Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

36 1929


Uimhir 36 de 1929.


ACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE), 1929.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR CHÓ-AONTÚ ÁIRITHE LE N-A LÉIRÍTEAR AGUS LE N-A bhFOIRLÍONTAR AIRTIOGAL 10 DE CHONNRA 1921 AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH DO RÉIR AN CHÓ-AONTUITHE SIN CHUN AN BHREITH DHEIRIDH DO THABHAIRT DÁ RÉIR AR GACH ÉILEAMH CÚITIMH, FÉN AIRTIOGAL SAN 10, A DINEADH ROIMHE SEO NO A DÉANFAR INA DHIAIDH SEO AG DAOINE (NACH BAILL D'FHÓRSA PHÓILÍNEACHTA) ADEIR GUR hAISTRÍODH IAD, DE BHUA AON AISTRIÚ SEIRBHÍSÍ, Ó SHEIRBHÍS AN RIALTAIS BHRIOTÁINIGH GO dTÍ SEIRBHÍS RIALTAIS SHEALADAIGH NA hÉIREANN A BHÍ ANN LE DÉANAÍ NO GO dTÍ SEIRBHÍS RIALTAIS SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS I gCÓIR NITHE EILE A GHABHANN LEIS AN mBREITH DHEIRIDH SIN NO A BHAINEANN LÉI. [17adh Mí na Nodlag, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Connra” Connra 1921;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid; agus

foluíonn an abairt “oifigeach aistrithe” gach oifigeach, státsheirbhíseach, no seirbhíseach puiblí eile do haistríodh, de bhua aon aistriú seirbhísí, o sheirbhís Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí go dtí seirbhís Rialtais Shealadaigh na hÉireann no go dtí seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann no do haistríodh roimhe seo no a haistreofar ina dhiaidh seo o sheirbhís Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann go dtí seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann, ach ní fholuíonn sí aon bhall d'fhórsa phóilíneachta ná éinne gur dhin Rialtas na Ríochta Aontuithe sin do bhí ann le déanaí a sheirbhísí do thabhairt ar iasacht don Rialtas Sealadach san.

An Có-aontú do dhaingniú.

2. —Daingnítear leis seo an Có-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, eadhon, có-aontú le n-a léirítear agus le n-a bhfoirlíontar Airtiogal 10 den Chonnra, agus beidh éifeacht ag an gConnra dá réir sin.

Bord na Stát-Sheirbhíse (Cúiteamh) do bhunú.

3. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bunófar do réir an Achta so bord ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord na Stát-Sheirbhíse (Cúiteamh) (dá ngairmtear an Bord san Acht so) chun na comhachta agus na dlighinsí a bronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú.

(2) Beidh an Bord có-dhéanta—

(a) de Chathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so) a cheapfaidh an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, agus

(b) de phaineul (dá ngairmtear paineul an Aire san Acht so) de chúigear a cheapfaidh an tAire do réir an Achta so, agus

(c) de phaineul (dá ngairmtear paineul na n-oifigeach san Acht so) de chúigear is fiche, a cuirfear le chéile agus a cimeádfar ar bun sa tslí a horduítear leis an Acht so.

(3) Ag gach suidhe bheidh ag an mBord chun crícheanna an Achta so beidh an Bord có-dhéanta den Chathaoirleach, de bheirt bhall a gheobhfar as paineul an Aire agus de bheirt bhall a gheobhfar as paineul na n-oifigeach.

Cathaoirleach an Bhuird.

4. —(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach beidh sé, ar dháta a cheaptha, ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda agus féadfar, le n-a thoil féin agus le toil Phrímh-Bhreithimh Shaorstáit Éireann, é do cheapa amhlaidh ar na téarmaí go bhféadfa sé fanúint in oifig mar bhreitheamh den tsórt san d'ainneoin a cheaptha mar Chathaoirleach.

