Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Custum Airithe.)

52 1933


Uimhir 52 de 1933.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS MÁIL), 1933.

ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS DIÚITÉTHE ÁIRITHE MÁIL D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS MÁL DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[15adh Mí na Nodlag, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúité ar thuir róis.

1. —(1) Eileofar, gearrfai, agus íocfar ar na tuir róis go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 28adh lá de Mheán Fhómhair, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir reul an tor róis.

(2) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, stuie i gcóir síolrúcháin róis is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité ar shiol féir.

2. —(1) Déanfar diúité custum do réir dhá scilling an céad meáchaint d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar shíol féir de gach saghas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 28adh lá de Mheán Fhómhair, 1933, no dá éis sin.

(2) Pé nair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon carraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité breise ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta áirithe.

3. —(1) Déanfar diúité custum do réir mhéide is có-ionann le fiche per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Mhí na Samhna, 1933, no dá éis sin agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 7 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), sé sin le rá:—

(a) earraí de shaghas cótaí, falaingí, culaithirtí, gúnaí no blúsanna bheidh oiriúnach do mhná agus nách earraí cniotálta ná earraí do rinneadh do-fhlichte ná earraí bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de leathar no d'fhionnadh, agus fós codanna de sna hearraí sin agus cabhartha dhóibh, agus

(b) earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta (seachas láimhinní) bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'fhionnadh, agus fós codanna de sna hearraí sin agus cabhartha dhóibh.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim a bhí, roimh í d'iomportáil, á caitheamh no á húsáid ar shlí eile ar feadh tamaill mhaith lasmuich de Shaorstát Éireann ag duine seachas an t-iomportálaí no baill dá líntighe no dá theaghlach.

(3) An diúité forchuirtear leis an alt so ar aon earra is i dteanta agus ní hin ionad aon diúité eile bheidh inéilithe ar an earra san a bheidh sé inéilithe.

Na diútéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

4. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1933, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás percentáiste do luadh sa tríú colún den Chead Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon carra sa dara colún den Sceideal san déanfar an luadh percentáiste sin do léiriú mar ní chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) I ngach áit ina n-abartar sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, le diúité luaidhtear sa Sceideal san, bainfidh forálacha an ailt sin 8 leis an diúité sin ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, adubhradh, sa liost d'carraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(4) Fé réir forálacha an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so, beidh ag na forálacha (más aon cheann é) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh acu san feidhm maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

An diúite ar bhuidéil ghloine fholamhaáirithe d'atharú.

5. —(1) An diúité forchuirtear, le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), ar bhuidéil ghloine fholamha áirithe agus ar chrúscaí gloinc folamha áirithe agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 14 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, déanfar, maidir leis na buidéil uile is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Mhí na Samhna, 1933, no dá éis sin agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta, agus beartuithe chun beorach do chur ionta, an diúité sin d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá:—

(a) an ráta d'ocht scillinge an grósa de chéad agus ceithre buidéil cheathrachad, no

(b) an ráta luaidhtear ag an uimhir thagartha san 14.

(2) Ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so nuair is inéilithe dho do réir ocht scillinge an grósa de chéad agus ceithre buidéil cheathrachad.

Na hAchtanna sa Dara Sceideal do leasú.

6. —Na hAchtanna uile is fé seach a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so leasófar iad no déanfar deifir dóibh ar chuma eile, fé seach, sa tslí atá leagtha amach sa tríú colún den Dara Sceideal san os coinne luadh gach Achta acu san sa dara colún san agus beidh ag an hAchtanna san, mar a leasuítear iad no mar a deintear deifir dóibh amhlaidh, éifeacht maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1933, no dá éis sin.

An Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , do leasú.

