|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. An tAire agus an Binse Athchomhairc.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineas le Ceannach Talmhan.) |
ACHT TALMHAN, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Riaraiste agus Athscrudu Blianachtai Ceannaigh, Ciosanna, agus Iocaiochtai Bliantula eile. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan. |
12. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun riaráiste aon bhlianachta ceannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní tosnófar ar aon imeacht den tsórt san tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamhinfheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaidh chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid riaráiste gach blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach— | |
[EN] | (a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná méid iomlán na blianachta ceannaigh sin do bhí iníoctha i rith na dtrí mblian dar chríoch an chéad lá gála sa bhliain 1933, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann leis an méid iomlán san iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos aon tráthchoda, d'aon bhlianacht cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná— | |
[EN] | (a) 45 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san i gcás blianachta ceannaigh is iníoctha ag duine alos paiste talmhan do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san; agus | |
[EN] | (b) 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san i ngach cás eile. | |
[EN] | Bainfidh an fo-alt so le blianacht cheannaigh d'ainneoin an gabháltas gur ina thaobh atá an bhlianacht san iníoctha do dhíol ar phraghas bhisithe toisc Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, go raibh riaráiste cíosa, riaráiste úis ar airgead cheannaigh, riaráiste úis in ionad cíosa no riaráiste íocaíochta in ionad cíosa dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, alos an ghabháltais gur ina thaobh atá an bhlianacht cheannaigh sin iníoctha, tuigfear chun crícheanna an ailt seo an riaráiste sin cíosa, úis ar airgead cheannaigh, úis in ionad cíosa no íocaíochta in ionad cíosa (pe'ca aca é) do bheith ina riaráiste den bhlianacht cheannaigh sin agus bainfidh an t-alt so leis sin dá réir sin. | |
[EN] | (5) Baineann an t-alt so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir ann) le gach blianacht cheannaigh atá ar marthain le linn an Achta so do rith agus atá iníoctha alos gabháltais do ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, le n-a n-áirmhítear gabháltaisí go ndearnadh chun a gceannuithe, roimh-íocanna d'íoc ar thailte do dhíol do bhí ceannuithe ag Bord na gCeanntar gCumhang as na cistí do bhí ar a gcur acu. | |
[EN] | (6) Baineann an t-alt so freisin leis na suimeanna agus leis an airgead so leanas fé is dá mba bhlianachtaí ceannaigh iad, agus chun crícheanna an ailt seo léireofar an abairt “blianachtaí ceannaigh” mar abairt fholuíonn na suimeanna agus an t-airgead so leanas adubhradh, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha ag ceannuitheoirí gabháltas go dtuigtear có-aontuithe ceannaigh chun a gceannuithe do bheith déanta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh; agus | |
[EN] | (b) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha ag tionóntaithe gabháltas coinnithe ná tuigtear có-aontuithe ceannaigh chun a gceannuithe do bheith déanta; agus | |
[EN] | (c) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise, agus riaráiste cíosanna no riaráiste úis ar airgead cheannaigh, is iníoctha ag eannuitheoirí gabháltas atá i liost de ghabháltaisí ceanntar cumhang do foillsíodh do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1931 , no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do foillsíodh do réir ailt 24 den Acht san. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí. |
13. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn chun aon riaráiste blianachta ceannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh na Coimisinéirí sin aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn amach méid riaráiste gach blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh na Coimisinéirí sin, roimh an Acht so do rith, in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an Iadh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach— | |
[EN] | (a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla na blianachta ceannaigh sin, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile, beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla na blianachta ceannaigh sin iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos aon tráthchoda, d'aon bhlianacht cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san. | |
[EN] | (4) Baineann an t-alt so le blianachtaí ceannaigh is iníoctha alos gabháltas do ceannuíodh fé Choda II agus III den Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú úis in ionad cíosa. |
14. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon úis in ionad cíosa, do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon ús den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste úis in ionad cíosa do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta ceannaigh do dhligh an t-ús san d'íoc, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach— | |
[EN] | (a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an úis sin in ionad cíosa, déanfar an riaráiste sin agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir; agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile, déanfar méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, agus an chuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an úis sin in ionad cíosa, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar na costaisí agus na eaiteachaisí sin agus ar an gcuid sin adubhradh den riaráiste sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh na costaisí agus na caiteachaisí sin agus an chuid sin adubhradh den riaráiste sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir, agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Isé méid a bheidh iníoctha ag aon tionónta ceannaigh alos aon ghála úis in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san. | |
[EN] | (4) Íocfaidh Coimisiún na Talmhan, pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, leis na daoine uile agus fé seach a bheidh ina dteideal, na suimeanna so leanas, sa mhéid ná beid san íoctha ar shlí eile leis na daoine sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) gach riaráiste úis in ionad cíosa go gcoisctear leis an alt so imeachta chun é do bhaint amach do thosnú no do chur ar aghaidh tuilleadh no dul chun cinn leo no go gcuirtear ar nea-mbrí leis an alt so breithiúntas no aithne á ordú é d'íoc; agus | |
[EN] | (b) suim is có-ionann leis an méid íocfaidh gach tionónta ceannaigh alos gach gála úis in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú íocaíochta in ionad cíosa. |
15. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon íocaíochta in ionad cíosa, do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní tosnófar ar aon imeacht den tsórt san tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon íocaíocht den tsórt san in ionad cíosa d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste íocaíochta in ionad cíosa do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta ceannaigh do dhligh an íocaíocht san in ionad cíosa d'íoc agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach— | |
[EN] | (a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla na híocaíochta san in ionad cíosa, ansan, má dílsítear agus nuair a dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile, má dílsítear agus nuair a dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan, beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla na híocaíochta san in ionad cíosa, iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Isé méid a bheidh iníoctha ag aon tionónta ceannaigh alos aon ghála íocaíochta in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san gan dochar do sna híocaíochta a horduítear do Choimisiún na Talmhan do dhéanamh fé fho-alt (4) d'alt 20 den Acht Talmhan, 1923 . | |
[EN] | (4) Ní bhaineann an t-alt so le riaráiste íocaíochta in ionad cíosa is iníoctha alos gabháltais do dílsíodh sa cheannuitheoir roimh an 31adh lá d'Iúl, 1933. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú cíosa agus úis is iníoctha le Coimisiún na Talmhan. |
16. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon riaráiste aon chíosa no úis ar airgead cheannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith. | |
[EN] | (2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste cíosa no úis ar airgead cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta no duine ag á bhfuil aon chíos no ús den tsórt san iníoctha agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an Iadh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach— | |
[EN] | (a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an chíosa no an úis sin (pe'ca aca é), déanfar an riaráiste sin agus méid na gcostaisí agus na gcaitcachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh an riaráiste, na costaisí agus na caiteachaisí sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais no an phaiste thailimh ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir; agus | |
[EN] | (b) i ngach cás eile, déanfar méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, agus an chuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an chíosa no an úis sin (pe'ca aca é), maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar na costaisí agus na caiteachaisí sin agus ar an gcuid sin adubhradh den riaráiste sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais no an phaiste thailimh ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir, agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an tionónta no an duine alos aon ghála, d'aon chíos no ús ar airgead cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná— | |