(2) Gach duine ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach beidh sé i seilbh oifige mar Chathaoirleach den tsórt san go dtí éag no eirghe as do no scur do de bheith ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a bheidh an Cathaoirleach go sealadach, de dheascaibh breoiteachta, gan bheith ábalta ar a dhualgaisí mar Chathaoirleach do chólíona, féadfaidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, éinne bheidh cáilithe chun a cheaptha mar Chathaoirleach do cheapa chun bheith ina leas-chathaoirleach le linn mí-ábaltachta san an Chathaoirligh agus é do chur as an oifig sin aon uair, agus faid a bheidh sé ceaptha beidh comhachta agus dualgaisí uile an Chathaoirligh ag gach leas-chathaoirleach den tsórt san agus chuige sin déanfar gach tagairt san Acht so (lasmuich den alt so) don Chathaoirleach do léiriú mar thagairt a fholuíonn an leas-chathaoirleach san.

Paineul an Aire.

5. —(1) Isé an tAire cheapfidh baill phaineul an Aire agus féadfaidh iad do chur as an bpaineul aon uair.

(2) Beidh gach ball de phaineul an Aire i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go dtí éag no eirghe as do no go dtí n-a chur as oifig.

(3) An bheirt bhall den Bhord a gheobhfar as paineul an Aire chun crícheanna aon tsuidhe bheidh ag an mBord déanfaidh baill an phainéil sin iad do rogha i pé slí ordóidh an tAire.

Paineul na n-oifigeach.

6. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “bun-bhall” ball de phaineul na n-oifigeach atá ina bhall amhlaidh de bhua a ainmnithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “ball có-thogtha” ball de phaineul na n-oifigeach a thoghfaidh baill phaineul na n-oifigeach fén Acht so chun bheith ina bhall amhlaidh;

foluíonn an abairt “ball de phaineul na n-oifigeach” bun-bhaill agus baill chó-thoghtha;

foluíonn an abairt “oifigeach aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann” oifigeach aistrithe do scuireadh no d'imigh as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann i slí go raibh teideal aige chun cúitimh fé Airtiogal 10 den Chonnra agus do chuaidh isteach sa tseirbhís sin arís ar n-a cheapa chun oifige no puist nua;

cialluíonn an abairt “foth-fholúntas” folúntas a thiocfaidh imeasc ballra phaineul na n-oifigeach tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall den phaineul san no tré n-a chur as fén alt so agus foluíonn sí folúntas a thiocfaidh tré éag no teacht fé dhí-cháilíocht do bhun-bhall roimh an Acht so do rith.

(2) Beidh paineul na n-oifigeach có-dhéanta den chúigear is fiche a hainmnítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus de pé daoine eile toghfar o am go ham fén alt so chun fothfholúntaisí imeasc ballra an phainéil sin, no a ceapfar fén gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so chun folúntaisí thárlóidh fén alt san.

(3) Féadfaidh ball de phaineul na n-oifigeach eirghe as bheith ina bhall de aon uair tré fhógra i scríbhinn do thabhairt don Chathaoirleach.

(4) Pé uair a scuirfidh ball de phaineul na n-oifigeach de bheith ina oifigeach aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann, beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall de phaineul na n-oifigeach.

(5) Féadfar aon uair ball de phaineul na n-oifigeach do chur as an bpaineul san ar chúis aithriste tré rún i scríbhinn fé láimh ocht mball déag ar a laighead de phaineul na n-oifigeach do sheachada don Chathaoirleach.

(6) Pé uair a thiocfaidh foth-fholúntas imeasc ballra phaineul na n-oifigeach, déanfaidh a mbeidh fágtha de bhaill phaineul na n-oifigeach oifigeach aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann do thogha i pé slí is oiriúnach leo chun an fholúntais sin.

(7) An bheirt bhall den Bhord a gheobhfar as paineul na n-oifigeach chun críche aon tsuidhe bheidh ag an mBord déanfaidh baill an phainéil sin iad do rogha ar pé slí shocróid eatorra féin.

Baill de phaineul na n-oifigeach do chur as an bpaineul ar achuinghe.

