An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Suimeanna do Bhaint de Thuarastail i Seirbhisi Puibli.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

37 1933

ACHT SEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933

CUID III.

Suimeanna do Bhaint de Dheontaisi Reachtula agus de Dheontaisi eile agus de Thuarastail Airithe.

Suimeanna do bhaint de thuarastail íocann cóluchtaí reachtúla áirithe.

9. —(1) Baineann an t-alt so le gach bord, coimisiún, cuideachta, no cólucht eile—

(a) gur le reacht speisialta no fé do bunuíodh é no go ndearnadh foráil shoiléir le reacht speisialta chun a bhunuithe no atá, cé go bhfuil sé ionchorpruithe fé reachtanna go bhfeidhm ghenerálta, á rialáil i bpáirt le reacht speisialta; agus

(b) gur leis an Stát-Chiste a bhíonn iomlán a bharrachais ioncuim no cuid de iníoctha agus san mar bharrachas no i bhfuirm dividenda no i bhfuirm aisíoctha roimhíocanna.

(2) Bainfear den tuarastal uile thuillfidh aon bhall de chólucht le n-a mbaineann an t-alt so, agus is iníoctha leis an mball san, mar bhall den tsórt san i rith na bliana airgeadais atá anois ann suim de pé méid, agus san pé tráthanna, ordóidh an tAire i ngach cás, ag féachaint do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so agus do chúrsaí an cháis.

(3) Déanfaidh gach cólucht le n-a mbaineann an t-alt so, i pé slí agus pé tráthanna cheadóidh an tAire, suimeanna do bhaint de sna tuarastail a thuillfidh daoine (seachas baill) ar fostú ag an gcólucht san, agus is iníoctha leo, i rith na bliana airgeadais atá anois ann, pé suimeanna ar a geinnfidh an cólucht san tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire agus ag féachaint do mhéideanna na suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so.

(4) Déanfar gach suim a bainfear de thuarastail fén alt so do chur de láimh i pé slí ordóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an gcólucht le n-a mbaineann.

(5) Déanfar, maidir le gach cólucht le n-a mbaineann an t-alt so agus is cuideachta atá ionchorpruithe fé sna hAchtanna Cuidcachtan, 1908 go 1924, an focal “ball” do léiriú mar fhocal ná cialluíonn ach baill den chólucht san is stiúrthóirí ar an gcólucht san.

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le saghsanna áirithe cóluchtaí.

10. —I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, le haon fhundúireacht oideachais (nách príomh-scoil, coláiste príomh-scoile ná meán-scoil) no le bord, coimisiún, cuideachtain, cumann, no cólucht eile (pe'ca corpruithe no neamh-inchorpruithe dho) agus an deontais sin uile no cuid de do bheith ar fáil ag an bhfundúireacht no ag an gcólucht san chun tuarastail daoine d'íoc a bhíonn ar fostú ag an bhfundúireacht no ag an gcólucht san, bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann pé suim a dhéanfaidh an tAire, tar éis do pé comhairle do ghlacadh le húdarás rialúcháin na fundúireachta no an chóluchta san is dóich leis is ceart, a chinneadh, ag féachaint don chion den deontas san a cuirtear de ghnáth chun na dtuarastal san d'íoc do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so, agus do chúrsaí eile an cháis.

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le húdaráis áitiúla, etc.

11. —(1) I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as an bPrímh-Chiste no as ciste fé chúram Aire no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, le haon údarás áitiúil no le haon choiste no cólucht eile gur údarás áitiúil a cheapann a bhaill uile no cuid acu agus an deontais sin uile no cuid de do bheith ar fáil chun tuarastal d'íoc bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) pé suim a dhéanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle le gach Aire eile go bhfeictear do baint do bheith aige leis an scéal, a chinneadh, ag féachaint don chion den deontas san a cuirtear de ghnáth chun tuarastal d'íoc, do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so, agus do chúrsaí eile an cháis.

(2) Ní déanfar, fén alt so, aon tsuim do bhaint de dheontas a híoctar le húdarás áitiúil, le coiste, no le cólucht eile i gcóir no alos seirbhísí gurb é an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláintc Puiblí a dheineann no gur fé n-a chúram a deintear iad do riaradh más deimhin leis an Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an cólucht san do bheith tar éis suimeanna do bhaint, agus san do réir mar a cheaduigh an tAire tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, de sna tuarastail do thuill daoine i bhfostaíocht an chóluchta san, agus dob iníoctha leo, sa bhliain airgeadais atá anois ann.

Suimeanna do bhaint de thuarastail de bhíthin suimeanna do bhaint de dheontaisí.

12. —(1) Pé uair a déanfar, fé aon cheann de sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, suim do bhaint de dheontas féadfaidh aon bhord, údarás, coiste, no cólucht eile do gheobhaidh (go díreach no go nea-dhíreach) an deontas san no cuid de suimeanna do bhaint de sna tuarastail a thuillfidh daoine i bhfostaíocht an chóluchta san agus is iníoctha leo sa bhliain airgeadais atá anois ann, pé suimeanna is dóich leis an gcólucht san, le ceadú an Aire, do bheith ceart, ag féachaint do mhéid na suime bheidh bainte amhlaidh den deontas san no den chuid sin de, don chion den deontas san no den chuid sin de cuirtear de ghnáth chun na dtuarastal san d'íoc, agus do chúrsaí eile an cháis.

(2) Sara dtugaidh an tAire a cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so raghaidh i gcomhairle le gach Aire eile (más aon Aire é) go bhfeictear do baint do bheith aige leis an scéal.

(3) I gcás búird, údaráis, coiste no cóluchta eile (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an cólucht a céad-luaidhtear) d'fháil (go díreach no go nea-dhíreach) aon deontais den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so no aon choda d'aon deontas den tsórt san agus cóluchta eile (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara cólucht a luaidhtear) do bheith i dteideal do réir dlí iomlán a gcaiteachaisí no aon chuid díobh d'éileamh ar an gcólucht a céad-luaidhtear agus d'fháil uatha tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur cólucht atá ag fáil coda den deontas san an dara cólucht a luaidhtear.

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le príomhscoileanna agus le coláistí príomh-scoile.

13. —I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as airgead puiblí le príomh-scoil no le coláiste príomh-scoile bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann pé suim, nách mó ná cúig per cent. de mhéid an deontais sin, a chinnfidh an tAire.

Suimeanna bainfear de dheontaisí do chur de láimh.

14. —Déanfar na suimeanna uile bainfear d'aon deontas fén gCuid seo den Acht so do choimeád (fé mar is gá sa chás) sa Stát-Chiste no sa chiste as a n-íoctar an deontas san agus beid ar fáil chun críche ar bith chun a mbíonn airgead sa Stát-Chiste no sa chiste eile sin (do réir mar bheidh) ar fáil go dleathach.