[EN] | (a) 45 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san i gcás úis is iníoctha ag duine alos paiste thailimh do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no do bhí dílsithe an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, i gCoimisiún na Talmhan, fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear an tAcht san; agus | |
[EN] | (b) 50 per cent. de mhéid iomlán an ghála san i ngach cás eile. | |
[EN] | (4) Bainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le cíos no ús ar airgead cheannaigh d'ainneoin an praghas ar a mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta an gabháltas do dhíol gur ina thaobh a bheidh an cíos no an t-ús san iníoctha do bheith ina phraghas bhisithe toise Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú, ach ní bhainfidh an fo-alt san le haon chíos no ús ar airgead cheannaigh a bheidh ar fad iníoctha alos caiteachais ar fheabhsúcháin, ar n-a geeadú go sonnrách tar éis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, chun gabháltais no paiste thailimh nea-thionóntuithe d'fheabhsú, ná leis an gcuid sin d'aon chíos no ús ar airgead cheannaigh (gur in aisíoc caiteachais den tsórt san a bheidh cuid de iníoctha) is ionchurtha i leith caiteachais den tsórt san. | |
[EN] | (5) Baineann an t-alt so le cíosanna agus ús ar airgead cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan, ag tionóntaithe gabháltas no daoine go bpaistí tailimh, fé chó-aontuithe no gealltanaisí ceannaigh, cur-ar-cíos chun áise sealadaighe, no có-aon tuithe féaraigh no eile ar thailte do thóg Bord na gCeanntar gCumhang no Coimisiún na Talmhan. | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú cíosanna is iníoctha ag fo-thionóntaithe. |
17. —I gcás iomlán gabháltais no cuid de ghabháltas le n-a mbaineann aon cheann de sna hailt sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so do bheith fo-churtha ar cíos chun críche seachas aon chríoch acu so leanas, sé sin le rá, chun féaraíochta, curadóireachta, no inbhir shealadaigh, no chun áise sealadaighe, no in aghaidh riachtanais shealadaigh, agus gan Coimisiún na Talmhan do dhéanamh orduithe, roimh an Acht so do rith, le n-a dtuigtear na fo-thionóntaithe do bheith ina dtionóntaithe ar chodanna fé leith de sna gabháltaisí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) ní dhéanfaidh an gar-thiarna aon imeacht i gcoinnibh aon fho-thionónta den tsórt san, chun riaráiste cíosa do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin do bhaint amach, do thosnú tar éis an Achta so do rith; | |
[EN] | (b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, direach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe; | |
[EN] | (c) ní dhéanfaidh an gar-thiarna aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaidh chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith; | |
[EN] | (d) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste chíosa (seachas riaráiste aon chíosa den tsórt san dob abhar imeachta i bpáirt an ghar-thiarna do bhí ar feitheamh le linn an Achta so do rith agus go ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil ionta roimh an Acht so do rith) do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach fo-thionónta den tsórt san roimhráite agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an gar-thiarna roimh an Acht so do rith in imeachta chun an riaráiste chíosa san do bhaint amach; | |
[EN] | (e) chun aon mhéide den tsórt san do dhéanamh amach féadfaidh Coimisiún na Talmhan glacadh le haon fhigiúirí ar a mbeidh có-aontuithe ag an ngar-thiarna agus an fo-thionónta le n-a mbainfidh; | |
[EN] | (f) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an chíosa (agus é laigheaduithe do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1923 ) dob’ iníoctha ag an bhfothionónta díreach roimh an gcéad lá gála sa bhliain 1933 beidh méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, ina fhiacha go n-ús do réir bhrí an ailt seo agus is sa tslí foráltar leis an alt so agus sa tslí sin amháin a bheidh sé iníoctha; | |
[EN] | (g) i ngach cás ná baineann an mhír dheiridh sin roimhe seo leis beidh méid na geostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an chíosa san, ina fhiacha go n-ús do réir bhrí an ailt seo agus is sa tslí foráltar leis an alt so agus sa tslí sin amháin a bheidh sé iníoctha agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha; | |
[EN] | (h) má deintear blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do chur mar mhuirear ar an ngabháltas déanfaidh Coimisiún na Talmhan í do roinnt ina cionúireachtaí idir na gabháltaisí ar leithligh do rinneadh den ghabháltas agus ansan— | |
[EN] | (i) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid den bhlianacht san a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta có-ionann leis na fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna sna fiacha go n-ús i gcoinnibh na suime íocfaidh tríd an gcuid sin den bhlianacht san, no | |
