An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Codlaidin Ullamhuithe.) Ar Aghaidh (CUID V. Meithilmuirfin agus Eithealmuirfin.)

1 1934

ACHT NA nDRUGANNA DAINSEARACHA, 1934

CUID IV.

Muirfin, Cocaine agus Druganna Airithe Eile.

Druganna le n-a mbaineann Cuid IV.

17. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo baineann an Chuid seo den Acht so leis na druganna so leanas, sé sin le rá:—

(a) codlaidín leighis;

(b) aon úscradh no tinctiúir de chnáib Indiathaigh;

(c) muirfín agus a chuid salann, agus diaisetilmuirfín (ar a dtugtar de ghnáth diamuirfín no héroin) agus na hestereacha eile de mhuirfín agus a gcuid salann san fé seach;

(d) cócáine (le n-a n-áirmhítear cócáine targlamach) agus ecgoinín agus a gcuid salann san fé seach, agus na hestereacha d'ecgoinín agus a gcuid salann san fé seach;

(e) aon tuaslagán no aon tanú de mhuirfín no de chócáine no dá gcuid salann san i substaint támhaigh, pe'ca fliuchánach no soladach di, ina bhfuil aon chion de mhuirfín no de chócáine, agus aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile (nách tuaslagán ná tanú den tsórt san roimhráite) ina bhfuil an cúigiú cuid per cent. ar a laighead de mhuirfín no an deichiú cuid per cent. ar a laighead de chócáine no d'ecgoinín;

(f) aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile ina bhfuil aon chion de dhiaisetilmuirfín;

(g) díhídrohídrocsaícóidéineoin, díhídrocóidéineoin, díhídromuirfíneoin, aisetildíhídrocóidéineoin, díhídromuirfín, a gcuid estereach san agus salainn aon tsubstainte acu san agus salainn a gcuid estereach san, N-ocsaoid muirfín (ar a dtugtar de ghnáth genomuirfín), na díorthaí de N-ocsaoid muirfín, agus aon díorthaí eile cúig-adamhluach de mhuirfín níotraoin;

(h) tébéin agus a cuid salann, agus (ach amháin meithilmuirfín, ar a dtugtar cóidéin de ghnáth, agus eithealmuirfín, ar a dtugtar díonín de ghnáth, agus a gcuid salann san fé seach) beinsilmuirfín agus na héatair eile de mhuirfín agus a gcuid salann san fé seach;

(i) aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile ina bhfuil aon chion d'aon tsubstaint acu san atá, de bhuadh míre (g) no míre (h) den fho-alt so, ina ndruganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so;

(j) pé druganna eile dearbhófar le hordú ón Ard-Chomhairle ar n-a dhéanamh fén alt so do bheith ina ndruganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Má chítear don Ard-Chomhairle aon díortha nua de mhuirfín no de chócáine no d'aon tsalainn de mhuirfín no de chócáine no aon alculaoid eile de chodlaidín no aon druga eile de shaghas ar bith do bheith no gur deallrathach, dá n-úsáidtí san go mí-chóir, é do bheith ina thrúig do dhroch-iarmhairtí atá, nách mór, de shaghas no de chineál na ndroch-iarmhairtí thagann as muirfín no cócáine d'úsáid no ina thrúig do dhroch-iarmhairtí is cosúil leo san, no gur féidir substaint do dhéanamh de atá no is deallrathach, dá n-úsáidtí í go mí-chóir, a bheadh ina trúig do sna droch-iarmhairtí sin, féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú fén bhfo-alt so a dhearbhú an díortha nua, an alculaoid, no an druga eile sin do bheith ina dhruga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(3) Má chítear don Ard-Chomhairle go ndearna Comhairle Chumainn na Náisiún breith, maidir le haon ullamhóid ina bhfuil druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do chur in úil, do réir Airtiogail 8 de Chonvensiún Ghenéva, 1925, do sna páirtithe sa Chonvensiún san, féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú fén bhfo-alt so a dhearbhú an ullamhóid sin do scur, o pé dáta luadhfar san ordú san, de bheith ina druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le haon ullamhóid den tsórt san beidh an ullamhóid sin, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, gan bheith ina druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle ceiliúradh do dhéanamh ar ordú do rinneadh roimhe sin fé fho-alt (2) no fé fho-alt (3) den alt so.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cialluínn an focal “ecgoinín” laevo-ecgoinín agus foluíonn sé aon díorthaí d'ecgoinín as ar féidir san do bhaint tré oibriú ceárdais;

(b) is fé is dá mba muirfín ainhídreach é a háirmheofar an percentáiste i gcás muirfín;

(c) mara ndeintear socrú eile chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, isé foras ar a n-áirmheofar percentáistí, i gcás ullamhóide fliuchánaighe, ná ar an bhforas gurb é chialluíonn ullamhóid ina bhfuil a haon per cent. d'aon tsubstaint ná ullamhóid 'na bhfuil gramme amháin den tsubstaint, más soladach di, no millilitre amháin den tsubstaint, más fliuchánach di, i ngach céad millilitre den ullamhóid, agus do réir an áirimh sin i gcás aon phercentáiste is mó no is lugha ná san.

