An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceadunaisi chun Feithicli Inneall-Ghluaiste do Thiomaint.) Ar Aghaidh (CUID V. Arachas Eigeanta I gCas Unaeri Feithicli Inneall-Ghluaiste.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID IV.

Teoranta Luais d'Fheithicli Inneall-Ghluaiste.

Gnáth-theoranta luais.

46. —(1) Is luas chúig mhíle fichead san uair a' chluig a bheidh mar ghnáth-theora luais do mhótar-fheithiclí éadtroma le linn iad d'úsáid chun feithicle eile do tharrac.

(2) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do mhótar-fheithiclí troma go mbeidh buinn aeir ar a rothaí uile, sé sin le rá :—

(a) i gcás aon fheithicle den tsórt san is feithicil mhór sheirbhíse puiblí—

(i) má bhíonn urlár ann i gcóir suidheachán paisnéirí agus an t-urlár san ar fad no aon chuid de díreach os cionn urláir eile no aon choda d'urlár eile den tsórt san, luas fiche míle san uair a' chluig, no

(ii) mara mbíonn urlár den tsórt san ann, luas chúig mhíle triochad san uair a' chluig;

(b) i gcás aon fheithicle den tsórt san nách feithicil mhór sheirbhíse puiblí—

(i) le linn í d'úsáid chun feithicle do tharrac ná beidh buinn aeir ar a rothaí uile no ar chuid dá rothaí, luas deich míle san uair a' chluig,

(ii) le linn í d'úsáid chun feithicle do tharrac go mbeidh buinn aeir ar a rothaí uile, luas fiche míle san uair a' chluig,

(iii) le linn í d'úsáid ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas chúig mhíle fichead san uair a d' chluig.

(3) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do mhótar-fheithiclí troma ná beidh buinn aeir ar a rothaí uile no ar chuid dá rothaí, sé sin le rá :—

(a) le linn í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, luas deich míle san uair a' chluig;

(b) le linn í d'úsáid ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas chúig mhíle déag san uair a' chluig.

(4) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do ghluaisteoirí, sé sin le rá :—

(a) i gcás gluaisteora go mbeidh buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc ar a rothaí uile agus a bheidh á úsáid chun feithicle amháin eile do tharrac no ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas deich míle san uair a' chluig;

(b) i gcás ar bith ná baineann an mhír sin roimhe seo leis, luas chúig mhíle san uair a' chluig.

(5) San Acht so cialluíonn an abairt “gnáth-theora luais” an luas is gnáth-theora luais, de bhuadh an ailt seo, don fheithicil inneall-ghluaiste gur ina taobh a húsáidtear an abairt agus sna cúrsaí dá dtagartar sa chó-théacs.

Gnáth-theoranta luais d'atharú.

47. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, atharú i bhfuirm méaduithe no laigheaduithe do dhéanamh ar an ngnáth-theora luais a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so, no bheidh ceaptha le hordú roimhe sin fén alt so, i dtaobh aon tsaghais áirithe feithiclí inneallghluaiste.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, atharú do dhéanamh (tré chur leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú) ar an gcineál no ar an saghas feithiclí inneall-ghluaiste le n-a mbaineann gnáth-theora luais a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so no bheidh ceaptha le hordú roimhe sin fén alt so.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so, is fé réir forálacha an orduithe sin a bheidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(4) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é cheadú le rún o gach Tigh acu san.

Teoranta luais speisialta.

48. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis fiosrúcháin phuiblí do chur ar siúl, rialacháin do dhéanamh le n-a n-ordófar, alos aon bhóthair áirithe no alos na mbóthar uile in aon líomatáiste áirithe, an luas a bheidh, gach tráth no ar feadh tréimhsí áirithe no ar ócáidí áirithe, mar theora luais speisialta ar an mbóthar no ar na bóithre sin do gach cineál no aon chineál no cineálacha feithiclí agus féadfaidh luasanna deifriúla d'ordú amhlaidh alos cineálacha deifriúla feithiclí.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin fén alt so ach amháin ar iarratas an Choimisineura no ar iarratas an údaráis áitiúla gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an bóthar gur leis a bhainfidh no an líomatáiste áirithe gur leis na bóithre ann a bhainfidh na rialacháin sin agus ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán den tsórt san do cheiliúradh ná do leasú ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus leis an údarás áitiúil sin.

