An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhra.) Ar Aghaidh (CUID III. Tosach ag Muirir ar Thalamh.)

30 1929

ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1929

CUID II.

Airgeadas.

Caipital na Corparáide do roinnt.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht, beidh sé dleathach don Chorparáid, fé réir na dteorann a forchuirtar tríd an alt so, a caipital do roinnt ina “scaireanna A” agus ina “scaireanna B” agus an roinnt sin do dhéanamh éifeachtúil am leith-roinnte na scair sin agus ón am san amach agus, chun na gcrícheanna san, pé atharuithe is gá do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais.

(2) Ní déanfar caipital na Corparáide do roinnt fén alt so, gan cead an Aire, ar aon tslí ach do réir chúig céad agus cúig cinn fhichead de scaireanna A in aghaidh gach ceithre chéad agus cúig cinn sheachtód de scaireanna B.

(3) Ar aon roinnt den tsórt san do bheith á déanamh ar chaipital na Corparáide ní cuirfar imeasc scaireanna B aon scair a bheidh ar seilbh ag duine seachas an tAire agus an roinnt sin á déanamh.

Caipital na Corparáide do mhéadú.

3. —(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Phríomh-Acht beidh sé dleathach don Chorparáid a caipital do mhéadú go dtí £1,000,000 (milleon punt) ar fad a bheidh roinnte ina mhilleon scair de phunt an scair agus, chuige sin, pé atharuithe is gá do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais agus go sonnrách pé atharuithe do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais is gá chun a údarú do sna stiúrthóirí cúig céad míle scair (dá ngairmtear scaireanna nua san Acht so) de phunt an ceann do thabhairt amach do réir an ailt seo agus iad ar aon chéim pari passu leis na scaireanna (dá ngairmtear seana-scaireanna san Acht so) do tugadh amach fén bPríomh-Acht roimh rith an Achta so.

(2) Má roinntear caipital na Corparáide ina scaireanna A agus ina scaireanna B roimh thabhairt-amach na scaireanna nua, roinnfar na scaireanna nua san ina scaireanna A agus ina scaireanna B do réir an chothruim chéanna ina mbeidh na seanascaireanna roinnte amhlaidh agus sa chás san tabharfar amach iad mar scaireanna A agus mar scaireanna B dá réir sin.

(3) Tairgfar na scaireanna nua ar an aon am amháin i pé slí is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun go gceannódh sealbhóirí na seana-scaireanna iad, agus féadfar, más oiriúnach leis na stiúrthóirí é, agus déanfar, má éilíonn an tAire é, gach ceann no aon cheann de sna scaireanna nua ná ceannóidh na sealbhóirí sin do thairisgint ar an aon am amháin, i pé slí is oiriúnach leis na stiúrthóirí, chun go gceannódh daoine den phuiblíocht ghenerálta iad.

(4) Déanfidh an tAire na scaireanna nua uile ná ceannóidh sealbhóirí seana-scaireanna ná daoine den phuiblíocht ghenerálta (má tairgtar iad le ceannach ag na daoine sin) do cheannach i gceann na haimsire a bheidh ceaptha le haontú an Aire do sna ceannaigh sin no don cheannach is déanaí dhíobh (fé mar a bheidh).

(5) An tsuim sin de phunt is iníoctha ar gach ceann de sna scaireanna nua beidh sí iníoctha, maidir le cúig scillinge dhi, ar iarraidh na scaire, agus, maidir le cúig scillinge eile dhi, ar dháta nách luatha ná fiche lá ná nách déanaí ná dachad lá tar éis an leith-roinneacháin agus, maidir leis an gcuid eile dhi, an uair a ceaptar san Acht so ina dhiaidh seo.

Caipital nea-ghlaoite do ghlaoch isteach.

4. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Companies (Consolidation) Act, 1908, beidh sé dleathach don Chorparáid, le rún speisialta, socrú ar shuim deich scillinge den tsuim sin de phunt is iníoctha ar gach scair (agus scaireanna nua d'áireamh chó maith le seanascaireanna) sa Chorparáid do bheith iníoctha má ghlaoidhtear agus nuair a ghlaodhfar isteach í ach ná féadfar í do ghlaoch isteach ach amháin i gcás gnó na Corparáide do bheith á chríochnú agus chun na gcrícheanna bhaineas leis sin.

(2) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh an Chorparáid socrú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo i dtaobh a caipitail nea-ghlaoidhte, scuirfidh fo-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige, pé méid de le n-a n-achtuítear deich scillinge den tsuim is iníoctha ar gach scair sa Chorparáid do bheith iníoctha fé mar a ghlaodhfidh agus nuair a ghlaodhfidh na stiúrthóirí air.