[EN] | (ii) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san níos mó ná na fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna sna fiacha go n-ús i gcoinnibh pé méid den chuid sin den bhlianacht san a chinnfidh Coimisiún na Talmhan do bheith ionchurtha i leith suime is có-ionann leis na fiacha go n-ús, no | |
[EN] | (iii) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san níos lugha ná an fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil, i gcoinnibh na coda san den bhlianacht san, i pé cuid de sna fiacha go n-ús is có-ionann leis an suim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san, agus is sa tslí foráltar leis an gcéad mhír eile den fho-alt so a híocfar an chuid eile de sna fiacha go n-ús; | |
[EN] | (i) mara ndeintear aon bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do chur mar mhuirear ar an ngabháltas no mara mbeidh an fo-thionónta i dteideal, fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, creidiúint d'fháil in iomlán na bhfiacha go n-ús, isé slí ina n-íocfar na fiacha go n-ús no an chuid díobh ná beidh an fothionónta i dteideal amhlaidh creidiúint d'fháil ionta ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta; | |
[EN] | (j) íocfaidh Coimisiún na Talmhan, pé tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid, leis an duine bheidh i dteideal an riaráiste sin cíosa agus costaisí agus caiteachaisí d'fháil, suim is có-ionann leis an gcuid sin (más aon chuid é) de sna fiacha go n-ús ná beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil inti fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so; | |
[EN] | (k) mara mbeidh aon fhiacha go n-ús iníoctha ag an bhfothionónta no mara bhfoluighidh an chreidiúint go mbeidh an fo-thionónta ina teideal fé sna míreanna san roimhe seo den alt so iomlán na coda den bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta déanfar an chuid sin den bhlianacht san no pé méid di ná beidh foluithe sa chreidiúint sin (pe'ca aca é) d'fhuascailt as praghas fuascailte leasa eadarghabhálaigh an ghar-thiarna chó fada is raghaidh an praghas fuascailte sin tar éis éileamh d'íoc amach as alos riaráiste (más aon riaráiste é) íocaíochta in ionad cíosa no suimeanna bliantúla no suimeanna breise agus, chó fada is ná raghaidh an praghas fuascailte sin, tré Choimisiún na Talmhan d'íoc na suime sin isteach i gCiste na mBannaí Talmhan is gá chun fuascailte na coda san den bhlianacht san do chríochnú; | |
[EN] | (l) aon tsuim íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gCiste na mBannaí Talmhan fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so féadfaidh Coimisiún na Talmhan í do bhaint den duine dhlighfidh í d'íoc, mar fhiacha atá ag dul don Stát; | |
[EN] | (m) má dhiúltuíonn Coimisiún na Talmhan do dhearbhú fo-thionónta do bheith ina thionónta ar ghabháltas ar leithligh, féadfaidh a ghar-thiarna na fiacha go n-ús alos gabháltais an fho-thionónta san do bhaint den bhfo-thionónta san fé is dá mba riaráiste cíosa do bheadh dlite ar an bhfo-thionónta san iad; | |
[EN] | (n) isé méid a bheidh iníoctha ag an bhfo-thionónta alos aon ghála chíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 agus roimh dháta an orduithe o Choimisiún na Talmhan le n-a dtuigtear an fo-thionónta do bheith ina thionónta ar chuid ar leithligh den ghabháltas ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san (agus é laigheaduithe do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1923 ). | |
[EN] |
Riaráiste agus athscrúdú cíosanna, etc., is iníoctha le Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise. |
18. —(1) Má dheineann únaer tailimh an t-ordú san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar Choimisiún na Talmhan sa tslí orduithe agus a chur ina luighe ar Choimisiún na Talmhan— |
[EN] | (a) gur talamh talmhaíochta no gur talamh féaraigh furmhór an tailimh sin no gur talamh talmhaíochta cuid de agus gur talamh féaraigh an chuid eile dhe; agus | |
[EN] | (b) gur ag an únaer féin atá an talamh san ar seilbh; agus | |
[EN] | (c) go bhfuil an talamh san á úsáid agus á shaothrú ag an únaer sin mar ghnáth-fheirm do réir slite cearta feirmeoireachta; agus | |
[EN] | (d) go bhfuil íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt so ina muirear ar an talamh san; | |
[EN] | déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid (más aon mhéid é) riaráiste na híocaíochta bliantúla san a bheidh dlite agus iníoctha alos an tailimh sin an chéad lá gála tar éis an Achta so do rith agus déanfaid ordú á dhearbhú méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, no méid is có-ionann le trí oiread méide na híocaíochta bliantúla san, pe'ca aca san is lugha, do bheith iníoctha tré bhlianacht in íoc riaráiste go n-ús a bunófar leis an ordú san agus (pe'ca bheidh aon riaráiste den tsórt san dlite agus iníoctha mar adubhradh no ná beidh) ag athscrúdú na híocaíochta bliantúla san tré mhéid na ngálaí uile den íocaíocht bhliantúil sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an lá gála san do laigheadú caoga per cent. | |
