An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Suimeanna do Bhaint de Dheontaisi Reachtula agus de Dheontaisi eile agus de Thuarastail Airithe.)

37 1933

ACHT SEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933

CUID II.

Suimeanna do Bhaint de Thuarastail i Seirbhisi Puibli.

Baint na Coda so den Acht so.

6. —(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach duine atá, aon tráth i rith na bliana airgeadais atá anois ann—

(a) ar fostú—

(i) mar oifigeach coimisiúnta i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no mar shéiplíneach dóibh, no

(ii) mar oide i scoil náisiúnta, no

(iii) in aon fheadhmannas i gcoláiste ullmhúcháin, no

(iv) in aon fheadhmannas síbhialta eile, pe'ca buan no sealadach do, i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann; agus

(b) ag fáil luach saothair i bpáirt no go hiomlán (pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é) amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas no as ciste fé chúram Aire.

(2) Baineann an Chuid seo den Acht so le duine pe'ca fostaíocht lán-aimsire no páirt-aimsire atá aige, no fostaíocht i gcóir oibre áirithe no ócáide áirithe, agus pe'ca le reacht no ar shlí eile atá méid a thuarastail socair, ach ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so le duine ach faid a bheidh sé agus sa mhéid a bheidh ar fostú agus ag fáil luach saothair i slí luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

(3) In ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, ní bhaineann an Chuid seo den Acht so le haon bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda, ná le haon bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

Suimeanna do bhaint de thuarastail

7. —(1) Bainfear de gach tuarastal a thuilfidh gach duine fé leith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus is iníoctha leis an duine sin, i rith na bliana airgeadais atá anois ann suim a háirmheofar do réir an ráta luaidhtear agus do réir na bhforálacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus 'na bhfuil baint acu leis an duine sin.

(2) Bainfear de gach ceann de sna deontaisí luaidhtear i gCuid IV den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus a deonfar i rith na bliana airgeadais atá anois ann agus alos na bliana san, suim a háirmheofar do réir an ráta luaidhtear sa Chuid san IV.

(3) An tsuim a bheidh le baint de thuarastal éinne fén alt so, déanfar, sa mhéid gur féidir é, í do bhaint go rátúil de gach íocaíocht den tuarastal san a híocfar sa bhliain airgeadais atá anois ann.

(4) I gcás liúntaisí no sochair a tugtar ar shlí eile seachas in airgead do bheith ina gcuid de thuarastal duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ní déanfar an tsuim a bheidh le baint den tuarastal san fén alt so (cé gur ar iomlán an tuarastail sin a háirmheofar í) do bhaint ach amháin den chuid den tuarastal san a híoctar in airgead.

(5) Gach suim do baineadh, roimh an Acht so do rith, de thuarastal a híocadh le duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus do bheadh á baint go dleathach de thuarastal fén alt so dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, tuigfear gur fén alt so do baineadh den tuarastal í agus go bhfuil an bhaint sin agus go raibh sí riamh dleathach dá réir sin.

(6) Déanfar na suimeanna uile bainfear de thuarastail no de dheontaisí fén gCuid seo den Acht so, no a tuigfear do bheith bainte dhíobh amhlaidh, do choimeád sa Stát-Chiste no sa chiste oiriúnach fé chúram Aire (do réir mar is gá sa chás) agus beid ar fáil chun críche ar bith chun a mbíonn airgead sa Stát-Chiste no sa chiste oiriúnach san (do réir mar bheidh) ar fáil go dleathach.

Aighnis, etc., do shocrú.

8. —Isé bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist, agus aighneas a eireoidh, i dtaobh duine do bheith ina dhuine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so no gan a bheith, no i dtaobh méid tuarastail éinne chun crícheanna na Coda so den Acht so, no i dtaobh méid na suime bheidh le baint fén gCuid seo den Acht so d'aon tuarastal den tsórt san, isé bhéarfaidh breith ortha ná an tAire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin ortha.