(3) Ní laigheadú ar chaipital na Corparáide do réir bhrí na nAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, socrú den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so do dhéanamh.

Fiachas an Stáit i gcaipital na Corparáide.

5. —(1) Bainfidh alt 6 (alt i dtaobh fiachas an Stáit i gcaipital na Corparáide) den Phríomh-Acht leis na scaireanna nua chó maith leis na seana-scaireanna.

(2) Léireofar an abairt “caipital íoctha” in alt 6 den Phríomh-Acht mar abairt a fholuíonn caipital a híocfar do réir ghlaoigh a déanfar i gcás gnó na Corparáide do bheith á chríochnú agus chun na gcrícheanna bhaineas leis sin.

Comhachta an Aire maidir le scaireanna a bheidh ar seilbh aige.

6. —Bainfidh alt 20 (alt i dtaobh comhachta an Aire maidir le scaireanna a bheidh ar seilbh aige) den Phríomh-Acht le scaireanna nua a cheannóidh an tAire fén Acht so sa tslí chéanna ina mbaineann sé le seana-scaireanna do cheannuigh sé fén bPríomh-Acht.

Fiachas an Stáit i ndividenda ar chaipital na Corparáide.

7. —(1) Fé réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh proifití na Corparáide do chur chun críche agus gan dochar do sna forálacha san, íocfidh an Chorparáid le n-a baill dividenda do réir an ráta shocruithe de chúig per cent. per annum ar an méid dá caipital a bheidh íoctha de thurus na huaire agus is go leathbhliantúil, ar pé dátaí a cheapfidh na stiúrthóirí chuige sin le haontú an Aire, a íocfidh an Chorparáid na dividenda san.

(2) Más rud é, aon lá dá gceapfar fén alt so chun íoctha dividenda leath-bhliantúla, ná beidh aon airgead no ná beidh a dóthin airgid ar fáil ag an gCorparáid agus ionchurtha chun na dividenda d'íoc is iníoctha amhlaidh an lá san ar na scaireanna uile de chuid na Corparáide a bheidh ar seilbh ag daoine eile seachas an tAire an lá san, deimhneoidh an Chorparáid láithreach don Aire cadé an tsuim is gá, i dteanta an airgid (más ann do) a bheidh ar fáil agus ionchurtha amhlaidh, chun an dividendum san ar na scaireanna san uile d'íoc agus ar fháil an deimhnithe sin do íocfidh an tAire leis an gCorparáid an tsuim do dheimhnigh an Chorparáid amhlaidh agus déanfidh na stiúrthóirí láithreach an t-airgead a híocfar amhlaidh leis an gCorparáid do chur chun no mar chabhair chun na dividenda san ar na scaireanna san d'íoc.

(3) Má dintar agus nuair a déanfar gnó na Corparáide do chríochnú beidh teideal ag an Aire, sa chríochnú ghnótha san, chun an deifríocht idir na suimeanna so a leanas d'íoc leis as sócmhainní na Corparáide tar éis lán-íoc do bheith déanta le fiach-éilitheoirí na Corparáide, sé sin le rá:—

(a) iomlán an airgid uile d'íoc an tAire (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) leis an gCorparáid fé alt 7 den Phríomh-Acht no fén alt so chun dividenda ar scaireanna ná raibh ar seilbh ag an Aire d'íoc, maraon le hiomlán an mhéide fé bhun cúig per cent. per annum do bhí in easnamh ar na suimeanna d'íoc an Chorparáid (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) leis an Aire ar scór dividenda ar scaireanna do bhí ar seilbh aige do thurus na huaire, maraon le hiomlán an airgid uile d'íoc an tAire go dtí san fé aon urraíocht do thug sé uaidh fé alt 15 den Phríomh-Acht, agus

(b) iomlán na mbonus uile no na ndividenda breise uile d'íoc an Chorparáid ar scaireanna B.

Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a híocfar leis an Aire fén alt so i gcríochnú gnótha na Corparáide.

(4) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm díreach tar éis caipital na Corparáide do bheith roinnte ina scaireanna A agus ina scaireanna B fén údarás chuige sin a bronntar leis an Acht so, agus ar theacht i bhfeidhm don alt so athghairmfar alt 7 den Phríomh-Acht agus beidh an athghairm sin i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1928 (eadhon, lá tosnuithe gnótha na Corparáide) agus ón lá san amach agus tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 5adh lá san d'Abrán, 1928 agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach agus an t-airgead do roimh-íoc an tAire leis an gCorparáid fé fho-alt (2) den alt san 7 roimh theacht i bhfeidhm don alt so, pé méid de do roimh-íocadh amhlaidh chun dividenda ar scaireanna do bhí ar seilbh ag an Aire d'íoc i bpáirt no go hiomlán agus do cuireadh chun a n-íoctha san, tuigfar chun crícheanna an Achta so agus chun crícheanna cuntaisí na Corparáide nár roimh-íocadh amhlaidh riamh é agus pé méid de sna dividenda san do híocadh leis an airgead san tuigfar chun na gcrícheanna roimhráite nár híocadh riamh é.

