|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT SEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933) | Ar Aghaidh (CUID II. Suimeanna do Bhaint de Thuarastail i Seirbhisi Puibli.) |
ACHT SEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933 , do ghairm den Acht so. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid; cialluíonn an abairt “an bhliain airgeadais atá anois ann” an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933; | |
[EN] | foluíonn an focal “ráta” percentáiste; | |
[EN] | déanfar tagairtí d'fhostaíocht do léiriú mar thagairtí fholuíonn tógaint i gcóir fostaíochta agus cur in áirithe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “scoil náisiúnta” bun-scoil phuiblí lae ar n-a ceadú ag an Aire Oideachais mar scoil náisiúnta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “coláiste ullmhúcháin” coláiste ullmhúcháin ar n-a bhunú ag an Aire Oideachais. | |
[EN] |
Míniú ar “tuarastal.” |
3. —(1) San Acht so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir) foluíonn an focal “tuarastal” gach tuarastal, íocaíocht, págh, coimisiún, táille agus luach saothair eile, pe'ca fé reacht, ordú no rialachán no ar shlí eile ar bith atáid socair no a híoctar iad, agus pe'ca tré thagairt do thréimhse aimsire no tré thagairt don obair a deintear a háirmhítear iad, no ar fhoras ar bith eile, agus foluíonn an focal san, freisin, liúntaisí agus sochair (pe'ca deintear iad d'íoc in airgead no iad do thabhairt i slí eile seachas in airgead) is cuid den luach saothair a ghabhann le hoifig, ach ní fholuíonn sé aon íocaíocht a tugtar mar liúntas le haghaidh costaisí áirithe no in aisíoc costaisí áirithe fé n-a dtéightear ná aon íocaíocht (pe'ca ar leithligh no ina cuid de luach saothair eile dhi) ná tugtar ach mar liúntas (seachas liúntas le haghaidh éide no liúntas le haghaidh gnáth-chulaithe) i gcóir fearais riachtanaigh no mar chabhair chuige sin. |
[EN] | (2) Má bhíonn duine i seilbh dhá oifig no níos mó gur gá do réir na Coda céanna den Acht so suimeanna do bhaint de sna tuarastail a ghabhann leo tuigfear, maidir leis na suimeanna san do bhaint díobh amhlaidh, gurb é atá mar thuarastal ag an duine sin ná méid iomlán tuarastal fé seach na n-oifigí sin agus bainfear den mhéid iomlán san pé suim dob‘ oiriúnach a bhaint de dá mb'é an méid iomlán san— | |
[EN] | (a) i gcás nách oifig lán-aimsire ach ceann amháin de sna hoifigí sin, tuarastal na hoifige lán-aimsire sin, no | |
[EN] | (b) in aon chás eile, tuarastal na hoifige sin de sna hoifigí sin gur léi a ghabhann an tuarastal is mó. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an Aire go ndearnadh méid tuarastail oifige do shocrú i slí gur liúntas i gcóir costaisí gur gá dul fútha i gcólíonadh dualgaisí na hoifige sin cuid nea-chinnte den tuarastal san déanfaidh an tAire a chinneadh, chun crícheanna an Achta so, cad é an cion den tuarastal san is ionchurtha i leith an liúntais sin agus leis sin ní déanfar an cion a cinnfear amhlaidh d'áireamh ar thuarastal na hoifige sin, ná ní bheidh sé mar chuid de, chun crícheanna an Achta so. | |
[EN] | (4) Má thárlann do dhuine, atá ag fáil tuarastail gur gá do réir Choda II den Acht so suim do bhaint de, luach saothair speisialta de thuilleamh agus d'fháil (i dteanta a ghnáth-thuarastail) i rith na bliana airgeadais atá anois ann alos seirbhísí do thabhairt uaidh i rith na bliana san no aon choda dhi, tuigfear gurb é is ráta bliantúil a thuarastail chun crícheanna an Achta so ná iomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) ráta bliantúil a ghnáth-thuarastail, agus | |
[EN] | (b) méid iomlán an luach saothair speisialta san a bheidh tuillte agus faighte aige sa bhliain airgeadais atá anois ann. | |
[EN] | (5) Má dheineann duine, gur gá do réir Choda II den Acht so suim do bhaint dá thuarastal, a chur ina luighe ar an Aire gur ar chuireadh do fuair sé o Rialtas Shaorstáit Éireann no thar ceann an Rialtais sin tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do ghlac sé post i bhfeadhmannas síbhialta i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann agus, chun an phuist sin do ghlacadh, gur eirigh sé as post i seirbhís phuiblí thíre eile, ansan agus in aon chás den tsórt san, más dóich leis an Aire, ag féachaint do sna téarmaí ar ar ghlac an duine sin an post san a céad-luaidhtear, é bheith cothrom agus réasúnta gan luach saothair no gan cion éigin de luach saothair an duine sin d'áireamh mar thuarastal chun crícheanna an Achta so cinnfidh an tAire ná tuigfear cuid ar bith no ná tuigfear ach cuid áirithe (do réir mar bheidh) de luach saothair an duine sin do bheith ina tuarastal chun crícheanna an Achta so. | |
[EN] |
Cosaint do phinsin, etc. |
4. —(1) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a háirmhítear méid aon chúitimh, aois-liúntais, pinsin, no aisce ná do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a háirmhítear síntiúisí chun ciste phinsin no fé scéim aois-liúntais, agus dá réir sin ní déanfar suimeanna bainfear de thuarastal fén Acht so no dá bhuadh do chur san áireamh nuair a bheidh aon chúiteamh, liúntas, pinsean, aisce no síntiús den tsórt san á áireamh ná nuair a bheidh aon mheánacht is foras don áireamh san á dhéanamh amach. |
[EN] | (2) I gcás duine dar deonadh aois-liúntas no pinsean do bheith ag fáil tuarastail go mbaintear suim de fén Acht so is tré thagairt do mhéid iomlán an tuarastail sin a déanfar an méid den liúntas no den phinsean san is iníoctha d'áireamh, agus ní déanfar chun na críche sin an tsuim sin do chur san áireamh. | |
[EN] |
Connartha seirbhíse do bhuanchoimeád. |
5. —Má deintear, fén Acht so, suim do bhaint de thuarastal a híoctar fé chonnradh seirbhíse ní oibreoidh san chun deireadh do chur leis an gconnradh san agus, in ainneoin na suime sin do bhaint den tuarastal san leanfaidh an connradh san ar marthain ach san fé réir na hoblagáide no an chirt chun na suime sin do bhaint den tuarastal san agus fé réir na hoblagáide chun san d'fhulag. |