7. —Déanfar agus deintear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , do leasú mar leanas, agus tiocfaidh an leasú san i bhfeidhm an 1adh lá d'Eanar, 1934, agus ón lá san amach, agus beidh éifeacht ag alt 20 den Acht san agus ag an Tríú Sceideal san dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) i mír 3 den Tríú Sceideal san—

(i) déanfar agus deintear leis seo an sliocht dar tosach an focal “Feithiclí” agus dar crícch na figiúirí “1888” do scriosadh amach agus déanfar agus deintear leis seo na focail “Na feithiclí seo leanas, sé sin le rá” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(ii) déanfar agus deintear leis seo na focail “Feithiclí eile” do scriosadh amach agus déanfar agus deintear leis seo na focail “Feithiclí a húsáidtear mar fheithiclí móra seirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 )” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(b) déanfar agus deintear leis seo an provísó so leanas do chur isteach i mír 5 den Tríú Sceideal san i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:—

“I gcás feithicle le n-a mbaineann an mhír seo agus ná tiomáintear le leictreachas agus gur mó ná tonna ach nách mó ná tonna go gceathrú a meáchaint gan ualach agus go gcuirfear ina luighe ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála ina taobh gur cuireadh an fheithicil sin le chéile i Saorstát Éireann i slí agus oiread a bheidh ceaduithe ag an Aire sin de thurus na huaire, is do réir ráta fiche púnt, in ionad an ráta de thriocha púnt a luaidhtear thuas a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar diúite alos na feithicle sin”;

(c) déanfar agus deintear leis seo an fho-mhír seo leanas do chur isteach i mír 6 den Tríú Sceideal san in ionad fo-mhíre (b) atá anois sa mhír sin, sé sin le rá:—

“(b) aon fheithicil a húsáidtear mar fheithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), agus do bhí cláruithe i Saorstát Éireann an 21adh lá d'Abrán, 1926, mar charáiste ar tuarastal de réir bhrí ailt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus ag á bhfuil inneall atá ar aon dul, maidir le háireamhacht agus déanamh, le haon chineál innill atá de thurus na huaire i dteideal sochair na míre sin roimhe seo (a)...............£12”;

(d) déanfar agus deintear leis seo na focail “atá ina caráiste ar tuarastal mar a mínítear san in alt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888,” do scriosadh amach as an gcéad phrovísó ghabhann le mír 6 den Tríú Sceideal san agus déanfar agus deintear leis seo na focail “a húsáidtear mar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 )” do chur isteach sa phrovísó san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(e) an tríú provísó ghabhann le mír 6 den Tríú Sceideal san beidh éifeacht aige, maidir le diúité d'aisíoc alos tréimhse chríochnóidh tar éis tosach feidhme Choda VIII den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , fé is dá ndeintí, alos an mhéide sin den tréimhse sin a thiocfaidh i ndiaidh an tosach feidhme sin, na focail dar tosach na focail “an fheithicil” agus dar críoch an focal “uirthi” do scriosadh amach agus na focail “taxi-mhéadar feistithe ar an bhfeithicil agus go raibh sí á húsáid go dleathach mar fheithicil sheirbhíse sraide do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), ar feadh iomlán na tréimhse gur ina haghaidh do híocadh an diúité sin,” do chur isteach in ionad na bhfocal san;

(f) déanfar agus deintear leis seo an provísó so leanas do chur isteach i mír 6 den Tríú Sceideal san i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:—

“I gcás aon fheithicle le n-a mbaineann fo-mhír (c) den mhír seo agus ná tiomáintear le leictreachas, agus atá thar sé each-neart déag, agus go gcuirfear ina luighe ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála ina taobh gur cuireadh an fheithicil sin le chéile i Saorstát Éireann i slí agus oiread a bheidh ceaduithe ag an Aire sin de thurus na huaire, ní déanfar aon diúité d'éileamh ná do ghearradh alos an mhéide is mó each-neart na feithicle sin ná sé each-neart déag.”

8. —(1) Más rud é go ndearnadh, ar cheadúnas d'fháil fé alt 13 den Finance Act, 1920, i gcóir feithicle inneall-ghluaiste, an diúité máil is inéilithe ar an bhfeithicil sin fén alt san 13 mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin d'íoc go cuibhe agus, aon tráth le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm—

(a) go ndéanfar an fheithicil sin d'úsáid i riocht no i slí no chun críche 'na mbeadh sí, dá mba ná húsáidfí í ach sa riocht no sa tslí sin no chun na críche sin, ionchurtha fén diúité sin do réir ráta níos aoirde ná an ráta san gur dá réir do híocadh an diúité sin amhlaidh, agus

(b) gur feithicil í sin ar n-a húsáid amhlaidh atá i ngach slí eile ina feithicil is ionchurtha fén diúité sin do réir an ráta san níos aoirde,

tiocfaidh an diúité sin chun bheith agus beidh sé inéilithe ar an bhfeithicil sin do réir an ráta san níos aoirde.