Cad déanfar le proifití na Corparáide.

8. —(1) Má roinneann an Chorparáid a caipital ina scaireanna A agus ina scaireanna B fén údarás chuige sin a bronntar leis an Acht so, beidh sé dleathach don Chorparáid a hairtiogail chomhlachais d'atharú i slí go dtuigfar go raibh agus go mbeidh proifití glan na Corparáide, in aghaidh na tréimhse leath-bhliantúla cuntasaíochta dar thosach an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1928, agus in aghaidh gach tréimhse leath-bhliantúla no tréimhse eile cuntasaíochta ina dhiaidh sin, gan bheith ionchurtha ach chun no mar chabhair chun na gcrícheanna so a leanas san ord so a leanas chó fada is raghaidh na proifití sin, sé sin le rá:—

(a) sa chéad áit, chun pé suim do chur i leataoibh is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a chríochnóidh roimh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1939, ná an cúigiú cuid de phroifití glan na tréimhse sin agus nách mó, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ina dhiaidh sin, ná pé cion de phroifití glan na tréimhse cuntasaíochta san is oiriúnach leis na stiúrthóirí le haontú an Aire,

(b) sa dara háit, chun dividendum do réir ráta cúig per cent. per annum d'íoc ar an suim do híocadh ar na scaireanna A,

(c) sa tríú háit, chun dividendum do réir ráta cúig per cent. per annum d'íoc ar an suim do híocadh ar na scaireanna B,

(d) sa cheathrú háit, chun pé suim do chur i leataoibh is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, ná an deichiú cuid den iarmhéid de phroifití glan san na tréimhse sin a bheidh fágtha tar éis na soláthairtí agus na híocaíochtaí a luaidhtear thuas do dhéanamh,

(e) sa chúigiú háit, chun pé dividendum breise no bonus d'íoc ar na scaireanna B is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus nách mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, ná pé suim a bheidh, i dteanta gach suime do híocadh go dtí san mar dhividendum bhreise no mar bhonus den tsórt san, chó mór le hiomlán an airgid go léir le chéile d'íoc an tAire leis an gCorparáid go deire na tréimhse cuntasaíochta san chun dividenda ar scaireanna A d'íoc maraon le hiomlán an mhéide, fé bhun cúig per cent. per annum, do bhí in easnamh ar na suimeanna d'íoc an Chorparáid leis an Aire go dtí san ar scór dividenda ar scaireanna A do bhí ar seilbh aige de thurus na huaire maraon le hiomlán an airgid uile d'íoc an tAire go dtí san fé aon urraíocht do thug sé uaidh fé alt 15 den Phríomh-Acht.

(2) Féadfar le hatharuithe a dhéanfidh an Chorparáid ar a hairtiogail chomhlachais fén bhfo-alt san roimhe seo a fhoráil fós (i dteanta na nithe a luaidhtear sa bhfo-alt san) go bhféadfar na suimeanna uile a cuirfar i leataoibh fé fhorálacha a bheidh curtha isteach sna hairtiogail sin do réir mhíreanna (a) agus (d) den fho-alt san, agus fós gach proifit (más ann di) a bheidh fágtha tar éis na soláthairtí agus na híochaíochtaí uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san do dhéanamh, do chur in aon tslí is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun aon chríche chun ar féidir go dleathach proifití de chuid na Corparáide do chur.

Leasú ar an bPríomh-Acht maidir le deimhnithe muirir.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Chorparáid a memorandum agus a hairtiogail chomhlachais d'atharú i slí ná bainfidh na forálacha atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ná forálacha eile sa chéill chéanna atá sa mhemorandum agus sna hairtiogail chomhlachais sin anois, le deimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach tar éis an dáta ar a raghaidh na hatharuithe sin in éifeacht no tar éis aon dáta níos déanaí a bheidh luaidhte chuige sin sna hatharuithe sin agus tríotha, agus i slí go mbainfidh na forálacha so a leanas no forálacha eile sa chéill chéanna le gach deimhniú muirir den tsórt san, sé sin le rá:—

