An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Chathair agus an Bhuirg do Riara.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. TUATH-LIOMATAISTE CO-CHEANGAILTE.)

27 1930

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930

CUID III.

Foralacha Ilghneitheacha.

Toghachán comhairleoirí contae do chomóra.

81. —(1) Comórfar toghachán cinn trí mblian do bhaill den Chomhairle Chontae lá an toghacháin.

(2) D'ainneoin éinní atá sa Local Government (Ireland) Act, 1919, no san Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) , comorfar na toghacháin cinn trí mblian do bhaill den Chomhairle Chontae gach tríú bliain tar éis na bliana 1930 agus ní haon bhliain eile.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an toghachán do bhaill den Chomhairle Chontae comórfar sa bhliain 1930, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna an toghacháin sin tuigfear na bailecheanntair chó-cheangailte agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte do bheith gan bheith ina gcuid ná laistigh den Chontae;

(b) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin, déanfaidh an tAire, le hordú, an Chontae lasmuich de sna bailecheanntair chócheangailte agus den tuath-líomatáiste chó-cheangailte do roinnt i pé méid togha-líomatáistí contae is dó leis is ceart agus a bheidh, maidir leis an toghachán san, ina dtogha-líomatáistí contae chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919;

(c) déanfaidh an tAire, leis an ordú san uaidh, a ordú cá líon ball den Chomhairle Chontae toghfar do gach togha-líomatáiste contae fé leith a bunuíodh leis an ordú san agus ordóidh sé an líon san i slí go gcuirfear in áirithe, sa mhéid gur féidir é, gurb é an líon ball a ceapfar do gach líomatáiste fé leith den tsórt san amhlaidh ná an líon is gá i gcóir ionadaíochta cothruim do réir líon na n-áititheoirí;

(d) gach ceanntar vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus atá ar fad laistigh de thogha-líomatáiste chontae ar n-a ordú leis an ordú san, beidh sé ina cheanntar vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin, agus gach áit vótaíochta atá in aon cheanntar vótaíochta den tsórt san amhlaidh beidh sí ina háit vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin;

(e) i gcás ceanntair vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus ná fuil ar fad laistigh d'aon toghalíomatáiste contae ar n-a ordú leis an ordú san, beidh gach cuid fé leith den cheanntar vótaíochta san atá ar fad laistigh d'aon togha-líomatáiste contae den tsórt san ina ceanntar vótaíochta ar leithligh chun crícheanna an toghacháin sin, agus isiad áiteanna vótaíochta bheidh i ngach ceanntar vótaíochta ar leithligh den tsórt deiridh sin a luaidhtear, sa toghachán san, ná na háiteanna (pe'ca laistigh no lasmuich den cheanntar san dóibh) a cheapfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san chuige sin.

Deire le comhairlí tuathcheanntair sa Chontae.

82. —(1) D'ainneoin éinní atá in Acht 1925, beidh feidhm agus éifeacht ag Cuid I (lasmuich d'ailt 7 agus 8) den Acht san sa Chontae ach go gcuirfear an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin in ionad an lae cheaptha agus go léireofar mar thagairt don Acht láithreach so do rith an tagairt atá in alt 6 den Acht san don Acht san do rith.

(2) De bhua feidhm do bheith ag Cuid I d'Acht 1925 sa Chontae amhlaidh, scuirfidh gach comhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den Chontae de bheith ann an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus tiocfaidh as an scur san gach ní go bhforáltar do sa Chuid sin I agus léi.

Oifigigh chomhairlí tuathcheanntair.

83. —(1) Gach duine bheidh, ar an tríú lá déag tar éis lá an toghacháin, ina oifigeach do chomhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin sa Chontae, aistreofar é chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte (pe'ca aca is gá sa chás) agus tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don chólucht san an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin.

