaobh an rúin do rith tré n-a ndeineann an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, no roimh chomóradh an chruinnithe, d'aon chomhairle den tsórt san, ag á mbeidh an rún le rith tré n-a ndéanfaidh an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, bhéarfaidh an bainisteoir fógra puiblí den tsórt chéanna sara ndéanfaidh an t-ordú tré n-a ndéanfaidh an gníomh no an rud no an socrú áirithe sin.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an bainisteoir fén alt so tuigfear chun gach críche go ndearnadh é an t-am do chuir an bainisteoir a lámh leis, agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur chuir an bainisteoir a lámh le gach ordú den tsórt san an t-am a luadhfar, san ordú san, do rinne sé amhlaidh.

(4) Coimeádfaidh an bainisteoir clár ina gcuirfear cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so agus ag gach cruinniú den Chomhairle déanfaidh an bainisteoir an méid den chlár san ina mbeidh aon orduithe den tsórt san do rinneadh o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den Chomhairle do thaisbeáint chun go bhféadfaidh baill na Comhairle é d'iniúchadh.

(5) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith ina hordú do rinne an bainisteoir fé n-a láimh, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té a tuigtear uaithi do chuir a lámh leis an scríbhinn sin ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur ordú í do rinne an bainisteoir fé n-a láimh go cuibhe fén alt so agus gur chuir an bainisteoir a lámh léi an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.

(6) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith deimhnithe i scríbhinn ag an mbainisteoir mar chóip dhílis d'ordú do rinne an bainisteoir fén alt so, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té tuigtear uaithi do dheimhnigh amhlaidh í ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur fianaise í ar a bhfuil san ordú go dtuigtear uaithi gur cóip de í agus ar an mbainisteoir do dhéanamh an orduithe sin fé n-a láimh go cuibhe fén alt so an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.

Iocaíochta d'údarú.

23. —(1) Féadfaidh an bainisteoir, le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh Chisteora na Cathrach, a údarú go n-íocfar aon íocaíocht áirithe amach as cistí an Bhárdais in aghaidh aon chostais no ar scór aon fhiachais fé n-a ndeachaidh an Chomhairle no an bainisteoir thar ceann an Bhárdais i bhfeidhmiú no i gcólíonadh do rinne an Chomhairle no an bainisteoir (pe'ca aca é) ar aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais is infheidhmithe no is ionchólíonta acusan no aige-sean fé seach fén Acht so.

(2) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a ordú go ndéanfar, i rith pé tréimhse luadhfar sa rún san, gach ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur fé bhráid an Mhéara no fé bhráid bhaill éigin eile den Chomhairle ainmneoidh an Chomhairle chuige sin o am go ham chun go gcuirfe sé a lámh leis.

(3) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, ordú tugadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúradh.

(4) Má bheireann agus pé uair a bhéarfaidh an Chomhairle aon ordú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh sé riachtanach gach ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do bheith fé láimh an Mhéara no an bhaill den Chomhairle a bheith ainmnithe chuige sin (do réir mar is gá sa chás) i dteanta bheith fé láimh na beirte luaidhtear so bhfo-alt san, ach ní bheidh ar an Méara ná ar an mball san den Chomhairle (pe'ca aca é), de dheascaibh aon ordú den tsórt san do bheith fé n-a láimh, aon fhreagarthacht ná beadh air dá mba ná tabharfaí ordú den tsórt san roimhráite.

An ciste cathardha.

24. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is amach as ciste bhunóidh an Bárdas agus dá ngairmfear “an ciste cathardha” a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas agus iad ag feidhmiú agus ag cólíonadh a gcomhacht agus a ndualgas (agus costaisí glanta na bhfiachas a bheidh ann an lá ceaptha d'áireamh).