7. —(1) Má tíoclaictear agus pé uair a tíolaicfear don Bhord achuinghe fé láimh chúig céad ar a laighead d'oifigigh aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann á iarraidh go gcuirfí as paineul na n-oifigeach ball no baill ainmnithe den phaineul san (ach ní níos mó ná cúigear in éineacht), cuirfidh an Bord as paineul na n-oifigeach láithreach na baill den phaineul san a bheidh ainmnithe san achuinghe sin.

(2) Pé uair a cuirfear ball de phaineul na n-oifigeach as an bpaineul fén alt so déanfaidh an Bord, chó luath agus bheidh san caothúil dóibh, oifigeach aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann ainmneoidh an Cathaoirleach, tar éis do dul i gcomhairle le có-ghléasa admhuíonn sé do bheith ag ionadú na n-oifigeach n-aistrithe, do cheapa chun bheith ina bhall de phaineul na n-oifigeach chun an folúntas do thárla de dhruim an churtha-as san do líona.

(3) Ní thárlóidh foth-fholúntas do réir bhrí an ailt deiridh roimhe seo den Acht so de dhruim ball de phaineul na n-oifigeach do chur as an bpaineul fén alt so.

(4) San alt so foluíonn an abairt “oifigeach aistrithe ar fostú ag Rialtas Shaorstáit Éireann” na daoine foluítear leis an abairt sin chun crícheanna an ailt deiridh roimhe seo den Acht so.

Nós-imeachta an Bhuird.

8. —(1) Fé réir forálacha an Achta so rialálfaidh an Bord a nós-imeachta féin.

(2) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin foth-fholúntais no foth-fholúntaisí i bpaineul an Aire no i bpaineul na n-oifigeach no sa dá phaineul san.

(3) Beidh an Cathaoirleach i gceannas gach suidhe bheidh ag an mBord.

(4) Is do réir bharúil an mhóráirimh de bhaill an Bhuird a bheidh breith an Bhuird ar aon iarratas, éileamh no ceist, éistfid agus a shocróid fén Acht so, ach isé an Cathaoirleach fhógróidh an bhreith sin agus ní fhógróidh aon bhall eile den Bhord aon bharúil ag aontú ná ag deifriú leis an mbreith sin ná ag tagairt di.

(5) Beidh ag an mBord, chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a scrúduithe fé mhionn agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair, gach comhacht, ceart agus príbhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh an Chathaoirligh có-ionann agus den éifeacht chéanna le próiseas fuirmeálta do thabharfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair no chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair.

(6) Más rud é, ar ghairm éinne go cuibhe fén alt so chun teacht i láthair an Bhuird mar fhínné, ná tiocfa sé i láthair amhlaidh no, ar bheith i láthair an Bhuird do mar fhínné, go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Cathaoirleach air do thabhairt no go ndiúltóidh sé d'aon scríbhinn do thabhairt i láthair a bheidh fé n-a chúram no ar fáil aige agus a cheanglóidh an Cathaoirleach air do thabhairt i láthair no go ndiúltóidh sé d'aon cheist d'fhreagairt a cheanglóidh an Cathaoirleach air d'fhreagairt, féadfaidh an Cathaoirleach cionta an duine sin do dheimhniú don Ard-Chúirt agus, tar éis pé fiosrú is dó leis an gCúirt sin is ceart do dhéanamh, féadfa sí pionós do chur ar an duine sin no cur chuige sin do dhéanamh díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeaga.

Dlighinse an Bhuird.

9. —(1) Fiosróidh an Bord i dtaobh gach éilimh, ar chúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra, a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid fén Acht so, agus socróid do réir an Achta so ce'ca tá neach déanta an éilimh sin i dteideal cúitimh fén Airtiogal san 10 mar oifigeach aistrithe no ná fuil agus pé uair a shocróidh an Bord go bhfuil an duine sin i dteideal an chúitimh sin amhlaidh socróidh an Bord fós cineál agus méid an chúitimh sin agus na nithe eile bhaineann leis.

