An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TALMHAN, 1931) Ar Aghaidh (CUID II. GABHALTAISI DO DHILSIU.)

11 1931

ACHT TALMHAN, 1931

CUID I.

AIRGEADAS.

Bannaí talmhan do tugadh amach fén Acht Talmhan, 1929 .

1. —Bainfidh Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , le bannaí talmhan do bhunuigh agus do thug an tAire Airgid amach fé sna comhachta do bronnadh air le fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Talmhan, 1929 , chun crícheanna an ailt sin fé mar a bhaineann sé le bannaí talmhan do bhunuigh agus do thug an tAire sin amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 .

Saoirse o dhiuité stampa.

2. —Ní bheidh aon diuité stampa inéilithe ná iníoctha ar aon chó-aontú, leithliú, dintiuir muirir, cuimhneachán, ná instruimid eile (ar a n-áirítear instruimidí do críochnuíodh ach nár stampáladh roimh an Acht so do rith) a déanfar i gcóir no i dtaobh Coimisiún na Talmhan do dhíol talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no dá réir a bheidh dílsithe ionta, ná ar aon instruimid den tsórt san éileoidh Coimisiún na Talmhan do dhéanamh chun a chur in áirithe go n-aisíocfar airgead do bhéarfaid uatha mar roimh-íoc.

Alt 1 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

3. —(1) Déanfar fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí ar lár ann na focail “in íoc Diúitéthe Báis no” atá anois sa bhfo-alt san.

(2) I dteanta na suimeanna uile agus fé seach is gá, do réir fo-ailt (5) d'alt 1 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , do chur i leataoibh i gciste na mbannaí talmhan chun bannaí d'fhuascailt, cuirfear i leataoibh, i gcóir na fuascailte sin, i gciste na mbannaí talmhan i ndeire gach leath-bhliana dar críoch an 1adh lá de Bhealtaine no an 1adh lá de Mhí na Samhna go dtí go mbeidh gach banna talmhan fuascailte do tugadh amach fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear an tAcht san, gach suim d'íoc Coimisiún na Talmhan isteach i gciste na mbannaí talmhan fén Acht so i rith na leath-bhliana san chun bannaí talmhan d'fhuascailt.

Blianachtaí ar ath-dhíol talmhan do cheannuigh Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí.

4. —(1) Gach roimh-íoc do bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan uatha, tar éis an Achta so do rith, ar ath-dhíol talmhan (nách talamh le n-a mbaineann an chéad alt eile ina dhiaidh seo den Acht so) do cheannuigh Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí as na cistí do bhí ar a gcur acu, beidh sí ionaisíoctha tré bhlianacht cheannaigh a háireofar do réir ráta trí go gceathrú per cent. agus a bheidh iníoctha i pé trátha ordóidh an tAire Airgid.

(2) I gcás ina ndearna Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí no Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, roimh-íoc do thabhairt uatha ar ath-dhíol talmhan do cheannuigh an Bord san as na cistí do bhí ar a gcur acu, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, pé uair is oiriúnach leo é, a chur fé ndeár go n-áireofar an tsuim a bheidh amuich agus gan íoc an uair sin alos an roimh-íoca san agus an talamh san do chur fé mhuirear blianachta ceannaigh a háireofar do réir ráta trí go gceathrú per cent. per annum, chun na suime bheidh amuich amhlaidh d'aisíoc, in ionad agus in íoc na blianachta do bhí iníoctha go dtí san alos an roimh-íoca san.

(3) Déanfar gach airgead a baileofar alos blianachtaí ceannaigh a bunófar fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí cheapfaidh an tAire Airgid le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so.

Sochar díola tailte áirithe ba le Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí.

5. —(1) Gach airgead, ciste, agus banna talmhan atá anois i láimh no a thiocfaidh ina dhiaidh seo chun láimhe Choimisiún na Talmhan agus a sheasuíonn in ionad an tsochair do tháinig as Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí no Coimisiún na Talmhan do dhíol talmhan le n-a mbaineann an t-alt so no a sheasuíonn in ionad praghas fuascailte barr-chíosanna no leasanna uachtaracha eile do cheannuigh an Bord san, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(2) Baineann an t-alt so le talamh do cheannuigh Bord na gCeanntar gCumhang do bhí ann le déanaí as na cistí do bhí ar a gcur acu no do fuair an Bord san ar shlí eile seachas tré roimhíocanna as ciste thalamh-cheannaigh na hÉireann agus do dhíol an Bord san mar ghnáth-dhíoltóir tré sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh (pe'ca de críochnuíodh an díol san roimh an 9adh lá de Lúnasa, 1923, no do críochnuíodh ina dhiaidh sin é mar chó-aontú cheannaigh do bhí ar feitheamh ar an dáta san) no ar shlí eile seachas tré sna hAchtanna san.

Fiachas contae-bhuirgí maidir leis an gciste urraíochta.

6. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 22 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, beidh cion contae-bhuirge de sna deontaisí cánachais áitiúla ar fáil (do réir an Achta san agus do réir na rialachán do rinneadh fé agus díreach fé is dá mba chontae an chontae-bhuirg sin) chun crícheanna an chiste urraíochta maidir le talamh do tháinig, o ritheadh an tAcht san, no a thiocfaidh ina dhiaidh seo chun bheith laistigh den chontae-bhuirg sin agus atá anois no a bheidh ina dhiaidh seo fé bhlianacht thalamh-cheannaigh.

Conus a cuirfear blianachtaí ceannaigh áirithe.

7. —I gcás ina ndearna Coimisiún na Talmhan no ina ndéanfaid ina dhiaidh seo píosa talmhan d'ath-dhíol fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, ar phraghas mhéaduithe agus gurb é rud fé ndeár an praghas méaduithe sin, in iomlán no i bpáirt, ná caithteachas ar fheabhsú do rinne Coimisiún na Talmhan ar an talamh san no ina thaobh tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1922 (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) as airgead do chuir an Rialtas Briotáineach ar fáil no d'aisíoc sé, déanfar oiread den bhlianacht cheannaigh do híocadh isteach i gciste na mblianachtaí ceannaigh no i gciste na mbannaí talmhan (pe'ca aca é) alos an phraghais sin is ionchurtha i leith an chaithteachais sin d'íoc leis an Rialtas Briotáineach no do chur i gcreidiuint do i pé slí cheapfaidh an tAire Airgid le rialacháin a dhéanfa sé fén alt so agus féadfar a ordú leis na rialacháin sin cadé an tslí ina ndéanfar amach an cion den bhlianacht cheannaigh is ionchurtha i leith an chaithteachais sin.

Airgead do sholáthar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

8. —Gach airgead a theastóidh o Choimisiún na Talmhan chun a gcomhacht fén Acht so d'fheidhmiú no in aon tslí eile chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná cuirtear ar fáil in aon tslí eile leis an Acht so, déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, é d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.