(2) Na forálacha atá i gCuid I den Acht so i dtaobh oifigeach a haistrítear leis an gCuid sin I o sheirbhís chóluchta dhíochurtha chun seirbhíse comharba an chóluchta dhíochurtha san, beidh feidhm acu maidir le gach oifigeach a haistrítear leis an alt so o sheirbhís chomhairle tuathcheanntair chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte agus chun crícheanna na feidhme sin agus maidir leis an bhfeidhm sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur oifigeach aistrithe gach oifigeach a haistrítear leis an alt so o sheirbhís chomhairle tuathcheanntair chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte, agus

(b) comhairle thuathcheanntair go n-aistrítear oifigeach o n-a seirbhís leis an alt so, tuigfear, maidir leis an oifigeach san, gurb í sin an seana-chólucht gur o n-a sheirbhís do haistríodh an t-oifigeach san, agus

(c) maidir le hoifigeach a haistrítear leis an alt so chun seirbhíse na Comhairle Contae, tuigfear gurb í an Chomhairle Chontae an comharba gur chun a sheirbhíse do haistríodh an t-oifigeach san, agus

(d) maidir le hoifigeach a haistrítear leis an alt so chun seirbhíse an Bhuird Sláinte, tuigfear gurb é an Bord Sláinte an comharba gur chun a sheirbhíse do haistríodh an t-oifigeach san, agus

(e) tuigfear gurb é an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin an la ceaptha, agus

(f) ní dhéanfaidh an Chomhairle Chontae ná an Bord Sláinte (pe'ca aca é), gan cead an Aire, oifigeach ar bith a haistrítear leis an alt so do chur as oifig fé sna forálacha san a cuirtear i bhfeidhm tríd an bhfo-alt so.

(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chun seirbhíse na Comhairle Contae no chun seirbhíse an Bhuird Sláinte deintear oifigeach a haistrítear leis an alt so d'aistriú amhlaidh agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Connartha seirbhíse le Comhairlí Thuathcheann tair do chimeád i bhfeidhm.

84. —Gach connra seirbhíse, is connra soiléir no iontuigthe, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an gceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin idir comhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den chontae agus duine ar bith nách oifigeach don chomhairle thuathcheanntair sin, leanfa sé i bhfeidhm ar an gceathrú lá déag agus tar éis an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (pe'ca aca is gá sa chás) ann in ionad na comhairle tuathcheanntair sin agus beidh an connra san infheidhmithe in aghaidh na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte dá réir sin.

Achtanna 1925 agus 1927 do chur i mbaint leis an gContae agus leis an gCathair.

85. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in Acht 1925 no in Acht 1927, na coda san (ar a n-áirítear athghairmeanna) d'Acht 1925 (lasmuich de Chuid I de) agus d'Acht 1927 nár bhain leis an gContae ná leis an gCathair roimh an Acht so do rith, ach amháin fo-alt (2) d'alt 57 agus alt 82 d'Acht 1925, bainfid leis an gContae agus leis an gCathair agus beidh éifeacht acu ionta tar éis gach atharuithe ghenerálta do dhéanamh ortha, agus fé réir na n-athruithe sin, is gá chun go mbeidh éifeacht ag an gcur-i-mbaint sin agus tar éis na n-athruithe sonnrácha so leanas do dhéanamh ortha, agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

(a) déanfar an ceathrú lá déag tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur in ionad an lae cheaptha i ngach áit in Acht 1925 agus fós in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1925, i gCuid III den Acht san, agus

(b) déanfar an ceathrú lá déag tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1927, i ngach áit in Acht 1927 ach amháin sna háiteanna ina bhfuil an dáta san san abairt ‘na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927,’ agus

(c) déanfar an chéad bhliain airgeadais áitiuil a thosnóidh tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur i ngach áit in Acht 1927 in ionad na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus

(d) bainfidh alt 10 d'Acht 1927 le Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath, agus

(e) gach foráil i gceachtar de sna hAchtanna san le n-a n-atharuítear an líomatáiste muirir i gcóir aon chostaisí, tiocfa sí i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1931.

(2) Ar an gceathrú lá déag agus tar éis an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin gníomhóidh rúnaí na Comhairle Contae agus beidh sé mar phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin don Bhord Sláinte.

An tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , do chur i mbaint.

86. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 4 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 ( Uimh. 39 de 1927 ), bainfidh Cuid II den Acht san (ach amháin ailt 16 agus 17), agus fós gach riail do rinne an tAire fé alt 14 den Acht san, le Comhairle na Cathrach agus leis an gComhairle Chontae, agus le gach údarás áitiuil go mbeidh a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den Chathair no den Chontae, ach beidh an cur-i-mbaint sin (ach amháin maidir le Coimisinéirí bhaile Bhaile Bhrigín) fé réir forálacha an Achta so agus na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) na baill de Chomhairle na Cathrach agus na baill de Chomhairle na Buirge toghfar chun na gComhairlí sin fé seach sna toghacháin a comórfar sa bhliain 1930 tiocfaid in oifig ar maidin an lae cheaptha,

(b) beidh éifeacht ag alt 14 den Acht san maidir le Bárdas na Cathrach agus le Comhairle na Contae fé is dá mb' ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, a déanfaí na rialacha do rinne an tAire fén alt san roimh an Acht so do rith.

