An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid IV. Feoil Ur, Scartach, Coinini Marbha agus Eanlaithe Marbha d'Easportail.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Rialacha chun Tailli Leath-Bhliana Easportalai d'Aireamh.)

10 1930

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930

Cuid V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Comhachta agus dualgaisí cigirí sréidliaghachta.

47. —Beidh ag cigire sréidliaghachta na comhachta uile bronntar ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so agus, má éilíonn an tAire air san do dhéanamh, cólíonfa sé na dualgaisí uile forchuirtear ar scrúdóir shréidliaghachta leis an Acht so no pé cinn acu ordóidh an tAire.

Seilbh neadhleathach ar mharcanna agus ar dheimhnithe.

48. —(1) Gach gléas chun feoil úr na scartach do mharcáil do réir an Achta so agus do réir na rialachán chun feoil úr do mharcáil beidh sé do réir pé fuirme agus pátrúin agus déanta de pé abhar a hordófar leis na rialacháin sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil, ná aon ghléas le n-a bhféadfaí marc orduithe no aithris dheabharthach ar a leithéid do chur ar fheoil úir no ar scartach, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige, ná gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil do chur ar nea-mbrí ná fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta, ná aon aithris dheabharthach ar a leithéid, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, d'oifigeach don Stát agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, do bheith ina sheilbh aige, no do chur ar nea-mbrí no fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ina sheilbh aige, ná d'éinne aon ghléas den tsórt san no aon fhuirm den tsórt san do dhéanamh, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige do réir ordú thug aon oifigeach den tsórt san go dleathach no do réir connra rinne sé go dleathach.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil no aon ghléas le n-a bhféadfaí marc orduithe no aithris dheabharthach ar a leithéid do chur ar fheoil úir no ar scartach, no a chuirfidh ar nea-mbrí, contrárdha don alt so, gléas orduithe chun feoil úr no scartach do mharcáil, no a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh, no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, fuirm orduithe do dheimhniú chonsighneachta no aithris dheabharthach ar a leithéid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Comhachta fé Achtanna eile.

49. —(1) Na comhachta bronntar ar an Aire leis an Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, ná d'údaráis áitiúla seamlas d'fheidhmiú a gcomhacht reachtúil maidir leis na seamlaisí d'iniúcha mar údaráis den tsórt san ná d'údaráis sláintíochta áitiúla d'fheidhmiú na gcomhacht a bhaineann le seamlaisí no a bhaineann le nithe bheidh ceaptha mar bhia don duine agus a bronntar ortha leis na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar a leasuítear iad le Cuid II. den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , no a bronntar ortha le haon Acht áitiúil no pearsanta.

(2) Aitreabh ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár de sheamlaisí beidh sé saor, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, o oblagáid a chláruithe no a cheadúnuithe fé aon achtachán eile bhaineann le seamlaisí do chlárú no do cheadúnú agus beidh sé saor chó maith o sna forálacha reachtúla uile (ar a n-áirítear orduithe, rialacháin, rialacha, agus fo-dhlithe) a bhainfidh le seamlaisí de thora an chláruithe no an cheadúnuithe sin.

(3) Ní bhainfidh alt 50 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, leis an scéal maidir le seamlaisí cláruithe.

Ciontaí.

50. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin ghenerálta.

51. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar.

(2) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint do bheith acu le nithe iomdha go mbronntar le hailt deifriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Cad déanfar le táillí do gheobhaidh an tAire.

52. —Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so íocfar isteach iad sa Stát-Chiste no cuirfear iad chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí

53. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.