|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.) |
ACHT AIRGID, 1928
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Ilghneitheach agus Generalta. | |
[EN] |
Leasú ar alt 63 den Finance Act, 1916. |
32. —Dintar leis seo alt 63 den Finance Act, 1916, mar do hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , agus fé, do leasú mar leanas:— |
[EN] | (a) tré sna focail “in the United States of America” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail “outside Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) tré sna focail “by British subjects” atá anois ann do scriosa amach. | |
[EN] |
Stampaí árachais díomhaointis. |
33. —(1) Léireofar alt 20 den Finance Act, 1911, agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht aige riamh o thosach feidhme an Unemployment Insurance Act, 1920, fé is dá bhfoluíodh an focal “stamps used to denote other duties” atá anois ann stampaí a húsáidtear chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, sin. |
[EN] | (2) An méid d'alt 33 den Unemployment Insurance Act, 1920, le n-a mbronntar údarás ar na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun forálacha achtachán áirithe a luaidhtear san alt san do chur i mbaint, fé sna hatharuithe is gá maidir le stampaí árachais díomhaointis, beidh éifeacht aige (d'ainneoin aon aistriú do dineadh roimhe seo no a déanfar ina dhiaidh seo ar an údarás san chun an Aire Puist agus Telegrafa) fé is dá mba chuid de sna hachtacháin a luaidhtear amhlaidh san alt san 33 ailt 21, 35, agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, agus alt 9 den Stamp Act, 1891, agus gach achtachán le n-a leasuítear na hailt sin no aon cheann acu. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe. |
34. —(1) Gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so dintar leis seo iad do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim. |
[EN] | (2) Aon eolas a fuair na Coimisinéirí Ioncuim roimh rith an Achta so no a gheobhaid dá éis sin, i dtaobh aon chánach no diúité fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, féadfid é d'úsáid chun aon chríche a bhaineann le haon cháin no diúité eile fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí. | |
[EN] |
Athchomhairc. |
35. —Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme. |
36. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1928 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin. | |
[EN] | (3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barra-cháin no le for-cháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1928, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach. |