(2) Ní bhainfidh an riail sin roimhe seo—
(a) le héinne a chuirfidh ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil buan-chomhnaí air i Saorstát Éireann no, cé gur saoránach de Shaorstát Éireann é, ná fuil gnáth-chomhnaí air i Saorstát Éireann; ná
(b) le hioncum as urrúis den tsórt san roimhráite atá ina gcuid de shúncála ciste saol-árachais coigríche cuideachtan árachais.
In aon chás den tsórt san áireofar an cháin do réir lán-mhéid na suimeanna achtúla do fuarthas i Saorstát Éireann as seoltáin airgid dob iníoctha i Saorstát Éireann, no as maoin do hiomportáladh, no as airgead no as luach do tháinig as maoin nár hiomportáladh, no as airgead no as luach do fuarthas amhlaidh, ar creidiúint no ar cuntas, ar scór aon tseoltán airgid, maoine, airgid no luacha den tsórt san do tugadh isteach i Saorstát Éireann sa bhliain roimh an mbliain cháinmheasa, gan aon laigheadú ná lascaine ach mar a lomháltar i Saorstát Éireann.
(3) Déanfar
alt 12 den Acht Airgid, 1925
(
Uimh. 28 de 1925
) (alt a bhaineann le ceart athchomhairc i dtaobh ceisteanna buan-chomhnaí agus gnáth-chomhnaí) do léigheamh agus do léiriú fé is dá ndintí tagairt do mhír (a) d'Uimh. 2 de sna Rialacha so do chur in ionad na dtagairtí atá ann do mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. de Sceideal D. agus do mhír (a) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D. den Income Tax Act, 1918.
(4) Déanfar tagairtí in alt 17 den Finance Act, 1922 (alt a bhaineann le proifití no ioncum fé Chás III. de Sceideal D. d'áireamh) d'ioncum a ciríonn no d'eirigh do léiriú, i gcásanna ina mbeidh cáin ioncuim le háireamh tré fhéachaint don méid ioncuim do fuarthas i Saorstát Éireann, mar thagairtí d'ioncum a gheobhfar no do fuarthas amhlaidh.
|