(2) Chun crícheanna gach fiosruithe, socruithe agus breithe cheanglann an tAcht so ortha do dhéanamh no do thabhairt beidh lán-chomhacht agus lán-dlighinse ag an mBord gach ní do bhreithniú agus do shocrú a tabharfar os a gcóir le linn no i dtaobh an fhiosruithe, an tsocruithe no na breithe sin agus ní féadfar srian do chur leo le hordú aon chúirte agus iad ag feidhmiú a gcomhacht agus a ndlighinsí fén Acht so ná ní déanfar aon imeachta bheidh ar siúl os a gcóir do thabhairt isteach in aon chúirt le certiorari.

(3) Gach éileamh ar chúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra a cheanglann no a údaruíonn an tAcht so do chur fé bhráid an Bhuird agus gach ceist eile a cheanglann no a údaruíonn an tAcht so do chur fé n-a mbráid, is ag an mBord amháin a bheidh dlighinse chun iad d'éisteacht agus do shocrú agus fós chun gach ní do shocrú a ghabhann le socrú no eireoidh le linn socruithe aon éilimh no ceiste den tsórt san agus ní fhéadfaidh aon chúirt ná aon bhinse eile seachas an Bord aon éileamh, ceist ná ní den tsórt san do bhreithniú, d'éisteacht, ná do shocrú.

(4) An bhreith a thabharfaidh an Bord ar aon éileamh ar chúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra a éistfid agus a shocróid fén Acht so beidh sí ina socrú dheiridh dhochlaoite ar an éileamh san agus ní féadfar athchomharc chun aon chúirte, údaráis ná binse ar bith ina coinnibh ná ní fhéadfaidh aon cheann acu san í d'aithbhreithniú.

Eilithe ar chúiteamh do bheith ionchurtha fé bhráid an Bhuird.

10. —(1) Gach duine adéarfaidh go bhfuil sé i dteideal cúitimh fé Airtiogal 10 den Chonnra mar oifigeach aistrithe, agus nár dhin éileamh (seachas éileamh fé alt 14 den Acht so) ar an Aire roimhe sin, ag lorg an chúitimh sin, beidh sé i dteideal (fé réir na heisceachta dintear anso ina dhiaidh seo) an cúiteamh san d'éileamh ar an Aire.

(2) Cuirfidh an tAire fé bhráid an Bhuird (fé réir na heisceachta dintear anso ina dhiaidh seo)—

(a) gach éileamh, ag lorg cúitimh fé Airtiogal 10 den Chonnra, a déanfar ar an Aire, tar éis an Achta so do rith, ag duine adeir gurb oifigeach aistrithe é agus nár dhin eileamh (seachas éileamh fé alt 14 den Acht so) ar an Aire roimhe sin ag lorg an chúitimh sin no gur dhin a leithéide sin d'éileamh ach gur tharraig siar gan coiníoll é sarar thug an tAire breith ar bith air; agus

(b) gach éileamh, ag lorg cúitimh fén Airtiogal san 10, do dineadh ar an Aire, roimh an Acht so do rith, ag duine adeir gurb oifigeach aistrithe é, agus—

(i) nár tarraigeadh siar roimh an Acht so do rith, agus

(ii) nár tháinig a leithéid eile d'éileamh roimhe do tarraigeadh siar ar coiníoll tar éis a bhreith nithe ag coiste do cheap an tAire chun comhairle do thabhairt do i dtaobh éilithe den tsórt san, agus

(iii) nár dhin an tAire ar a scór roimh an Acht so do rith cúiteamh do dheona ná diúltú do chúiteamh do dheona.