[EN] | (2) Pé uair a dhearbhóidh Coimisiún na Talmhan, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, riaráiste íocaíochta bliantúla do bheith iníoctha tré bhlianacht in íoc riaráiste go n-ús, is tríd an mblianacht san agus sa tslí sin amháin a bheidh an riaráiste sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Pé uair athscrúdóidh Coimisiún na Talmhan, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, íocaíocht bhliantúil isé méid a bheidh iníoctha alos gach gála den íocaíocht bhliantúil sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála alos na híocaíochta bliantúla san tar éis an Achta so do rith ná caoga per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht in íoc riaráiste go n-ús a bunófar fén alt so, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) áirmheofar an bhlianacht san mar mhuirear i dtánaiste don íocaíocht bhliantúil gur chun a riaráiste d'íoc do bunuíodh í; | |
[EN] | (b) déanfar, chó fada agus is féidir san i gcúrsaí an cháis, an bhlianacht san do chódhlúthú leis an íocaíocht bhliantúil sin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid; | |
[EN] | (c) féadfar an bhlianacht san d'fhuascailt tráth ar bith tré pé suim d'íoc is dóich leis an Aire Airgid is ionann agus luach na dtráthchuid go léir den bhlianacht san ná beidh tagtha chun bheith dlite an uair sin maraon le riaráiste uile na blianachta san a bheidh dlite an uair sin; | |
[EN] | (d) féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, a lomháil an bhlianacht san do laigheadú tré fhuascailt do dhéanamh ar chuid di tré pé suim d'íoc is dóich leis is ionann agus luach na coda san de sna tráth-choda go léir den bhlianacht san ná beidh tagtha chun bheith dlite an uair sin; | |
[EN] | (e) an t-airgead uile do gheobhaidh Coimisiún na Talmhan alos tráthchodanna den bhlianacht san, no alos fuascailte na blianachta san no aon choda dhi, íocfar isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise é. | |
[EN] | (5) Beidh ag Coimisiún na Talmhan, chun íocaíochta bliantúla le n-a mbaineann an t-alt so agus a beifear tar éis a athscrúdú fén alt so do bhaint amach, gach leigheas do bheadh acu chun na híocaíochta bliantúla san do bhaint amach dá mba ná rithfí an tAcht so. | |
[EN] | (6) Féadfar íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt so agus a beifear tar éis a athscrúdú fén alt so d'fhuascailt díreach i ngach slí fé mar a féadfaí í d'fhuascailt dá mba ná rithfí an tAcht so, ach isí suim a bheidh iníoctha ar an bhfuascailt sin ná caoga per cent. agus ní níos mó den tsuim do bheadh iníoctha ar an bhfuascailt sin dá mba ná rithfí an tAcht so agus fós, ma bítear tar éis blianachta in íoc riaráiste go n-ús do bhunú fén alt so alos riaráiste den íocaíocht bhliantúil sin, ní bheidh an íocaíocht bhliantúil sin ionfhuascailte go dtí go mbeidh iomlán na blianachta san fuascailte. | |
[EN] | (7) Pé uair a hiarrfar fén alt so athscrúdú do dhéanamh ar íocaíocht bhliantúil gurb é atá inti ná an t-ús is iníoctha ar ghnáth-mhorgáiste, déanfaidh Coimisiún na Talmhan, roimh an íocaíocht bhliantúil sin d'athscrúdú agus gan iarratas ar bith, déanfaid, le hordú, an gnáth-mhorgáiste sin d'atharú ina mhorgáiste thráthchodach fé alt 26 den Land Law (Ireland) Act, 1896, ach sa chás san ní bheidh an morgáiste tráthchodach san ionathscrúduithe fé cheann gach deich mblian fén alt san 26. | |
[EN] | (8) Ní bhainfidh alt 39 den Acht Talmhan, 1923 , le haon íocaíocht bhliantúil is muirear deachmha-chíosa no is tráthchuid bhliantúil chinnte in ionad muirir dheachmha-chíosa agus a hathscrúdófar fén alt so. | |
[EN] | (9) An t-easnamh a bheidh i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise de dheascaibh fiacha go n-ús do dhéanamh fén alt so de riaráiste íocaíochtaí bliantúla no de dheascaibh íocaíochtaí bliantúla d'athscrúdú fén alt so déanfaidh Coimisiún na Talmhan, sa mhéid gur gá san chun na muirear reachtúil ar an gCiste sin d'íoc, é do shlánú as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (10) Baineann an t-alt so le gach ceann de sna híocaíochtaí bliantúla so leanas is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) muirear deachmha-chíosa is iníoctha as tailte atá fe bhlianacht cheannaigh; | |
[EN] | (b) tráthchoda bliantúla cinnte in ionad muirir dheachmhachíosa is iníoctha as tailte atá fé bhlianacht cheannaigh; | |
[EN] | (c) cíos síorraíochta; | |
[EN] | (d) an t-ús ar mhorgáiste atharuithe gabháltais ar léas; | |
[EN] | (e) an t-ús ar ghnáth-mhorgáiste; | |
[EN] | (f) blianacht in aisíoc morgáiste thráthchodaigh. | |
[EN] |
Méid agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh nua. |
19. —(1) Gach roimh-íoc a déanfar fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin le ceannuitheoir do réir chó-aontuithe cheannaigh a bheidh déanta no tuigfear do bheith déanta aige (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) beidh sé ionaisíoctha tré bhlianacht cheannaigh de pé méid do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so agus tuigfear gurb é an bhlianacht cheannaigh sin an chéad bhliainchíos no an bliain-chíos bunaidh dá dtagartar in alt 5 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ). |