(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á choinneáil suas le hairgead as tora aon cheann de sna rátaí 'na gcuireann an tAcht so deire leo, scuirfidh ar an lá ceaptha de bheith á choinneáil suas amhlaidh agus déanfar, an lá san, an t-airgead (más ann do) a bheidh i gcreidiúint d'aon chiste den tsórt san d'íoc isteach sa chiste chathardha, agus íocfar amach as an gciste cathardha gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfar gach suim do gheobhaidh an Bárdas, pe'ca as rátaí é no as nithe nách rátaí, d'íoc le cisteoir an Bhárdais agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora ina haonar ina glanadh mhaith don té íocfaidh an tsuim sin agus déanfaidh an cisteoir gach suim den tsórt san d'íoc isteach sa chiste chathardha.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun íocaíochta d'aon tsaghas áirithe eile do ghlacadh, ina glanadh mhaith do dhuine íocfaidh íocaíocht rátaí leis an mbailitheoir sin no íocaíocht den tsaghas áirithe eile sin leis an duine sin (do réir mar bheidh), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir nó ar an duine sin méid na híocaíochta san d'íoc leis an gcisteoir láithreach.

(5) Ní híocfar amach as an gciste cathardha íocaíochta ar bith, ach amháin pé íocaíochta bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Achta so, agus íocfaidh cisteoir an Bhárdais gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.

(6) Ní cuirfear aon chuid den chiste chathardha ná d'aon airgead a bheidh fé chúram an Bhárdais chun aon chríche ná húdaruítear leis an Acht so ná le haon Acht eile ná, i gcás airgid a thagann as cistí iontaobhais, ná húdaruítear leis na hiontaobhaisí bhaineann leis na cistí sin.

(7) Is le hairgead as an gciste cathardha coinneofar suas gach ciste fiach-laigheaduithe no ciste eile, chun fiachais do ghlanadh a thiocfaidh no le n-a mbeidh súil, is gá don Bhárdas, do réir aon reachta no fé aon reacht do bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so, do choinneáil suas agus ní dhéanfaidh éinní san alt so an Bárdas do shaoradh o n-a oblagáid gach ciste den tsórt san do choinneáil suas amhlaidh.

An ráta cathardha.

25. —(1) Na rátaí go léir (dá ngairmtear san Acht so rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so) a bheidh inghearrtha sa chathair no sa bhuirg díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, scuirfid, an 1adh lá san d'Abrán, 1935, de bheith inghearrtha ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, ach ní choiscfidh an scur san aon chuid d'aon ráta den tsórt san a bheidh, díreach roimh an dáta san, dlite agus gan íoc do bhailiú no do bhaint amach ar an dáta san no dá éis sin ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir don bhailiú ná don bhaint amach san.

(2) Buailfidh agus measfaidh agus gearrfaidh an Bárdas o am go ham, do réir an Achta so, pé ráta (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “an ráta cathardha”) is gá chun aon easnaimh ar an gciste cathardha (pe'ca easnamh a bheidh ann no le n-a mbeidh súil é) do shlánú.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an ráta dealbhais do bhualadh, do mheas, do ghearradh, do bhailiú, agus do bhaint amach, bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, leis an ráta cathardha do bhualadh, do mheas, do ghearradh, do bhailiú agus do bhaint amach, fé seach, ag an mBárdas.

(4) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), isé dhéanfaidh orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta san d'fheidhmiú, in imeachta sa Chúirt Dúithche chun airgid a bheidh dlite ar scor an ráta chathardha do bhaint amach, ná an té bhunóidh na himeachta san má orduíonn an Chúirt amhlaidh ar iarratas an duine sin.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha ná éileamh is iníoctha, go díreach no go nea-dhíreach, amach as an ráta cathardha.

(6) Taisbeánfar ar leithligh ar aghaidh no ar chúl gach nóta éilithe ráta chathardha an chuid den ráta fén bpúnt den ráta san a bheidh á cruinniú chun aon chríche agus go n-ordóidh an tAire no an Chomhairle ina taobh í do thaisbeáint ar leithligh.

Cíos do choigeartú i gcásanna áirithe.

26. —(1) I gcás tionóntachán no ionoighreachta bheidh suidhte sa Chathair no sa Bhuirg do bheith ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas le n-a gceangailtear ar an léasóir lascaine no cothromú d'íoc no do lomháil in aghaidh aon rátaí (seachas ráta dealbhais) is iníoctha ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san no an léasaí do shlánú o sna rátaí sin no do shaoradh uatha ar aon tslí eile, déanfar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dá éis sin, do laigheadú—

(a) más cíos bliantúil é, oiread agus is có-ionann le méid na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1934, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, agus

(b) más aon chíos é seachas cíos bliantúil, oiread go mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1934, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse gur dá réir a déanfar amach an cíos san agus bliain.