(a) féadfar deimhnithe muirir do thabhairt amach fén ainm sin no fé aon ainm eile is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus beidh sreath de dheimhnithe muirir có-dhéanta de dheimhnithe de pé ainm-mhéid iomlán is dó leis na stiúrthóirí le haontú an Aire is ceart agus iad roinnte ina ndeimhnithe de pé méid no de pé méideanna deifriúla is dó leis na stiúrthóirí leis an aontú san is ceart;

(b) féadfar deimhnithe muirir do dhéanamh ionaistrithe tré dhintiúir, tré sheachada no ar shlí eile, no i bpáirt ar shlí acu san agus i bpáirt ar shlí eile acu fé mar is oiriúnach leis na stiúrthóirí le haontú an Aire d'ordú;

(c) urrófar na deimhnithe muirir uile le dintiúir iontaobhais no le hinstruimid eile le n-a n-aontóidh an tAire agus tré n-a dtiocfidh na deimhnithe muirir sin chun bheith agus tré n-a mbeid ina muirear so-ghluaiste ar shócmhainní uile na Corparáide (ach pé eisceachtaí do dhéanamh agus fé réir pé deighleála de chuid na Corparáide le n-a n-aontóidh an tAire) agus tosach aige ar gach debentiúir agus stoc debentiúra do thug an Chorparáid amach go dtí san no a thabharfa sí amach ina dhiaidh sin agus tré n-a ndéanfar pé comhachta a éileoidh an tAire do bhronna ar iontaobhaithe chun a chur in áirithe go n-íocfar go cuibhe colann na deimhnithe muirir sin agus an t-ús uirthi agus ina mbeidh pé forálacha eile a éileoidh an tAire chun an t-aisíoc san do chur in áirithe no a ghabhann le n-a chur in áirithe;

(d) isé líon na n-iontaobhaithe a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo ná pé uimhir chothrom is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus isé an tAire a ainmneoidh leath na n-iontaobhaithe sin i gcomhnaí agus isiad na stiúrthóirí a ainmneoidh an leath eile de sna hiontaobhaithe sin i gcomhnaí;

(e) sara ndéanfidh na stiúrthóirí sreath do dheimhnithe muirir do thabhairt amach cuirfid téarmaí na tabhartha-amach san fé bhráid an Aire (mara n-údaruighidh an tAire an tsreath san do thabhairt amach gan aon urraíocht uaidh féin) chun go bhfuighfar uaidh an urraíocht san a húdaruítear leis an bPríomh-Acht do do thabhairt uaidh, agus má tugtar agus nuair a tabharfar an urraíocht san féadfidh na stiúrthóirí na deimhnithe muirir sin do thabhairt amach ar na téarmaí do cuireadh fé bhráid an Aire amhlaidh.

(2) Athghairmtear fo-alt (3) d'alt 15 den Phríomh-Acht leis seo agus achtuítear leis seo ina ionad san mar leanas—

(a) ní mó ná milleon punt a bheidh an méid iomlán a gheobhaidh an Chorparáid ar iasacht, in aon tréimhse bhliantúil dá ndéanfar suas cuntaisí na Corparáide, ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt san 15 agus a gheobhfar ar iasacht amhlaidh chun iasachtaí do thabhairt do sna daoine agus chun na gcrícheanna a húdaruítear le halt 12 den Phríomh-Acht;

(b) ní mó ná seacht milleon agus cúig céad míle punt a bheidh an méid iomlán a bheidh gan bheith aisíoctha aon uair áirithe ag an gCorparáid ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht an Aire fén alt san 15 (ach amháin i gcás dá n-údaruítear é anso ina dhiaidh seo);

(c) féadfidh an Chorparáid, le ceadú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht, ar urrús deimhnithe muirir a bheidh fé urraíocht mar adubhradh, de bhreis ar an méid iomlán a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo má gheibhtear an t-airgead san ar iasacht amhlaidh chun aisíoc do dhéanamh i gcuid den tsuim a bheidh gan bheith aisíoctha an uair sin ag an gCorparáid ar urrús deimhnithe muirir do tugadh amach roimhe sin agus má cólíontar pé coiníollacha a ordóidh an tAire chun a chur in áirithe go gcuirfar an t-airgead san chun na críche roimhráite.

(3) Deimhnithe muirir a thabharfidh an Chorparáid amach tar éis na hatharuithe bheith déanta a húdaruítear le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh ar mhemorandum agus ar airtiogail chomhlachais na Corparáide ní bheid ina mbillí díola do réir bhrí na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, agus ní bhainfidh na hAchtanna san le haon deimhnithe muirir den tsórt san.

