|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceadunaisi chun Eisc Uir do Dhiol.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.) |
ACHT IASCAIGH MHARA, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Siopai Miondiolta Eisc. | |
[EN] |
Coinníollacha um oiriúnacht agus glaine siopaí miondíolta éisc. |
12. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith gnó miondíolta éisc úir do bheith ar siúl aige in aon áitreabh mara mbeidh an t-áitreabh san do réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear san Acht so na coinníollacha um oiriúnacht agus glaine), sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an t-áitreabh san agus an chóir oibre, na feistisí, agus na fearaistí ann do bheith glan, agus | |
[EN] | (b) pé leor-sholáthar d'uisce ghlan fholláin is gá do réir réasúin do bheith ar fáil san áitreabh san, agus | |
[EN] | (c) leac éisc do bheith san áitreabh san, agus | |
[EN] | (d) gach seilp, leac, no bord, a húsáidtear mar leac éisc, no chun éisc do ghearra, d'fheanna no do dhí-chnámhú, do bheith suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht ortha, agus | |
[EN] | (e) cimeádán do bheith san áitreabh san agus é suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air. | |
[EN] | (2) Má bhíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl ag duine ar bith in aon áitreabh ná beidh do réir na gcoinníoll uile um oiriúnacht agus glaine beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Na coinníollacha bhainfidh le hiasc do dhíol i siopaí miondíolta eisc. |
13. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith iasc úr ar bith do thairisgint ná do bheith aige chun a dhíolta in aon áitreabh ina mbíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl mara mbeidh gach coinníoll acu so leanas á chólíona le linn an éisc sin do thairisgint no do bheith aige amhlaidh chun a dhíolta, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an t-iasc úr go léir san áitreabh san a bheidh á thairisgint no ceaptha chun a dhíolta, agus a bheidh ar taisbeaint chun a dhíolta, do bheith ar taisbeaint amhlaidh tré n-a bheith ar crocha in áirde i slí ná teangmhóidh aon abhar truaillíochta leis no tré n-a bheith leagtha ar lie éisc a bheidh suidthe agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air, agus | |
[EN] | (b) an t-iasc úr go léir san áitreabh san a bheidh á thairisgint no ceaptha chun a dhíolta, agus ná beidh ar taisbeaint chun a dhíolta, do bheith i gcimeád i gcimeádán ná húsáidtear ach amháin chun éisc úir do stóráil agus a bheidh suidhte agus feistithe i slí ná féadfaidh aon tsaghas truaillíochta teacht air, agus | |
[EN] | (c) gan aon scartach do bheith san áitreabh san uair ar bith lá ar bith do baineadh as iasc aon lá roimhe sin. | |
[EN] | (2) Má thairgeann duine ar bith iasc úr ar bith chun a dhíolta no má bhíonn sé aige chun a dhíolta in aon áitreabh contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar cúig púint fhichead má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Comhachta cigire. |
14. —(1) Beidh teideal ag cigire gach tráth réasúnta dul isteach in áitreabh ar bith ina mbíonn gnó miondíolta éisc úir ar siúl agus pé iniúcha do dhéanamh ann is gá chun a dheimhnithe dho go bhfuil na forálacha atá sa Chuid seo den Acht so maidir leis an áitreabh san á gcólíona. |
[EN] | (2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le cigire ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
[EN] | (3) San alt so foluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn (pe'ca go generálta é no chun críche speisialta) ón Aire chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú agus chun gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtear ar chigire leis an alt so. | |
[EN] |
Cosaint do chomhachta an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí. |
15. —Ní dhéanfaidh éinní sa Chuid seo den Acht so srian ná teora do chur leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907. |