(3) An Chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar no cuid de bhóthar do choinneáil i dtreo le n-a mbaineann rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so cuirfid suas agus coinneoid i dtreo comharthaí chun a thaisbeáint na teoranta luais speisialta, ar n-a bhforchur leis na rialacháin sin, do bheith ann agus cadé an saghas iad, agus beidh feidhm ag alt 36 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), maidir leis na comharthaí sin díreach fé mar atá feidhm aige maidir leis na comharthaí luaidhtear san alt san.

(4) Gach teora luais do forchuireadh laistigh d'aon teoranta no áit le rialachán ar n-a dhéanamh fé alt 9 den Motor Car Act, 1903, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so leanfaidh i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin agus tuigfear chun gach críche (le n-a n-áirmhítear ciontaí agus pionóisí) gur teora luais do réir bhrí an ailt seo é agus an rialachán le n-ar forchuireadh an teora luais sin féadfar é do cheiliúradh no do leasú fé is dá mba fén alt so do déanfaí é.

(5) San Acht so cialluíonn an abairt “teora luais speisialta” luas is teora luais speisialta, de bhuadh rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, sa líomatáiste gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

(6) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) is údarás áitiúil gach cólucht acu so leanas, sé sin le rá, gach comhairle chontae-bhuirge, gach comhairle chontae, gach comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí gach baile go gcoimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, agus

(b) ní cuid de líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae aon bhailecheanntar ná aon bhaile go gcoimisinéirí den tsórt san roimhráite atá sa chontae sin.

Sárú teoranta luais do thoirmeasc.

49. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, in áit phuiblí ná beidh aon teora luais speisialta a bhaineann leis an bhfeithicil sin i bhfeidhm ann, ar luas is mó ná an gnáth-theora luais (más ann di) a bhaineann leis an bhfeithicil sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil do thiomáint, in áit phuiblí ina mbeidh teora luais speisialta bhaineann leis an bhfeithicil sin i bhfeidhm de thurus na huaire, ar luas is mó ná an teora luais sin.

(3) Gach duine thiomáinfidh feithicil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an tríú cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Tiomáint neamhaireach do thoirmeasc.

50. —Gach duine thiomáinfidh feithicil in áit phuiblí gan áird réasúnta do thabhairt ar dhaoine, ar fheithiclí agus ar thrácht eile bheidh ag úsáid na háite sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tiomáint chontabharthach do thoirmeasc.

51. —(1) Gach duine thiomáinfidh feithicil in áit phuiblí ar luas no i slí bheidh, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis (ar a n-áirmhítear cineál, staid, agus úsáid na háite sin agus an méid tráchta bheidh san áit sin an uair sin no go bhféadfaí le réasún súil a bheith le n-a bheith ann an uair sin), contabharthach don phuiblíocht beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) I gcúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so, ní cosaint a chruthú ná raibh an luas ar a raibh an fheithicil le n-a mbaineann á tiomáint ag an duine cúisithe san am agus san áit ina n-abartar do rinneadh an cionta san, ná raibh an luas san níos mó ná gnáth-theora luais no teora luais speisialta do bhain leis an bhfeithicil sin san am san agus san áit sin.

(3) I gcúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so féadfar, mara gciontuítear an duine cúisithe sa chionta san, é do chiontú i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so.

Toirmeasc ar fheithicil do thiomáint agus í contabharthach de dheascaibh lochta.

