An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cailiocht agus Ionghlaoiteacht chun Fonamh mar Choisteoir.) Ar Aghaidh (CUID III. Liostai de Choisteoiri.)

23 1927

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927

CUID II.

Coisteoiri do Chlaru.

Mínithe maidir le Cuid II.

6. —(1) Léighfar an Chuid seo den Acht so mar éinní amháin leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , agus dá réir sin na habairtí agus na focail uile a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus a húsáidtear san Acht san, leis, cialluíd sa Chuid seo den Acht so na nithe céanna a chialluíd san Acht san.

(2) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt do chlár toghthóirí giúiré-dhúithche mar thagairt (fé mar is gá sa chás) do chlár toghthóirí an líomatáiste chlárathachta atá có-theoranta leis an ngiúiré-dhúthaigh sin no do chlár toghthóirí an líomatáiste chlárathachta ina bhfuil an ghiúiré-dhúthaigh sin, pé méid de a bhaineann leis an bpáirt den líomatáiste sin atá laistigh den dúthaigh sin.

Cuirfar liostaí de choisteoirí isteach ar chláracha de thoghthóirí.

7. —(1) Ar gach clár de thoghthóirí atá le hullamhú do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , i dteanta na nithe is gá do réir an Achta san a thaisbeáint air, taisbeánfar sa tslí orduithe, i dtaobh gach éinne go mbeidh a ainm air, ce'ca tá no ná fuil sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh no a bhfuil sé dí-cháilithe no saor o fhónamh mar choisteoir maidir leis an ngiúiré-dhúthaigh le n-a mbaineann an clár.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, maidir le gach éinne i ngach aontán clárathachta ina líomatáiste chlárathachta a dheabhróidh bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir no bheith dí-cháilithe no saor o fhónamh amhlaidh, a ainm sin do chur agus d'aithin-chomharthú sa tslí orduithe sna liostaí de thoghthóirí a ullamhóidh sé do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 .

(3) Sna liostaí uile agus fé seach a ullamhóidh oifigeach clárathachta do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , d'éilitheoirí, de dhaoine gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh a gcláruithe, agus d'éilitheoirí gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh a gcláruithe, taisbeánfar sa tslí orduithe ce'ca de sna daoine go mbeidh a n-ainmneacha sna liostaí sin a dheabhruíonn bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí no bheith dí-cháilithe no saor o fhónamh amhlaidh.

(4) Sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acht so bainfidh forálacha Codacha II. agus VIII. den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus forálacha an Chéad Sceidil agus an Naoú Sceidil den Acht san leis na nithe is gá do réir an Acht so a chur ar an gclár de thoghthóirí agus ar na liostaí de thoghthóirí agus ar liostaí eile fé seach fé mar a bhaineann na forálacha san leis na nithe is gá do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , a chur ar an gclár agus ar na liostaí sin fé seach.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntar príomh-scoile ná leis an oifigeach clárathachta, leis an gclár de thoghthóirí, leis na liostaí de thoghthóirí ná le liostaí eile don dáilcheanntar san.

An áit ina gclárófar coisteoirí.

8. —(1) Déanfar ionghlaoiteacht duine chun fónamh mar choisteoir maidir le haon ghiúiré-dhúthaigh d'iontráil ar chlár toghthóirí na giúiré-dhúithche sin ag an áit ar an gclár san ag á mbeidh an duine sin iontrálta ann mar thoghthóir, bíodh gur ar scór tailte eile, seachas iad súd ina luíonn an áit adeirtar sa chlár san a bheith mar sheola aige, gurb ea atá sé cáilithe chun fónamh mar choisteoir.

(2) Déanfar dí-cháilíocht no saoirse dhuine o fhónamh mar choisteoir d'iontráil ar an gclár de thoghthóirí ar a ndéanfí agus ag an áit ann ag á ndéanfí a ionghlaoiteacht chun fónamh mar choisteoir d'iontráil dá mba ná beadh sé dí-cháilithe ná saor amhlaidh.

Dualgaisí breise ar rátabhailitheoirí agus ar oifigigh chlárathachta.

