|
||||
|
ACHT AIRGID, 1929
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. Atharuithe ar na hAchtanna Canach Ioncuim maidir le Maoin a Bheidh Suidhte agus le Proifiti no le Sochar a Eireoidh sa Bhreatain Mhoir no i dTuaisceart Éireann. | |
(1) Scuirfidh fo-mhíreanna (1) agus (2) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , d'éifeacht do bheith acu. | ||
(2) Beidh éifeacht ag na rialacha a bhaineann le Cás III. de Sceideal D agus atá i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé is dá leigtí Riail 2 dhíobh ar lár. | ||
(3) An riail a cuirtar tré fho-alt (3) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , in ionad Riail 2 de sna rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, beidh sí ina Riail de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus léighfar agus léireofar í fé is dá gcuirtí na focail “the year preceding the year of assessment” in ionad na bhfocal “the year of assessment” sa chéad áit ina bhfuil na focail sin inti agus fé is dá leigtí ar lár inti na focail “as amended by section 5 of the Finance Act, 1923 (No. 21 of 1923).” | ||
(4) Déanfar fo-mhír (4) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , do léigheamh agus do léiriú fé is dá gcuirtí na focail “Cás III.” in ionad na bhfocal “Cás V.” atá inti. | ||
(5) I gcás éinne a bheidh i dteideal, in aghaidh aon bhliana, chun faoiseamh o chánachas dúbalta d'éileamh fé Airtiogal 2 de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Airtiogal a bhaineann le faoiseamh o chánachas dúbalta i gcás duine ina chomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann agus fós i Saorstát Éireann) déanfar cáin in aghaidh na bliana san ar ioncum as urrúis, as stuic, as scaireanna no as cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann d'áireamh do réir an mhéide iomláin de d'eirigh sa bhliain cháinmheasa: | ||
Ach is do réir na Rialacha a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a háireofar cáin ar ús as aon urrús a tugadh amach fé sna War Loan Acts, 1914 to 1917, no fé aon Acht do rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe ag leasú na nAcht san má híocadh an t-ús san gan an cháin Bhriotáineach do bhaint as, agus d'ainneoin éinní atá in alt 10 den Acht so féadfar ioncum as aon urrús den tsórt san d'áireamh mar ioncum as bun ar leithligh. |