(2) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle chontaebhuirge Bhaile Atha Cliath do réir an Achta chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 ( Uimh. 42 de 1925 ), an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 ( Uimh. 22 de 1926 ), ná an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 ( Uimh. 3 de 1929 ), agus ina ionad san comórfar toghachán do bhaill de Chomhairle na Cathrach lá an toghacháin fé an Acht so agus dá réir.

(3) Ní comórfar aon toghachán do bhaill den Chomhairle Chontae do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 , agus ina ionad san comórfar toghachán do bhaill den Chomairle Chontae lá an toghacháin fén Acht so agus dá réir, agus beidh éifeacht ag alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , maidir leis an gComhairle Chontae fé is dá mb'é an séú lá tar éis lá an toghacháin an dáta orduithe dá dtagartar san alt san.

(4) Ní comórfar aon toghachán do chaomhnóirí do bhochta Aontas Bhaile Atha Cliath do réir an Achta chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 , an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 , ná an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 .

(5) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte ná de chomhairle bhailecheanntair chósta do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 , agus beidh éifeacht ag alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, maidir le gach comhairle den tsórt san fé is dá mb'é an lá roimh an lá ceaptha an dáta orduithe dá dtagartar san alt san.

(6) Ní déanfar aon toghachán do bhaill d'aon chomhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh de Chontae Bhaile Atha Cliath ná do chaomhnóirí do bhochta Aontas Ráth Dúin ná do chaomhnóirí do bhochta Aontas Bhaile an Ridire do chomóra do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 , agus, d'ainneoin éinní atá in alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 , déanfar téarmaí oifige fé seach gach baill, cathaoirligh, agus leas-chathaoirligh d'aon chomhairle thuathcheanntair den tsórt san no de sna caomhnóirí sin, atá in oifig le linn an Achta so do rith, do shíne go dtí an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus ragha sé in éag ar an gceathrú lá déag san.

Alt 44 d'Acht 1925 do leasú.

87. —Maidir le hoifigeach a scuirfidh de bheith i seilbh a oifige de bhua éinní deintear leis an Acht so, no a déanfar fé no dá réir, léireofar fo-alt (3) d'alt 44 d'Acht 1925 agus beidh éifeacht aige, má bhaineann agus sa mhéid go mbaineann sé leis, fé is dá gcuirtí an abairt “ceathrú cuid” isteach ann in ionad na habairte “séú cuid” atá anois ann.

Cuiteamh d oifigigh i gcásanna áirithe.

88. —(1) Gach éinne is oifigeach i seirbhís chóluchta áitiúla le linn an Achta so do rith agus go dtárlóidh do, de bhíthin éinní a deintear leis an Acht so no a déanfar fé no dá réir—

(a) go gcuirfear é as oifig no go scuirfe sé de bheith i seilbh oifige de bhíthin deire do chur le n-a oifig agus ná beidh teideal aige, fé aon achtachán seachas an tAcht so, chun cúitimh ina chur as oifig no ina scur amhlaidh, no

(b) go gcaillfe sé airgead de bhíthin a thuarastal no a shochar oifige do laigheadú,

féadfaidh an cólucht áitiuil gur ina seirbhís a bheidh sé le linn an chur-as-oifig, an scuir, no na cailliúna san no, má sé an Bord Sláinte an cólucht san, féadfaidh an Chomhairle Chontae an cúiteamh a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do dheona dho agus d'íoc leis mar gheall ar an gcur-as-oifig, ar an scur, no ar an gcailliúint sin.

