An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. GABHALTAISI DO DHILSIU.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.)

11 1931

ACHT TALMHAN, 1931

CUID III.

Gabhaltaisi do Dhilsiu ar n-a nAth-Dhiol.

Mínithe do Chuid III.

22. —Sa Chuid seo den Acht so—

i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn an focal “gabháltas” gabháltas do tugadh suas no a tuigtear a tugadh suas mar mhalairt ar ghabháltas eile, agus fós gabháltas ar n-a dhílsiú i dtionónta mar mhalairt ar ghabháltas eile, agus fós píosa talmhan nea-thionóntuithe; agus

foluíonn an focal “tionónta” sealbhaire gabháltais pe'ca fé chonnra thionóntachta bheidh sé ina sheilbh no nách eadh agus pe'ca bhí sé i seilbh amhlaidh no ná raibh roimh an liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga d'fhoillsiú no roimh an ordú dílsiúcháin ina mbeidh an gabháltas san luaidhte do dhéanamh.

Liostaí de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga d'fhoillsiú.

23. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan o am go ham liostaí (dá ngairmtear san Acht so liostaí de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga) d'fhoillsiú de ghabháltaisí ar estáit do haistríodh leis an Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 , o Bhord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí go dtí Coimisiún na Talmhan no do cheannuigh Coimisiún na Talmhan fé chomhachta do haistríodh leis an Acht san ón mBord san go dtí Coimisiún na Talmhan.

(2) I ngach liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga déanfar luadh ar leithligh ar gach gabháltas a cuirfear ann agus luadhfar ann, maidir le gach gabháltas den tsórt san, ainm an té chítear do Choimisiún na Talmhan do bheith ina thionónta air, méid na blianachta ceannaigh gur fé n-a réir a bheidh Coimisiún na Talmhan ullamh ar an ngabháltas san do dhíol, agus pé nithe eile (más ann dóibh) is dóich le Coimisiún na Talmhan is gá no is fearr do luadh in aon chás áirithe.

Liostaí de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe d'fhoillsiú.

24. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan o am go ham liostaí (dá ngairmtear san Acht so liostaí de ghabháltaisí ar thalamh neathionóntuithe) d'fhoillsiú de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan ar shlí seachas tré n-a aistriú o Bhord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí no tré n-a cheannach fé chomhachta do haistríodh ón mBord san.

(2) I ngach liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe déanfar luadh ar leithligh ar gach gabháltas a cuirfear ann agus luadhfar ann, maidir le gach gabháltas den tsórt san, ainm an té chítear de Choimisiún na Talmhan do bheith ina thionónta air, méid na blianachta ceannaigh gur fé n-a réir a bheidh Coimisiún na Talmhan ullamh ar an ngabháltas san do dhíol, agus pé nithe eile (más ann dóibh) is dó le Coimisiún na Talmhan is gá no is fearr do luadh in aon chás áirithe.

Liostaí de ghabháltaisí do leasú.

25. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan liostaí de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga agus liostaí de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do leasú le haontú na bpáirtithe uile le n-a mbaineann no, fé réir forálacha an ailt seo, gan an t-aontú san.

(2) Má bheartuíonn Coimisiún na Talmhan liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do leasú ar shlí seachas ar aontú na bpáirtithe, déanfaidh Coimisiún na Talmhan fógra do sheirbheail sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann, á rá go bhfuil beartuithe acu an leasú san do dhéanamh agus bhéarfaid do gach páirtí acu san caoi ar agóid do dhéanamh i gcoinnibh an leasuithe bheartuithe sin.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh leasuithe bheidh beartuithe do dhéanamh ar liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no ar liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do bhreithniú agus breith do thabhairt uirthi agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmham eile ar aon agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breíth an Choimisineura Bhreithiúntais ar aon athchomharc den tsórt san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Gabháltaisí bheidh luaidhte i liostaí de ghabháltaisí do choinneail.