[EN] | (2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos gach tráthchoda d'aon bhlianacht cheannaigh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (seachas blianacht cheannaigh in aisíoc roimh-íoca do tugadh d'únaer tailimh chun an tailimh sin d'athcheannach ar shlí eile seachas fé alt 11 den Acht Talmhan, 1927 ) ná— | |
[EN] | (a) cúig is dachad per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san, i gcás blianachta ceannaigh is iníoctha alos roimh-íoca do tugadh do dhuine go bpaiste tailimh do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no do bhí dílsithe an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, i gCoimisiún na Talmhan fén Acht Talmhan, 1923 , no fé Acht ar bith le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus | |
[EN] | (b) caoga per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráth-choda san, i ngach cás eile. | |
[EN] | (3) Bainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le blianacht cheannaigh d'ainneoin an ghabháltais gur ina thaobh a bheidh an bhlianacht san iníoctha do dhíol ar phraghas bhisithe toisc Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú, ach ní bhainfidh an fo-alt san le blianacht a bheidh ar fad iníoctha in aisíoc roimh-íoca do tugadh do cheannuitheoir ar n-a cheadú go sonnrách tar éis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, chun a ghabháltais d'fheabhsú ná leis an gcuid sin de bhlianacht cheannaigh (gur in aisíoc roimh-íoca den tsórt san a bheidh cuid di iníoctha) is ionchurtha i leith roimh-íoca den tsórt san. | |
[EN] | (4) San alt so foluíonn an abairt “blianachtaí ceannaigh” suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha fé alt 9 no fé alt 27 den Acht Talmhan, 1931 . | |
[EN] |
Méid blianachtaí athscrúduithe do dhéanamh amach agus do dheimhniú. |
20. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht cheannaigh go ndeineann an Chuid seo den Acht so ina taobh an méid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos gach tráthchoda thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 do laigheadú, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (fé mar is gá sa chás) amach, maidir le gach blianacht cheannaigh den tsórt san, an méid a bheidh iníoctha in aghaidh na bliana ag an gceannuitheoir alos na blianachta ceannaigh sin de bhíthin an laigheaduithe sin; | |
[EN] | (b) mara mbíonn aon bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús iníoctha alos riaráiste den bhlianacht cheannaigh sin, bhéarfar ar an méid sin a bheidh ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha in aghaidh na bliana maidir leis an mblianacht san, agus gairmtear den mhéid sin san Acht so, an bhlianacht athscrúduithe is iníoctha alos an ghabháltais: | |
[EN] | (c) má bhíonn blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús iníoctha alos riaráiste na blianachta ceannaigh sin, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (fé mar is gá sa chás) amach suim iomlán na blianachta san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus an mhéide sin a bheidh ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha in aghaidh na bliana maidir leis an mblianacht cheannaigh sin agus isí an tsuim sin a bheidh mar bhlianacht athscrúduithe bheidh iníoctha alos an ghabháltais agus bhéarfar san mar ainm uirthi agus gairmtear san di san Acht so; | |
[EN] | (d) ar mhéid blianachta athscrúduithe do dhéanamh amach do réir an ailt seo, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (fé mar is gá sa chás) má bhíonn an gabháltas cláruithe fén Local Registration of Title Act, 1891, no más éigean fén Acht san an gabháltas do chlárú a dhearbhú láithreach don Chlárathóir Teideal cadé méid na blianachta athscrúduithe sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh agus iontrálfaidh an Clárathóir sin an méid sin sa chlár cheart chuige sin a bheidh á choimeád aige agus beidh an iontráil sin ina lán-chruthúnas chun gach críche ar mhéid na blianachta athscrúduithe sin; | |
[EN] | (e) beidh ag Coimisiún na Talmhan agus ag na Coimisinéirí sin, fé seach, gach leigheas chun blianachta athscrúduithe do bhaint amach do bheadh acu chun na blianachta ceannaigh, gur as don bhlianacht athscrúduithe sin, do bhaint amach dá mba ná rithfí an tAcht so; | |
[EN] | (f) sé gairmtear san Acht so den mhéid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos tráthchodanna blianachta ceannaigh do laigheadú amhlaidh agus de mhéid na blianachta athscrúduithe as an mblianacht cheannaigh sin do dhéanamh amach fén alt so ná athscrúdú na blianachta ceannaigh sin. | |
[EN] |
Méid agus ré blianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus an tslí ina mbainfear amach iad. |
21. —Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a bunófar fén Acht so, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) beidh an bhlianacht san iníoctha ar feadh caogad blian dar tosach an chéad lá gála tar éis an Achta so do rith i gcás blianachta alos riaráiste íocaíochta bliantúla is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise agus, i gcás gach blianachta eile, an chéad lá gála sa bhliain 1933, no dáta dílsithe an ghabháltais i gCoimisiún na Talmhan, pe'ca aca san is déanaí; | |