(3) I gcás in ar dhin duine adeir gurb oifigeach aistrithe é cúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra d'éileamh ar an Aire roimh an Acht so do rith agus in ar dhin an tAire, ar dhéanamh an éilimh sin, an cúiteamh san do dheona no do dhiúltú don duine sin agus nách ionann an deona no an diúltú san agus deona no diúltú cúitimh a fógartar leis an gCó-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith ina shocrú dheiridh dhochlaoite ar éileamh an duine sin ar chúiteamh fén Airtiogal san 10, féadfaidh an duine sin, aon uair tar éis an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire an t-éileamh san do chur fé bhráid an Bhuird agus ar a iarraidh sin air déanfaidh an tAire (fé réir na heisceachta a dintear anso ina dhiaidh seo) an t-éileamh san do chur fé bhráid an Bhuird agus leis sin deighleálfaidh an Bord leis an éileamh san fé is ná déanfaí an cúiteamh san do dheona no do dhiúltú amhlaidh (pe'ca aca é).

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le héileamh ar chúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra dob abhar aicsin no lán-imeachta eile san Ard-Chúirt gur dhin an Chúirt sin a thriail d'éisteacht agus breith do thabhairt inti roimh an Acht so do rith.

Eilithe do socruíodh do réir dlí.

11. —(1) Baineann an t-alt so le gach éileamh ar chúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra o dhuine adeir gurb oifigeach aistrithe é agus—

(a) nár dhin an tAire ar a scór deona no diúltú cúitimh fén Airtiogal san 10 atá, de bhua an Chó-aontuithe atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ina shocrú dheiridh dhochlaoite ar an éileamh san, agus

(b) dob abhar aicsin no lán-imeachta eile san Ard-Chúirt gur dhin an Chúirt sin a thriail d'éisteacht agus breith do thabhairt inti roimh an Acht so do rith, agus

(c) nárbh abhar athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe d'éist an Chúirt sin agus ar ar thug sí breith roimh an Acht so do rith.

(2) Beidh breithiúntas na hArd-Chúirte, ar n-a fhógairt roimh an Acht so do rith, ar éileamh le n-a mbaineann an t-alt so, ina shocrú dheiridh dhochlaoite ar an éileamh san agus ní luighfidh ná ní déanfar aon athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe ná chun aon bhinse eile i gcoinnibh an bhreithiúntais sin, ach amháin—

(a) i gcás athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, i gcoinnibh an bhreithiúntais sin, do bheith ar feitheamh le linn an Achta so do rith, go bhféadfaidh neach déanta an athchomhairc sin athchomharc chun an Bhuird i gcoinnibh an bhreithiúntais sin agus leis sin éistfidh an Bord an t-athchomharc san agus tabharfaidh breith air agus chuige sin beidh dlighinse aige gach cuid no aon chuid den bhreithiúntas san do chlaochló, do dhaingniú, no d'atharú sa mhéid agus sa tslí is dó leis is ceart, agus

(b) má eiríonn ceist ar bith i dtaobh éilimh le n-a mbaineann an t-alt so agus ná socruítear an cheist sin le breithiúntas na hArd-Chúirte ar an éileamh san no má eiríonn ceist ar bith, i dtaobh éilimh le n-a mbaineann an t-alt so, as no fé bhreithiúntas na hArd-Chúirte ar an éileamh san, go gcuirfar an cheist sin fé bhráid an Bhuird agus gur ag an mBord amháin a bheidh dlighinse í d'éisteacht agus breith do thabhairt uirthi.

Cúiteamh d'íoc.

12. —(1) Tuairisceoidh an Bord don Aire a mbreith ar gach éileamh a cuirfear fé n-a mbráid fén Acht so agus pé uair a chinnfidh an Bord go bhfuil duine i dteideal cúitimh mar oifigeach aistrithe fé Airtiogal 10 den Chonnra íocfaidh an tAire cúiteamh leis an oifigeach san, ar gach slí do réir na breithe sin, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas no as aon chiste eile ar ar féidir a mhuirearú le ceart.

(2) Íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas no as aon chiste eile ar ar féidir a mhuirearú le ceart, le gach oifigeach aistrithe dá mbeidh sé tar éis deona cúitimh do thabhairt fé Airtiogal 10 den Chonnra a fógartar leis an gCó-aontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith ina shocrú dheiridh dhochlaoite, íocfa sé leis an cúiteamh a deonadh amhlaidh don oifigeach aistrithe sin.

