An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Liostai de Choisteoiri.) Ar Aghaidh (CUID V. Nos-Imeachta chun a chur in Airithe go dTiocfidh Coisteoiri i Lathair sa Chuirt.)

23 1927

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927

CUID IV.

Leabhra de Choisteoiri d'ullamhu.

Mínithe maidir le Cuid IV.

18. —(1) Sa Chuid seo den Acht so nuair a húsáidtear an focal “giúiré-dhúthaigh” maidir le leabhar de choisteoirí cialluíonn sé an ghiúiré-dhúthaigh le n-a mbaineann an leabhar san de choisteoirí, agus nuair a húsáidtear an focal “leabhar de choisteoirí” maidir le giúiré-dhúthaigh cialluíonn sé an leabhar de choisteoirí a bhaineann leis an ngiúiré-dhúthaigh sin, agus nuair a húsáidtear an focal “clárathóir contae” maidir le giúirédhúthaigh cialluíonn sé an clárathóir contae don líomatáiste atá có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh sin no ina bhfuil an ghiúiré-dhúthaigh sin (pe'ca aca é) agus nuair a húsáidtear é maidir le leabhar de choisteoirí cialluíonn sé an clárathóir contae 'na gcuirtar de dhualgas air leis an Acht so an leabhar san de choisteoirí d'ullamhú.

(2) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt don liost de choisteoirí do ghiúiré-dhúthaigh mar thagairt (fé mar is gá sa chás) don liost de choisteoirí don líomatáiste chlárathachta atá có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh sin no don liost de choisteoirí don líomatáiste chlárathachta ina bhfuil an ghiúiré-dhúthaigh sin, pé méid de a bhaineann leis an bpáirt den líomatáiste sin atá laistigh den ghiúiré-dhúthaigh sin.

Leabhra de choisteoirí d'ullamhú.

19. —(1) Beidh leabhar de choisteoirí ann do gach giúirédhúthaigh agus is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach leabhar den tsort san de choisteoirí agus gairmfar de an leabhar de choisteoirí don ghiúiré-dhúthaigh le n-a mbaineann sé.

(2) Isé ullamhóidh gach leabhar de choisteoirí ná clárathóir contae an líomatáiste a bheidh có-theoranta leis an ngiúirédhúthaigh no ina mbeidh an ghiúiré-dhúthaigh (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an leabhar.

(3) Ullamhóidh an clárathóir contae gach leabhar de choisteoirí pé am, agus ní roimhe sin, is dó leis is gá é chun a chur in áirithe go mbeidh an leabhar críochnuithe luath go leor chun go bhféadfa sé teacht i bhfeidhm an t-am a bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé.

A mbeidh i leabhra de choisteoirí.

20. —(1) Ullamhófar gach leabhar de choisteoirí ón liost de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm sa ghiúiré-dhúthaigh nuair a bheidh an leabhar de choisteoirí á ullamhú agus iontrálfar sa leabhar de choisteoirí ainm gach duine go mbeidh a ainm iontrálta sa liost san de choisteoirí.

(2) Na daoine uile agus fé seach go mbeidh a n-ainmneacha le hiontráil i leabhar de choisteoirí is ar ord aibítire a sloinnte a hiontrálfar ann iad agus, i gcás lucht aon tsloinne, ar ord aibítre a n-ainmneacha baiste.

(3) Iontrálfar fós i ngach leabhar de choisteoirí, i ndiaidh ainm gach duine go n-iontrálfar a ainm ann, a sheola agus a cheárd, a ghairm, a shlí bheatha, no a thuairisc mar a bheid curtha sios sa liost san de choisteoirí.

(4) Nuair a bheidh ullamhú leabhair de choisteoirí críochnuithe ag clárathóir contae cuirfe sé ainm na giúiré-dhúithche mar chúl-scríbhinn ar a chlúdach agus sighneoidh sé díreach fé bhun na hainme deiridh a bheidh iontrálta ann deimhniú sa bhfuirm seo a leanas:—

“Deimhním gur dhineas an leabhar so de choisteoirí do ghiúiré-dhúthaigh _______________ d'ullamhú an ______ lá de _______________ 19____ do réir forálacha Acht na nGiúirithe, 1927 .

(Sighnithe) ___________________

Clárathóir Contae do ________”

Tosach feidhme agus buaine leabhra de choisteoirí.

21. —(1) Na leabhra uile agus fé seach de choisteoirí atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so leanfid i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Lúnasa, 1927, agus ní níos sia ná san.

(2) I ngach giúiré-dhúthaigh is ar an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1927, a thiocfidh an chéad leabhar de choisteoirí i bhfeidhm a hullamhófar fén Acht so don ghiúiré-dhúthaigh sin agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé caithte, agus gach leabhar de choisteoirí ina dhiaidh sin d'aon ghiúiré-dhúthaigh tiocfa sé i bhfeidhm díreach tar éis an leabhar de choisteoirí roimhe sin don ghiúiré-dhúthaigh sin do bheith caithte agus leanfa sé féin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé caithte.

(3) Nuair a bheidh an chéad leabhar de choisteoirí fén Acht so d'aon ghiúiré-dhúthaigh á ullamhú déanfar marc oiriúnach sa leabhar san os coinne ainm gach duine a hiontrálfar ann agus go raibh a ainm i bpaineul de choisteoirí chun teacht i láthair in aon chúirt ar an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1926, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1927, agus chun na gcrícheanna a bhaineann le painéil do thogha amach as an leabhar san agus le n-a shocrú cathin a bheidh an leabhar san caithte tuigfar gach duine 'na ndéanfar an marc san os coinne a ainme do bheith tar éis a ghairmthe aon uair amháin, tar éis teacht i bhfeidhm don leabhar san, chun teacht i láthair cúirte mar choisteoir.

