|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Tithe Beaga Comhnaithe d'Fhail.) | Ar Aghaidh (CUID VIII. Foralacha Airgeadais.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Leasuithe ar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930. | |
[EN] |
Méid iomlán na ndeontas fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do mhéadú. |
61. —Athghairmtear leis seo alt 4 d'Acht na dTithe, 1930 , agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim milleoin agus dhá chéad is ochtó míle punt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925), mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 ( Uimh. 31 de 1928 ), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) . |
[EN] |
An tréimhse chun daoine príobháideacha do thógaint tithe d'fhaidiú. |
62. —Sa mhéid go mbainfe sé le tithe thógann daoine príobháideacha beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann le h Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , mar a leasuítear é le halt 5 d'Acht na dTithe, 1930 ( Uimh. 22 de 1930 ), fé is dá gcuirtí an riail seo leanas isteach ann, agus déanfar an Sceideal san agus fós alt 2 den chéad Acht san a luaidhtear do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:— |
[EN] | 4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, a críochnófar é. | |
[EN] |
Leanúint de chongnamh do thabhairt do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe. |
63. —(1) In ainneoin éinní atá in Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so, féadfaidh an tAire, fé alt 3 d' Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , mar a hatharuítear é leis an alt so, leanúint de dheontaisí do dheonadh do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe le n-a mbaineann an tAcht san mar a hatharuítear é leis an alt so. |
[EN] | (2) Chun crícheanna an ailt seo cuirfear suim chúig míle fichead punt le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so. | |
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) Beidh éifeacht ag mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht san fé is dá gcuirtí “£20” ann in ionad “£45”; | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag míreanna (b), (c) ná (d) d'fho-alt (1) ná ag fo-alt (3) d'alt 5 ná ag fo-ailt (1) ná (2) d'alt 7 den Acht san; | |
[EN] | (c) Ní dheonfaidh an tAire aon deontas fén Acht san mara ndeinidh an t-údarás áitiúil gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a tógfar an tigh deontas is ionann suim le deontas an Aire do dheonadh i gcóir an tighe; | |
[EN] | (d) Cuirfear na rialacha so leanas in ionad rialacha 2 agus 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san:— | |
[EN] | 2. Ní bheidh achar urláir tighe níos lugha ná 500 troigh cheárnach ná níos mó ná— | |
[EN] | (a) 950 troigh cheárnach, más i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i mbailecheanntar no i mbaile tógfar an tigh sin; no | |
[EN] | (b) 1,250 troigh cheárnach más in aon áit eile tógfar an tigh sin; | |
[EN] | 4. Is ar an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, no dá éis sin a tosnófar tógáil an tighe agus is tar éis an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, ach roimh dhul in éag don alt so críochnófar é. | |
[EN] | (4) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, agus raghaidh in éag ansan. |