|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1929) | Ar Aghaidh (CUID II. Airgeadas.) |
ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1929
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhra. | |
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na Corparáide; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1928” an t Acht Cáirde Talmhaíochta, 1928 (Uimh. 22 de 1928) ; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “Oifig Chlárathachta na nDintiúirí” an oifig chun dintiúirí, leithlithe, agus uachta do chlárú in Éirinn; | |
[EN] | foluíonn an focal “muirear” morgáiste agus aon mheáin eile tré n-a gcuirtar talamh fé mhuirear no fé fhreagarthacht íoctha airgid no tré n-a ndintar urrús íoctha airgid de; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht inchríochnuithe is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh in aisíoc roimh-íoca d'íoc an Coimisiún san fé sna hAchtanna san; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “ús in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “íocaíocht in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh; | |
[EN] | cialluíonn agus foluíonn an abairt “ús ar airgead cheannaigh” aon airgead is iníoctha fén ainm sin le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh. |