26. —Na comhachta atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan agus is infheidhmithe acu maidir le gabháltaisí coinnithe fén Acht Talmhan, 1923 , agus fé sna hAchtanna le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san beid acu agus féadfaid iad d'fheidhmiú, maidir le haon ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe, chó hiomlán is dá mba ghabháltas coinnithe do réir bhrí an Achta san an gabháltas san.

Iocaíochtaí íocfaidh tionóntaí gabháltas.

27. —(1) Gach tionónta ar ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe, íocfa sé le Coimisiún na Talmhan, ón gcéad lá gála ar a mbeidh a chíos iníoctha tar éis dáta foillsithe an liosta san, suim bhliantúil is có-ionann leis an mblianacht cheannaigh a bheidh luaidhte sa liost san maidir leis an ngabháltas san agus leanfaidh an tionónta san ag íoc na suime sin go dtí pe'ca dáta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) má hath-dhíoltar iomlán an ghabháltais sin leis an tionónta san, go dtí an chéad lá gála tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin a bhaineann leis an ngabháltas san;

(b) má thógann Coimisiún na Talmhan ath-sheilbh iomlán an ghabháltais sin, go dtí dáta na hath-sheilbhe sin;

(c) mara n-ath-dhíoltar ach cuid den ghabháltas san leis an tionónta san no mara dtógaidh Coimisiún na Talmhan ath-sheilbh ach ar chuid den ghabháltas san, go dtí pé dáta cheapfaidh Coimisiún na Talmhan ach fé réir pé cion-roinnte no atharuithe, roimh an dáta san, a ordóidh Coimisiún na Talmhan;

(d) má díoltar gabháltas leis an tionónta san mar mhalairt ar an ngabháltas a luaidhtear anso roimhe seo, go dtí an chéad lá gála tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin a bhaineann leis an ngabháltas san do díoladh amhlaidh.

(2) An chéad lá gála bheidh gála den tsuim bhliantúil a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so iníoctha aige íocfaidh gach tionónta, ar ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe, le Coimisiún na Talmhan, suim bhreise go mbeidh idir a méid agus méid na suime bliantúla san an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse sin, idir an chéad lá gála san agus an chéad lá ina dhiaidh sin a bheidh dividenda iníoctha ar stoc do tugadh amach fén Irish Land Act, 1903, no fén Irish Land Act, 1909, no ar bhannaí talmhan (pe'ca aca é), agus bliain.

(3) Déanfar gach suim bhliantúil agus gach suim bhreise is iníoctha ag tionónta fén alt so do chur mar mhuirear ar an ngabháltas gur mar gheall air a bheidh sé iníoctha, agus san i slí go mbeidh tosach acu ar gach leas agus eire (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do cruthnuíodh iad) a dheineann deifir don ghabháltas san an uair sin agus, chun gach suim den tsórt san do bhaint amach, beidh ag Coimisiún na Talmhan na meáin chéanna atá acu chun tráthchodacha de bhlianachtaí ceannaigh a bheidh gan íoc do bhaint amach.

(4) Má deintear iomlán gabháltais a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe d'ath-dhíol le n-a thionónta, ansan, o dháta agus tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin a bhaineann leis an ngabháltas san, áireofar chun gach críche mar íocaíochtaí ar scór na blianachta ceannaigh na híocaíochtaí uile íocfaidh an tionónta san le Coimisiún na Talmhan ar scór na suime bliantúla san is iníoctha aige fén alt so.

(5) Mara ndeintear ach cuid de ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe d'ath-dhíol le n-a tionónta ansan, o dháta agus tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin a bhaineann leis an méid a hath-dhíolfar amhlaidh den ghabháltas san, áireofar chun gach críche mar íocaíochtaí ar scór na blianachta ceannaigh pé méid ordóidh Coimisiún na Talmhan de sna híocaíochtaí íocfaidh an tionónta san le Coimisiún na Talmhan ar scór na suime bliantúla san is iníoctha aige fén alt so.