Costaisí an Bhuird.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bheidh ar an mBord maidir le feidhmiú na gcomhacht agus na ndlighinsí bronntar ar an mBord leis an Acht so (ar a n-áirítear luach saothair (más ann do) bhall an Bhuird).

Sealbhaíocht oifige oifigeach n-aistrithe do bhuan-chimeád.

14. —(1) Beidh gach oifigeach aistrithe le n-a mbaineann an t-alt so i seilbh oifige i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do réir na sealbhaíochta céanna agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha céanna (ar a n-áirítear coiníollacha i dtaobh tuarastail agus aois-liúntais) gur dá réir agus ortha do bhí sé i seilbh oifige i seirbhís Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí no Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann (pe'ca aca é) díreach roimh a aistriú ón seirbhís sin go dtí seirbhís an Rialtais Shealadaigh no Rialtais Shaorstáit Éireann (pe'ca aca é).

(2) Pé uair a ceanglófar ar oifigeach aistrithe le n-a mbaineann an t-alt so, le linn bheith i seilbh bhirte i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do atá có-ionann no ar có-réir leis an mbirt do bhí ar seilbh aige i seirbhís Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí no Rialtais Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann (pe'ca aca é) in am a aistrithe ón seirbhís sin, dualgaisí ná beidh cóghaolmhar agus a bheidh ina mbreis nea-réasúnta leis agus ar na dualgaisí do bhí air in am a aistrithe amhlaidh do chólíona no nuair a bheidh atharú mór chun donais do ar staid an oifigigh sin de dheascaibh atharuithe i gcoiníollacha a fhostaíochta, beidh an t-oifigeach san i dteideal imeacht as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann más mian leis é ach é do thabhairt fógra don Aire gur mian leis imeacht amhlaidh agus an tAire d'admháil no an Bord do dhaingniú a chirt chun imeacht amhlaidh.

(3) I gcás ina bhfuair oifigeach aistrithe le n-a mbaineann an t-alt so no ina bhfuighe sé ina dhiaidh seo árdú céime, mar a mínítear san sa bhfo-alt so, i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus go ndeir sé a ionad sa ghrád no sa bhirt in no chun ar hárduíodh amhlaidh é do bheith atharuithe go mór chun donais do tré atharuithe do dineadh, tar éis a árduithe amhlaidh, sna coiníollacha d'orduigh an tAire in am a árduithe amhlaidh mar choiníollacha a fhostaíochta sa ghrád no sa bhirt sin, beidh an t-oifigeach san i dteideal imeacht as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann más mian leis é ach é do thabhairt fógra don Aire gur mian leis imeacht amhlaidh agus an tAire d'admháil no an Bord do dhaingniú a chirt chun imeacht amhlaidh.

Chun crícheanna an fho-ailt seo cialluíonn an abairt “árdú céime” árdú céime (pe'ca tré mhéadú tuarastail é no tré cheapa chun gráid no birte eile ach ní foluítear árdú céime gníomhathach) i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann atá i ngnáth-chúrsa árduithe chéime sa ghrád no ón mbirt do bhí ag an duine árduithe in am a aistrithe go dtí seirbhís Rialtais Shealadaigh na hÉireann no go dtí seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann (pe'ca aca é) agus atá, ar gach slí eile, ina árdú chéime de shaghas do gheobhadh sé sa ghnáth-chúrsa (in am a árduithe) sa ghrád no ón mbirt deiridh sin a luaidhtear dá mba ná tárlódh an t-atharú rialtais a luaidhtear in Airtiogal 10 den Chonnra (pe'ca i roinn no chun roinne do bhí, no i roinn no chun roinne ná raibh, ar bith le linn an atharuithe rialtais sin do gheibhtear an t-ardú céime sin).

