|
||||
|
Ar Aghaidh (CUID I. Geim do Chosaint agus do Chaomhna.) |
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1930. | ||
[EN] |
ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930. | |
ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN GÉIM DO CHOSAINT AGUS CHUIGE SIN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DEIGHLEÁLAITHE I nGÉIM DO CHUR FÉ RIAIL AGUS CHUN NITHE EILE BHAINEANN NO CHABHRUÍONN LE GÉIM DO CHOSAINT. [27adh Bealtaine, 1930.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
ROIMHRAITEACH. | ||
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —(1) Féadfar an tAcht chun Géim do Chosaint, 1930 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Bhealtaine, 1930. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “éanacha géim” piasúin, paitriscí, cearca fraoigh, gearra guirt, traonaí, pilbíní, naoscaigh, agus creabhair agus fós malláird, pras-lachain, lachain rua, agus cineail eile lachan bhfiadhain, géanna dubha, géanna giughrainn no cineail eile géanna fiadhaine; | |
[EN] | foluíonn an focal “girrfhithe” pisíní girrfhé; | |
[EN] | foluíonn an focal “géim” éanacha géim agus girrfhithe; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so. |