|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (Uimh. 2), 1932) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL.) |
ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (Uimh. 2), 1932
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. | |
Earrai is Ionchurtha fe Dhuite mar Mheaisinteacht Talmhaiochta. | ||
1. Meaisíní de gach saghas (seachas meaisíní oibrítear le hinneall dóghcháin inmheánaigh istigh sa mheaisín) chun turnapaí, maingléisí no meacan eile do ghearradh, ach gan meaisíní chun meacan do ghlanadh agus do ghearradh in éineacht d'áireamh. | ||
2. Meaisínteacht talmhaíochta (seachas meaisínteacht atá ceaptha agus déanta chun í d'oibriú, no chun í do tharrac le linn í d'oibriú, le hinneall-chomhacht) d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:— | ||
gearrthóirí féir (seachas gearrthóirí faithche), go gceanglacha bainte no dá n-éamuis, | ||
rácaí rotha, | ||
rácaí tuisil, | ||
iompuitheoirí sreatha, | ||
leathadóirí féir (gan speachairí féir d'áireamh), | ||
bailitheoirí féir (nách leithne ná 15 troigh), | ||
trucailí no iomparthóirí féir, | ||
gléiseanna spréidheála talmhaíochta tharraigeann capaill (gan gléiseanna spréidheála púdair d'áireamh), | ||
gearrthóirí cáithe, | ||
gléiseanna briste cáca íle, | ||
céachtaí, | ||
brácaí go luasc-fhiacla agus brácaí fiar-lána, | ||
grafáin agus scríobáin aon-rothach tharraigeann capaill, | ||
drithlíní arbhair, | ||
diosc-ghléiseanna chun drithlíní do ghlanadh, | ||
gléiseanna tógála biatais gan gléiseanna chun biatais do thógáil agus an ceann do bhaint de in éineacht d'áireamh, | ||
meaisíní single agus dúbalta chun síl turnapaí agus maingléisí do chur, | ||
barraí síl féir agus síl seimre, | ||
rollóirí talmhan a tharraigeann capaill, | ||
gléiseanna bainte prátaí, | ||
gléiseanna chun leasú do leathadh, gan gléiseanna chun iomairí do dhéanamh agus leasú do leathadh in éineacht d'áireamh. | ||
3. Coda d'aon mheaisín no d'aon mheaisínteacht dá luaidhtear i gceachtar de sna míreanna san roimhe seo den Sceideal so, ach gan na coda so leanas d'áireamh, sé sin le rá:— | ||
(a) beara agus congantóirí do bhrácaí go luasc-fhiacla, | ||
beara d'iompuitheoirí sreatha, | ||
corn-luasca, | ||
slabhraí, | ||
méireanna cruaidhe do ghearrthóirí féir, | ||
suic phráis agus feadáin rubair do ghléiseanna spréidheála talmhaíochta, | ||
feadáin chruaidhe bhíseacha, | ||
diosca cruaidhe; | ||
(b) bruthanna nár cuireadh tré mheaisín; | ||
(c) sparraí cruaidhe agus feadáin iarainn gur gá iad do chur tré mheaisín sarar féidir iad d'úsáid mar choda de mheaisínteacht talmhaíochta; | ||
(d) aon earra nách fiú níos mó ná cúig scilling. |