(6) Má díoltar gabháltas le tionónta gabháltais a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe agus gur mar mhalairt ar an ngabháltas san a bheid luaidhte sa liost san a díolfar amhlaidh é, ansan, o dháta agus tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin a bhaineann leis an gcéad ghabháltas a luaidhtear, áireofar mar íocaíochtaí ar scór blianachta ceannaigh pé méid ordóidh Coimisiún na Talmhan de sna híocaíochtaí íocfaidh an tionónta san le Coimisiún na Talmhan ar scór na suime bliantúla san is iníoctha ag an tionónta san fén alt so alos an ghabháltais sin a bheidh luaidhte sa liost san.

Orduithe dílsiúcháin a bhaineann le gabháltaisí.

28. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan uair ar bith ordú dílsiúcháin d'fhoillsiú sa tslí orduithe chun aon ghabháltais no coda de ghabháltas do luadhadh, no d'fhéadfaí fén gCuid seo den Acht so do luadh, i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do dhílsiú sa té bheidh ainmnithe san ordú san fé réir na blianachta ceannaigh agus ar na téarmaí agus na coinníollacha bheidh luaidhte san ordú san.

(2) Tuigfear, i dtaobh gach duine bheidh ainmnithe, in ordú dílsiúcháin a déanfar fén alt so, mar thionónta ar ghabháltas no ar chuid de ghabháltas a dílseofar leis an ordú san, go ndearna sé, ar dháta an orduithe dhílsiúcháin sin, connra ceannaigh chun an ghabháltais sin no an choda san den ghabháltas san do cheannach fé réir na blianachta ceannaigh agus ar na téarmaí agus na coinníollacha bheidh luaidhte san ordú dílsiúcháin sin.

(3) Déanfaidh Coimisiún na Talmhan, maidir le gach ordú dílsiúcháin a déanfar fén alt so, caoi do thabhairt, do gach páirtí le n-a mbaineann, ar agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin agus, déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach agóid den tsórt san a déanfar go cuibhe do bhreithniú agus breith do thabhairt uirthi, agus beidh ceart ann chun athchomairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh na Coimisinéirí eile ar aon agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar aon athchomharc den tsórt san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Orduithe dílsiúcháin i gcás gabháltas malairtithe.

29. —Más rud é, roimh dháta orduithe dhílsiúcháin a déanfar fén gCuid seo den Acht so, go mbeidh tionónta a hainmneofar san ordú dílsiúcháin sin ina thionónta ar ghabháltas (dá ngairmtear an bun-ghabháltas san alt so) nách ionann agus an gabháltas (dá ngairmtear an gabháltas dílsithe san alt so) a dílseofar ann leis an ordú dílsiúcháin sin agus má deirtear san ordú dílsiúcháin sin go bhfuil an gabháltas dílsithe á thabhairt do mar mhalairt ar an mbun-ghabháltas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear go ndearna an tionónta san có-aontú le Coimisiún na Talmhan chun an bhun-ghabháltais do mhalairtiú ar an ngabháltas dílsithe;

(b) oibreoidh an t-ordú dílsiúcháin sin chun an bhunghabháltais do thabhairt suas do Choimisiún na Talmhan;

(c) gach eire, muirear, agus cothrom a dheineann deifir do leas an tionónta san sa bhun-ghabháltas díreach roimh dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin sin, tiocfaid chun bheith agus beid, gan aon leithliú ná aon ordú eile, aistrithe ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin sin go dtí an leas sa ghabháltas dhílsithe do gheobhaidh an tionónta san de bhua an orduithe dhílsiúcháin sin;

(d) d'ainneoin an orduithe dhílsiúcháin sin do dhéanamh no éinní atá san alt so, beidh Coimisiún na Talmhan i dteideal gach cíosa (más ann do) no úis a bheidh acu ar an tionónta san alos an bhun-ghabháltais díreach roimh dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin sin d'fháil ón tionónta san agus do bhaint de.