Caitheamh leabhra de choisteoirí.

22. —(1) Beidh leabhar de choisteoirí caithte nuair a déanfar gach duine a bheidh ainmnithe ann agus nár tógadh a ainm amach as fén Acht so do ghairm aon uair amháin, o theacht i bhfeidhm don leabhar, chun teacht i láthair cúirte mar choisteoir.

(2) Pé uair a gheobhfar agus paineul á ullamhú nách leor chun an paineul do chriochnú an méid daoine atá ainmnithe sa leabhar de choisteoirí agus atá cáilithe agus ionghlaoite chun a gcurtha isteach sa phaineul san agus nár gairmeadh chun teacht i láthair cúirte o tháinig an leabhar i bhfeidhm, cuirfar na daoine sin uile isteach sa phaineul agus tuigfar ansan an leabhar san de choisteoirí do bheith caithte agus tuigfar leabhar nua de choisteoirí do bheith tagtha i bhfeidhm agus críochnófar an paineul san ón leabhar nua san de choisteoirí.

Leabhra de choisteoirí ar fho-roinnt no ar chó-nasca giúirédhúithchí.

23. —(1) Pé uair a déanfar dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó (dá ngairmtear dúithchí nua san alt so) de ghiúiré-dhúthaigh (dá ngairmtear an tseana-dhúthaigh san alt so) le hordú a dhéanfidh an tAire fén Acht so, déanfar leabhar nua de choisteoirí do gach dúthaigh nua acu san tré ath-scríobha do dhéanamh, ón leabhar de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm sa tseana-dhúthaigh le linn teacht i ngníomh don ordú san, ar ainm, ar sheola, agus ar thuairisc gach duine a bheidh iontrálta sa leabhar san de choisteoirí agus gur sa dúthaigh nua san a bheidh a sheola mar a bheidh sé curtha síos sa leabhar san de choisteoirí.

(2) Pé uair a cheiliúrfidh an tAire fén Acht so aon ordú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo déanfar leabhar nua de choisteoirí don tseana-dhúthaigh tré ath-scríobha do dhéanamh isteach in aon leabhar amháin san ordú ceart ar ainm, ar sheola, agus ar thuairisc gach duine go mbeidh a ainm iontrálta in aon leabhar de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm in aon cheann de sna dúithchí nua le linn an cheiliúrtha san.

(3) Pé uair a déanfar fén alt so ainmneacha ó leabhar de choisteoirí d'ath-scríobha i leabhar nua de choisteoirí déanfar gach marc aitheantais agus nóta a bheidh iontrálta os coinne aon ainme den tsórt san sa leabhar céad-luaidhte sin de choisteoirí d'athscríobha isteach sa leabhar nua san de choisteoirí i dteanta na hainme sin, agus le linn forálacha an Achta so do chur i mbaint leis an leabhar nua san de choisteoirí tabharfar aire chuibhe do gach marc aitheantais agus nóta do hath-scríobhadh isteach ann amhlaidh.

Neamhionfháltacht leabhair nua de choisteoirí.

24. —Pé uair, le linn na huaire a bheidh ceaptha leis an Acht so no fé chun leabhar nua de choisteoirí do theacht i bhfeidhm, ná beidh ar aon chúis aon leabhar nua den tsórt san de choisteoirí ar fáil, ansan, an leabhar de choisteoirí do bhí i bhfeidhm díreach roimh an uair sin leanfa sé i bhfeidhm go dtí go mbeidh an leabhar nua san de choisteoirí ar fáil, ach déanfar na hainmneacha a bheidh le cur isteach in aon phaineul do thogha amach as an leabhar san atá ann de choisteoirí fé is dá mb'é an leabhar nua de choisteoirí é agus gach marc, nóta, agus tógaint-amach a déanfar sa leabhar san atá ann de choisteoirí tar éis na huaire ba cheart don leabhar nua de choisteoirí teacht i bhfeidhm athscríobhfar isteach sa leabhar nua de choisteoirí iad nuair a bheidh sé ar fáil agus leis sin tuigfar gur tháinig an leabhar nua san de choisteoirí i bhfeidhm an uair ba cheart do bheith ar fáil agus teacht i bhfeidhm de bhua an Achta so.

Leabhra de choisteoirí d'athscrúdú.

25. —(1) Gach bliain, díreach tar éis an liost de choisteoirí do ghiúiré-dhúthaigh do theacht i bhfeidhm, athscrúdóidh an clárathóir contae an leabhar de choisteoirí a bhaineann leis an ngiúiré-dhúthaigh sin tré ainm gach duine a bheidh iontrálta ann, agus ná beidh curtha síos sa liost san de choisteoirí mar dhuine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir leis an ngiúiré-dhúthaigh sin, do thógaint amach as.

(2) Pé uair a thiocfa sé in eolas don chlárathóir chontae duine go bhfuil a ainm iontrálta sa liost de choisteoirí no sa leabhar de choisteoirí a bheidh i bhfeidhm an uair sin do ghiúiré-dhúthaigh do bheith tar éis bháis no tar éis scur de bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir don ghiúiré-dhúthaigh sin, déanfidh an clárathóir contae ainm an duine sin do thógaint amach as an liost san de choisteoirí no as an leabhar san de choisteoirí no as an liost san agus as an leabhar san araon, fé mar is gá sa chás.