[EN] | (b) beidh sa bhlianacht san pé méid, ar n-a áireamh do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgid, aisíocfaidh i gceann caogad blian an tsuim, go n-ús do réir ceathair go leith per cent. per annum, gur chun í d'íoc a bunófar an bhlianacht san; | |
[EN] | (c) beidh an bhlianacht san ina muirear ar an ngabháltas ar a mbeidh an bhlianacht cheannaigh curtha mar mhuirear no as a mbeidh an cíos, an t-ús, no an íocaíocht bhliantúil eile ag teacht gur chun a riaráiste d'íoc a bunófar an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús no, i gcás ina ndearnadh le toiliú Choimisiúin na Talmhan, an gabháltas san do mhalartú ar ghabháltas nua, beidh sí ina muirear ar an ngabháltas nua san, agus beidh tosach ag an muirear san díreach i ndiaidh na blianachta ceannaigh, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile (pe'ca aca é) a bheidh curtha mar mhuirear ar an ngabháltas san no bheidh ag teacht as; | |
[EN] | (d) i gcás an ghabháltais ar a gcuirfear an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús mar mhuirear do bheith no do theacht chun bheith fé bhlianacht cheannaigh déanfar an chéad bhlianacht san do chódhlúthú, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid, leis an mblianacht cheannaigh sin; | |
[EN] | (e) tuigfear an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do bheith ina blianacht chun airgid d'aisíoc do roimh-íocadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun gabháltais do cheannach agus beidh ag Coimisiún na Talmhan agus ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fé seach, chun tráthchodanna den bhlianacht san a bheidh gan íoc do bhaint amach, na leighseanna céanna (agus leighseanna do bheirtear leis an Acht so d'áireamh) atá acu fé seach chun tráthchodanna de bhlianacht cheannaigh atá gan íoc do bhaint amach. | |
[EN] |
Blianachtaí athscrúduithe agus blianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús d'fhuascailt. |
22. —(1) Féadfar blianacht athscrúduithe nách cuid di blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán, ar gach slí díreach fé mar d'fhéadfaí an bhlianacht san d'fhuascailt dá mba ná hathscrúdófaí í fén Acht so, ach déanfar an tsuim is iníoctha ar an bhfuascailt sin do laigheadú do réir an phercentáiste chéanna gur dá réir do laigheaduíodh an bhlianacht san ar í d'athscrúdú amhlaidh. |
[EN] | (2) Féadfar an méid sin, de bhlianacht athscrúduithe gur cuid di blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, gurb é an bhlianacht cheannaigh athscrúduithe é d'fhuascailt, i bpáirt no go hiomlán, ar gach slí díreach fé mar d'fhéadfaí an bhlianacht cheannaigh athscrúduithe sin d'fhuascailt dá mba ná hathscrúdófaí í fén Acht so, ach déanfar an tsuim is iníoctha ar an bhfuascailt sin do laigheadú do réir an phercentáiste chéanna gur dá réir do laigheaduíodh an bhlianacht cheannaigh sin ar í d'athscrúdú amhlaidh. | |
[EN] | (3) Féadfar blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús nách cuid de bhlianacht athscrúduithe no an méid sin de bhlianacht athscrúduithe gur blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús é d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán, tráth ar bith, tré íoc do dhéanamh, le Coimisiún na Talmhan no le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (pe'ca aca é), sa tsuim sin, ar n-a háireamh do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid, gurb í is luach, le linn an íoctha san, do sna tráthchoda bheidh gan íoc an uair sin den bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús no den chuid sin den bhlianacht athscrúduithe sin, no don pháirt sin de sna tráthchoda san a beifear ar aigne d'fhuascailt amhlaidh. | |
[EN] | (4) I gcás blianachta in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do bheith mar chuid de bhlianacht athscrúduithe, ní déanfar an chuid sin den bhlianacht athscrúduithe sin gur blianacht cheannaigh í d'fhuascailt go dtí go mbeidh iomlán na coda san den bhlianacht athscrúduithe sin gurb í an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús í fuascailte. | |
[EN] | (5) Na suimeanna uile a híocfar chun fuascailte do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar bhlianacht athscrúduithe gur blianacht cheannaigh ar n-a bunú fé sna Land Purchase Acts, 1891 to 1919. í, no ar an gcuid sin de bhlianacht athscrúduithe gurb aon bhlianacht cheannaigh den tsórt san í, íocfar iad isteach i gCiste na mBlianacht Ceannaigh agus déanfar, pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, iad d'íoc amach as san agus isteach sa Stát-Chiste. | |
[EN] | (6) Na suimeanna uile a híocfar chun fuascailte do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, no ar an gcuid sin de bhlianacht athscrúduithe gur blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús í, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid. | |
[EN] |
Costaisí agus caiteachaisí imeachta. |