(4) Pé uair a dhéanfaidh duine adeir gurb oifigeach aistrithe é fógra do thabhairt don Aire gur mian leis imeacht, fén alt so, as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus a chuirfidh an tAire in imreasán ceart an duine sin chun imeacht amhlaidh, cuirfidh an tAire fé bhráid an Bhuird agus éistfidh agus socróidh an Bord an cheist ce'ca tá an duine sin i dteideal imeacht amhlaidh no ná fuil agus beidh socrú an Bhuird ar an gceist sin ina shocrú dheiridh dhochlaoite.

(5) Nuair a thabharfaidh oifigeach aistrithe fógra don Aire gur mian leis imeacht, fén alt so, as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus a admhóidh an tAire no a dhaingneoidh an Bord a cheart chun imeacht amhlaidh, tuigfear gur scuir Rialtas Shaorstáit Éireann an t-oifigeach san do réir bhrí Airtiogal 10 den Chonnra agus beidh sé i dteideal cúitimh fén Airtiogal san dá réir sin.

(6) Baineann an t-alt so le gach oifigeach aistrithe do bhí, in am a aistrithe go dtí seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann, ag fónamh mar oifigeach bhunuithe, no, cé ná raibh ag fónamh mar oifigeach bhunuithe, do thugadh a chuid aimsire uile do dhualgaisí a oifige.

Dáta imeacht as oifig.

15. —(1) I gcás in ar thug oifigeach aistrithe (nách oifigeach do haistríodh tar éis an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1928) roimh an Acht so do rith no ina dtabharfaidh ar no roimh an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, fógra gur mian leis imeacht as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do bhíthin an atharuithe rialtais do réir bhrí Airtiogal 10 den Chonnra, is ar pé dáta shocróidh an Bord chuige sin a imeoidh an t-oifigeach san as an seirbhís sin do réir an fhógra san.

(2) Bainfidh na forálacha so leanas leis an mBord do shocrú an dáta, fén bhfo-alt san roimhe seo, chun oifigeach aistrithe le n-a mbaineann an fo-alt san d'imeacht as oifig, sé sin le rá:—

(a) más breis agus sé mhí roimh an Acht so do rith do thug sé an fógra gur mhian leis imeacht as oifig, ní bheidh dáta na himeachta níos déanaí ná ceithre mhí tar éis an Achta so do rith;

(b) más roimh an Acht so do rith ach nách mó ná sé mhí roimhe sin do thug sé an fógra gur mhian leis imeacht as oifig, ní bheidh dáta na himeachta níos déanaí ná pé am is déanaí dhíobh so leanas, sé sin le rá, deire sé mí ón bhfógra san do thabhairt no deire ceithre mí ón Acht so do rith;

(c) más tar éis an Achta so do rith a thabharfa sé fógra gur mian leis imeacht as oifig, ní bheidh dáta na himeachta níos déanaí ná an 5adh lá de Mheitheamh, 1930;

(d) i gcás ar bith, gan toil an oifigigh a bheidh le himeacht ní bheidh dáta na himeachta as oifig roimh dheire sé mí ón dáta ar ar thug fógra gur mhian leis imeacht.

(3) I gcás oifigeach aistrithe do haistríodh tar éis an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1928, do thabhairt fógra uaidh laistigh de bhliain tar éis an aistrithe sin gur mian leis imeacht as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann de bhíthin an atharuithe rialtais de réir bhrí Airtiogal 10 den Chonnra, is ar pé dáta shocróidh an Bord chuige sin a imeoidh an t-oifigeach san as an seirbhís sin do réir an fhógra san ach gan toil an oifigigh sin ní bheidh an dáta san roimh dheire sé mí ón dáta ar ar tugadh an fógra san amhlaidh ná tar éis deire bliana ón dáta san.

Cúiteamh ar fiunraoi i gcásanna áirithe.

