|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Lion na gCeadunaisi do Laigheadu.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Clubanna. | |
[EN] |
Léiriú. |
55. —(1) Na focail a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus a húsáidtear leis sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, isé brí atá leo sa Chuid seo den Acht so ná an brí céanna atá leo fé seach san Acht san. |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “club spóirt” club dar príomh-chuspóir aon chaitheamh aimsire, spórt, cluiche, no súgra amuich do chur ar aghaidh imeasc a bhall. | |
[EN] |
Tráthanna coiscthe i gclubanna. |
56. —(1) Chun club atá suidhte i gcontae-bhuirg no in aon pháirt de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub— |
[EN] | (a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nach é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig. | |
[EN] | (2) Chun club atá suidhte lasmuich de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, ach i mbailecheanntar contae no i mbaile ar a mbeidh Coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ceanntar no baile gur mó ná cúig mhíle líon a lucht áitreibh do réir an mhóráirimh is móráireamh deiridh de thurus na huaire, chun é sin do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub— | |
[EN] | (a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nách é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig. | |
[EN] | (3) Chun club atá suidhte in aon áit ná fuil i líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath ná i gcontae-bhuirg ná i mbailecheanntar contae ná baile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear m alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub— | |
[EN] | (a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nách é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é)— | |
[EN] | (i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925) , no fé chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha leis an Acht san um Am Samhraidh, 1925, ná fé chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é)— | |
[EN] | (i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 , no fé, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 , ná fé, chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chlub atá, le linn rithte an Achta so, cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, go dtí go mbeidh an deimhniú ar chlárú an chlub san, a bheidh i bhfeidhm ar bheith caithte do dhá mhí o am rithte an Achta so, imithe in éag. | |
[EN] |
Malairt tráthanna coiscthe i gclubanna spóirt. |
57. —(1) Beidh club spóirt ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, más rud é, in ionad na forálacha den alt san roimhe seo a bhaineann leis an gcás do chólíona, go mbeidh sé forálta le rialacha an chlub san (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub— |
[EN] | (a) aon lá (nách é an Domhnach, Aoine an Chéasta, Lá Nodlag, ná Lá Fhéile Pádraig é)— | |
[EN] | (i) i rith míonna na Bealtaine, an Mheithimh, agus an Iúil, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog tráthnóna ná tar éis leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (ii) i rith aon mhí seachas míonna na Bealtaine, an Mheithimh, agus an Iúil, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (b) aon Domhnach ná Aoine an Chéasta— | |
[EN] | (i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925) , no fé, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, aon uair ach i rith pé tréimhse no tréimhsí ráite nách sia ar fad ná seacht n-uaire a' chluig agus ná tosnóidh roimh a haon a chlog tráthnóna agus ná críochnóidh tar éis a deich a chlog istoíche, na | |
[EN] | (ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a hocht a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (c) Lá Fhéile Pádraig roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a hocht a chlog istoíche, ná | |
[EN] | (d) Lá Nodlag roimh a dó dhéag a chlog meán lae ná tar éis a trí a chlog tráthnóna. | |
[EN] |
Brise clubrialacha a bhaineann le tráthanna coiscthe. |
58. —(1) Má tugtar aon deoch ionmháil le n'ól in áitreabh club atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, no má ólann éinne a leithéid in áitreabh aon chlub den tsórt san contrárdha do sna rialacha den chlub san a bhaineann le deocha ionmháil do thabhairt agus d'ól in áitreabh an chlub san, beidh an club san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é no fíneáil ná raghaidh thar dachad punt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Féadfar imeachta fén alt so do bhunú i gcoinnibh club san ainm fé n-a bhfuil sé cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, agus aon ghairm no scríbhinn eile is gá a sheirbheáil ar chlub chun críche no le linn na n-imeacht san féadfar í do sheirbheáil ar rúnaí an chlub, agus aon bharántas chun suim fíneála a forchuirtar ar chlub fén alt so do bhaint amach féadfar é d'fheidhmiú ar earraí agus ar áirnéis an chlub. | |
[EN] |
Agóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona. |
59. —Ar an hagóidí, i gcoinnibh deimhniú do dheona, a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóid a déanfar ar an scór go bhfuil na rialacha den chlub, a bhaineann le baill oinigh no shealadacha do leigint isteach, nea-shásúil no neamh-oiriúnach dar leis an gcúirt. |