23. —(1) I gcás imeachta ar agra Choimisiúin na Talmhan no Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn do thosnú tar éis an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, agus gur chun riaráiste aon bhlianachta ceannaigh, úis in ionad cíosa, íocaíochta in ionad cíosa, suime bliantúla, suime breise, cíosa, úis, no íocaíochta bliantúla eile do bhaint amach do bunuíodh iad agus an riaráiste sin no aon chuid de do bheith iníoctha fén gCuid seo den Acht so tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, déanfar na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (pe'ca aca é) alos na n-imeacht san, déanfar, marar híocadh iad ar shlí eile roimh an Acht so do rith, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan no na gCoimisinéirí sin, pe'ca aca é. |
[EN] | (2) I gcás duine, gur bunuíodh aon imeachta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ina aghaidh chun aon riaráiste den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do bhaint amach, do dhul fé chostaisí agus caiteachaisí mar gheall ar na himeachta san déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (pe'ca aca é) na costaisí agus na caiteachaisí sin d'aisíoc leis an duine sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan no na gCoimisinéirí sin, pe'ca aca é. | |
[EN] |
Gabháltaisí agus paistí tailimh ar a bhfaghann Coimisiún na Talmhan seilbh. |
24. —Má fuair Coimisiún na Talmhan no má gheibhid ina dhiaidh seo seilbh ar ghabháltas no ar phaiste tailimh mar gheall ar fhaillí in íoc na blianachta ceannaigh, an úis, an chíosa, no na híocaíochta bliantúla eile is iníoctha alos an ghabháltais no an phaiste thailimh sin, ansan, na cinn sin de sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so do bhainfeadh leis an ngabháltas no leis an bpaiste tailimh sin dá mba ná fuigheadh Coimisiún na Talmhan seilbh air amhlaidh, bainfid leis an ngabháltas no leis an bpaiste tailimh sin d'ainneoin seilbhe d'fháil air amhlaidh. |
[EN] |
An tríú laigheadú deich-bhliantúil ar bhlianachtaí ceannaigh. |
25. —(1) I gcás ina bhféadfaí, fé alt 25 den Land Law (Ireland) Act, 1896, an tríú laigheadú deich-bhliantúil do dhéanamh ar bhlianacht cheannaigh, ach gan an tríú deich den bhlianacht san do bheith caithte roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1933, tuigfear an tríú deich sin do bheith caithte an 1adh lá san de Bhealtaine, 1933, agus laigheadófar an bhlianacht san agus tuigfear í do bheith laigheaduithe fén alt san 25 do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid chuige sin. |
[EN] | (2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an méid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos tráthchodanna de bhlianacht cheannaigh a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933, bainfid le méid laigheaduithe blianachta laigheadófar fén alt so fé is dá mb'é an méid laigheaduithe sin lán-mhéid na blianachta san. | |
[EN] |
An Ciste Urraíochta. |
26. —(1) Aon easnamh a bheidh i gCiste na mBlianacht Ceannaigh no i gCiste na mBannaí Talmhan, de dhruim blianachtaí d'athscrúdú no de dhruim laigheadú deintear leis an gCuid seo den Acht so ar na méideanna is iníoctha alos íocaíochtaí bliantúla eile, ní bheidh sé ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta. |
[EN] | (2) Na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann leis an gcuid teagmhaiseach den Chiste Urraíochta scuirfid d'éifeacht do bheith acu ar an Acht so do rith. | |
[EN] | (3) An riaráiste uile, de bhlianachtaí ceannaigh ath-scrúduithe ar n-a mbunú fé sna Land Purchase Acts, 1881 to 1889, a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an Achta so do rith, beidh sé ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta agus déanfar cúiteamh ann amach as an gciste sin leis an Stát-Chiste. | |
[EN] |
Easnaimh i gCiste na mBannaí Talmhan. |
27. —(1) Na heasnaimh a bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le riaráiste blianachtaí ceannaigh d'íoc tré bhlianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, déanfar, sa mhéid go n-ordóidh agus pé tráth no tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, cúiteamh ionta leis an gciste sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus leis sin beidh deireadh le muirear do bheith ar an gCiste Urraíochta alos na n-easnamh san. |
[EN] | (2) Na heasnaimh uile bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim blianachtaí d'athscrúdú no de dhruim laigheadú deintear leis an gCuid seo den Acht so ar na méideanna is iníoctha alos íocaíochtaí bliantúla eile déanfar, sa mhéid go n-ordóidh agus pé tráth no tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, cúiteamh ionta leis an gciste sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (3) Déanfar an méid sin (más aon mhéid é), de gach suim a híocfar isteach i gCiste na mBannaí Talmhan alos blianachta athscrúduithe, is ionchurtha i leith blianachta in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús is cuid den bhlianacht athscrúduithe sin d'íoc amach as an gciste sin agus isteach sa Stát-Chiste pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid. |