52. —Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí agus locht sa bhfeithicil sin no sa mheaisínteacht inti dob eol don duine sin no d'fhéadfadh sé a fháil amach dá mbeadh sé aireach mar is cuibhe agus an locht san de shaghas go mbeidh an fheithicil sin agus í ar gluaiseacht contabharthach do dhaoine agus d'fheithiclí eile bheidh ag úsáid na háite sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Forálacha speisialta do bhriogáidí múchta tóiteán, d'othar-chóistí, etc.

53. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag saoradh feithiclí briogáide múchta tóiteán, othar-chóistí, agus cineálacha speisialta eile feithiclí o aon fhoráil no fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so agus ag ordú coinníollacha agus teoranta aon tsaortha den tsórt san.

(2) Pé uair a déanfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, feithicil do shaoradh o fhoráil den Chuid seo den Acht so, beidh an fhoráil sin, fé réir na gcoinníollacha ar a mbronnfar agus na dteoranta le n-a mbronnfar an saoradh san amhlaidh, gan baint aici leis an bhfeithicil sin.

A ordú do sheirbhíseach dul thar teora luais.

54. —(1) Má orduíonn únaer omnibus do thiománaí an omnibus san dul do réir chláir ama agus má bhíonn an clár ama san ceaptha i slí ná féadfaidh an tiománaí sin dul dá réir gan an t-omnibus san do thiomáint ar luas do bheadh ina shárú ar an gCuid seo den Acht so, tuigfear an t-únaer san do chabhrú no do neartú le cionta do dhéanamh no do chomhairliú cionta do dhéanamh no do chur chionta á dhéanamh, is inphionósuithe ar chiontú ann ar an slí achmair, do réir bhrí ailt 22 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

(2) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) má cruthuítear go ndearna únaer omnibus clár ama i gcóir an omnibus san do thabhairt amach dá fhostaithe uile no d'aon fhostaí acu no don phuiblíocht, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite gur orduigh an t-únaer san do thiománaí an omnibus san dul do réir an chláir ama san;

(b) beidh deimhniú á thabhairt le tuiscint é bheith sighnithe agus tugtha amach ag oifigeach do Shuirbhéireacht an Ordonáis agus é bheith á dheimhniú cadé an fhaid atá idir aon dá áit, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite (gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach san é do thabhairt) gurb é an fhaid adeirtear sa deimhniú san an fhaid atá idir an dá áit sin.

Fianaise agus fógra i dtaobh ciontaí.

55. —(1) Más rud é gur gá, chun a chruthú go ndearnadh cionta fén gCuid seo den Acht so, a chruthú cadé an luas ar a raibh duine (pe'ca an duine cúisithe é no duine eile) ag tiomáint feithicle ar ócáid áirithe, ní glacfar fianaise nea-neartuithe aon fhínné amháin, á rá cadé an luas is dóich leis ar a raibh an duine sin ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin, ní glacfar san mar chruthúnas ar an luas san.

(2) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus gurb é cionta é sin ná feithicil do thiomáint contrárdha d'fhoráil den Chuid seo den Acht so, ní ciontófar an duine sin sa chionta san mara gcuirtear ná go dtí go gcuirfear ina luighe ar an gcúirt—

(a) gur tugadh foláramh don duine sin le linn do an cionta do dhéanamh no díreach ina dhiaidh sin go gcúiseofaí sa chionta san é, no

(b) go ndearnadh, laistigh de pé aimsir, nách sia ná ceithre lá déag, tar éis an chionta do dhéanamh is dóich leis an gcúirt do bheith réasúnta, fógra i scríbhinn, ag luadh an ama agus na háite ina n-abartar do rinneadh an cionta agus á rá go hachmair cadé an gníomh no cadiad na gníomhartha adeirtear ba chionta sa chás agus á rá go rabhthas ar intinn an duine sin do chúiseamh sa chionta san, go ndearnadh san do thabhairt don duine sin no (i gcás feithicle inneall-ghluaiste) don té bhí cláruithe mar únaer ar an bhfeithicil gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta.