An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. AIRGEADAS.) Ar Aghaidh (CUID III. Gabhaltaisi do Dhilsiu ar n-a nAth-Dhiol.)

11 1931

ACHT TALMHAN, 1931

CUID II.

GABHALTAISI DO DHILSIU.

Liostaí de ghabháltaisí dílsithe d'fhoillsiú.

9. —(1) Foillseoidh Coimisiún na Talmhan o am go ham sa tslí orduithe liostaí (dá ngairmtear liostaí de ghabháltaisí dílsithe san Acht so) de thalamh thionóntuithe ar n-a chó-dhéanamh de ghabháltaisí ar ar tugadh mion-innste de réir fo-alt (1) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , agus faisnéisfid i ngach liost den tsórt san, maidir leis an talamh tionóntuithe bheidh luaidhte sa liost san, an lá ceaptha (fhéadfaidh bheith roimh dháta foillsithe an liosta san no air no ina dhiaidh) i gcóir na talmhan san.

(2) Díreach tar éis liost de ghabháltaisí dílsithe d'fhoillsiú, tiocfaidh no tuigfear go dtáinig (pe'ca aca is gá sa chás) talamh tionóntuithe bheidh luaidhte sa liost san chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha faisnéisfear sa liost san i gcóir na talmhan san.

(3) Tuigfear gach tionónta ar ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe (pe'ca bheidh an tionónta san ainmnithe sa liost san no ná beidh) no, má bhíonn tionónta gabháltais ainmnithe sa liost san agus go mbeidh sé marbh ar an lá ceaptha i gcóir an ghabháltais sin, tuigfear ionadaí pearsanta an tionónta san do bheith tar éis connra ceannaigh déanach do dhéanamh ar an lá ceaptha chun an ghabháltais sin do cheannach o Choimisiún na Talmhan ar an riail-phraghas agus bainfidh fo-ailt (2), (3), agus (5) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , le cás an ghabháltais sin díreach mar a bhainid le cás na ngabháltas a luaidhtear sna fo-ailt sin ach amháin ná cuirfidh fo-alt (6) den alt san 28 cosc ná teora leis an mbaint sin.

(4) Gach suim a thiocfaidh chun bheith iníoctha, alos gabháltais a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe, de bhua fo-altanna (2), (3), agus (5) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , mar a cuirtear i mbaint iad tríd an alt so, cuirfear í mar mhuirear ar an ngabháltas san i dtosach ar gach seana-leas agus sean-eire dheineann deifir don ghabháltas san pe'ca roimh an lá ceaptha do bunuíodh iad no ina dhiaidh sin.

(5) Ní bhainfidh fo-ailt (2), (3), agus (4) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , ná fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Talmhan, 1927 , le gabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe.

(6) Bainfidh fo-alt (7) d'alt 17 den Acht Talmhan, 1927 , le cás gabháltais no coda de ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe agus go dtabharfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn deimhniú do Choimisiún na Talmhan ina thaobh do réir an fho-ailt sin roimh an lá ceaptha no ina dhiaidh sin ach roimh an ngabháltas san do dhílsiú i dtionónta fén Acht so.

(7) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 73 den Acht Talmhan, 1923 , le cás gabháltaisí bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe ach go bhféadfaidh Coimisiún na Talmhan an fhaisnéis a luaidhtear i mír (a) den phrovísó a ghabhann leis an bhfo-alt san do dhéanamh roimh an lá ceaptha no ina dhiaidh sin.

Liostaí de ghabháltaisí dílsithe do leasú.

10. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan liost de ghabháltaisí dílsithe do leasú le haontú na bpáirtithe uile le n-a mbaineann no, fé réir forálacha an ailt seo, gan an t-aontú san.

(2) Má bheartuíonn Coimisiún na Talmhan liost de ghabháltaisí dílsithe do leasú ar shlí seachas ar aontú na bpáirtithe, déanfaidh Coimisiún na Talmhan fógra do sheirbheail-sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann, á rá go bhfuil beartuithe acu an leasú san do dhéanamh agus bhéarfaid do gach páirtí acu san caoi ar agóid do dhéanamh i gcoinnibh an leasuithe bheartuithe sin.

(3) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh leasuithe bheidh beartuithe do dhéanamh ar liost de ghabháltaisí dílsithe do bhreithniú agus breith do thabhairt uirthi agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmhan eile ar aon agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Gabháltaisí i liost de ghabháltaisí dílsithe do choinneail.

11. —(1) I gcás ina mbeadh gabháltas do bheadh i liost de ghabháltaisí dílsithe ina ghabháltas choinnithe do réir bhrí fo-ailt (6) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , dá mbaineadh an fo-alt san leis, féadfaidh Coimisiún na Talmhan an gabháltas san do choinneail d'ainneoin éinní atá san Acht so.

(2) Bainfidh ailt 29, 33, agus 34 den Acht Talmhan, 1923 , le gabháltaisí choinneoidh Coimisiún na Talmhan fén alt so chó hiomlán is bhainid leis na gabháltaisí coinnithe luaidhtear sna hailt sin agus dá réir sin beidh ag Coimisiún na Talmhan, maidir le gabháltaisí choinneoid fén alt so, gach comhacht a bronntar ortha leis na hailt sin.

Orduithe dílsiúcháin i dtaobh gabháltaisí dílsithe.

12. —(1) Má fhoillsíonn Coimisiún na Talmhan liost de ghabháltaisí dílsithe, déanfaidh Coimisiún na Talmhan o am go ham, tar éis pé fiosrú is dóich leo is gá do dhéanamh i dtaobh cruinnis na mion-innste luaidhtear sa liost san ar na gabháltaisí sa liost san agus i dtaobh cearta no éasáidí do bheith ann a dheineann deifir do sna gabháltaisí sin, ordú dílsiúcháin d'fhoillsiú sa tslí orduithe ag dílsiú gabháltais no gabháltaisí acu san, do réir an ailt seo, sa té no sa mhuintir do cheannuigh an céanna.

(2) Luadhfar ar leithligh i ngach ordú dílsiúcháin a déanfar fén alt so gach gabháltas a dílseofar leis, agus luadhfar ann i dtaobh gach gabháltais den tsórt san pé nithe is gá do réir an ailt seo do luadh amhlaidh agus pé mion-innste eile is gá chun na gcrícheanna bhaineann leis an ngabháltas san do chlárú fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.

(3) Déarfaidh agus déanfaidh gach ordú dílsiúcháin a déanfar fén alt so gach gabháltas a luadhfar ann do dhílsiú i mbith-dhílse sa té ainmneofar san ordú san mar dhuine chítear do Choimisiún na Talmhan do bheith i seilbh an ghabháltais sin mar thionónta air no d'ainmnigh Coimisiún na Talmhan fé alt 67 den Acht Talmhan, 1923 , mar ionadaí do thionónta an ghabháltais sin agus déarfaidh agus déanfaidh freisin an gabháltas san do dhílsiú amhlaidh sa duine sin fé réir na mblianacht, na suim, agus na n-íocaíocht so leanas, sé sin le rá:—

(a) an riail-bhlianacht cheannaigh ar an ngabháltas san; agus

(b) an bhlianacht bhreise (más ann di) alos riaráiste chíosa shocruithe do cuireadh leis an airgead ceannaigh; agus

(c) suim bhreise (más ann di) is có-ionann le cion de sna blianachtaí sin in aghaidh na tréimhse idir an lá gála thiocfaidh an chéad tráthchuid de sna blianachtaí sin chun bheith iníoctha agus an chéad lá eile bheidh dividenda ar bhannaí talmhan iníoctha; agus

(d) suim ar bith a bheidh ag Coimisiún na Talmhan ar an tionónta ar scór na suime bliantúla is có-ionann le riailbhlianacht cheannaigh an ghabháltais a luaidhtear sa liost de ghabháltaisí dílsithe, maraon leis an gcion den tsuim bhliantúil sin in aghaidh na tréimhse idir an lá gála ar a dtáinig an chéad tráthchuid den tsuim bhliantúil sin chun bheith iníoctha agus an chéad lá, tar éis an lae cheaptha, ar a mbeidh dividenda ar bhannaí talmhan iníoctha; agus

(e) suim ar bith a bheidh ag Coimisiún na Talmhan ar an tionónta ar scór íocaíochta in ionad cíosa no ar scór aisíocaíochtaí cheanglann an tAcht so ar an tionónta san d'íoc le Coimisiún na Talmhan.

(4) Déanfaidh Coimisiún na Talmhan, maidir le gach ordú dílsiúcháin a déanfar fén alt so, caoi do thabhairt, do gach páirtí le n-a mbaineann, ar agóidí do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin agus déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach agóid den tsórt san a déanfar go cuibhe do bhreithniú agus breith do thabhairt uirthi, agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh na Coimisinéirí eile ar aon agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar aon athchomharc den tsórt san ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe. mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Imeachta ceannaigh, i dtaobh gabháltaisí dílsithe áirithe, do chaitheamh amach.

13. —(1) Pé uair a chítear do Choimisiún na Talmhan, i dtaobh gabháltais a luaidhtear i liost de ghabháltaisí dílsithe, nách gabháltas é le n-a mbaineann fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear agus a leathnuítear san leis an Acht Talmhan, 1927 , ansan, déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, pé ordú sa scéal is gá chun cirt do shásamh sa chás, tar éis-fógra do sheirbheail sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann.

(2) Beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach ordú dhéanfaidh na Coimisinéirí Talmhan eile fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar aon athchomharc den tsórt san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

(3) Nuair a déanfar na himeachta ceannaigh i dtaobh gabháltais do chaitheamh amach tré ordú dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gciste na mbannaí talmhan an tsuim is gá chun fuascailte na mbannaí talmhan do tugadh amach chun an ghabháltais sin do cheannach (maraon le n-ar thug an Stát i gcóir an riail-phraghais); agus

(b) na cirt do bhí ag na páirtithe go léir agus na fiachaisí bhí ortha, idir a chéile, maidir leis an ngabháltas san, beid arís acu agus ortha fé seach ar gach slí agus na cirt agus na fiachaisí sin mar a bhíodar díreach roimh an Acht Talmhan, 1923 , do rith; agus

(c) beidh sé de cheangal ar an tionónta gach riaráiste san íocaíocht in ionad cíosa no sa tsuim bhliantúil is có-ionann leis an riail-bhlianacht cheannaigh d'íoc le Coimisiún na Talmhan agus tuigfear an riaráiste sin do bheith ina mhuirear ar an ngabháltas san i dtosach ar gach seana-leas agus sean-eire dheineann deifir don tionóntacht ann; agus

(d) beidh an tionónta i dteideal creidiúna, i ngach airgead d'íoc sé alos an ghabháltais sin ar cuntas íocaíochta in ionad cíosa no ar cuntas na suime bliantúla ba chóionann leis an riail-bhlianacht cheannaigh, i gcoinnibh cíosa no íocaíochta eile do bhí ag a thiarna talmhan air alos an ghabháltais sin; agus

(e) feadfaidh Coimisiún na Talmhan gach airgead íocfaid fén bhfo-alt so do bhaint amach sa tslí foráltar leis an Acht so; agus

(f) beidh ag Coimisiún na Talmhan, chun airgid is iníoctha ag an tionónta leo fén bhfo-alt so do bhaint amach, na meáin chéanna atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianachtaí ceannaigh do bhaint amach.

Gabháltaisí adéarfar a fágadh amach as liost de ghabháltaisí dílsithe go héagcórach.

14. —(1) Tionónta adéarfaidh go bhfuil sé i dteideal leasa ailt 24 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear agus a leathnuítear é leis an Acht Talmhan, 1927 , agus adéarfaidh nár luadhadh a ghabháltas sna mion-innste do thug a thiarna talmhan do Choimisiún na Talmhan fé fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , agus ná luaidhtear é in aon liost foillsithe de ghabháltaisí dílsithe, féadfa sé ordú d'iarraidh ar Choimisiún na Talmhan sa tslí orduithe á cheangal ar an tiarna talmhan san mion-innste ar an ngabháltas san do thabhairt do Choimisiún na Talmhan do réir an fho-ailt sin (1).

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach iarratas fén alt so d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmhan eile ar aon iarratas den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Fo-thionón-tachtaí ar ghabháltaisí dílsithe.

15. —(1) Má bhíonn gabháltas no cuid de ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí dílsithe fo-churtha ar cíos, ar dháta foillsithe an liosta san, ar shlí seachas chun innír no chun féaraigh no mar thalamh scóir go sealadach, no chun áise sealadaí, no i gcóir riachtanais shealadaigh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) faisnéisfidh Coimisiún na Talmhan (lasmuich de chás ina n-údaruítear a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtuigfear gurb iad na fo-thionóntaí ar an ngabháltas san is tionóntaí ar na páirteanna fé seach den ghabháltas san ar a bhfuil seilbh acu fé seach agus ar leithligh agus go dtuigfear gur gabháltaisí ar leithligh na páirteanna san fé seach (dá ngairmtear anso feasta gabháltaisí ar leithligh) den ghabháltas san;

(b) tuigfear go ndearna gach duine de sna fo-thionóntaí sin connra ceannaigh déanach, ar dháta na faisnéise sin, chun an ghabháltais sin ar leithligh atá ar seilbh aige ar leithligh do cheannach;

(c) déanfar na riail-bhlianachtaí ceannaigh ar na gabháltaisí sin ar leithligh d'fháil amach díreach fé mar a deintear na riail-bhlianachtaí ceannaigh ar thionóntachtaí d'fháil amach fén Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear é leis an Acht Talmhan, 1929 ;

(d) ach amháin i gcás an pháirt den ghabháltas san a bheidh fo-churtha amhlaidh do bheith ar seilbh ag a fothionónta fé thionóntacht bhreithiúntais agus a furmhór do bheith ina talamh talmhaíochta no ina talamh féaraigh no cuid di ina talamh talmhaíochta agus cuid di ina talamh féaraigh, más dóich le Coimisiún na Talmhan go bhfuil an pháirt sin de shaghas nách ceart a fhaisnéis fén alt so gur gabháltas ar leithligh í féadfaid (d'ainneoin éinní atá san alt so) deighleail leis an ngabháltas san fé is dá mbeadh an pháirt sin de i seilbh tionónta an ghabháltais sin agus gan í fo-churtha ar cíos;

(e) an connra ceannaigh déanach gur tuigeadh, ar fhoillsiú an liosta san de ghabháltaisí dílsithe, é bheith déanta ag tionónta an ghabháltais sin, beidh sé mar bheadh sé tarraicthe siar o dháta na faisnéise sin fén alt so;

(f) fuasclóidh Coimisiún na Talmhan na leasanna (dá ngairmtear idir-leasanna anso feasta) a thagann idir únaer an estáit agus na fo-thionóntaí sin;

(g) mara mbeidh ach páirt den ghabháltas san fo-churtha ar cíos mar adubhradh, faisnéisfidh Coimisiún na Talmhan go dtuigfear ná beidh tionónta an ghabháltais sin ina thionónta ach ar an méid sin den ghabháltas san ná beidh fo-churtha ar cíos amhlaidh agus leis sin tuigfear go ndearna an tionónta san connra ceannaigh déanach ar dháta na faisnéise sin chun an méid sin roimhráite den ghabháltas san do cheannach, agus isé bheidh mar riail-bhlianacht cheannaigh ar an méid sin roimhráite den ghabháltas san ná pé cion a shocróidh Coimisiún na Talmhan den riail-bhlianacht cheannaigh do bheadh iníoctha ar iomlán an ghabháltais sin dá mba ná beadh aon chuid de fo-churtha ar cíos.

(2) Nuair a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan faisnéis fén alt so tré n-a dtuigfear fo-thionóntaí ar ghabháltas do bheith ina dtionóntaí ar pháirteanna ar leithligh den ghabháltas san, ansan—

(a) más mó iomlán na riail-bhlianachtaí ceannaigh ar na páirteanna san ar leithligh den ghabháltas san maraon leis an riail-bhlianacht cheannaigh ar an iarsma (más ann do) den ghabháltas san ná an riail-bhlianacht cheannaigh do bheadh iníoctha ar an ngabháltas san dá mba ná déanfaí aon chuid de d'fho-chur ar cíos, déanfar bannaí talmhan, do réir mhéid na breise sin, do lóisteail chun creidiúna an estáit mar nithe sheasuíonn in ionad luach na n-idir-leasanna; agus

(b) má bhíonn an t-iomlán san de riail-bhlianachtaí ceannaigh có-ionann leis an riail-bhlianacht cheannaigh sin do bheadh iníoctha mar adubhradh no níos lugha ná san, tuigfear nách fiú éinní na hidir-leasanna; agus

(c) má bhíonn an t-iomlán san de riail-bhlianachtaí ceannaigh níos lugha ná an riail-bhlianacht cheannaigh sin do bheadh iníoctha mar adubhradh, íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gciste na mbannaí talmhan pé suim is leor chun fuascailte na mbannaí talmhan do bhéarfar amach de bhreis ar iomlán na roimh-íoc do bhéarfar chun na bpáirteanna san ar leithligh agus an iarsma san (más ann do) den ghabháltas san do cheannach, maraon leis an méid den tsuim do thug an Stát i gcóir an riail-phraghais a bheidh ar có-réir le méid na breise sin; agus

(d) i gcás ina bhfuasclófar bannaí talmhan fén mír sin roimhe seo den fho-alt so agus ina seasuíonn na bannaí talmhan san go léir no cuid acu in ionad riaráiste chíosa shocruithe, beidh tiarna talmhan an ghabháltais sin i dteideal go n-íocfadh tionónta an ghabháltais sin leis an méid den riaráiste chíosa shocruithe go seasuíonn na bannaí talmhan san ina ionad agus fós é do bhaint de.

(3) Bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan, do gach páirtí le n-a mbaineann, caoi ar agóid do dhéanamh i gcoinnibh aon fhaisnéise bheidh beartuithe a dhéanamh fén alt so agus déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh aon fhaisnéise beartuithe den tsórt san do bhreithniú agus breith do thabhairt uirthi agus beidh ceart ann chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh na Coimisinéirí Talmhan eile ar aon agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar aon athchomharc den tsórt san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh na breithe sin an Choimisineura Bhreithiúntais.

Fo-roinnte agus fo-churtha áirithe do dhéanamh dleathach.

16. —(1) I gcás gabháltas le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , do bheith fo-roinnte no cuid de do bheith fo-churtha ar cíos le linn an Achta san do rith agus gur shárú é sin ar choinníoll reachtúil no ar chumhnant no ar choinníoll do bhí sa léas no sa chó-aontú fé n-a raibh an gabháltas san ar seilbh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é ag cuimhneamh dóibh ar gach a mbaineann leis an scéal, ar a iarraidh sin d'éinne i seilbh páirte den ghabháltas san ar leithligh de bhua na fo-roinnte no an fho-churtha san, a fhaisnéis gur gabháltas ar leithligh an pháirt no gach páirt fé leith de sna páirteanna uile agus fé seach den ghabháltas san a bheidh ar seilbh ar leithligh amhlaidh agus gurb é an té bheidh i seilbh ar leithligh uirthi amhlaidh is tionónta uirthi agus a fhaisnéis i gcás fo-churtha gur gabháltas ar leithligh an pháirt den ghabháltas san ná beidh fo-churtha amhlaidh agus gurb é an té bheidh i seilbh uirthi ar leithligh is tionónta uirthi.

(2) Má dheineann Coimisiún na Talmhan faisnéis fén alt so beidh éifeacht ag an bhfaisnéis sin do réir a téarmaí agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an fho-roinnt no an fo-chur (pe'ca aca é) is abhar don fhaisnéis sin beidh agus tuigfear a bheith dleathach agus éifeachtach le linn an Achta Talmhan, 1923 , do rith agus ón am san amach;

(b) i gcás faisnéise déanfar i dtaobh fo-roinnte, bainfidh alt 20 den Acht Talmhan, 1923 , le gach páirt de ghabháltas go bhfaisnéisfear leis an bhfaisnéis sin gur gabháltas ar leithligh í ach go gcuirfear dáta na faisnéise sin san alt san in ionad dáta an Achta san do rith;

(c) i gcás faisnéise déanfar i dtaobh fo-churtha, beidh feidhm ag alt 23 den Acht Talmhan, 1923 , fé is dá leigtí fo-alt (3) den alt san ar lár ann agus dá gcuirtí dáta na faisnéise sin i bhfo-alt (1) den alt san in ionad dáta an Achta san do rith.

(3) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan faisnéis fén alt so ach amháin le haontú gach páirtí le n-a mbaineann no tar éis fógra i dtaobh an iarratais ar an bhfaisnéis sin do sheirbheail sa tslí orduithe ar gach páirtí le n-a mbaineann agus caoi do thabhairt do gach páirtí den tsórt san ar agóid do dhéanamh i gcoinnibh na faisnéise sin do dhéanamh.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Talmhan, gan an Coimisinéir Breithiúntais do bheith ortha, gach iarratas ar fhaisnéis, fen alt so, agus gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh na faisnéise sin do dhéanamh, do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha, agus beidh ceart ann chun athchomhaire chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh breithe na gCoimisinéirí Talmhan eile ar aon iarratas no agóid den tsórt san agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar gheall ar cheisteanna dlí amháin, i gcoinnibh breithe an Choimisineura Bhreithiúntais.

Cirt idir tionónta agus a chuid fo-thionóntaí.

17. —(1) I gcás ina dtuigfear fén Acht so, i dtaobh fo-thionónta ar ghabháltas, gurb é is tionónta ar an bpáirt den ghabháltas san a bheidh ar seilbh aige ar leithligh agus go ndearna sé connra ceannaigh déanach maidir leis an bpáirt sin den ghabháltas san, beidh tionónta an ghabháltais sin i dteideal na nithe seo d'fháil ón bhfo-thionónta san agus fós iad do bhaint de, eadhon, an cíos go léir (mar a laigheaduíodh é fé alt 23 den Acht Talmhan, 1923 ) agus an riaráiste cíosa go léir (agus é laigheaduithe amhlaidh) a bheidh ag an tionónta san ar an bhfo-thionónta san go dtí an chéad lá gála (agus an lá san d'áireamh) roimh an dáta ar a dtuigfear amhlaidh go ndearna an fo-thionónta san an connra ceannaigh déanach san agus fós cothrom na tréimhse idir an lá gála san agus an dáta san de ghála an chíosa san.

(2) Tionónta bheidh i dteideal cíosa d'fháil o fho-thionónta agus é bhaint de fén alt so, beidh aige, chun an chíosa agus an riaráiste cíosa go léir do bhaint amach 'na mbeidh teideal aige amhlaidh chun iad d'fháil, na meáin chéanna do bheadh aige dá mba ná rithfí an tAcht so (ach amháin dí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc).

Forálacha de dhruim blian-achta ceannaigh do mhéadú.

18. —(1) Má dheineann Coimisiún na Talmhan, tar éis an lae cheaptha, ordú (nách ordú de dhruim a fhaisnéis go dtuigfear fo-thionónta do bheith mar thionónta ar thalamh a bheidh ar seilbh aige ar leithligh) chun na riail-bhlianachta ceannaigh ar ghabháltas do mhéadú agus go ndéanfaid roimh-íoc breise do thabhairt uatha agus bannaí talmhan breise do thabhairt amach chun an ghabháltais sin do cheannach, íocfaidh tionónta an ghabháltais sin na suimeanna so leanas le Coimisiún na Talmhan, sé sin le rá:—

(a) suim is có-ionann le hús do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum ar an roimh-íoc breise do tugadh amhlaidh (seachas an méid den roimh-íoc san do thug an Stát) in aghaidh na tréimhse ón lá ceaptha go dtí dáta tabhartha an roimh-íoca bhreise sin; agus

(b) an tsuim do bheadh có-ionann le tora íocaíochtaí ciste fhiach-laigheaduithe in aghaidh an roimh-íoca bhreise do tugadh amhlaidh (seachas an méid den roimh-íoc san do thug an Stát) do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum d'ús ar ús dá mba ar an lá ceaptha do bhéarfaí an roimh-íoc breise sin.

(2) Má dheineann Coimisiún na Talmhan an t-ordú san agus go ndéanfaid roimh-íoc breise do thabhairt uatha agus bannaí talmhan breise do thabhairt amach agus an scéal mar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh suim iníoctha ag Coimisiún na Talmhan leis an té bheidh i dteideal í d'fháil, suim is có-ionann le hús (lugha-de cháin ioncuim) do réir ráta ceathair go leith per cent. per annum ar shuim iomláin an roimh-íoca bhreise sin in aghaidh na tréimhse ón lá ceaptha go dtí an dáta ar ar tugadh amach na bannaí talmhan breise sin.

(3) Gach suim is iníoctha ag tionónta le Coimisiún na Talmhan fén alt so beidh sí ina muirear, ar an ngabháltas ar a mbeidh sí iníoctha, i dtosach ar gach leas agus eire (seachas an bhlianacht cheannaigh) a dheineann deifir don ghabháltas san an uair sin pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do cruthnuíodh iad agus, chun na suime sin do bhaint amach, beidh ag Coimisiún na Talmhan na meáin chéanna atá acu chun tráthchodacha de bhlianachtaí ceannaigh atá gan íoc do bhaint amach.

Forálacha de dhruim blian-achta ceannaigh do laigheadú.

19. —(1) Má dheineann Coimisiún na Talmhan, tar éis an lae cheaptha, ordú (nách ordú de dhruim a fhaisnéis go dtuigfear fo-thionónta do bheith mar thionónta ar thalamh a bheidh ar seilbh aige ar leithligh) chun na riail-bhlianachta ceannaigh ar ghabháltas do laigheadú, íocfaid na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfaid isteach i gciste na mbannaí talmhan pé suim is leor chun fuascailte na mbannaí talmhan do bhéarfar amach de bhreis ar an roimh-íoc do bhéarfar chun an ghabháltais sin do cheannach agus chun fuascailte na mbannaí talmhan do bhéarfar amach in aghaidh an mhéide do thug an Stát i gcóir riail-phraghais an ghabháltais sin agus a bheidh ar có-réir leis an roimhíoc breise sin;

(b) íocfaid le tionónta an ghabháltais sin, no le pé duine eile bheidh i dteideal í d'fháil, gach suim thar an gceart d'íoc an tionónta san alos an roimh-íoca bhreise sin in aghaidh na tréimhse idir an lá ceaptha agus dáta an orduithe sin.

(2) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan gach airgead íocfaidh Coimisiún na Talmhan fén alt so do bhaint amach sa tslí foráltar leis an Acht so.

Forálacha de dhruim Choimisiún na Talmhan do dhéanamh orduithe áirithe.

20. —Má bhíonn Coimisiún na Talmhan tar éis airgid d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan chun bannaí talmhan d'fhuascailt agus go ndearnadar amhlaidh de dhruim orduithe do rinne Coimisiún na Talmhan fén Acht so i dtaobh gabháltais a luaidhtear i liost de ghabháltaisí dílsithe agus le n-a ndearnadh an riail-bhlianacht cheannaigh ar an ngabháltas san do laigheadú no na himeachta ceannaigh i dtaobh an ghabháltais sin do chaitheamh amach no a fhaisnéis go dtuigfear fo-thionónta ar an ngabháltas san do bheith mar thionónta ar thalamh a bheidh ar seilbh aige ar leithligh, íocfaidh an díoltóir no pé duine eile do fuair airgead ceannaigh no aon chuid d'airgead cheannaigh an estáit agus do gheobhfar a bheith freagarthach san íoc san do dhéanamh, íocfa sé le Coimisiún na Talmhan na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tsuim a bheidh Coimisiún na Talmhan tar éis a íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan amhlaidh; agus

(b) suim is có-ionann le hús do réir ráta ceathair is trí cheathrú per cent. per annum ar pé méid, de sna bannaí talmhan do fuascladh amhlaidh, do tugadh amach in aghaidh an mhéide do thug an Stát i gcóir riail-phraghais an ghabháltais sin in aghaidh na tréimhse o thabhairt amach na mbannaí talmhan san go dtí n-a bhfuascailt; agus

(c) an tsuim a bheidh Coimisiún na Talmhan tar éis a aisíoc le tionónta an ghabháltais sin do réir an Achta so.

Earlaisí urraíochta.

21. —(1) Má deintear airgead ceannaigh estáit do roinnt sara mbeidh na horduithe dílsiúcháin i dtaobh na ngabháltas uile san estát san déanta, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar a iarraidh sin do Choimisiún na Talmhan agus an roinnt sin á déanamh, suim (dá ngairmtear an éarlais urraíochta san Acht so) i bhfuirm bannaí talmhan do choinneail as an airgead ceannaigh sin, pé suim is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais is ceart ach gan í dhul thar an deichiú cuid den airgead cheannaigh sin i gcás ar bith.

(2) Féadfar gach éarlais urraíochta do chur chun na gcrícheanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus, fé réir a curtha amhlaidh, coinneofar í go dtí go ndéanfar ordú fén alt so chun a scaoilte agus ar dhéanamh an orduithe sin déanfar an éarlais urraíochta san no pé méid di nár cuireadh amhlaidh d'íoc amach leis an té do gheobhfar bheith i dteideal chuige.

(3) Ná dividenda ar bhannaí talmhan a bheidh á gcoinneail mar éarlais urraíochta de thurus na huaire íocfar amach iad, fé mar a fhásfaid, leis an té do gheobhfar bheith i dteideal chúcha.

(4) Mara n-íoctar no sa mhéid ná híocfar ar aon tslí eile é, beidh an t-airgead so leanas iníoctha le Coimisiún na Talmhan in airgead as an éarlais urraíochta oiriúnach chó fada is raghaidh an éarlais sin, sé sin le rá:—

(a) airgead is iníoctha fén Acht so le Coimisiún na Talmhan in aisíoc airgid d'íoc Coimisiún na Talmhan isteach i gciste na mbannaí talmhan chun bannaí talmhan d'fhuascailt; agus

(b) airgead is iníoctha fén Acht so le Coimisiún na Talmhan in aisíoc airgid d'íoc Coimisiún na Talmhan le tionónta in aisíoc íocaíochtaí breise d'íoc an tionónta san; agus

(c) airgead is iníoctha fén Acht so le Coimisiún na Talmhan in aisíoc airgid d'íoc Coimisiún na Talmhan mar ús agus mar chiste fhiach-laigheaduithe ar pé méid, de sna bannaí talmhan do fuascladh, do tugadh amach in aghaidh an mhéide do thug an Stát i gcóir riailphraghais ghabháltais; agus

(d) an méid, d'airgead do chaith Coimisiún na Talmhan ar bhancánachtaí no oibreacha eile do dheisiú no do choinneail i dtreo no a bheidh le coinneail ag Coimisiún na Talmhan chuige sin, ordóidh an Coimisinéir Breithiúntais fén Acht so do bheith ionaisíoctha le Coimisiún na Talmhan ag duine le n-ar híocadh an t-airgead ceannaigh no aon chuid de.

(5) Ar bheith sásta don Choimisinéir Breithiúntais go bhfuiltear tar éis gach airgead go bhféadfar éarlais urraíochta d'úsáid fén alt so chun a íoctha d'íoc go cuibhe amach as an éarlais urraíochta san no ar aon tslí eile, féadfa sé ordú do dhéanamh ag scaoile na héarlaise urraíochta san no (má sé is gá sa chás) pé méid di nár cuireadh chun no mar chabhair chun na n-íocaíocht san d'íoc.