(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnradh tionóntachta, i scríbhinn no de bhréithe béil, le n-a gcruthnuítear ord mar a bhíonn idir tiarna talmhan agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna talmhan na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.

Ráta uisce fé chonnradh.

27. —Na forálacha den Acht so le n-a gcuirtear deire le rátaí áirithe, ní bhainfidh le héilithe (dá ngairmtear do ghnáth rátaí uisce fé chonnradh) a héileofar ar uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nách crícheanna tighis ná le huisce do chur ar fáil fé chonnradh speisialta do dhuine ar bith ná beidh aon teideal eile aige chun an uisce sin d'fháil, agus nuair a beifear ag léiriú an Achta so ní folófar na héilithe sin san abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so,” ach baileofar agus bainfear amach na héilithe sin mar chuid den ráta chathardha.

Saghsanna áirithe maoine do rátú.

28. —(1) Chun an ráta cathardha do mheas agus do ghearradh ar aon ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe go dtí an cion, de luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fe sna hAchtanna Luachála, a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal san maidir leis an ionoighreachta no an tionóntachán san no leis an saghas san (pe'ca aca é).

(2) Gach ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear, chun an ráta chathardha do mheas agus do chur ina fhiachas air, é bheith eiscithe o gach saoirse no faoiseamh riamh, agus gan teideal chun saoirse no faoisimh ar bith, ón ráta dealbhais do bheirtear do réir dlí ar shlí seachas tré laigheadú no tré rialú na luachála gur uirthi a meastar an ráta dealbhais, ach ní oibreoidh an eisceacht san chun aon leath-chíosa, do bheadh ionrátuithe i gcóir an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaoradh o n-a bheith ionrátuithe i gcóir an ráta chathardha.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so leis an luach bliantúil gur dá réir atá an cháin, alos aon ionoighreachta no tionóntacháin fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, le déanamh amach, ná ní oibreoidh chun an luach san do laigheadú.

Rátaí ar áitreabhacha folmha.

29. —(1) I gcás ionoighreachta no tionóntachán nách tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), mar a leasuítear san leis an Acht so, do bheith folamh agus an ráta cathardha á bhualadh, buailfear an ráta san ar an té (dá ngairmtear an t-únaer anso feasta) a bheidh i dteideal, de thurus na huaire, bheith i seilbh na hionoighreachta no an tionóntacháin sin, agus ar íoc an ráta san don únaer sin, beidh an t-únaer sin i dteideal aisíoc na ceathrú coda fichead den ráta san d'éileamh agus d'fháil ón mBárdas in aghaidh gach mí iomláin (ar n-a áireamh o lá ar bith de mhí go dtí dáta an lae sin sa chéad mhí eile) a bheidh an ionoighreachta no an tionóntachán san folamh chun cur leis, chun é d'atharú, no chun é do dheisiú no toisc an t-únaer sin do bheith bona fide gan bheith ábalta ar thionónta oiriúnach d'fháil do ar an gcíos maximum is ceaduithe de thurus na huaire fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Úis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, i gcás ionoighreachta no tionóntacháin le n-a mbaineann na hAchtanna san de thurus na huaire no ar chíos réasúnta i gcás aon tsaghais eile ionoighreachta no tionóntacháin.