(2) Isé méid an chúitimh a féadfar do dheona d'oifigeach agus d'íoc leis fén alt so ná an méid, agus é i bhfuirm liúntais bhliantúla no aisce, ar a gcó-aontófar, le cead an Aire, idir an t-oifigeach san agus an cólucht ag a mbeidh an cúiteamh san iníoctha no (de cheal an chó-aontuithe agus an cheada san) a shocróidh an tAire ag féachaint do sna nithe seo leanas do, sé sin le rá:—

(a) na coiníollacha ar ar ceapadh an t-oifigeach san chun seirbhíse an chóluchta áitiúla gur ina sheirbhís do bhí sé le linn an Achta so do rith,

(b) cineál agus buaine a fhostaíochta sa tseirbhís sin,

(c) más oifigeach é ná caitheann a chuid ama go léir le dualgaisí a oifige, an méid ama chaitheann sé leis na dualgaisí sin,

(d) ma cuirtear as oifig é, no má scuireann sé de bheith i seilbh oifige de bhíthin deire do chur leis an oifig sin, an méid cúiteamh dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 44 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i bhfo-alt (3) dhe,

(e) más cailliuint airgid a thárlóidh do, an méid cúitimh dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 56 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i mír (b) d'fho-alt (3) dhe,

(f) a dhóichighde dho (má ba dhócha in aon chor é) fanúint in oifig ar feadh tréimhse ní ba shia no gan éinní do chailliuint (pe'ca aca is gá sa chás) dá mba ná rithfí an tAcht so,

(g) éinní eile bhaineann le n-a chás.

(3) An cúiteamh a deonfar do dhuine fén alt so ní ragha sé:—

(a) má cuirtear as oifig é, thar an gcúiteamh maximum dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 44 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i bhfo-alt (3) dhe, agus

(b) más cailliuint airgid a thárlóidh do, thar an gcúiteamh maximum dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 56 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i mír (b) d'fho-alt (3) dhe.

An tAcht Freastal Scoile, 1926 , do chur i mbaint.

89. —(1) Leanfaidh gach ceann de sna líomatáistí seo leanas, eadhon, Bailecheanntar na Carraige Duibhe, Bailecheanntar Dhún Laoghaire, Bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh, Bailecheanntar Phembróc, agus na líomatáistí freastal scoile uile agus fé seach atá sa Chathair le linn an Achta so do rith, leanfaid go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931, de bheith agus ansan scuirfid de bheith ina líomatáistí freastal scoile do réir bhrí an Achta Freastal Scoile, 1926 ( Uimh. 17 de 1926 ), agus ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, tiocfaidh an Chathair agus an Bhuirg fé seach chun bheith agus beid ina líomatáistí freastal scoile do réir bhrí an Achta san.

(2) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin beidh éifeacht ag an Acht Freastal Scoile, 1926 , sa Chathair, sa Bhuirg, agus sa Chontae fé is dá ndeintí an Chathair agus an Bhuirg do luadh sa Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus na ceithre bailecheanntair sin do leigint ar lár sa Sceideal san.

(3) Nuair a bheidh an tAcht Freastal Scoile, 1926 , á chur i mbaint leis an gCathair agus leis an mBuirg, tuigfear an 1adh lá d'Abrán, 1931, do bheith orduithe ag an Aire Oideachais fé alt 10 den Acht san mar am a thosnóidh téarma oifige na ndaoine is comharbaí, sa Chathair agus sa Bhuirg fé seach, do sna coistí dá ngairmtear san alt san na céad choistí freastal scoile.

(4) Féadfar roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, an Chathair (le n-a n-áirítear an tuath-líomatáiste có-cheangailte) agus an Bhuirg fé seach do roinnt ina dhá líomatáiste fhreastal scoile no níos mó fé fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , agus coiste freastal scoile do cheapa fé fho-alt (3) den alt san 10 d'aon líomatáiste freastal scoile bheidh có-theoranta leis an gCathair (le n-a n-áirítear an tuath-líomatáiste có-cheangailte) no leis an mBuirg no ina chuid de cheachtar acu san, agus má deintear an roinnt agus an ceapa san beidh éifeacht acu an lá san.

Forálacha i dtaobh an chláir de thoghthóirí.

90. —(1) Déanfar gach páirt ar leithligh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte do thaisbeaint ar leithligh sa tslí orduithe sa chlár de thoghthóirí don chontae do tháinig i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1930.

(2) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin leasóidh oifigeach clárathachta na contae an clár san de thoghthóirí i slí go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus chun gach críche isé an clár san de thoghthóirí, agus é leasuithe amhlaidh, an clár de thoghthóirí don chontae bheidh i bhfeidhm go dtí an 1adh lá de Mheitheamh, 1931.

Aontas Bhaile Atha Cliath fé Dhlí na mBocht do riara.

91. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh Comhairle na Cathrach agus an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Bhaile Atha Cliath) ar a mbeidh ceathrar a cheapfaidh Comhairle na Cathrach agus éinne amháin a cheapfaidh an Chomhairle Chontae, agus chun críche an cheaptha san tuigfear gan oifig Bhainisteoir na Cathrach do bheith ina hoifig shochair do réir bhrí Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 d'Acht 1925.

(2) An tOrdú dar dáta an 21adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus do rinneadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), agus tré n-ar scuireadh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath, leanfa sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1932, agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, ach díreach tar éis ceapa an choiste sin fén alt so do bheith críochnuithe tiocfaidh na daoine bheidh an uair sin ag cólíona dualgaisí an Bhuird Chaomhnóirí sin (de bhua ceaptha fé fho-alt (3) den alt san 12 den Acht um Rialtais Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, no de bhua ceaptha fé fho-alt (3) d'alt 72 d'Acht 1925) chun bheith agus beid curtha as oifig de bhua an fho-ailt seo agus tiocfaidh an coiste sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, ceaptha gan luach saothair ina n-ionad, agus tiocfaidh maoin, comhachta, agus dualgaisí an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid aistrithe chun an choiste sin de bhua an fho-ailt seo agus beidh éifeacht ag an Ordú san fé is dá ndeineadh an tAire an cur-as-oifig, an ceapa, agus an t-aistriú san fé fho-alt (3) d'alt 72 d'Acht 1925.

Aontas Ráth Dúin fé Dhlí na mBocht do riara.

92. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Ráth Dúin) ar a mbeidh pé méid daoine is dó leis an gComhairle sin is ceart.

(2) I gcionn ceithre lá déag tar éis lá an toghacháin tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontas Ráth Dúin chun bheith agus beid scurtha de bhua an ailt seo, agus tiocfaidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, aistrithe chun an choiste sin a ceapfar fén alt so.

(3) Bainfidh alt 72 d'Acht 1925 le hAontas Ráth Dúin fé Dhlí na mBocht agus le Bord Caomhnóirí an Aontais sin agus le maoin, comhachta agus dualgaisí an Bhuird sin fé is dá mba le hordú do dhéanfadh an tAire fén alt san 72 do déanfaí an scur san ar an mBord san agus an t-aistriú san ar an maoin, na comhachta, agus na dualgaisí sin a deintear de bhua an ailt seo.

Aontas Bhaile an Ridire fé Dhlí na mBocht do riara.

93. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Bhaile an Ridire) ar a mbeidh pé méid daoine is dó leis an gComhairle sin is ceart.

(2) I gcoinn ceithre lá déag tar éis lá an toghacháin tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile an Ridire chun bheith agus beidh sé scurtha de bhua an ailt seo, agus tiocfaidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, aistrithe chun an choiste sin a ceapfar fén alt so.

(3) Bainfidh alt 72 d'Acht 1925 le hAontas Bhaile an Ridire fé Dhlí na mBocht agus le Bord Caomhnóirí an Aontais sin agus le maoin, comhachta, agus dualgaisí an Bhuird sin fe is dá mba le hordú do dhéanfadh an tAire fén alt san 72 do déanfaí an scur san ar an mBord san agus an t-aistriú san ar an maoin, na comhachta, agus na dualgaisí sin a deintear de bhua an ailt seo.

Rátaí na contae do leasú.

94. —(1) Féadfaidh Rúnaí na Comhairle Contae o am go ham aon ráta no cáinmheas in aon leabhar rátaí chimeádann an Chomhairle Chontae do leasú tré ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhuala amach as no tríd an suim ar ar rátuíodh duine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann tré n-a mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha d'aon Acht a bheidh i bhfeidhm do thurus na huaire agus a bhaineann leis an ráta no leis an gcáinmheas san do bhuala no do dhéanamh.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomhaire ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san o thosach agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin tuigfear gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe sin.

Cuntaisí d'iniúcha.

95. —(1) Pé méid d'alt 11 den Local Government (Ireland) Act, 1871, gur gá dá réir gurb é dhéanfaidh an t-iniúcha agus an scrúdú cuntaisí luaidhtear san alt san ná an t-iniúchóir cuntaisí i dtaobh fóirithin na mbocht i gcóir aontais áirithe, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa Chathair agus sa Chontae ar an Acht so do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo gurb é dhéanfaidh gach iniúcha agus scrúdú cuntaisí do réir an ailt sin 11 sa Chathair agus sa Chontae ná an t-iniúchóir ordóidh an tAire.