16. —(1) Pé uair a bheidh oifigeach aistrithe, dar deonadh cúiteamh fé Airtiogal 10 den Chonnra (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), ar fostú in aon bhirt i roinn phuiblí pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh an fhostaíocht san—

(a) ní bheidh an cúiteamh san iníoctha in aghaidh aon tréimhse, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, ina mbeidh luach saothair an oifigigh aistrithe sin sa bhfostaíocht san có-ionann le n-a luach saothair ina shean-oifig no níos mó ná an luach saothair sin, agus

(b) beidh pé méid den chúiteamh san iníoctha in aghaidh aon tréimhse, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, in ar lú luach saothair an oifigigh aistrithe sin sa bhfostaíocht san ná a luach saothair ina sheanoifig, pé méid de bheidh maraon le n-a luach saothair sa bhfostaíocht san chó mór le n-a luach saothair ina shean-oifig.

(2) Ní oibreoidh éinní san alt so chun ceart do bhronna chun aisíoc no cúiteamh do dhéanamh in aon airgead do híocadh roimh an Acht so do rith agus ná beadh iníoctha dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm am an íoctha san.

(3) San alt so—

léireofar an focal “cúiteamh” mar fhocal ná tagrann ach do chúiteamh sa mhéid gur liúntas bliantúil no liúntas tréimhsiúil eile é;

foluíonn an abairt “beart i roinn phuiblí”—

(a) aon bheart le n-a ngabhann luach saothair i bpáirt no go hiomlán as airgead (nách deontas aonair ná fothdheontaisí ná hathnuatar o bhliain go bliain) a sholáthruíonn an tOireachtas no Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann no Páirlimint Thuaiscirt Éireann, agus

(b) aon bheart i Saorstát Éireann, sa Bhreatain Mhóir, no i dTuaisceart Éireann is oifig phuiblí do réir bhrí an Superannuation Act, 1892, no do réir bhrí aon achtacháin le n-a leasuítear san, agus

(c) aon bheart i gCoimisiún an Airgid Reatha, i mBord Soláthair an Leictreachais no i gCorporáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, no fé aon cheann acu san no mar bhall íoctha dhe, agus

(d) aon bheart i mbord no cólucht, no fé no mar bhall íoctha dhe, a bheidh bunuithe le húdarás no fé údarás Achta do rith an tOireachtas tar éis dáta an Chó-aontuithe atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a gabhann leis an Acht so agus a dhearbhóidh an tAire, le hordú, do bheith ina roinn phuiblí chun crícheanna an ailt seo; agus

cialluíonn an abairt “sean-oifig” an oifig gur mar gheall ar imeacht aisti no scur uaithi do deonadh an cúiteamh agus léireofar tagairtí do luach saothair oifigigh aistrithe i sean-oifig mar thagairtí don luach saothair do bhí don oifigeach san, díreach roimh imeacht do no roimh a scur, san oifig do bhí aige an uair sin.

Baint as cúiteamh.

17. —Má imíonn no má scuirtear oifigeach aistrithe (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) as seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann no uaidh i slí go mbeidh sé i dteideal cúitimh fé Airtiogal 10 den Chonnra, agus má taisbeántar chun sástacht an Bhuird go raibh no go bhfuil aon fhiacha no suim eile airgid dlite agus ag dul, le linn na himeachta no an scuir sin, ón oifigeach aistrithe sin d'Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh leis an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) , no do bhord no do chólucht do bunuíodh le húdarás no fé údarás Reachta Bhriotáinigh no Achta den Oireachtas chun feidhmiú do dhéanamh ar fuaid Shaorstáit Éireann ar aon fheidhm Rialtais no chun cólíona do dhéanamh ar fuaid Shaorstáit Éireann ar aon dualgaisí puiblí bhaineann le riara puiblí, féadfaidh an tAire méid na bhfiach no an airgid eile sin do bhaint as an gcúiteamh (pe'ca liúntas bliantúil no aisce é) a deonfar don oifigeach aistrithe sin fén Airtiogal san 10 agus, i gcás cúitimh is liúntas bliantúil no liúntas tréimhsiúil eile, féadfaidh an tAire na fiacha no an t-airgead eile sin do bhaint as pé uair no uaire agus i pé tráthchuid no tráthchoda is oiriúnach leis agus le n-a n-aontóidh an Bord.

Gearr-theideal.

18. —Féadfar an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 , do ghairm den Acht so.