(2) Nuair a buailfear ráta de bhuadh an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh agus a dhéanfaidh an t-únaer sin no a déanfar thar a cheann an ionoighreachta no an tionóntachán san do chur ar cíos ina dhiaidh sin agus a bheidh an ráta san no aon chuid de i riaráiste agus gan íoc, ansan, an ráta-bhailitheoir go mbeidh an ráta san ionbhailithe aige féadfaidh, i dteanta aon tslí eile agus gan dochar d'aon tslí eile chun méid an ráta san a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh do bhaint amach, fógra do sheirbheáil i bpearsain no tríd an bpost ar shealbhaire na hionoighreachta no an tionóntacháin sin ag luadh an mhéide sin a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos go léir a bheidh dlite air an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air ina dhiaidh sin alos na hionoighreachta no an tionóntacháin sin d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin glanta tríd an íoc san no ar aon tslí eile agus, ar sheirbheáil an fhógra san amhlaidh, is ag an rátabhailitheoir sin no ag á chomharba oifige a bheidh an t-aon-cheart chun an cíos go léir, a cheangail sé tríd an bhfógra san d'íoc leis féin, chun an cíos san do bhaint amach agus do glacadh agus chun glanadh maith ann do thabhairt uaidh.

(3) Ní bheidh ráta buailfear de bhuadh an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh nea-dhleathach de dhruim aon earráide no lochta i luadh ainm an únaera san ná de dhruim an tuairisc “an t-únaer” do thabhairt gan aon ainm ná eile do chur leis, agus féadfar gach ráta den tsórt san do bhaint den únaer sin d'ainneoin na hearráide no an lochta san no d'ainneoin na tuairisce sin do thabhairt.

An ráta cathardha do leasú.

30. —(1) Féadfaidh an bainisteoir o am go ham aon ráta no cáinmheas i leabhar an ráta chathardha do leasú tre ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhualadh amach as no tríd an suim ar ar rátuíodh duine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann tré n-a mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an ráta cathardha do bhualadh.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomhaire ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san o thosach agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin tuigfear gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an atharuithe sin.

Seaniasachtaí d'íoc.

31. —Gach iasacht a bheidh dlite ar an mBárdas agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar aon cheann de sna rátaí le n-a gcuirtear deire tríd an Acht so no ar aon chiste ar n-a choinneáil suas le hairgead as toradh aon ráta den tsórt san tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ina muirear ar an ráta cathardha no ar an gciste cathardha fé seach an lá ceaptha agus dá éis sin.

Fostaithe do chur ar aois-liúntas.

32. —(1) Faid a bheidh an t-alt so i bhfeidhm beidh an Bárdas ina chólucht áitiúil go gcomhacht do réir reachta liúntas do dheonadh d'éinne dá fhostaithe, seachas oifigigh, mar gheall ar a fhostaíocht do chailliúint do réir bhrí ailt 53 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus bainfidh an t-alt san 53 leis an gcathair dá réir sin ach san gus an atharú agus fé réir an atharuithe ná déanfaidh an Bárdas liúntas do dheonadh fén alt san d'fhostaí ar bith gur giorra ná fiche bliain tréimhse a sheirbhíse leis an mBárdas (agus tréimhse ar bith d'áireamh go mbeidh teideal aige fén Acht so í d'áireamh mar thréimhse sheirbhíse).

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go deireadh dhá bhlian ón lá ceaptha agus scuirfidh de bheith i bhfeidhm i ndeireadh na tréimhse sin de dhá bhliain no, má deintear an tréimhse sin d'fhaidiú fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, ar dheireadh do bheith leis an bhfaidiú is déanaí acu san.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, ar an mBárdas dá iarraidh san air, an tréimhse sin de dhá bhliain a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhaidiú tré pé tréimhse bhreise do chur léi is dóich leis is ceart.

Fostaithe sa gheas-ghnó do chur ar aois-liúntas.

33. —(1) Chun crícheanna ailt 53 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , mar atá san curtha i mbaint tríd an Acht so, beidh duine ar bith (seachas oifigeach), do bhí ar fostú roimh an lá ceaptha ag coiste an gheasa maidir leis an ngeas-ghnó, i dteideal a thréimhse ar fostú amhlaidh d'áireamh mar fhostaíocht fén mBárdas.

(2) Gach suim íocfaidh an Bárdas mar gheall ar liúntas ar n-a dheonadh do dhuine alos cailliúna oifige no fostaíochta gur leis an ngeas-ghnó do bhain a dualgaisí déanfar í do chur i gcoinnibh an chuntais ar leithligh a bheidh á choimeád ag an mBárdas maidir leis an ngeas-ghnó.

An chathair do mhaisiú.

34. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, le rún le n-a vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle do rith fén alt so, a údarú don Bhárdas airgead do chaitheamh ar mhaisiú na cathrach i gcóir ócáidí gáirdeachais phuiblí no i gcóir ócáidí oiriúnacha eile.

(2) Luadhfar i ngach rún a rithfear fén alt so an ócáid gur ina cóir a bheidh maisiú na cathrach, ar chostas an Bhárdais i bpáirt no go hiomlán, le húdarú leis an rún san agus fós an méid a bheidh le caitheamh ag an mBárdas ar an maisiú san.

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo féadfaidh an Bárdas airgead as an gCiste Cathardha do chaitheamh do réir rúin agus sa mhéid go n-údaruítear san le rún a rithfear fén alt so ach ní har aon tslí eile.

(4) An méid iomlán a chaithfidh an Bárdas chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiúil, ní raghaidh thar suim is có-ionann le ráta pingne fén bpúnt de luacháil ionrátuithe na cathrach.

Meastachán ar chostaisí agus ráta-chruinniú.

35. —(1) Cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar gach bliain airgeadais áitiúil san am orduithe agus sa bhfuirm orduithe meastachán (dá ngairmtear an meastachán ar chostaisí san alt so) ag taisbeáint na méideanna is dóich leis is gá chun costaisí an Bhárdais d'íoc, agus chun soláthar do dhéanamh in aghaidh riachtanaisí an Bhárdais, i rith na bliana airgeadais áitiúla dar gcionn.

(2) An meastachán ar chostaisí a hullamhófar gach bliain fén alt so breithneoidh an Chomhairle é ag cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear an ráta-chruinniú san alt so) ag á mbeidh an bainisteoir i láthair agus a bheidh ann an t-am a bheidh orduithe, go generálta no maidir le haon bhliain áirithe, ag an Aire agus 'na mbeidh fógra lá is fiche ar a laighead sa bhfuirm orduithe tugtha ina thaobh ag an mbaile-chléireach do gach ball den Chomhairle.

(3) Lá is fiche ar a laighead roimh an lá bheidh ráta-chruinniú le bheith ann, cuirfidh an bainisteoir chun gach baill den Chomhairle agus lóisteálfaidh in oifigí an Bhárdais cóip den mheastachán ar chostaisí is gá don Chomhairle, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san agus san am gcéanna bhéarfaidh an bainisteoir fógra sa tslí agus sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus go bhfuiltear tar éis cóip de do lóisteáil amhlaidh.

(4) Féadfaidh éinne den phuiblíocht an chóip den mheastachán ar chostaisí a bheidh lóisteálta fén alt so in oifigí an Bhárdais d'iniúchadh in aisce aon uair a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil do dhéanamh, agus déanfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán san ar chostaisí do thabhairt, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh air í.

(5) Ag ráta-chruinniú no ag aon ath-chomóradh air fén alt so féadfaidh an Chomhairle (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) leasú do dhéanamh, pe'ca tré chur leis no leigint ar lár no atharú é, ar an meastachán ar chostaisí is gá dhóibh, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san, agus déanfaidh an Chomhairle, le rún a rithfear ag an gcruinniú san no ag aon ath-chomóradh den tsórt san air, glacadh leis an meastachán san ar chostaisí go leasú no gan leasú agus, leis an rún gcéanna no le haon rún ina dhiaidh sin a rithfid ag an gcruinniú san no ag an ath-chomóradh san air, cinnfid do réir an mheastacháin sin, mar a bheidh glactha acu leis amhlaidh, ar na rátaí fén bpúnt a gearrfar chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san.

(6) Pé uair a tairgfear ag ráta-chruinniú leasú ar an meastachán ar chostaisí a bheidh á bhreithniú ag an gcruinniú san agus is dóich leis an mbainisteoir, dá ndeintí an leasú san, go ndéanfadh sé dochar mór maidir le dualgaisí na Comhairle do chólíonadh go héifeachtúil no go heconomiciúil, luadhfaidh an bainisteoir ag an gcruinniú san an agóid atá aige i gcoinnibh an leasuithe sin maraon leis na réasúin atá aige leis an agóid sin, agus leis sin breithneoidh an Chomhairle an agóid sin agus cinnfid ag an gcruinniú san gan an leasú san do dhéanamh no cuirfid ar athló an leasú san do bhreithniú tuille.

