An cion den luacháil gur dá réir a bheidh an ionoighreachta no an tionóntachán le cáinmheas.
|
Saghas na hionoighreachta no an tionóntacháin.
|
½
|
Talamh talmhaíochta ná húsáidtear ach chun críche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—mar thalamh air no móinfhéir no féarach no mar thalamh fé choill, no mar gharraithe glasraí, no mar thailte fásán.
|
⅖
|
Tailte atá fé uisce agus a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tarraic go dtí an chanáil sin.
|
⅖
|
Tailte a húsáidtear mar bhóthar iarainn ar n-a dhéanamh fé chomhachta reachtúla chun áise puiblí.
|
34/100
|
Ná hionoighreachtaí agus na tionóntacháin atá i seilbh Chólucht Rialúcháin Phríomh-Scoil Bhaile Atha Cliath agus Chólucht Rialúcháin Choláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath, no i seilbh cheachtair acu san.
|
14/100
|
Na hionoighreachtaí agus na tionóntacháin atá i seilbh Chólucht Rialúcháin Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann agus Chólucht Rialúcháin Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, no i seilbh cheachtair acu san.
|
56/100
|
An t-áitreabh i bhFaithche Stiabhna agus i Sráid Eabhrac, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Coláiste Ríoga na Máinleagha in Éirinn, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Choláiste sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Choláiste sin in ionad an áitreibh sin i bhFaithche Stiabhna agus i Sráid Eabhrac.
|
47/100
|
An t-áitreabh i Sráid Chill Dara, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Coláiste Ríoga Leagha na hÉireann, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Choláiste sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Choláiste sin in ionad an áitreibh sin i Sráid Chill Dara.
|
⅗
|
An t-áitreabh i Sráid Henrietta, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag an Honourable Society of the King's Inns, Baile Atha Cliath, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Chumainn sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Chumainn sin in ionad an áitreibh sin i Sráid Henrietta.
|
57/100
|
An t-áitreabh i Lána Bowe, Sráid Shéamais Thiar, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Ospideul Naomh Pádraig, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Ospidéil sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh ina dhiaidh seo chun crícheanna an Ospidéil sin in ionad an áitreibh sin i Lána Bowe.
|
⅗
|
An t-áitreabh ar Chéibh Burgh, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag an Corn Exchange Buildings Company, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna na Cuideachtan san, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna na Cuideachtan san in ionad an áitreibh sin ar Chéibh Burgh.
|
21/100
|
Gach áitreabh atá de thurus na huaire ar seilbh ag Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath.
|
22/100
|
Gach leath-chíos is ionchurtha fé ráta na mbocht fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin le n-a leasuítear an tAcht san.
|
95/100
|
Aitreabhacha ná deineann Bárdas na Cathrach uisce chun crícheanna tighis do chur ar fáil dóibh.
|