9. —(1) I dteanta na ndualgaisí a luaidhtear i mír (a) de Riail 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 , féadfar a cheangal ar éinne i seilbh oifige mar rátabhailitheoir eolas do thabhairt uaidh ar na daoine a bheidh rátuithe chun fóirithin na mbocht ina cheanntar, pé eolas is gá chun go gcuirfí sna liostaí de thoghthóirí agus sa chlár de thoghthóirí na nithe is gá do réir an Achta so a chur sna liostaí agus sa chlár san fé seach.

(2) I dteanta na ndualgaisí a cuirtar air le Riail 22 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 , déanfidh an t-oifigeach clárathachta ar na liostaí de thoghthóirí pé atharuithe agus ceartuithe is dó leis is gá chun a chur in áirithe ná beidh éinne iontrálta níos mó ná aon uair amháin ar chlár toghthóirí a líomatáiste chlárathachta mar dhuine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir.

Athchomhairc maidir le liostaí de choisteoirí.

10. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc fé alt 16 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éinní is gá do réir an Achta so a chur ar an gclár agus, in ionad a leithéid sin d'athchomharc, luighfidh athchomharc chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na mbeidh breath-údarás aige sa líomatáiste chlárathachta i gcoinnibh aon bhreithe a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta ar aon cheist dlí no fírinne i dtaobh éinní is gá do réir an Achta so a chur ar an gclár, agus féadfar an t-athchomharc san do dhéanamh bíodh nár dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige.

(2) I gcás nár dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige déanfar an t-athchomharc fén alt so roimh an chéad 26adh lá d'Abrán tar éis don oifigeach chlárathachta a bhreith do thabhairt uaidh agus i ngach cás eile déanfar an t-athchomharc fén alt so laistigh de sheacht lá tar éis don oifigeach chlárathachta a bhreith do thabhairt uaidh.

(3) Ní dhéanfa sé deifir do cháilíocht ná d'ionghlaoiteacht athchomharcaigh chun fónamh mar choisteoir athchomharc do bheith ar feitheamh fén alt so, agus go dtí go mbeifear réidh ar fad leis an athchomharc san leanfidh an chállíocht agus an ionghlaoiteacht roimhráite fé is dá mba ná déanfí aon athchomharc den tsórt san.

Costaisí feidhmiú Cuid II. den Acht.

11. —(1) I gcás contae déanfidh comhairle na contae sin costaisí feidhmiú na Coda so den Acht so d'íoc amach as an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomláin, agus i gcás contaebhuirge íocfidh comhairle na contae-bhuirge sin iad amach as an ráta no as an gciste go n-íoctar costaisí generálta na comhairle amach as, no amach as aon ráta no ciste eile a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle.

(2) Aon rúnaí no cléireach comhairle contae no contae-bhuirge, cléireach comhairle bailecheanntair, no ráta-bhailitheoir no duine ag gníomhú mar ráta-bhailitheoir, a ceapadh tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, ní bhfuighe sé aon táillí ná luach saothair eile ná aon chostaisí ar scór dualgaisí a dhéanfa sé i bhfeidhmiú na Coda so den Acht so.

Leasú ar alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 .

12. —(1) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le comhairle gach contae no contae-bhuirge, mar chabhair don chiste no don ráta 'na n-íocfidh an chomhairle sin aon chostaisí clárathachta amach as do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 , na cionúireachtaí seo a leanas de sna costaisí clárathachta a híocfar amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) ceathrú den mhéid d'íoc an chomhairle leis an oifigeach clárathachta ar scór dualgaisí a chólíon éinne de sna hoifigigh seo síos a ceapadh no a bheidh ceaptha tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, sé sin le rá, i gcás contae riaracháin, rúnaí comhairle na contae no cléireach comhairle aon bhailecheanntair laistigh den chontae agus, i gcás contae-bhuirge, rúnaí no cléireach comhairle na contae-bhuirge, agus

(b) trian den mhéid d'íoc an chomhairle leis an oifigeach clárathachta ar scór dualgaisí a chólíon rátabhailitheoirí a ceapadh tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus

(c) leath gach costais chlárathachta eile d'íoc an chomhairle roimhráite.

(2) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a déanfar trí sheachtú de chostas na clódóireachta a luaidhtear i bhfo-alt (7) d'alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , d'íoc, d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá sa bhfo-alt san, agus íocfar ceithre sheachtú de sna costaisí sin ag an gcomhairle ar a mbeidh íoc na gcostaisí clárathachta gur cuid díobh costas na clódóireachta san.