(7) Nuair a cuirfear ar athló fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leasú ar mheastachán ar chostaisí do bhreithniú tuille, ansan, tar éis gach gnó do dhéanamh is féidir do dhéanamh ag an rátachruinniú go dleathach agus go caothúil gan an ráta-chruinniú do chur ar athló, cuirfear an ráta-chruinniú ar athló go ceann ceithre lá déag ar a laighead, agus ag an ath-chomóradh ar an gcruinniú san déanfar an leasú no na leasuithe fé ndeár an cur-ar-athló (go n-atharú no gan atharú ar an gcéanna) do bhreithniú agus teacht ar bhreith i dtaobh an chéanna ach ní déanfar aon leasú eile ar an meastachán san ar chostaisí do bhreithniú ná teacht ar bhreith ina thaobh agus críochnófar gnó an ráta-chruinnithe.

Leasbhainisteoir.

36. —(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an bainisteoir ar saoire no a bheidh sé, toisc é bheith breoite no as láthair ón gCathair no curtha ar fiunraoi o chólíonadh a dhualgas, gan bheith ábalta, go sealadach, ar na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar air leis an Acht so d'fheidhmiú agus ar na dualgaisí a cuirtear air leis an Acht so do chólíonadh, féadfar leas-bhainisteoir do cheapadh fén alt so go dtí go mbeidh deire leis an saoire no leis an neamh-ábaltacht san, ach féadfar, le haontú an Aire, é do chur as oifig fén alt so aon uair le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san.

(2) I gcás an bainisteoir do bheith ar saoire, agus fós i gcás an bainisteoir do bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus gurb é bheith as láthair ón gCathair fé ndeár an neamhábaltacht san, féadfaidh an bainisteoir comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Méara roimh an saoire no an neamh-ábaltacht san (pe'ca aca é) agus ag coinne léi dho, ach i ngach cás eile, sé sin le rá, más breoiteacht no cur-ar-fiunraoi fé ndeár an bainisteoir do bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh, agus fós más rud é go mbeidh an bainisteoir ar saoire no gurb é bheith as láthair on gCathair fé ndeár é bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus ná ceapfar leas-bhainisteoir fén alt so roimh an saoire no an neamh-ábaltacht san no ar bheith ceaptha amhlaidh do go gcuirfear as oifig fén alt so é le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san, féadfaidh an Méara ach ní fhéadfaidh éinne eile comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú aon uair le linn na saoire no na neamhábaltachta san.

(3) I ngach cás isé an Méara agus ní héinne eile fhéadfaidh comhacht curtha an leas-bhainisteora as oifig fén alt so d'fheidhmiú.

(4) Beidh ag an leas-bhainisteoir, faid a leanfaidh an tsaoire no an neamh-ábaltacht gur dá druim a ceapadh é no go dtí go gcuirfear as oifig níos túisce ná san fén alt so é, comhachta uile an bhainisteora agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé feidhmeanna agus dualgaisí uile an bhainisteora agus chuige sin déanfar gach tagairt san Acht so don bhainisteoir (lasmuich de sna tagairtí don bhainisteoir san alt so agus de sna tagartí san Acht so do cheapadh, do shealbhaíocht oifige agus do luach saothair an bhainisteora) do léiriú mar thagairt fholuíonn an leasbhainisteoir.

(5) Íocfaidh an Bárdas leis an leas-bhainisteoir pé luach saothair (más ann do) ar a gcinnfidh an Chomhairle le haontú an Aire.

Có-dhéanamh Có-Choiste an Ospidéil Mheabhar-Ghalar.

37. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar atá san leasuithe le halt 77 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), isé ionaduíocht a bheidh ag an mBárdas agus ag Comhairle Chontae Luimnigh fé seach ar Chó-Choiste Bainistí Ospidéil Mheabhar-Ghalar Gheanntair Luimnigh, go dtí tar éis comórtha an dara toghacháin chathrach tar éis an Achta so do rith, ná an ionaduíocht is déanaí do cinneadh fén bhfo-alt san (7), mar atá san leasuithe amhlaidh, roimh an Acht so do rith.