Srian le druganna d'iomportáil le n-a mbaineann Cuid IV.

18. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead iomportála san alt so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so agus á údarú dho an druga san d'iomportáil, agus

(b) nách mó caindíocht an druga san ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

(c) gur ón tír a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

(d) gur tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead iomportála, chun druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil, do dheonadh do dhuine ar bith.

(3) Gach cead iomportála, alos druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den druga san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ón tír, agus tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is ceart dar leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada iomportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

(5) Má dheineann duine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

Srian le druganna d'easportáil le n-a mbaineann Cuid IV.

19. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil amach as Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead easportála san alt so) á údarú don duine sin an druga san d'easportáil, agus

(b) nách mó caindíocht an druga san ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

(c) gur chun na tíre bheidh luaidhte sa chead san a bheidh an druga san á chonsighniú, agus

(d) gur ón bport no ón áit a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an druga san, agus

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an druga san, agus

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead easportála, chun druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil, do dheonadh do dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir na gcoinníollacha orduithe.

(3) Gach cead easportála, alos druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den druga san d'easportáil ón bport no ón áit i Saorstát Éireann go dtí an tír, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada easportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

(5) Má dheineann duine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil contrárdha don alt so, no aon druga den tsórt san do thabhairt go dtí céibh no áit eile chun go ndéanfaí é d'easportáil contrárdha don alt so no chun go ndéanfaí é d'iompar ar uisce chun é d'easportáil amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

Déanamh agus díol druganna le n-a mbaineann Cuid IV do stiúradh.

20. —(1) D'fhonn cosc do chur le druganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'úsáid go mí-chóir, féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh fén alt so chun déanamh, díol, sealbhú agus roinnt na ndruganna san do stiúradh no do shrianadh, agus go sonnrách, ach gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo—

(a) chun a thoirmeasc aon druganna den tsórt san do dhéanamh ach amháin in áitreabh a bheidh ceadúnaithe chuige sin agus fé réir aon choinníollacha bheidh luaidhte sa cheadúnas; agus

(b) chun a thoirmease aon druga den tsórt san do dhéanamh, do dhíol no do roinnt ach amháin i gcás daoine bheidh ceadúnaithe no údaruithe ar shlí eile fé sna rialacháin sin agus fé réir aon choinníollacha bheidh luaidhte sa cheadúnas no san údarás; agus

(c) chun rialála do dhéanamh maidir le dochtúirí leighis cláruithe do thabhairt amach oideas ina mbeidh aon druga den tsórt san agus maidir le hullamhú aon oideas den tsórt san; agus

(d) chun a cheangal ar dhaoine bheidh ag déanamh, ag díol no ag roinnt aon druga den tsórt san na leabhair sin do choimeád agus an t-eolas san do thabhairt uatha, i scríbhinn no ar shlí eile, a hordófar leis na rialacháin sin.

(2) Beidh socrú sna rialacháin fén alt so chun a údarú d'aon cheimiceoir cóguisíochta, ceimiceoir agus drugaire, no drugaire cláruithe ag á mbeidh do réir dlí siopa ar oscailt chun nimheanna do dhíol—

(a) aon ullamhóid, meascán no úscradh d'aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do dhéanamh sa tsiopa i ngnáth-chúrsa a ghnótha mhion-díola, no

(b) aon druga den tsórt san do dhíol ina mhion-choda, d'ullamhú no do chumasc sa tsiopa,

fé réir comhachta an Aire chun an údaráis do tharrac siar i gcás duine ciontófar i gcionta fén Acht so.

(3) Ní tuigfear éinní bheidh in aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so d'údarú do dhuine ar bith siopa do choimeád ar oscailt chun nimheanna do dhíol ina mion-choda agus gan é i dteideal san do dhéanamh fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, mar atá san leasuithe leis an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890, ná d'údarú do cheimiceoir agus drugaire no do dhrugaire chláruithe aon oideas leighis do chumasc.

(4) Chun críche an ailt seo féadfaidh an tAire ceadúnaisí agus údaráis do dheonadh i gcóir pé tréimhsí, agus ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha, is dóich leis is ceart.

(5) Íocfar leis an Aire ar gach ceadúnas fén alt so do dheonadh pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

(6) Gach éinne—

(a) a sháróidh aon rialachán, no go dteipfidh air déanamh do réir aon rialacháin, a bheidh déanta fén alt so; no

(b) a sháróidh coinníollacha, no go dteipfidh air déanamh do réir coinníollacha, aon cheadúnais no údaráis a bheidh deonta fén alt so no dá réir;

beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.