(2) Pé uair úsáidfidh duine ar bith feithicil inneall-ghluaiste i slí go dtiocfaidh an diúité máil is inéilithe uirthi fé sna hachtacháin a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so chun bheith inéilithe fén bhfo-alt san ar an bhfeithicil sin do réir an ráta san níos aoirde luaidhtear sa bhfo-alt san, ansan, mara mbeifear tar éis an diúité sin d'íoc do réir an ráta san níos aoirde roimh thosnú ar an bhfeithicil sin d'úsáid amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de pé suim acu so leanas is mó do chur air, sé sin le rá, fiche púnt no trí oiread na deifríochta bheidh idir méid an diúité sin do híocadh ar an bhfeithicil sin, ar an gceadúnas san d'fháil ina cóir, agus méid an diúité sin do réir an ráta san níos aoirde.

Forálacha aistarraice agus ath-iomportála i dtaobh earraí fighte.

9. —(1) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon carra do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), go ndearnadh diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), no diúité forchuirtear le halt 9 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 ( Uimh. 11 de 1932 ), d'íoc go cuibhe ar an earra san le linn na hearra san d'iomportáil amhlaidh agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann ach amháin chun críche déantóireachta, déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité sin do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san, no ar aon earraí go dtaisbeánfar gur húsáideadh an earra san chun a ndéanta no chun a n-ullamhuithe má deintear, tar éis an Achta so do rith, an earra san no na hearraí sin (pe'ca aca é) d'easportáil mar earra no earraí ceannaíochta, no do chur ar bord luinge mar stóranna, no do chur i mbanna-stóras le cur ar bord luinge mar stóranna.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt le fo-alt (6) d'alt 9 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , ní bheidh feidhm ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, maidir le hearra ar bith is ionchurtha fe dhiúité forchuirtear leis an alt san 9.

(3) Fé réir forálacha fo-ailt (6) d'alt 9 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , agus gan dochar do sna forálacha san, pé uair a déanfar, tar éis an Achta so do rith, earra is ionchurtha fe dhiúité forchuirtear leis an alt san 9 d'athiomportáil isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) beidh an earra san saor ón diúité sin ar í d'ath-iomportáil amhlaidh má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í, no

(b) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus ná raibh sí ionchurtha fé aon diúité custum le linn í d'iomportáil amhlaidh, no

(c) gur hiomportáladh an earra san sarar heasportáladh í agus gur híocadh go cuibhe gach diúité custum do bhí inéilithe uirthi ar í d'iomportáil amhlaidh agus nár lomháladh aon ais-tarrac diúité ar í d'easportáil amhlaidh no gur hais-íocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim gach ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(4) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach chun a dturuis do chríochnú, go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so.

Ailt 24, 25, agus 34 den Acht Airgid, 1933 , do leasú.

10. —Chun crícheanna alt 24, 25, agus 34 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , tuigfear rún ag á bhfuil éifeacht reachtúil de bhuadh an Achta um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) , agus a rithfear tar éis an Achta so do rith, do bheith ina Acht ar n-a rith tar éis an Achta Airgid, 1933 , adubhradh, do rith agus tuigfear diúité custum is inéilithe de bhuadh aon rúin den tsórt san do bheith forchurtha le hAcht ar n-a rith amhlaidh, agus léireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Pionós mar gheall ar choinníoll do shárú.

11. —Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll a bheidh forchurtha ag na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós caogad púnt in aghaidh gach cionta den tsórt san agus déanfar aon earra is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina taobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.

Cúram agus bainistí diúitéthe.

12. —Deintear leis seo na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so, ach amháin diúitéthe ar fheithiclí inneall-ghluaiste, do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim.

Gearr-theideal agus léiriú.

13. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so, sa mhéid go mbaineann sé le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sé le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.