|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Clubanna.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. ACHTACHAIN NACH FOLAIR CIONTUITHE A DEANFAR FUTHA DO BHREACA.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Ilghneitheach agus Generalta. | |
[EN] |
Ceadúnas do leanúint i bhfeidhm go dtí éisteacht athchomhairc chun na Cúirte Cuarda. |
60. —(1) Pé uair a dhiúltóidh Breitheamh na Cúirte Dúithche do ghéille d'iarratas ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint aon cheadúnais mhiondíolta deocha meisciúla agus a dhéanfidh an té bheidh ag iarraidh an deimhnithe sin athchomharc go dleathach chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh an diúltuithe sin agus a raghaidh sé ar aghaidh leis an athchomharc san chó dícheallach agus is cuibhe, leanfidh an ceadúnas san, fé réir forálacha an ailt seo, i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht go dtí an chéad uair d'fhéadfadh an Chúirt Chuarda a leithéid d'athchomharc d'éisteacht agus, má orduíonn an Chúirt sin é, ar feadh pé aimsire sa bhreis (mas ann di) a bheidh idir an uair sin agus an uair ina dtabharfar an bhreith dheiridh ar an athchomharc san. |
[EN] | (2) Ní leanfidh ceadúnas i bhfeidhm fén bhfo-alt san roimhe seo tar éis deire an téarma dar deonadh é mara ndinidh an t-athchomharcach, ag deire an téarma san no roimhe sin, suim an diúité mháil is inéilithe ar athnuachaint ar an gceadúnas san do lóisteáil leis an oifigeach ceart custum agus máil. | |
[EN] | (3) Má dhaingníonn an Chúirt Chuarda an diúltú is abhar don athchomharc déanfar, ar dhéanamh an daingnithe sin, aon airgead a lóisteáladh le hoifigeach custum agus máil fén bhfo-alt san roimhe seo d'aisíoc leis an athchomharcach do lóisteáil é tar éis pé méid do bhaint as go bhfuil idir é agus iomlán an airgid do lóisteáladh amhlaidh an cothrom céanna atá idir an aimsir a cimeádadh an ceadúnas san i bhfeidhm de bhua fo-alt (1) den alt so agus aon bhliain amháin agus, má chlaochluíonn an Chúirt Chuarda an diúltú san, cuirfar an t-airgead chun no mar chabhair chun na diúitéthe máil is iníoctha ar an gceadúnas san d'íoc. | |
[EN] |
Ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona. |
61. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ina choinnibh, ní dhéanfidh na Coimisinéirí Ioncuim ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona do dheona, i gcruth ceadúnais nua ná i gcruth aistriú ná athnuachaint ar cheadúnas a bheidh ann cheana, d'éinne seachas duine go mbeidh gnó ceimiceora agus drugadóra no ceimiceora choguisíochta no drugadóra chláruithe ar siúl aige, no duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas theoranta mhiondíoltóra bhiotáille no ar cheadúnas theoranta mhiondíoltora bheorach a bheidh i bhfeidhm an uair sin. |
[EN] | (2) San alt so cialluíonn na focail “ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bhiotáille” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bheorach” na nithe céanna a chialluíonn focail den tsórt san fé seach sa Finance (1909-10) Act, 1910. | |
[EN] |
Ceadúnas teoranta nua do dheona in ionad ceadúnais iomláin. |
62. —(1) Féadfidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán (dá ngairmtear an ceadúnas iomlán san alt so) a bhaineann le áitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg a iarraidh sa chéad Chúirt Dúithche cheadúcháin bhliantúil tar éis rithte an Achta so go ndéanfí deimhniú ar cheadúnas teoranta nua miondíoltóra bhiotáille no deimhniú ar cheadúnas teoranta nua miondíoltóra bheorach no deimhnithe ar an dá shaghas ceadúnas nua san do dheona dho i gcóir an áitreibh sin in ionad deimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin. |
[EN] | (2) Nuair a déanfar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, más oiriúnach leis é, an deimhniú no na deimhnithe a iarrfidh an t-iarratasóir sin amhlaidh do dheona dho más deimhin leis an mBreitheamh go bhféadfí deimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin do dheona agus nách deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta san áitreabh an príomh-ghnó a bhíonn ar siúl san áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas iomlán. | |
[EN] | (3) Nuair a géillfar d'iarratas fé fho-alt (1) den alt so, déanfar, d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ina choinnibh, ceadúnas nua no ceadúnaisí nua do dheona don iarratasóir do réir an deimhnithe no na ndeimhnithe a deonadh do do réir an iarratais sin. | |
[EN] | (4) Nuair a deonfar ceadúnas no ceadúnaisí nua fén bhfo-alt san roimhe seo ní deonfar aon cheadúnas iomlán nua aon uair ina dhiaidh sin i gcóir áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas no na ceadúnaisí nua san. | |
[EN] | (5) Nuair a diúltófar do ghéille d'iarratas fé fho-alt (1) den alt so áireofar an t-iarratas san mar iarratas ar dheimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin agus deighleálfar leis dá réir sin. | |
[EN] | (6) San alt so cialluíonn na focail “ceadúnas teoranta miondíoltóra bhiotáille” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bheorach” na nithe céanna a chialluíonn focail den tsórt san fé seach sa Finance (1909-10) Act, 1910. | |
[EN] |
Athghairmeanna. |
63. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] |
Gearr-theideal. léiriú agus luadh. |
64. —(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Codacha I., II., III., IV., agus VI. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1924, agus féadfar na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1927, do ghairm de sna Codacha so agus de sna hAchtanna san le chéile. | |
[EN] | (3) Léireofar Cuid V. den Acht so mar éinní amháin le hAchtanna Clárú na gClub, 1904 agus 1924, agus féadfar Achtanna Clárú na gClub, 1904 go 1927, do ghairm den Chuid seo agus de sna hAchtanna san le chéile. |