An chathair do leathnú san am le teacht.

38. —(1) Féadfaidh an Bárdas, tráth ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1935, a iarraidh ar an Aire ordú sealadach do dhéanamh fén alt so ag leathnú teorann na cathrach i slí go gcuirfear leis an gcathair aon chuid áirithe de Chontae Luimnigh no de Chontae An Chláir.

(2) Pé uair do gheobhaidh an tAire iarratas ón mBárdas fén alt so, féadfaidh, tar éis fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh i dtaobh an leathnuithe le n-a mbaineann an t-iarratas san agus tar éis aon chúis do bhreithniú a dhéanfaidh comhairle na contae no comhairle cheachtair chontae de sna contaethe go mbaineann an t-iarratas san le haon chuid di a phlé leis, féadfaidh ordú sealadach do dhéanamh ag tabhairt éifeachta don leathnú le n-a mbaineann an t-iarratas san gan an leathnú d'atharú no tar éis pé atharuithe (pe'ca i bhfuirm méaduithe no i bhfuirm laighcaduithe é) do dhéanamh air is dóich leis is ceart, no féadfaidh diúltú don iarratas san.

(3) Ní bheidh éifeacht ar bith ag ordú sealadach fén alt so mara ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le haon Acht den Oireachtas ach má daingnítear agus nuair a daingneofar amhlaidh é beidh éifeacht aige do réir na dtéarmaí bheidh ann.

(4) Féadfaidh na forálacha so leanas do bheith in ordú sealadach fén alt so—

(a) forálacha a bhaineann leis an aistriú deintear tríd ar aon líomatáiste o Chontae Luimnigh no o Chontae An Chláir chun na cathrach agus is cosúil no is ionann éifeacht leis na forálacha atá san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , agus a bhaineann leis an aistriú no ba ghá mar gheall ar an aistriú deintear tríd an Acht san chun contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath ar an líomatáiste dá ngairmtear ann an tuath-líomatáiste có-cheangailte, agus

(b) pé forálacha is dóich leis an Aire is ceart maidir le maoin agus cirt agus fiachaisí do choigeartú, agus le cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do shocrú, idir an Bárdas agus comhairle aon chontae agus maidir le togha-líomatáistí d'atharú agus maidir le haon chúrsa eile eireoidh de dhruim an leathnuithe ar an gcathair a deintear leis an ordú san.

Imeachta dlí.

39. —I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriúil, a bhunóidh an Bárdas no a bunófar ina choinnibh in aon chúirt dlí no chothruim gníomhóidh an bainisteoir ar son agus thar ceann an Bhárdais agus féadfaidh gach gníomh, ní no rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean no an t-imeacht eile sin d'ullamhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint, féadfaidh san do dhéanamh ar gach slí díreach fé is dá mb'é féin an gearánaí no an cúisitheoir no an cosantóir (do réir mar is gá sa chás) sa chéanna, agus má bhaineann aon aicsean no imeacht eile den tsórt san leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíonadh aon cheann de sna feidhmeanna forchoimeádtha gníomhóidh an bainisteoir le húdarás soiléir na Comhairle agus é ag déanamh aon ghnímh, ní no ruda den tsórt san roimhráite agus tuigfear gur tugadh an t-údarás san do mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Fiosrúcháin áitiúla.

40. —Pé uair a chomórfaidh an tAire fiosrúchán áitiúil do réir orduithe no fé údarás do bheirtear leis an Acht so, bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Application of Enactments Order, 1898, leis an bhfiosrúchán san fé mar a bhaineann sé leis na fiosrúcháin a luaidhtear san Airtiogal san.

Rialacháin.

41. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Lá an toghacháin agus an lá ceaptha.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh nách déanaí ná trí mhí o dháta an Achta so do rith chun bheith mar lá an toghacháin chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá tar éis lá an toghacháin, agus nách déanaí ná sé mhí o dháta an Achta so do rith, do cheapadh chun bheith mar an lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Gearr-theideal.

43. —Féadfar Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 , do ghairm den Acht so.