Leasuithe ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

10. —(1) Athghairmtear leis seo an méid de mhír 5 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann le hiontaobhaithe d'ainmniú agus achtuítear leis seo ina ionad san gurb é an tAire a ainmneoidh i gcomhnaí leath na n-iontaobhaithe a luaidhtear sa mhír sin agus gurb iad na stiúrthóirí a ainmneoidh an leath eile de sna hiontaobhaithe sin i gcomhnaí.

(2) Léireofar mír 9 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aici fé is dá leigtí ar lár inti na focail “fé réir na sriantachta ná tabharfar amach aon deimhniú den tsórt san ar phraghas is lú ná méid na suime colna a hurruítear leis.”

Costaisí bunuithe na Corparáide d'íoc.

11. —Déanfar suim chúig mhíle punt do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis agus d'íoc amach as leis an gCorparáid chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus cuirfidh an Chorparáid an tsuim sin chun no mar chabhair chun na costaisí do bhain le cur-ar-aghaidh, le bunú, agus le clárú na Corparáide agus roimh-chostaisí eile na Corparáide d'íoc no, má híocadh agus sa mhéid gur híocadh na costaisí sin, chun cúiteamh do dhéanamh leis an gCorparáid agus leis na daoine eile d'íoc na costaisí sin, sna suimeanna d'íocadar fé seach ar scór na gcostaisí sin.

Airgead do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste.

12. —(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc gach airgid is gá chun íoc do dhéanamh—

(a) in íocaíochta nách foláir don Aire d'íoc leis an gCorparáid ar scór scaireanna de chuid na Corparáide a cheannóidh sé fén Acht so, no

(b) i suimeanna gur gá don Aire, do réir alt 6 den Phríomh-Acht mar a cuirtar i mbaint é leis an scéal tríd an Acht so, iad do sholáthar agus d'íoc leis an socruitheoir i gcríochnú gnótha na Corparáide, no

(c) i suimeanna gur gá don Aire do réir an Achta so iad d'íoc leis an gCorparáid chun no mar chabhair chun dividenda ar scaireanna de chuid na Corparáide d'íoc.

(2) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna d'íoc a muirearófar ar an bPrímh-Chiste fén alt so no chun na suimeanna uile a roimh-íocfar amhlaidh na aon chuid acu d'aisíoc leis an gCiste sin, no chun aon urrúis a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná socruítear ar aon tslí eile i gcóir an íoctha san, féadfidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is dó leis is ceart do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so.

Memorandum agus airtiogail chomhlachais na Corparáide d'atharú.

13. —(1) I dteanta na n-atharuithe a húdaruítear go sonnrách leis an Acht so do dhéanamh ar mhemorandum agus ar airtiogail chomhlachais na Corparáide, beidh sé dleathach don Chorparáid gach atharú eile do dhéanamh ar a memorandum agus ar a hairtiogail chomhlachais fé mar is gá no is ceart mar fhoirlíona ar no mar gheall ar aon atharú a húdaruítear go sonnrách amhlaidh agus fós gach atharú eile is gá no is ceart chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht le hatharuithe a déanfar ar mhemorandum no ar airtiogail chomhlachais na Corparáide fén Acht so no dá réir, agus achtuítear leis seo in ionad an fho-ailt sin gur i pé fuirm a bheidh do réir an Achta so agus le n-a n-aontóidh an tAire agus an tAire Talmhaíochta a bheidh gach atharú den tsórt san.

(3) Ní bheidh baint ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon atharú a húdaruítear leis an Acht so don Chorparáid do dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus achtuítear leis seo in ionad an ailt sin go bhféadfar gach atharú den tsórt san do dhéanamh tré rún speisialta mar a mínítear san le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus, i dteanta alt 70 den Acht san do chólíona, go seachadfidh an Chorparáid do chlárathóir na gcuideachtan, laistigh den aimsir a luaidhtear san alt san, cóip chlóbhuailte den mhemorandum agus é atharuithe amhlaidh agus go gcláróidh an clárathóir sin í agus go ndeimhneoidh sé an clárú fé n-a láimh agus go mbeidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite gur dineadh a n-éilítear leis an Acht san, mar a leasuítear é leis an alt so, do chólíona maidir leis an atharú san agus gurb é an memorandum agus é atharuithe amhlaidh is memorandum don Chorparáid as san amach.

(4) Ní bheidh baint ag alt 45 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon mhéadú no roinnt ar chaipital na Corparáide a húdaruítear leis an Acht so agus achtuítear leis seo in ionad an ailt sin go bhféadfar aon mhéadú no roinnt den tsórt san do dhéanamh tré rún speisialta mar a mínítear san le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908.