(2) Ar an Acht so do rith scuirfidh alt 64 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht do bheith aige sa Chathair agus sa Chontae.

Uisce do sholáthar don Bhuirg.

96. —(1) Gach reacht, agus gach ordú ar n-a dhéanamh fé údarás reachtúil, tré n-a mbeidh sé de cheangal ar Bhárdas na Cathrach, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe i mbailecheanntar Dhún Laoghaire no tré n-a mbeidh praghas ar an soláthar san socruithe no tré n-a bhféadfar an praghas san d'atharú o am go ham, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an ailt seo, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ach go gcuirfear an Bhuirg agus Bárdas na Buirge isteach ionta in ionad an bhailecheanntair sin agus comhairle an bhailecheanntair sin.

(2) Gach foráil a bheidh in aon reacht no ordú agus tré n-a mbeidh sé de cheangal ar Bhárdas na Cathrach, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe in aon cheann de sna bailecheanntair chósta seachas bailecheanntar Dhún Laoghaire scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige ar an lá ceaptha agus dá éis sin ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo.

(3) Aon uisce sholáthróidh Bárdas na Cathrach do Bhárdas na Buirge chun a úsáidthe sa Bhuirg do réir an ailt seo soláthrófar é i ngach áit ar leithligh in ar gá do Bhárdas na Cathrach do réir dlí, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe sna líomatáistí fé seach is ionann agus na bailecheanntair chósta le linn an Achta so do rith ach tuigfear i dtaobh an uisce go léir a soláthrófar amhlaidh gur chun a úsáidthe sa Bhuirg go generálta atá sé a sholáthar.

Brainse-phíopaí uisce do choinneail i dtreo.

97. —Féadfaidh Bárdas na Cathrach agus Bárdas na Buirge fé seach a aontú gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá, na brainse-phíopaí no aon chuid áirithe de sna brainsephíopaí, tré n-a mbeirtear soláthar uisce ón mór-phíopa go dtí aon ionoighreachta no tionóntachán sa Chathair no sa Bhuirg (pe'ca aca é), do sholáthar, do chur síos, d'athnuachaint, no do choinneail i dtreo.

Bailecheanntar Bhinn Eadair do leathnú.

98. —(1) Féadfaidh comhairle bhailecheanntair Bhinn Eadair, uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, a iarraidh ar an Aire teora an bhailecheanntair sin do leathnú i slí go gcuirfear leis cuid ar bith den Chontae ná beidh ann an uair sin.

(2) Ar fháil iarratais fén bhfo-alt san roimhe seo dho féadfaidh an tAire, tar éis fiosrúcháin áitiúla i dtaobh abhar an iarratais sin do chomóra agus tar éis aon aithris chúise dhéanfaidh an Chomhairle Chontae no Bárdas na Cathrach leis do bhreithniú, ordú sealadach do dhéanamh do bhéarfaidh éifeacht don tairisgint a bheidh san iarratas san agus san tar éis pé atharú (más ann do) is dó leis is ceart do dhéanamh uirthi no féadfa sé diúltú do ghéille don iarratas san.

(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú sealadach fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é.

(4) Féadfaidh pé forálacha bheith in ordú sealadach fén alt so is dó leis an Aire is ceart, maidir le maoin, cirt agus fiachaisí do choigeartú agus cúrsaí airgeadais agus eile do shocrú idir comhairle bhailecheanntair Bhinn Eadair agus an Chomhairle Chontae de dhruim an orduithe sin.

Cosaint do chirt iascaigh in Abha na Life.

99. —Ní oibreoidh éinní san Acht so chun deifir do dhéanamh d'aon iascach no ceart iascaigh atá ann le linn an Achta so do rith agus atá suidhte i gcuid ar bith no infheidhmithe maidir le cuid ar bith d'Abha na Life ná chun deifir do dhéanamh d'unaereacht ithir leaba Abha san na Life.

Fiosrúcháin áitiúla.

100. —Pé uair a chomórfaidh an tAire fiosrúchán áitiuil do réir orduithe no fé údarás do bheirtear leis an Acht so, bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Application of Enactments Order, 1898, leis an bhfiosrúchán san fé mar a bhaineann sé leis na fiosrúcháin a luaidhtear san Airtiogal san.

Binse do cheapa chun tuarasgabháil do thabhairt ar theoranna agus ar chó-sheirbhísí sláinte puiblí.

101. —(1) Déanfaidh an tAire ar pé dhá ócáid is dó leis is ceart laistigh de sna teoranta luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fós ar pé ócáidí agus ar pé méid ócáidí (más ann dóibh) ina dhiaidh sin is dó leis is ceart, pé méid de pé saghas daoine is oiriúnach leis ar gach ócáid fé leith acu san do cheapa le hordú chun bheith ina mbinse chun crícheanna an ailt seo agus déanfa sé le gach ordú fé leith den tsórt san duine de bhaill an bhinse ceapfar leis an ordú san d'ainmniú chun bheith mar chathaoirleach ar an mbinse sin agus pé duine is oiriúnach leis do cheapa chun bheith mar rúnaí don bhinse sin agus lá, uair, agus áit a bheidh caothúil do cheapa do chéad chruinniú an bhinse sin.

(2) Is laistigh de chúig bliana tar éis an Achta so do rith a ceapfar an chéad bhinse ceapfar fén alt so agus is i gcionn trí mblian ar a laighead tar éis an chéad bhinse sin do cheapa agus fé cheann deich mblian ar a mhéid tar éis an Achta so do rith a ceapfar an dara binse den tsórt san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach binse ceapfar fén alt so breithniú agus molta do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt don Aire, chó tapaidh is bheidh san caothúil dóibh, i dtaobh na nithe seo, eadhon, an gá no an fearr an uair sin aon atharuithe do dhéanamh ar theoranta na Cathrach agus na Contae fé seach agus ar na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae agus, más gá no más fearr, cadiad na hatharuithe iad, agus fós an gá no an fearr an uair sin aon choigeartuithe generálta do dhéanamh ar chúrsaí airgeadais na Cathrach, na Contae, agus na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae agus, más gá no más fearr, cadiad na coigeartuithe iad, agus fós an gá no an fearr an uair sin aon tsocruithe do dhéanamh chun có-sheirbhísí rialtais áitiúla no sláinte puiblí do bhunú chun có-thairbhe d'aon dá cheann no níos mó de sna líomatáistí seo leanas, sé sin le rá, an Chathair, an Chontae, agus na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae, agus chun go mbeadh na seirbhísí sin fé chó-rialú na n-údarás n-áitiuil uile agus fé seach go ndlighinse sna líomatáistí fé seach ag a mbeadh tairbhe na seirbhísí sin, agus, más gá no más fearr, cadiad na socruithe iad.

(4) Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach tuarasgabháil do bhéarfaidh binse ceapfar fén alt so uaidh.

(5) Beidh ag binse ceapfar fén alt so, chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistithe fé mhionn no ar aon tslí eile agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair gach comhacht, ceart, agus príbhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh di maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh chathaoirligh an bhinse cóionann agus den éifeacht chéanna le próiseas fuirmeálta ar n-a thabhairt amach don Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair.

(6) Más rud é—

(a) ar ghairm éinne go cuibhe chun teacht i láthair binse do ceapadh fén alt so mar fhínné, ná tiocfa sé i láthair, no

(b) ar bheith i láthair d'éinne mar fhínné, go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an binse sin air go dleathach do thabhairt, no d'aon scríbhinn do thabhairt i láthair a bheidh fé n-a chúram no ar fáil aige agus a cheanglóidh an binse sin air go dleathach do thabhairt i láthair, no d'aon cheist do fhreagairt go bhféadfaidh an binse sin go dleathach a cheangal air freagra do thabhairt uirthi, no

(c) go ndéanfaidh éinne ní ar bith eile do bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais go gcomhacht duine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbheaga Chúirte an binse sin, ina dhísbheaga ar an gCúirt sin,

féadfaidh cathaoirleach an bhinse sin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh don Ard-Chúirt agus, tar éis pé fiosrú is dó leis an gCúirt sin is ceart do dhéanamh, féadfa sí píonós do chur ar an duine sin no cur chuige sin do dhéanamh díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbheaga.

(7) Beidh ag fínné, agus é i láthair binse ceapfar fén alt so, teideal chun na saoirsí agus chun na bpríbhléidí céanna do bheadh aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

(8) Na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghaidh binse no fé n-a raghfar maidir le binse ceapfar fén alt so, déanfaidh pé cinn de sna cóluchtaí seo leanas ordóidh an binse sin iad d'íoc leis an Aire sa mhéid go gceadóidh an tAire é, sé sin le rá, Bárdas na Cathrach, an Chomhairle Chontae, agus na húdaráis áitiúla uile agus fé seach go mbeidh a líomatáistí feidhmiúcháin laistigh den Chontae, agus féadfaidh an tAire an cion de sna costaisí agus de sna caithteachaisí sin is iníoctha amhlaidh ag aon chólucht acu san do bhaint den chólucht san mar fhiacha síbhialta.

Achtacháin do chur i mbaint agus d'oiriúnú.

102. —(1) Gach achtachán (agus Achtanna áitiúla, pearsanta, agus príobháideacha d'áireamh) agus gach ordú atá i bhfeidhm, le linn an Achta so do rith, sa tseana-chathair no sa chontae no i gceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte no in aon cheann de sna bailecheanntair chósta, no maidir le haon líomatáiste acu san, léireofar iad agus beidh éifeacht acu, ar an Acht so do rith agus dá éis sin ach fé réir aon ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so i dtaobh an achtacháin no an orduithe sin, tar éis pé atharuithe do dhéanamh ortha is gá chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) pé oiriúnuithe agus atharuithe, do chífear don Aire do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht, do dhéanamh ar aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no ar aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le ceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte no le haon cheann de sna bailecheanntair chósta agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith;

(b) aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le haon chuid di no le ceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, do chur i mbaint le hiomlán na Cathrach;

(c) aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no aon ordú bhaineann le haon cheann de sna bailecheanntair chósta, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, do chur i mbaint leis an mBuirg.

(3) Maidir le haon Acht (agus Achtanna rithfear tar éis an Achta so do rith ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh) no aon ordú do rinneadh fé údarás reachtúil, agus baint ghenerálta aige le buirgí, contae-bhuirgí, no bailecheanntair, no comhairlí buirgí, contae-bhuirgí no bailecheanntar, féadfaidh an tAire, le hordú, gach oiriúnú agus atharú do dhéanamh air i dtaobh an tAcht no an t-ordú san do chur i mbaint sa Chathair agus sa Bhuirg no i gceachtar acu no maidir leo no le ceachtar acu no maidir le Bárdas na Cathrach, Comhairle na Cathrach, Bárdas na Buirge, agus Comhairle na Buirge no le haon cheann acu, gach oiriúnú agus atharú do chífear don Aire bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.

Achtanna Príobháideacha agus orduithe iomarcacha.

103. —(1) Más léir don Aire go bhfuil in aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach, no in aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le ceachtar de sna bailecheanntair chócheangailte agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, forálacha atá buiniscionn le forálacha no nea-riachtanach de dhruim forálacha no gur leor ina n-ionad forálacha do rinneadh leis an Acht so no fé, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh baint ag na forálacha san den Acht no den ordú san sa Chathair ná maidir leis an gCathair, agus ar dhéanamh an orduithe sin ní bheidh baint ag na forálacha luadhfar ann den Acht no den ordú san sa Chathair ná maidir leis an gCathair.

(2) Más léir don Aire go bhfuil in aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach, no in aon ordú bhaineann le haon cheann de sna bailecheanntair chósta agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, forálacha atá buiniscionn le forálacha no nea-riachtanach de dhruim forálacha no gur leor ina n-ionad forálacha do rinneadh leis an Acht so no fé, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh baint ag na forálacha san den Acht no den ordú san sa Bhuirg ná maidir leis an mBuirg, agus ar dhéanamh an orduithe sin ní bheidh baint ag na forálacha luadhfar ann den Acht no den ordú san sa Bhuirg ná maidir leis an mBuirg.

(3) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus aontú leis d'fháil tré rún o gach Tigh den Oireachtas.

Lá an toghacháin agus an lá ceaptha.

104. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapa nách déanaí ná an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1930, chun bheith mar lá thoghacháin chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá sa bhliain 1930 agus tar éis lá an toghacháin do cheapa chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Athghairm.

105. —Deintear leis seo no hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a gabhann leis an Acht so d'athghairm, i slí go mbeid athghairmthe ar an gceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus as san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

106. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , do ghairm den Acht so.